Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meignaidh Chúigidh Uladh - Caibidil VI.

Title
Meignaidh Chúigidh Uladh - Caibidil VI.
Author(s)
Gréagóirína Nic Gréagóir Gréagach,
Pen Name
Gréagóirína Nic Gréagóir Gréagach
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Meignaidh Chúigidh Uladh.



Caibidil VI.



Deirtear nach bhfeil morán abhrán greannmhar
meignaidheach le faghail ins an Ghaedhilg agus
an fíor-bheagán atá ann chan fheil siad leath
comh greannmhar le na h-abhráin Bhéarla. B'fhéidir
no chan fheidir chan fheil a fhios agam is cha bhíonn
mé ag rádh ar a son no in a n-aghaidh acht táim
ag cur síos annseo abhrán comh greannmhar is
chuala mé le fada agus is é an t-ainm atá air:



AN t-ABHRÁN BRÉAGACH.



I.



Chonnaic mé an dias ar iochtar i n-eagan san
mhóin
Ba iad an chiaróg is an daol ag síor-cur troid
ar an leómhan,
Bí feanneog agus faoilín is piora lasta go
doimhin in a dtóin
Agus coileadh ar chlaidhe ag síor-cur sneachta
as a shrón.



II.



Chonnaic mé an sionnach agus é ag imirt in
a chléirigh cearc,
Agus tarbh mór boinnan go dtí a mhuineal i
mala na mbreac,
Bhí an ganndal agus an sionnach go creatach
ag caitheadh tambac
Agus an cloch muilinn ar eiteog agus é ag
tomhas Éireann thart.



III.
Chonnaic mé an créamuigheach ag Cardail
Bharraigh Dia Luain
Agus rí na hÉireann ag sileadh brochain i
stráidibh Linndonn le tuaigh,
Bhí Corcaigh ar bhad ag snamh ar mhala an tsléibh
ruaidh
Agus Muilinn agus ceardcha in áirde ar cruit
cuaiche.



IV.
Chonnaic mé an domhan ag imtheacht ar bhóthar
an roigh
Is bhí Iarla an Chabhain in a bharrseoir do Eoghan
Mac Aoidh
Bhí naisgán agus bunnan léana i mbainne ag
gabháil dantaí do'n roigh
Agus nead ag an gráineog i ngruaig mná
Iarla na Midhe.



Táim ag cur síos annseo sgéal beag suaireach
atá ag muinntir Gleanna Eallaigh ar an dóigh
fuair Omagh (Omghach) a ainm. Baile beag
tuatach i gceart lár Tíre Eoghain Uí Néill is
eadh Omagh. Aon uair amháin bhí Naomh Pádraic
ag marcuigheacht ar each ó Árd Macach go Doire.
Bhí an t-aistear agus gach aon rud go maith
go dtáinig siad comh fada le ceart lár Tíre
Eogháin Uí Néill nuair thuit an t-each in abar
mór a bhí ann agus bathadh. Thosuigh Pádraic
ag caoineadh agus seo mar dubhairt sé:



I.
Mo léan géar a each caol seang
Nach tusa bhí go cinnte caoch
Nuair a thuit tú san abar aolbhach dealbh
Ag saoradh bhais i gclabar an tsluaigh.



II.



Maise is tusa each an laoich ghlé
Is do cnamhaibh loma ag preabadh as do dhruim
Do chuiris dáth an abar ar mo ghné
O mo each caoch cam cosach an chinn uilc.



Tugadh Omeach ar an áit sin ó shoin amach.



SEAN-RADHTUIDHE.



Ná mol an lá go dtiocfaidh an oidhche
Ná mol an fhairrge go dtiocfaidh na gaoithe.



Chár labhair fearg fíor ariamh
Chár labhair fíor bréag ariamh.



Ná bí cruaidh géir nó bog
Is cha dtreigeann do chara ort do chuid.



Is láidir madadh ar a tháirsigh féin
Agus is láidir cailleach ar a comhrádh béim.



Ná marbh bo mar gheall ar laoigh,
Is ná pós bean sanntach mar gheall ar spréidh.



Tá mé níos deise ná thusa, ars an salcuach
do an neanntoig. Má tá, ars an neanntog,
tá dealg in mo theangaidh.



Troid na mbo maol troid gan baoghal
Troid na ndall troid caolbach caoch.



Dubhairt bean liom gur dubhairt bean léithe
an rud a dubhairt tú léithe a dubhairt mé leat.



Annso shíos imirt na páistidhe atá go
coitheannta amasg páistidhe danarach Ghleanna
Eallaigh.



I.
Ca rabh tú indé, a Mhaire Bheag?
Suas ar bharr an tsléibhe
Cia bhí agat, a Mhaire Bheag?
Naosgín beag an tighearna.



II.
Ca rabh tú aréir, a Mhaire Bheag?
Bhí mé amuigh sa ghárrdha
Cia bhí agat, a Mhaire Bheag?
Paoraire beag sa mbaile.



III.
Ca rabh tú indiu, a Mhaire Bheag?
Síos i nGleann na mónaidh
Cia bhí agat, a Mhaire Bheag?
Boín beag mo Mheanmnaighe.



RANN



Sgéal fada binn
Is fearr é ná aran agus im
Sgéal fada breac
Chan fhearr é na earball an chait.



(Tuilleadh)



Gréagóirína Nic Gréagóir
Gréagach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services