Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thiar - Bás Grover Cleveland
Title
Ó'n Domhan Thiar - Bás Grover Cleveland
Author(s)
Ó hÉigearta, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thiar. BÁS GROVER CLEVELAND. Fuair an fear mór-cháille seo bás an tseacht- mhain seo agus is iomdha duine go bhfuil brón air 'n-a thaobh mar gur mór é meas na ndaoine air. Toghadh mar Uachdarán é 'sa mbliadhain 1884 fé scáth na nDemocrats — nó ba chóra dham a radh, go bhfuair na Democrats ceannas fé n-a scáth-san — buadhadh air ceithre bliadhna n-a dhiaidh sin acht do fuair sé an chraobh arís i gcionn cheithre bliadhan eile. Sé bhí i gceannas nuair chuir Sasana isteach ar thír na Vennezuela acht má bhí is air ba mhaith an díol, mar gur chuir sé cos i dtalamh go dána in aghaidh chumhain- gais “Seághain” agus do fruagair cath dá raghadh Seághan níos sia. Diompuigh a líth i gcírín “Seaghain” agus samhlaigheadh dó gur “bhfearr rith maith ná droch-sheasamh.” TAGAIRT NA SASANACH. Deir páipéir Shasanna ag tagairt dá bhás “gur dhóbair dó an thír do chur ag comhrac agus muna mbeadh stuaim agus géarchúis agus foidne fear stáit Shasanna an uair úd, go mbeadh sé 'n-a chogadh dearg.” Maith an leath-sgeal san ar chorp eagla. Bíodh sé n-a stuaim ná ná bíodh, níor chuaidh “Seághan” níos sia gan é chur fé mholadh beirte, rud nár cheap a dhéanamh ar dtúis. Rud eile a rinne seasamh Chleveland, thóg na tíortha láidre eile a súile de bheag- dhúthchaidhibh an deiscirt. Mór an truagh gan thíortha neartmhara anns gach mór-roinnt de thalamh na cruinne, do dheanfadh ceart agus do chosnochadh lag-chinnirí na roinne sin ar chumhangthas na hachtranach. Dá mbeadh san amhlaidh, ní bheadh riaghal na stát féin dá chur ar na Pilipíníbh 'dá n-aindheoin. Go mbeidh an sgéal mar sin ní miste do's na lag-chinniríbh iad féin do chosaint mar do ceapadh dóibh ag Rí na Cruinne. AIMSIR NA SAOIRE. Tá an tsaoire againn anois agus tá cead a gcos ag scoláiríbh na scól ag lucht siopaí agus ag a lán eile, tá dhá mhí ag na páisdíbh scoile agus deirtear gur mórán truagh an méid sin aimsire do chathamh díomhaoin. Ar an ádbhar sain iartar ar na buachaillíbh is mó teacht go tigh na scoile gach lá, agus tá fear múinte ceard annsan a mhúinfeas dóibh cionas úrlisí d'oibriughadh. Cuirtear iad ag déanamh rudaí beaga tairbheacha d'oirfidh do'n mbaile. Níl annso acht spórt do'n bhuachaill. Tá a rian ar an obair a dheanas sé; is deas áiseamhail na hearraidhe iad go minic. Arís má's í a mheon leanamhaint d'éan cheard aca nuair eirgheochaidh sé in-aois, béidh príomh riaghallacha na chéirde foglamhtha aige agus ní bheidh a foghlaim ro-dhian air. SAOIRE GAN SOCHAR. Tá saoire ag fir oibre na dúthchaidhe leis acht saoire gan sochar is eadh í. Ní maith aon nidh theidheann tar fóir agus tá saoire lucht na hoibre tar fóir dá ríríbh. Shaoileamar go mbeadh deireadh le rae an diomhaointis nuair ainmneofaidhe adhbhar an uachtaráin. Ní hamhlaidh atá amhthach, acht ag dul in olcas atá an sgéal. Tá mór chuid des na monarclainn ag stad de obair go ceann sgathaimh airighthe aimsire. Ní gearánta dhúinn má thosnaighid annsan. SOS AR AN IMIRCE. Tá cuid de's na daoine gur bé a ngno infhiuchadh do dhéanamh ar na daoinibh atá ag teacht annso ag gearán i dtaoibh a laighead aca ag teacht agus deirid go mbeidh glaodhach mór orra agus gan iad le fághail nuair thosnóchaidh an obair; ná cuireadh san ceist ar bith ar an imircidhe. Tá breith aige ar theacht nuair a bheidh an obair ar siubhal. Is fearr an tuarasdal do gheobhaidh se an uair sin ná dá mbeadh sé féin agus na daoine atá as obair againn fein ag baint na gcos d'á chéile ag iarraidh oibre. Tá mílte ag imtheacht leo abhaile do'n Éadail, do'n Pholainn agus go pé tír is duthchas dóib agus ní dóigh liom go mbeidh aon deabhadh thar nais ar chuid aca mar go bhfuil ciall ceannaighthe go daor aca. GLÉAS SCOLAIREACHTA. Tá se ceapaighthe ag Sean-ord na nÉireannach gleas scoláireachta do cóiriughadh do'n ollsgoil i Washington. Béidh sé air ag gach iarratóir eolas dó bheith aige ar an nGaedhilg agus leana- mhaint di san ollsgoil chomh maith; béidh an cheist da pleidh ag an gCoimhthionóil i mbliadhna. Nach ait an sgéal gurb é an cumann so an t-aon aicme sa duthchaigh a chuireann spéis i bhfíor- sgoláireacht na nGaedheal? Daoine atá ag fuirseadh leis an saoghal ag iarraidh a mbeatha do sholáthar is eadh breis agus leath an chumainn sin, agus féach gur bhreagh an bronntanas uatha leath chead míle dollar no aon míle déag púnt ar son na teangan ba dhual dóibh agus anois nuair a chídh gur beag an tadhbhacht í san ollsgoil mar atáid ag cóiriughadh gleas eile chun brígh agus slacht do chur ar a foghlaim. Cá bhfuil Carnegie na nÉireannach go gcloisimíd an trácht orra go minic? Cá bhfuil an meas ba chóir dóibh a bheith aca ar cháil agus ar chlú a sinnsear? Táid ag bailiughadh dá sparáin féin agus ag cothughad clainne ná fuil d'eolas aca ar Éirinn acht mar atá aca ar an bplainéad Márs. Tá paipéir 'n-a dteangain féin ag gach cineadh sa tír seo acht ó cheann ceann dí níl páipéar Gaedhilge. O! sí, sí, a cháirde. Sid í “Eire mhór” de réir na gaoithe. Cúis gáire chughainn mar an-chúis náire dhúinne. Pádraig Ó hÉigearta. Springfield, Mass.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services