Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thiar - Eascárdas Idir na Stáit agus an Venesuela
Title
Ó'n Domhan Thiar - Eascárdas Idir na Stáit agus an Venesuela
Author(s)
Ó hÉigearta, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thiar EASCÁRDAS IDIR NA STÁIT AGUS AN VENESUELA. Tá an dá thír seo ag toramus ar a cheile le tamall, agus mar a bheadh dhá bhuachaill ag fáire gach cor chun cúis gearáin d'faghail air a cheile go glaodh na Stáit abhaile ar a dteachtaire agus ní raibh aon nídh le deanamh ag an Beinisuail acht an rud ceadna. Do dheán amhlaidh sin an tseachtmhain seo. Is ionain san agus bagairt chogaidh ar uairibh áirithe. Acht níl aon imníomh ar aon taobh i dtaobh cogaidh an turas so mar ná meastar gur fiú cheist atá eatortha é. Bhí an cheist ba mhó aca gur osgail muinntir an phuist leitireacha do seoladh cun oifigeachaibh loing cogaidh na Stát, a bhí i gcuan Characais cathair san Bheinisuail. Dhéan an tUachtarán leor ghníomh as acht níor thaithn cainnt an leór ghnímh sin leo so againne. Tagfaidh ciall dóibh sula fada agus beidh a pógadh a cheile arís. COIMHTHIONÓIL NA nDEMIOCRAT. Sé an Brianach do thoghaidh na dhemiocrataigh mar adhbhar Uachtaráin. Fear géar-chúiseach go leor acht tá an tslat agus an deimhneas i lámha na haicme eile. Tá a seilbh aca agus lucht an airgid ar a dtaobh 'n-a theannta san. Is deacair buadh in aghaidh an airgid. FILEADH AN CHÁRDONÓIL. De réir na dtuairisgibh do léighimid ar thuras an Chardonóil agus an fháilte do fearradh roimhe iar dhul abhaile dó comh maith leis an dtuairisg do thugann sé ar imteachtaibh Gaedheal sa tír seo níor dhóigh lé duine gur gádhbha do Eireannach aon nídh do dhéanamh acht a sheolta do chrochadh agus cuan Nuadh Eabhrac do bhualadh chun saidhbhris do déanamh. Chidhim go meallann an tuairisg sain Eadhmonn O Donnchadha féin. Deir Eadhmon, “gur ceart an fhírinne innsint.” Innistear, a chara, agus is ro bhaoghalach nach deas an sgéal le leigheadh é. Má innistear ní deanfadh sé dochar do chúis troda in aghaidh na himirce na ceapadh aon'ne go gcuimhneochain ar an gCárdonóil do bréagnughadh. Ní dubhairt sé aon nídh acht rud do chonnairc sé agus atá le feiscint ag aon duine mórcháile do thiocfadh in ár measg. Casfar daoine leis go bhfuil gné na hócáide orra no mar a dhéarfa tá a gcuid éadaigh Domhnaigh orra. Ní locht ar dhuine do chidhfeadh iad a stád do mholladh. Acht ní gnáthach leis an té do chaitheann a aimser ar charraibh agus i dtigtíbh aoidheachta nó ar láimh ag daoinibh móra aon radharc do fheicsint acht gach radharc ag bainnt ar bharr dá chéile le feabhas. Má's maith leat corplár an deilbh do chur os cómhair an tsaoghail ní fuláir duit gach aon taobh de d'infiuchadh go géar. Ní déanfaidh sé an gnó dhuit an bhreaghthacht do glacadh agus do súile dhúnadh ar rudaíbh ná taithneochadh leat, má's maith leat stád na nGaedheal d'fheicsinnt sa tír seo ní fuláir duit tamall do chaitheamh eatorra. Buail chúcha isteach nuair ná beidh coinne aca leat. Níl gné na hócáide annsoin orra. Is mór an obair atá deanta ag Gaedhealaibh sa tír seo ar son gach aon nídh d'fhoirfeas do'n daonaidhe. Sé an Gaedheal do chéad chuir agus do neartuigh an creideamh gan aon agó, acht na ceapaidh aoinne beo go bhfuil “sliocht sleachta sliocht ar shleachta comh dílis de'n creideamh agus is doigh le hEadmon é. Tá an creideamh go láidir inns na ceanntair go bhfuil tonn na himirce agá mbualadh agus tá saghas dílse d'Éirinn chomh tréan ann? Ag cainnt dom le Sagart do chaith tamall de'n gheimhreadh seo chuaidh thart sa deisceart seo é a thuairisg, “The Catholic spirit is very weak in the South.” An dílseacht d'Éirinn? Na meas gur Éireannach gach aoinn go bhfuil ainm Gaedhealach air sa tír seo “Scotch Irish” nó “Pure American,” iseadh aoinne o'n treas glún amach acht fíor bheagán. Ní fánach a cloistear Clann Éireannach á chaitheamh mar acmhusán gur ó Éirinn thú. Bhuaidh an creideamh gan amhras oir cuirfidh sé neart i gcroidhthíbh na gcoinneachaibh Caitleaca atá ag teacht anois acht tá Éire caillte leis an imirce. STÁD NA nGAEDHEAL. Chruinnigh a lán aca airgead mar do chruinneoigh a lán d'aon cineadh eile acht níl áireamh ar na míltibh do fuair bás i ngádhbhtar. Tá cuid mhaith aca do dhein agus atá ag déanamh saidhbhris i Nuadh Eabhrac agus i gcathrachaibh na tíre de bharr tighthe do ceannach agus do thoghbháil acht teidheadh an cuardaidhe isteach inns na tighthibh seo agus cidhfidh sé na mílte de Chlann na nGaedheal pulcaighthe isteach i dtighthibh dhá sheomra mar a gcaithid na soillse do bheith ar lasadh ó maidin go hoidhche agus arís go maidean. Tighthe ná buaileann aer na grian iad ó cheann ceann de'n bhliadhain acht an taer muchta te do chuireann amach ar na sráideann iad nó 'n-a gcodladh inns na páirceannibh iad. Is dócha nach fiú na mílte seo áireamh i gcomhnáird leis an mbeagán na sparán dteann. Buaileadh an cuardaidhe ceadna isteach go tighthibh na mbocht agus cidhfidh sé annsan radharc nách ionmhaoimhte dho má's Éireannach é. Is ar an bhfírinne is coir an rath do bheith innistear í in ainm Dé! Tá taobh eile ar an scéal agus faghfad-sa é sin fe dhuine éigint eile le na innsint. Ní maith liom é. B'fhearr liom sgeal maith na drochscéal. Tugaim é seo uaim ar mhaithe le Gaedhealaibh atá ag cuimhneamh ar áilneacht na dúithche seo. Padraig O hÉigearta. Springfield, Mass.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services