Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge

Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Dochtúir Trael agus Connradh na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



An Dochtúir Trael agus Connradh
na Gaedhilge.



Ag cruinniughadh de Chumann na nDéantú
i mBéal Feirste an tseachtmhain so ghabh tharainn
bhí Uachtarán Choláiste na Trionóide i láthair
's thosaigh ag clamhsán go raibh £14,000 dá
gcaitheamh ar son múinteachais na Gaedhilge
ins na sgoileannaibh. Ní raibh mórán muinighne
againn as An Traeleach ariamh, acht go deimhin
shíleamar nach ndéanfadh sé é féin chomh suarach
sin as comhair an phobail 's go dtosóchaidh sé ag
caitheamh droch-mheasa ag cruinniughadh de'n tseort
so ar Chonnradh na Gaedhilge.



Ní raibh aon duine i láthair acht an Traeleach
féin, nach raibh fhios aige gurab é Connradh na
Gaedhilge a chuir tús ar an obair a bhí i láimh
ag lucht an chruinnighthe. Bhí a fhios aca go léir —
agus ag An Traeleach freisin — gurab é Connradh
na Gaedhilge a chuir croidhe misneach agus
spreacadh ins na daoinibh, agus a chuir os a
gcomhair in gach uile chúinne sa tír, chomh
riachtanach 's bhí sé cuidiughadh le déantúisíbh na
hÉireann. Agus i n-a theannta sin bhí a fhios aca,
muna mbeadh an Connradh, nach mbeadh pighinn
de'n £14,000 so le fágháil le haghaidh Gaedhilge
nó rud ar bith eile.



Buidheachas le Dia, tá an obair ag dul ar
aghaidh agus deantúisí na tíre ag dul chun cinn,
acht is suarach an tslighe a cheap Uachtarán
Choláiste na Trionóide le cur leis — droch-mheas
a chaitheamh ar an gConnradh a chuir tús ar an
obair chum déantúis na hÉireann d'aithbheochan.



Ní bheadh aon locht ag an Traeleach Gaedhilg
bheadh dhá múineadh do pháistíbh a labhras an
teanga, acht í bheith i n-a dréimire mar adéarfá
chum Béarlóirí a dhéanamh dhíobh; acht bheadh
sé i n-aghaidh an teanga a mhúineadh do pháiste
ar bith labhrann Gaedhilg cheana. Béarlóirí
is eadh atá ag tastáil ó Uachtarán Choláiste na
Trionóide; acht ó thárla gur le Béarlóiríbh a
dhéanamh de mhuintir na hÉíreann a cuireadh a
Choláiste ar bun, is deacair locht fághail ar an
Uachtarán.



Rinne a Choláiste a h-obair go maith; tá na
Béarlóirí tiugh go leor anois dá bharr — agus
leis an mBéarla tá an bochtanas, an imirce thar
lear, an eitinn 's an ghealtacht againn.



Tá mór-mhaoin ag Coláiste na Trionóide —
ní gábhadh dhúinn anois trácht ar a bhfuair sí é.
Tá i n-gar do £100,000 sa mbliadhain ag teacht
isteach chuici; 's n-a dhiaidh sin níor chorruigh sí cos
nó lámh le déantúisíbh na tíre a chur ar aghaidh, 's
cosg a chur leis an imirce; leis an méid seo
maoine, ní dhéarnadh an Choláiste dada chum
oideachas a sgaipeadh i measg na ndaoine a
bhéarfadh eolas dóibh na galair gránda so a
sheachaint; ní raibh uaithi acht sinn a dheanamh
gallda, is dóigh linn.



Bhí Iolsgoileanna na hEorpa ag déanamh
stuidéir ar theanga na nGaedheal, ní raibh
Coláiste na Trionóide acht ag caitheamh droch-mheas
uirthi; agus anois ba mhaith le n-a hUachtarán
go ndeanfadh an Iolsgoil nuadh an cleas
céadna, mar níl amhras ar bith nárbh é sin
ughdar cainnte an Traeligh i mBéal Feirsde an
tseachtmhain so tharainn.



Acht an Choláiste nach bhfuil i n-a diaidh i
nÉirinn acht rian an aineólais; a chaith a ham
agus a maoin chum intleacht na nGaedheal a
mhúchadh; nár thóig méar ariamh le leas nó corr-
ughadh a chur ar cheirdeacht nó ar déantúisíbh na tíre
— Coláiste nach raibh de bhaint aici le saoghal na
ndaoine chomh n-oiread 's dá mbeadh sí i nAifric
Theas; agus a bhfuil uirthi mar Uachtarán, fear
nach dtuigeann an bhrígh, an mhaith agus an
éifeacht atá i n-oideachas dhátheangach — níl
baoghal ar bith go leanfaidh an Iolsgoil nuadh
an chomhairle a bhí an Traeleach ag iarraidh a
chur i gcéill dóibh i n-a chaint i mBéal Feirste.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services