Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar - Eascárdas Idir na Stáit agus an Venesuela

Title
Ó'n Domhan Thiar - Eascárdas Idir na Stáit agus an Venesuela
Author(s)
Ó hÉigearta, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thiar



EASCÁRDAS IDIR NA STÁIT AGUS AN
VENESUELA.



Tá an dá thír seo ag toramus ar a cheile le
tamall, agus mar a bheadh dhá bhuachaill ag
fáire gach cor chun cúis gearáin d'faghail air
a cheile go glaodh na Stáit abhaile ar a dteachtaire
agus ní raibh aon nídh le deanamh ag an Beinisuail
acht an rud ceadna. Do dheán amhlaidh sin an
tseachtmhain seo. Is ionain san agus bagairt
chogaidh ar uairibh áirithe. Acht níl aon imníomh
ar aon taobh i dtaobh cogaidh an turas so mar
ná meastar gur fiú cheist atá eatortha é. Bhí
an cheist ba mhó aca gur osgail muinntir an
phuist leitireacha do seoladh cun oifigeachaibh
loing cogaidh na Stát, a bhí i gcuan Characais
cathair san Bheinisuail. Dhéan an tUachtarán
leor ghníomh as acht níor thaithn cainnt an leór
ghnímh sin leo so againne. Tagfaidh ciall dóibh
sula fada agus beidh a pógadh a cheile arís.



COIMHTHIONÓIL NA nDEMIOCRAT.



Sé an Brianach do thoghaidh na dhemiocrataigh
mar adhbhar Uachtaráin. Fear géar-chúiseach
go leor acht tá an tslat agus an deimhneas i lámha
na haicme eile. Tá a seilbh aca agus lucht
an airgid ar a dtaobh 'n-a theannta san. Is
deacair buadh in aghaidh an airgid.



FILEADH AN CHÁRDONÓIL.



De réir na dtuairisgibh do léighimid ar thuras
an Chardonóil agus an fháilte do fearradh roimhe
iar dhul abhaile dó comh maith leis an dtuairisg
do thugann sé ar imteachtaibh Gaedheal sa tír
seo níor dhóigh lé duine gur gádhbha do Eireannach
aon nídh do dhéanamh acht a sheolta do chrochadh
agus cuan Nuadh Eabhrac do bhualadh chun
saidhbhris do déanamh. Chidhim go meallann an
tuairisg sain Eadhmonn O Donnchadha féin. Deir
Eadhmon, “gur ceart an fhírinne innsint.”
Innistear, a chara, agus is ro bhaoghalach nach deas
an sgéal le leigheadh é. Má innistear ní
deanfadh sé dochar do chúis troda in aghaidh na
himirce na ceapadh aon'ne go gcuimhneochain ar
an gCárdonóil do bréagnughadh. Ní dubhairt
sé aon nídh acht rud do chonnairc sé agus atá
le feiscint ag aon duine mórcháile do thiocfadh
in ár measg. Casfar daoine leis go bhfuil gné
na hócáide orra no mar a dhéarfa tá a gcuid
éadaigh Domhnaigh orra. Ní locht ar dhuine do
chidhfeadh iad a stád do mholladh. Acht ní
gnáthach leis an té do chaitheann a aimser ar
charraibh agus i dtigtíbh aoidheachta nó ar láimh
ag daoinibh móra aon radharc do fheicsint acht gach
radharc ag bainnt ar bharr dá chéile le feabhas.
Má's maith leat corplár an deilbh do chur os
cómhair an tsaoghail ní fuláir duit gach aon taobh
de d'infiuchadh go géar. Ní déanfaidh sé
an gnó dhuit an bhreaghthacht do glacadh agus
do súile dhúnadh ar rudaíbh ná taithneochadh leat,
má's maith leat stád na nGaedheal d'fheicsinnt
sa tír seo ní fuláir duit tamall do chaitheamh
eatorra. Buail chúcha isteach nuair ná beidh
coinne aca leat. Níl gné na hócáide annsoin
orra. Is mór an obair atá deanta ag
Gaedhealaibh sa tír seo ar son gach aon nídh
d'fhoirfeas do'n daonaidhe. Sé an Gaedheal
do chéad chuir agus do neartuigh an creideamh
gan aon agó, acht na ceapaidh aoinne beo go
bhfuil “sliocht sleachta sliocht ar shleachta comh
dílis de'n creideamh agus is doigh le hEadmon
é. Tá an creideamh go láidir inns na ceanntair
go bhfuil tonn na himirce agá mbualadh agus
tá saghas dílse d'Éirinn chomh tréan
ann? Ag cainnt dom le Sagart do chaith
tamall de'n gheimhreadh seo chuaidh thart sa
deisceart seo é a thuairisg, “The Catholic
spirit is very weak in the South.” An dílseacht
d'Éirinn? Na meas gur Éireannach gach aoinn
go bhfuil ainm Gaedhealach air sa tír seo
“Scotch Irish” nó “Pure American,” iseadh
aoinne o'n treas glún amach acht fíor bheagán.
Ní fánach a cloistear Clann Éireannach á
chaitheamh mar acmhusán gur ó Éirinn thú. Bhuaidh
an creideamh gan amhras oir cuirfidh sé neart
i gcroidhthíbh na gcoinneachaibh Caitleaca atá ag
teacht anois acht tá Éire caillte leis an imirce.



STÁD NA nGAEDHEAL.



Chruinnigh a lán aca airgead mar do
chruinneoigh a lán d'aon cineadh eile acht níl
áireamh ar na míltibh do fuair bás i ngádhbhtar.
Tá cuid mhaith aca do dhein agus atá ag déanamh
saidhbhris i Nuadh Eabhrac agus i gcathrachaibh na
tíre de bharr tighthe do ceannach agus do thoghbháil
acht teidheadh an cuardaidhe isteach inns na
tighthibh seo agus cidhfidh sé na mílte de Chlann
na nGaedheal pulcaighthe isteach i dtighthibh dhá
sheomra mar a gcaithid na soillse do bheith ar
lasadh ó maidin go hoidhche agus arís go maidean.
Tighthe ná buaileann aer na grian iad ó cheann
ceann de'n bhliadhain acht an taer muchta te
do chuireann amach ar na sráideann iad nó
'n-a gcodladh inns na páirceannibh iad. Is
dócha nach fiú na mílte seo áireamh i gcomhnáird
leis an mbeagán na sparán dteann. Buaileadh
an cuardaidhe ceadna isteach go tighthibh na mbocht
agus cidhfidh sé annsan radharc nách ionmhaoimhte
dho má's Éireannach é. Is ar an bhfírinne is
coir an rath do bheith innistear í in ainm Dé! Tá
taobh eile ar an scéal agus faghfad-sa é sin
fe dhuine éigint eile le na innsint. Ní maith
liom é. B'fhearr liom sgeal maith na drochscéal.
Tugaim é seo uaim ar mhaithe le Gaedhealaibh atá
ag cuimhneamh ar áilneacht na dúithche seo.



Padraig O hÉigearta.



Springfield, Mass.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services