Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Meignaidh Chúigidh Uladh - Caibidil VI.
Title
Meignaidh Chúigidh Uladh - Caibidil VI.
Author(s)
Gréagóirína Nic Gréagóir Gréagach,
Pen Name
Gréagóirína Nic Gréagóir Gréagach
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Meignaidh Chúigidh Uladh. Caibidil VI. Deirtear nach bhfeil morán abhrán greannmhar meignaidheach le faghail ins an Ghaedhilg agus an fíor-bheagán atá ann chan fheil siad leath comh greannmhar le na h-abhráin Bhéarla. B'fhéidir no chan fheidir chan fheil a fhios agam is cha bhíonn mé ag rádh ar a son no in a n-aghaidh acht táim ag cur síos annseo abhrán comh greannmhar is chuala mé le fada agus is é an t-ainm atá air: AN t-ABHRÁN BRÉAGACH. I. Chonnaic mé an dias ar iochtar i n-eagan san mhóin Ba iad an chiaróg is an daol ag síor-cur troid ar an leómhan, Bí feanneog agus faoilín is piora lasta go doimhin in a dtóin Agus coileadh ar chlaidhe ag síor-cur sneachta as a shrón. II. Chonnaic mé an sionnach agus é ag imirt in a chléirigh cearc, Agus tarbh mór boinnan go dtí a mhuineal i mala na mbreac, Bhí an ganndal agus an sionnach go creatach ag caitheadh tambac Agus an cloch muilinn ar eiteog agus é ag tomhas Éireann thart. III. Chonnaic mé an créamuigheach ag Cardail Bharraigh Dia Luain Agus rí na hÉireann ag sileadh brochain i stráidibh Linndonn le tuaigh, Bhí Corcaigh ar bhad ag snamh ar mhala an tsléibh ruaidh Agus Muilinn agus ceardcha in áirde ar cruit cuaiche. IV. Chonnaic mé an domhan ag imtheacht ar bhóthar an roigh Is bhí Iarla an Chabhain in a bharrseoir do Eoghan Mac Aoidh Bhí naisgán agus bunnan léana i mbainne ag gabháil dantaí do'n roigh Agus nead ag an gráineog i ngruaig mná Iarla na Midhe. Táim ag cur síos annseo sgéal beag suaireach atá ag muinntir Gleanna Eallaigh ar an dóigh fuair Omagh (Omghach) a ainm. Baile beag tuatach i gceart lár Tíre Eoghain Uí Néill is eadh Omagh. Aon uair amháin bhí Naomh Pádraic ag marcuigheacht ar each ó Árd Macach go Doire. Bhí an t-aistear agus gach aon rud go maith go dtáinig siad comh fada le ceart lár Tíre Eogháin Uí Néill nuair thuit an t-each in abar mór a bhí ann agus bathadh. Thosuigh Pádraic ag caoineadh agus seo mar dubhairt sé: I. Mo léan géar a each caol seang Nach tusa bhí go cinnte caoch Nuair a thuit tú san abar aolbhach dealbh Ag saoradh bhais i gclabar an tsluaigh. II. Maise is tusa each an laoich ghlé Is do cnamhaibh loma ag preabadh as do dhruim Do chuiris dáth an abar ar mo ghné O mo each caoch cam cosach an chinn uilc. Tugadh Omeach ar an áit sin ó shoin amach. SEAN-RADHTUIDHE. Ná mol an lá go dtiocfaidh an oidhche Ná mol an fhairrge go dtiocfaidh na gaoithe. Chár labhair fearg fíor ariamh Chár labhair fíor bréag ariamh. Ná bí cruaidh géir nó bog Is cha dtreigeann do chara ort do chuid. Is láidir madadh ar a tháirsigh féin Agus is láidir cailleach ar a comhrádh béim. Ná marbh bo mar gheall ar laoigh, Is ná pós bean sanntach mar gheall ar spréidh. Tá mé níos deise ná thusa, ars an salcuach do an neanntoig. Má tá, ars an neanntog, tá dealg in mo theangaidh. Troid na mbo maol troid gan baoghal Troid na ndall troid caolbach caoch. Dubhairt bean liom gur dubhairt bean léithe an rud a dubhairt tú léithe a dubhairt mé leat. Annso shíos imirt na páistidhe atá go coitheannta amasg páistidhe danarach Ghleanna Eallaigh. I. Ca rabh tú indé, a Mhaire Bheag? Suas ar bharr an tsléibhe Cia bhí agat, a Mhaire Bheag? Naosgín beag an tighearna. II. Ca rabh tú aréir, a Mhaire Bheag? Bhí mé amuigh sa ghárrdha Cia bhí agat, a Mhaire Bheag? Paoraire beag sa mbaile. III. Ca rabh tú indiu, a Mhaire Bheag? Síos i nGleann na mónaidh Cia bhí agat, a Mhaire Bheag? Boín beag mo Mheanmnaighe. RANN Sgéal fada binn Is fearr é ná aran agus im Sgéal fada breac Chan fhearr é na earball an chait. (Tuilleadh) Gréagóirína Nic Gréagóir Gréagach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services