Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar - Bás Grover Cleveland

Title
Ó'n Domhan Thiar - Bás Grover Cleveland
Author(s)
Ó hÉigearta, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thiar.



BÁS GROVER CLEVELAND.



Fuair an fear mór-cháille seo bás an tseacht-
mhain seo agus is iomdha duine go bhfuil brón
air 'n-a thaobh mar gur mór é meas na ndaoine
air. Toghadh mar Uachdarán é 'sa mbliadhain
1884 fé scáth na nDemocrats — nó ba chóra
dham a radh, go bhfuair na Democrats ceannas
fé n-a scáth-san — buadhadh air ceithre bliadhna
n-a dhiaidh sin acht do fuair sé an chraobh arís i
gcionn cheithre bliadhan eile. Sé bhí i gceannas
nuair chuir Sasana isteach ar thír na Vennezuela
acht má bhí is air ba mhaith an díol, mar gur
chuir sé cos i dtalamh go dána in aghaidh chumhain-
gais “Seághain” agus do fruagair cath dá
raghadh Seághan níos sia. Diompuigh a líth i
gcírín “Seaghain” agus samhlaigheadh dó gur
“bhfearr rith maith ná droch-sheasamh.”



TAGAIRT NA SASANACH.



Deir páipéir Shasanna ag tagairt dá bhás “gur
dhóbair dó an thír do chur ag comhrac agus muna
mbeadh stuaim agus géarchúis agus foidne
fear stáit Shasanna an uair úd, go mbeadh
sé 'n-a chogadh dearg.” Maith an leath-sgeal
san ar chorp eagla. Bíodh sé n-a stuaim ná
ná bíodh, níor chuaidh “Seághan” níos sia gan
é chur fé mholadh beirte, rud nár cheap a dhéanamh
ar dtúis. Rud eile a rinne seasamh Chleveland,
thóg na tíortha láidre eile a súile de bheag-
dhúthchaidhibh an deiscirt.



Mór an truagh gan thíortha neartmhara anns
gach mór-roinnt de thalamh na cruinne, do
dheanfadh ceart agus do chosnochadh lag-chinnirí
na roinne sin ar chumhangthas na hachtranach.
Dá mbeadh san amhlaidh, ní bheadh riaghal na stát
féin dá chur ar na Pilipíníbh 'dá n-aindheoin. Go
mbeidh an sgéal mar sin ní miste do's na
lag-chinniríbh iad féin do chosaint mar do ceapadh
dóibh ag Rí na Cruinne.



AIMSIR NA SAOIRE.



Tá an tsaoire againn anois agus tá cead
a gcos ag scoláiríbh na scól ag lucht siopaí
agus ag a lán eile, tá dhá mhí ag na páisdíbh
scoile agus deirtear gur mórán truagh an
méid sin aimsire do chathamh díomhaoin. Ar
an ádbhar sain iartar ar na buachaillíbh is mó
teacht go tigh na scoile gach lá, agus tá fear
múinte ceard annsan a mhúinfeas dóibh cionas
úrlisí d'oibriughadh. Cuirtear iad ag déanamh
rudaí beaga tairbheacha d'oirfidh do'n mbaile.
Níl annso acht spórt do'n bhuachaill. Tá a
rian ar an obair a dheanas sé; is deas áiseamhail
na hearraidhe iad go minic. Arís má's í a
mheon leanamhaint d'éan cheard aca nuair
eirgheochaidh sé in-aois, béidh príomh riaghallacha
na chéirde foglamhtha aige agus ní bheidh a
foghlaim ro-dhian air.



SAOIRE GAN SOCHAR.



Tá saoire ag fir oibre na dúthchaidhe leis acht
saoire gan sochar is eadh í. Ní maith aon nidh
theidheann tar fóir agus tá saoire lucht na
hoibre tar fóir dá ríríbh. Shaoileamar go
mbeadh deireadh le rae an diomhaointis nuair
ainmneofaidhe adhbhar an uachtaráin. Ní
hamhlaidh atá amhthach, acht ag dul in olcas atá
an sgéal. Tá mór chuid des na monarclainn ag
stad de obair go ceann sgathaimh airighthe
aimsire. Ní gearánta dhúinn má thosnaighid
annsan.



SOS AR AN IMIRCE.



Tá cuid de's na daoine gur bé a ngno
infhiuchadh do dhéanamh ar na daoinibh atá ag
teacht annso ag gearán i dtaoibh a laighead aca
ag teacht agus deirid go mbeidh glaodhach mór
orra agus gan iad le fághail nuair thosnóchaidh
an obair; ná cuireadh san ceist ar bith ar an
imircidhe. Tá breith aige ar theacht nuair a
bheidh an obair ar siubhal. Is fearr an tuarasdal
do gheobhaidh se an uair sin ná dá mbeadh sé féin
agus na daoine atá as obair againn fein ag
baint na gcos d'á chéile ag iarraidh oibre. Tá
mílte ag imtheacht leo abhaile do'n Éadail, do'n
Pholainn agus go pé tír is duthchas dóib agus
ní dóigh liom go mbeidh aon deabhadh thar nais
ar chuid aca mar go bhfuil ciall ceannaighthe go
daor aca.



GLÉAS SCOLAIREACHTA.



Tá se ceapaighthe ag Sean-ord na nÉireannach
gleas scoláireachta do cóiriughadh do'n ollsgoil
i Washington. Béidh sé air ag gach iarratóir
eolas dó bheith aige ar an nGaedhilg agus leana-
mhaint di san ollsgoil chomh maith; béidh an
cheist da pleidh ag an gCoimhthionóil i mbliadhna.
Nach ait an sgéal gurb é an cumann so an t-aon
aicme sa duthchaigh a chuireann spéis i bhfíor-
sgoláireacht na nGaedheal? Daoine atá ag
fuirseadh leis an saoghal ag iarraidh a mbeatha
do sholáthar is eadh breis agus leath an chumainn
sin, agus féach gur bhreagh an bronntanas uatha
leath chead míle dollar no aon míle déag púnt
ar son na teangan ba dhual dóibh agus anois
nuair a chídh gur beag an tadhbhacht í san
ollsgoil mar atáid ag cóiriughadh gleas eile
chun brígh agus slacht do chur ar a foghlaim.
Cá bhfuil Carnegie na nÉireannach go
gcloisimíd an trácht orra go minic? Cá
bhfuil an meas ba chóir dóibh a bheith aca ar cháil
agus ar chlú a sinnsear? Táid ag bailiughadh
dá sparáin féin agus ag cothughad clainne ná
fuil d'eolas aca ar Éirinn acht mar atá aca
ar an bplainéad Márs. Tá paipéir 'n-a
dteangain féin ag gach cineadh sa tír seo acht
ó cheann ceann dí níl páipéar Gaedhilge. O!
sí, sí, a cháirde. Sid í “Eire mhór” de réir
na gaoithe. Cúis gáire chughainn mar an-chúis
náire dhúinne.



Pádraig Ó hÉigearta.



Springfield, Mass.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services