Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Cúrsaí an tSaoghail - An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge</title><author><name type="main">Ní fios</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1908_10_03_03</note> <note type="L">03</note> <note type="B">1908</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1908_10_03_03</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Ní fios</author><title>Cúrsaí an tSaoghail - An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1908</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Cúrsaí an tSaoghail</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>An Dochtúir Trael agus Connradh</span> <lb n="4"/><span>na Gaedhilge.</span></p> <lb n="5"/> <lb n="6"/><p><span>Ag cruinniughadh de Chumann na nDéantú</span> <lb n="7"/><span>i mBéal Feirste an tseachtmhain so ghabh tharainn</span> <lb n="8"/><span>bhí Uachtarán Choláiste na Trionóide i láthair</span> <lb n="9"/><span>'s thosaigh ag clamhsán go raibh £14,000 dá</span> <lb n="10"/><span>gcaitheamh ar son múinteachais na Gaedhilge</span> <lb n="11"/><span>ins na sgoileannaibh. Ní raibh mórán muinighne</span> <lb n="12"/><span>againn as An Traeleach ariamh, acht go deimhin</span> <lb n="13"/><span>shíleamar nach ndéanfadh sé é féin chomh suarach</span> <lb n="14"/><span>sin as comhair an phobail 's go dtosóchaidh sé ag</span> <lb n="15"/><span>caitheamh droch-mheasa ag cruinniughadh de'n tseort</span> <lb n="16"/><span>so ar Chonnradh na Gaedhilge.</span></p> <lb n="17"/> <lb n="18"/><p><span>Ní raibh aon duine i láthair acht an Traeleach</span> <lb n="19"/><span>féin, nach raibh fhios aige gurab é Connradh na</span> <lb n="20"/><span>Gaedhilge a chuir tús ar an obair a bhí i láimh</span> <lb n="21"/><span>ag lucht an chruinnighthe. Bhí a fhios aca go léir —</span> <lb n="22"/><span>agus ag An Traeleach freisin — gurab é Connradh</span> <lb n="23"/><span>na Gaedhilge a chuir croidhe misneach agus</span> <lb n="24"/><span>spreacadh ins na daoinibh, agus a chuir os a</span> <lb n="25"/><span>gcomhair in gach uile chúinne sa tír, chomh</span> <lb n="26"/><span>riachtanach 's bhí sé cuidiughadh le déantúisíbh na</span> <lb n="27"/><span>hÉireann. Agus i n-a theannta sin bhí a fhios aca,</span> <lb n="28"/><span>muna mbeadh an Connradh, nach mbeadh pighinn</span> <lb n="29"/><span>de'n £14,000 so le fágháil le haghaidh Gaedhilge</span> <lb n="30"/><span>nó rud ar bith eile.</span></p> <lb n="31"/> <lb n="32"/><p><span>Buidheachas le Dia, tá an obair ag dul ar</span> <lb n="33"/><span>aghaidh agus deantúisí na tíre ag dul chun cinn,</span> <lb n="34"/><span>acht is suarach an tslighe a cheap Uachtarán</span> <lb n="35"/><span>Choláiste na Trionóide le cur leis — droch-mheas</span> <lb n="36"/><span>a chaitheamh ar an gConnradh a chuir tús ar an</span> <lb n="37"/><span>obair chum déantúis na hÉireann d'aithbheochan.</span></p> <lb n="38"/> <lb n="39"/><p><span>Ní bheadh aon locht ag an Traeleach Gaedhilg</span> <lb n="40"/><span>bheadh dhá múineadh do pháistíbh a labhras an</span> <lb n="41"/><span>teanga, acht í bheith i n-a dréimire mar adéarfá</span> <lb n="42"/><span>chum Béarlóirí a dhéanamh dhíobh; acht bheadh</span> <lb n="43"/><span>sé i n-aghaidh an teanga a mhúineadh do pháiste</span> <lb n="44"/><span>ar bith labhrann Gaedhilg cheana. Béarlóirí</span> <lb n="45"/><span>is eadh atá ag tastáil ó Uachtarán Choláiste na</span> <lb n="46"/><span>Trionóide; acht ó thárla gur le Béarlóiríbh a</span> <lb n="47"/><span>dhéanamh de mhuintir na hÉíreann a cuireadh a</span> <lb n="48"/><span>Choláiste ar bun, is deacair locht fághail ar an</span> <lb n="49"/><span>Uachtarán.</span></p> <lb n="50"/> <lb n="51"/><p><span>Rinne a Choláiste a h-obair go maith; tá na</span> <lb n="52"/><span>Béarlóirí tiugh go leor anois dá bharr — agus</span> <lb n="53"/><span>leis an mBéarla tá an bochtanas, an imirce thar</span> <lb n="54"/><span>lear, an eitinn 's an ghealtacht againn.</span></p> <lb n="55"/> <lb n="56"/><p><span>Tá mór-mhaoin ag Coláiste na Trionóide —</span> <lb n="57"/><span>ní gábhadh dhúinn anois trácht ar a bhfuair sí é.</span> <lb n="58"/><span>Tá i n-gar do £100,000 sa mbliadhain ag teacht</span> <lb n="59"/><span>isteach chuici; 's n-a dhiaidh sin níor chorruigh sí cos</span> <lb n="60"/><span>nó lámh le déantúisíbh na tíre a chur ar aghaidh, 's</span> <lb n="61"/><span>cosg a chur leis an imirce; leis an méid seo</span> <lb n="62"/><span>maoine, ní dhéarnadh an Choláiste dada chum</span> <lb n="63"/><span>oideachas a sgaipeadh i measg na ndaoine a</span> <lb n="64"/><span>bhéarfadh eolas dóibh na galair gránda so a</span> <lb n="65"/><span>sheachaint; ní raibh uaithi acht sinn a dheanamh</span> <lb n="66"/><span>gallda, is dóigh linn.</span></p> <lb n="67"/> <lb n="68"/><p><span>Bhí Iolsgoileanna na hEorpa ag déanamh</span> <lb n="69"/><span>stuidéir ar theanga na nGaedheal, ní raibh</span> <lb n="70"/><span>Coláiste na Trionóide acht ag caitheamh droch-mheas</span> <lb n="71"/><span>uirthi; agus anois ba mhaith le n-a hUachtarán</span> <lb n="72"/><span>go ndeanfadh an Iolsgoil nuadh an cleas</span> <lb n="73"/><span>céadna, mar níl amhras ar bith nárbh é sin</span> <lb n="74"/><span>ughdar cainnte an Traeligh i mBéal Feirsde an</span> <lb n="75"/><span>tseachtmhain so tharainn.</span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>Acht an Choláiste nach bhfuil i n-a diaidh i</span> <lb n="78"/><span>nÉirinn acht rian an aineólais; a chaith a ham</span> <lb n="79"/><span>agus a maoin chum intleacht na nGaedheal a</span> <lb n="80"/><span>mhúchadh; nár thóig méar ariamh le leas nó corr-</span> <lb n="81"/><span>ughadh a chur ar cheirdeacht nó ar déantúisíbh na tíre</span> <lb n="82"/><span>— Coláiste nach raibh de bhaint aici le saoghal na</span> <lb n="83"/><span>ndaoine chomh n-oiread 's dá mbeadh sí i nAifric</span> <lb n="84"/><span>Theas; agus a bhfuil uirthi mar Uachtarán, fear</span> <lb n="85"/><span>nach dtuigeann an bhrígh, an mhaith agus an</span> <lb n="86"/><span>éifeacht atá i n-oideachas dhátheangach — níl</span> <lb n="87"/><span>baoghal ar bith go leanfaidh an Iolsgoil nuadh</span> <lb n="88"/><span>an chomhairle a bhí an Traeleach ag iarraidh a</span> <lb n="89"/><span>chur i gcéill dóibh i n-a chaint i mBéal Feirste.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services