Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Sgoileanna Oidhche
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Sgoileanna Oidhche
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Sgoileanna Oidhche. Bhidheamar ag léigheadh tamall ó shoin i dtaobh na Sgoileannaibh Oidhche a bhídheas ar siubhal i Sasana 'sa nGearmáin. Tá sé do dhlighe sa tír sin go gcaithfidh gach uile ghasúr 3 bliadhna ins na sgoileannaibh oidhche 'réis sgoil an lae fhágáil; agus ní glacfar leith-sgéal ar bith uatha gan bheith i láthair. Fá'n dtuath, is minic go mbíonn na sgoileanna oidhche ar siubal aca trathnóna Dia Dómhnaigh; agus i náiteachaibh a bhfuil an pobal mion, ní bhíonn go minic sa sgoil acht ó 8 go dtí 10 páistí. Mar sin féin, do réir an dlighe, caithfidh siad a bheadh ar bun. I gcathair Leipzig, tá os cionn 2,000 páistí ag fóghlaim ins na sgoileannaibh oichdhe; agus mar sin de ar fud Shacsana go léir; tá a shliocht ar an tír sin, is mór a tháinic siad chuca féin ar gach uile chaoi ó cuireadh na sgoileanna so ar bun. Nár mhór an rath a chuirfeadh sé ar phríomh- oideachas na hÉireann, dá gcuirtí sgoileanna den tseórt so ar bun go coitcheanta ar fud na tíre. Dubhradh i gCuntas an Bhoird cupla bliadhain ó shoin nach dtéidheann acht 8 'sa 100 de pháistíbh sgoile na hÉireann thar an 3mhadh rang. Dá mbeadh sé d'iachaibh ar a leithéidibh so, trí bliadhna eile a chaitheamh ag sgoil oidhche nár mhór an leas a chuirfeadh sé orra. Tá Iol-sgoil ghá reidhteach fá láthair, 's is gearr le congnadh Dé go mbéidh sí ag obair; acht má bhíonn féin, mar gcurtar leas mór ar phríomh- oideachas na tíre thar mar atá, ní bhéidh mac nó ingean an fhir bhoicht i n-ann aon úsáid a dheanamh de'n Iol-sgoil, dá bhrígh sin, 'sé ar mbarramhail féin go mba chóir iarracht a dheanamh na sgoileanna oidhche atá i n-ainm a bheith ar bun sa tír so, a chur ar shlighe níos fearr ná atáid. Tá cead ag mainisteóir sgoile ar bith sgoileanna oidhche a chur ar bun am ar bith sa mbliadhan is áil leis, 's iad bheith ar bun ceithre oidhche sa t-seachtmhain — dhá oidhche do bhuachaillíbh, agus dhá oidhche do chailíníbh, cur i gcás. Is féidir Gaedhilge 's stáir na h-Éireann bheith 'ghá mhúineadh annta chomh maith le “Sláinteachas” (“Health and Habits”) Cócaireacht, 's néithe eile a dheanfadh maith mhór d'aos-óg na tíre. Tá duaiseanna de leabhra le fághail ó'n mBord, dóibh so is fearr a ghabhfas ar aghaidh leis an nGaedhilge. Acht fá láthair, níl an Bord acht a leigean orra féin i dtaobh na sgoileanna oidhche; cidheann siad, is doigh, nach bhfuil muinntir na h-Éireann dháiríríbh i dtaobh sgoileanna de'n t-seort so; is le goirid a bhí áird ar bith ag daoinibh ar oideachas; is air éigin a thigeann siad go fóill féin gur oideachas a chuir i n-uachtar tíortha beaga mar an Bheilge (Belgium) Dánmairc 's tuilleadh mar iad. Tá an tam ag teacht go mear — mara bhfuil sé i láthair cheana — 'nuair chaithfeas an té nach bhfuil fóghlaim aige seasamh ar leith-thaobh, 's bealach a dheanamh do'n té a bhfuil. Dá bhrígh sin tá se i n-am ag muintir na tuaithe, chomh maith le lucht na mbailte móra, bheith dháríribh ar an gceist so, mar mbéidh, béidh siad ar deireadh. Mar dubhramar cheana, níl an Bord Náisiúnta acht ag leigean orra féin i dtaobh na sgoileanna oidhche. Tá íocaidheacht mhaith ceaptha ar son bheith 'ghá múineadh; tá cead teanga, stáir 's seanchus na tíre bheith 'ghá múineadh annta; b'fhéidir na sgoileannaibh so bheith chomh Gaedhealach agus is áil leis na daoinibh a n-deanamh; agus tá cead ag an mainisteóir duine ar bith a chur dhá múineadh, atá oireamhnach le haghaidh na h-oibre. Acht 'na dhiaidh sin, tá aon riaghal beag amháin ag an mbord atá ag basgadh 's ag cur cosg leis na sgoileannaibh oidhche — mar abhfuil an Scrúdaightheóir sásta tig leis gan aon íocaidheacht a thabhairt do'n mhúinteóir. Agus níl, agus ní bhéidh an Scrúdaightheóir sásta! Cad chuige? Mar nach bhfuil pighinn ruadh ag dul dhó ar son bheith ag sgrúdughadh na sgoileanna oidhche! I gceann a bheith amuigh sa ló, 'nuair atá mórán sgoileanna oidhche 'na cheanntar, tá an sgrúdaightheóir bheith amuigh gach uile oidhche 'sa n-geimhreadh ar an obair so; agus is cinnte nach dtaithnigheann an obair leis, 's gan dada bheith ag dul dhó dá bharr. Dá bhrígh sin tá cosg 'ghá chur leis na sgoileannaibh oidhche 's gan focal asta so ar cuireadh ar bun dóibh iad, agus d'feadfadh leas mór a bhaint asta, dá mba bhreagh leó é. Tá aimsir na sgoileanna oidhche a druidim linn anois, 's tá súil againn go ndeanfar iarracht ar chuid mhaith aca a chur ar bun. Mar dubhramar thuas, is féidir iad do dhéanamh chomh Gaedhealach 's thogróchas na daoine é: agus ma chuireann muintir na tíre — go mór mhór fá'n tuaith — spéis ins na sgoileanna bheith ar siubhal, is ar éigin a curfar cosg orra feasta chomh minic 's cuireadh; 's má curtar, ba chóir go ndeanfaidhe gleó i na dtaobh. Ní cóir faillighe a dheanamh ar slighe ar bith chum oideachas d'fághail, d'aos óg na tíre — Is as an oideachas a thiocfas saoirse.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services