Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Sgoileanna Oidhche

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Sgoileanna Oidhche
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Sgoileanna Oidhche.



Bhidheamar ag léigheadh tamall ó shoin i dtaobh
na Sgoileannaibh Oidhche a bhídheas ar siubhal
i Sasana 'sa nGearmáin. Tá sé do dhlighe
sa tír sin go gcaithfidh gach uile ghasúr 3 bliadhna
ins na sgoileannaibh oidhche 'réis sgoil an lae
fhágáil; agus ní glacfar leith-sgéal ar bith uatha
gan bheith i láthair. Fá'n dtuath, is minic go
mbíonn na sgoileanna oidhche ar siubal aca
trathnóna Dia Dómhnaigh; agus i náiteachaibh
a bhfuil an pobal mion, ní bhíonn go minic sa
sgoil acht ó 8 go dtí 10 páistí. Mar sin féin,
do réir an dlighe, caithfidh siad a bheadh ar bun.
I gcathair Leipzig, tá os cionn 2,000 páistí ag
fóghlaim ins na sgoileannaibh oichdhe; agus mar
sin de ar fud Shacsana go léir; tá a shliocht ar
an tír sin, is mór a tháinic siad chuca féin ar
gach uile chaoi ó cuireadh na sgoileanna so ar bun.



Nár mhór an rath a chuirfeadh sé ar phríomh-
oideachas na hÉireann, dá gcuirtí sgoileanna
den tseórt so ar bun go coitcheanta ar fud na
tíre. Dubhradh i gCuntas an Bhoird cupla
bliadhain ó shoin nach dtéidheann acht 8 'sa 100
de pháistíbh sgoile na hÉireann thar an 3mhadh
rang. Dá mbeadh sé d'iachaibh ar a leithéidibh so,
trí bliadhna eile a chaitheamh ag sgoil oidhche nár
mhór an leas a chuirfeadh sé orra.



Tá Iol-sgoil ghá reidhteach fá láthair, 's is gearr
le congnadh Dé go mbéidh sí ag obair; acht má
bhíonn féin, mar gcurtar leas mór ar phríomh-
oideachas na tíre thar mar atá, ní bhéidh mac
nó ingean an fhir bhoicht i n-ann aon úsáid a
dheanamh de'n Iol-sgoil, dá bhrígh sin, 'sé ar
mbarramhail féin go mba chóir iarracht a
dheanamh na sgoileanna oidhche atá i n-ainm
a bheith ar bun sa tír so, a chur ar shlighe níos
fearr ná atáid.



Tá cead ag mainisteóir sgoile ar bith
sgoileanna oidhche a chur ar bun am ar bith sa
mbliadhan is áil leis, 's iad bheith ar bun ceithre
oidhche sa t-seachtmhain — dhá oidhche do bhuachaillíbh,
agus dhá oidhche do chailíníbh, cur i gcás. Is
féidir Gaedhilge 's stáir na h-Éireann bheith 'ghá
mhúineadh annta chomh maith le “Sláinteachas”
(“Health and Habits”) Cócaireacht, 's néithe eile
a dheanfadh maith mhór d'aos-óg na tíre. Tá
duaiseanna de leabhra le fághail ó'n mBord,
dóibh so is fearr a ghabhfas ar aghaidh leis an
nGaedhilge. Acht fá láthair, níl an Bord acht
a leigean orra féin i dtaobh na sgoileanna
oidhche; cidheann siad, is doigh, nach bhfuil muinntir
na h-Éireann dháiríríbh i dtaobh sgoileanna
de'n t-seort so; is le goirid a bhí áird ar bith
ag daoinibh ar oideachas; is air éigin a thigeann
siad go fóill féin gur oideachas a chuir i
n-uachtar tíortha beaga mar an Bheilge (Belgium)
Dánmairc 's tuilleadh mar iad. Tá an tam ag
teacht go mear — mara bhfuil sé i láthair cheana —
'nuair chaithfeas an té nach bhfuil fóghlaim aige
seasamh ar leith-thaobh, 's bealach a dheanamh do'n
té a bhfuil. Dá bhrígh sin tá se i n-am ag
muintir na tuaithe, chomh maith le lucht na
mbailte móra, bheith dháríribh ar an gceist so,
mar mbéidh, béidh siad ar deireadh.



Mar dubhramar cheana, níl an Bord Náisiúnta
acht ag leigean orra féin i dtaobh na sgoileanna
oidhche. Tá íocaidheacht mhaith ceaptha ar son
bheith 'ghá múineadh; tá cead teanga, stáir 's
seanchus na tíre bheith 'ghá múineadh annta;
b'fhéidir na sgoileannaibh so bheith chomh Gaedhealach
agus is áil leis na daoinibh a n-deanamh; agus
tá cead ag an mainisteóir duine ar bith a
chur dhá múineadh, atá oireamhnach le haghaidh na
h-oibre. Acht 'na dhiaidh sin, tá aon riaghal
beag amháin ag an mbord atá ag basgadh 's ag
cur cosg leis na sgoileannaibh oidhche — mar
abhfuil an Scrúdaightheóir sásta tig leis gan
aon íocaidheacht a thabhairt do'n mhúinteóir. Agus
níl, agus ní bhéidh an Scrúdaightheóir sásta! Cad
chuige? Mar nach bhfuil pighinn ruadh ag dul
dhó ar son bheith ag sgrúdughadh na sgoileanna
oidhche! I gceann a bheith amuigh sa ló, 'nuair atá
mórán sgoileanna oidhche 'na cheanntar, tá
an sgrúdaightheóir bheith amuigh gach uile oidhche
'sa n-geimhreadh ar an obair so; agus is cinnte
nach dtaithnigheann an obair leis, 's gan dada
bheith ag dul dhó dá bharr. Dá bhrígh sin tá cosg
'ghá chur leis na sgoileannaibh oidhche 's gan focal
asta so ar cuireadh ar bun dóibh iad, agus
d'feadfadh leas mór a bhaint asta, dá mba
bhreagh leó é.



Tá aimsir na sgoileanna oidhche a druidim
linn anois, 's tá súil againn go ndeanfar
iarracht ar chuid mhaith aca a chur ar bun. Mar
dubhramar thuas, is féidir iad do dhéanamh chomh
Gaedhealach 's thogróchas na daoine é: agus ma
chuireann muintir na tíre — go mór mhór fá'n
tuaith — spéis ins na sgoileanna bheith ar
siubhal, is ar éigin a curfar cosg orra feasta
chomh minic 's cuireadh; 's má curtar, ba chóir
go ndeanfaidhe gleó i na dtaobh.



Ní cóir faillighe a dheanamh ar slighe ar bith
chum oideachas d'fághail, d'aos óg na tíre —
Is as an oideachas a thiocfas saoirse.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services