Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thiar - Bás Grover Cleveland
Title
Ó'n Domhan Thiar - Bás Grover Cleveland
Author(s)
Ó hÉigearta, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Ó'n Domhan Thiar - Bás Grover Cleveland</title><author><name type="main">Pádraig Ó hÉigearta</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1908_07_18_05</note> <note type="L">05</note> <note type="B">1908</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1908_07_18_05</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Pádraig Ó hÉigearta</author><title>Ó'n Domhan Thiar - Bás Grover Cleveland</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1908</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Ó'n Domhan Thiar.</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>BÁS GROVER CLEVELAND.</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>Fuair an fear mór-cháille seo bás an tseacht-</span> <lb n="6"/><span>mhain seo agus is iomdha duine go bhfuil brón</span> <lb n="7"/><span>air 'n-a thaobh mar gur mór é meas na ndaoine</span> <lb n="8"/><span>air. Toghadh mar Uachdarán é 'sa mbliadhain</span> <lb n="9"/><span>1884 fé scáth na nDemocrats — nó ba chóra</span> <lb n="10"/><span>dham a radh, go bhfuair na Democrats ceannas</span> <lb n="11"/><span>fé n-a scáth-san — buadhadh air ceithre bliadhna</span> <lb n="12"/><span>n-a dhiaidh sin acht do fuair sé an chraobh arís i</span> <lb n="13"/><span>gcionn cheithre bliadhan eile. Sé bhí i gceannas</span> <lb n="14"/><span>nuair chuir Sasana isteach ar thír na Vennezuela</span> <lb n="15"/><span>acht má bhí is air ba mhaith an díol, mar gur</span> <lb n="16"/><span>chuir sé cos i dtalamh go dána in aghaidh chumhain-</span> <lb n="17"/><span>gais “Seághain” agus do fruagair cath dá</span> <lb n="18"/><span>raghadh Seághan níos sia. Diompuigh a líth i</span> <lb n="19"/><span>gcírín “Seaghain” agus samhlaigheadh dó gur</span> <lb n="20"/><span>“bhfearr rith maith ná droch-sheasamh.”</span></p> <lb n="21"/> <lb n="22"/><p><span>TAGAIRT NA SASANACH.</span></p> <lb n="23"/> <lb n="24"/><p><span>Deir páipéir Shasanna ag tagairt dá bhás “gur</span> <lb n="25"/><span>dhóbair dó an thír do chur ag comhrac agus muna</span> <lb n="26"/><span>mbeadh stuaim agus géarchúis agus foidne</span> <lb n="27"/><span>fear stáit Shasanna an uair úd, go mbeadh</span> <lb n="28"/><span>sé 'n-a chogadh dearg.” Maith an leath-sgeal</span> <lb n="29"/><span>san ar chorp eagla. Bíodh sé n-a stuaim ná</span> <lb n="30"/><span>ná bíodh, níor chuaidh “Seághan” níos sia gan</span> <lb n="31"/><span>é chur fé mholadh beirte, rud nár cheap a dhéanamh</span> <lb n="32"/><span>ar dtúis. Rud eile a rinne seasamh Chleveland,</span> <lb n="33"/><span>thóg na tíortha láidre eile a súile de bheag-</span> <lb n="34"/><span>dhúthchaidhibh an deiscirt.</span></p> <lb n="35"/> <lb n="36"/><p><span>Mór an truagh gan thíortha neartmhara anns</span> <lb n="37"/><span>gach mór-roinnt de thalamh na cruinne, do</span> <lb n="38"/><span>dheanfadh ceart agus do chosnochadh lag-chinnirí</span> <lb n="39"/><span>na roinne sin ar chumhangthas na hachtranach.</span> <lb n="40"/><span>Dá mbeadh san amhlaidh, ní bheadh riaghal na stát</span> <lb n="41"/><span>féin dá chur ar na Pilipíníbh 'dá n-aindheoin. Go</span> <lb n="42"/><span>mbeidh an sgéal mar sin ní miste do's na</span> <lb n="43"/><span>lag-chinniríbh iad féin do chosaint mar do ceapadh</span> <lb n="44"/><span>dóibh ag Rí na Cruinne.</span></p> <lb n="45"/> <lb n="46"/><p><span>AIMSIR NA SAOIRE.</span></p> <lb n="47"/> <lb n="48"/><p><span>Tá an tsaoire againn anois agus tá cead</span> <lb n="49"/><span>a gcos ag scoláiríbh na scól ag lucht siopaí</span> <lb n="50"/><span>agus ag a lán eile, tá dhá mhí ag na páisdíbh</span> <lb n="51"/><span>scoile agus deirtear gur mórán truagh an</span> <lb n="52"/><span>méid sin aimsire do chathamh díomhaoin. Ar</span> <lb n="53"/><span>an ádbhar sain iartar ar na buachaillíbh is mó</span> <lb n="54"/><span>teacht go tigh na scoile gach lá, agus tá fear</span> <lb n="55"/><span>múinte ceard annsan a mhúinfeas dóibh cionas</span> <lb n="56"/><span>úrlisí d'oibriughadh. Cuirtear iad ag déanamh</span> <lb n="57"/><span>rudaí beaga tairbheacha d'oirfidh do'n mbaile.</span> <lb n="58"/><span>Níl annso acht spórt do'n bhuachaill. Tá a</span> <lb n="59"/><span>rian ar an obair a dheanas sé; is deas áiseamhail</span> <lb n="60"/><span>na hearraidhe iad go minic. Arís má's í a</span> <lb n="61"/><span>mheon leanamhaint d'éan cheard aca nuair</span> <lb n="62"/><span>eirgheochaidh sé in-aois, béidh príomh riaghallacha</span> <lb n="63"/><span>na chéirde foglamhtha aige agus ní bheidh a</span> <lb n="64"/><span>foghlaim ro-dhian air.</span></p> <lb n="65"/> <lb n="66"/><p><span>SAOIRE GAN SOCHAR.</span></p> <lb n="67"/> <lb n="68"/><p><span>Tá saoire ag fir oibre na dúthchaidhe leis acht</span> <lb n="69"/><span>saoire gan sochar is eadh í. Ní maith aon nidh</span> <lb n="70"/><span>theidheann tar fóir agus tá saoire lucht na</span> <lb n="71"/><span>hoibre tar fóir dá ríríbh. Shaoileamar go</span> <lb n="72"/><span>mbeadh deireadh le rae an diomhaointis nuair</span> <lb n="73"/><span>ainmneofaidhe adhbhar an uachtaráin. Ní</span> <lb n="74"/><span>hamhlaidh atá amhthach, acht ag dul in olcas atá</span> <lb n="75"/><span>an sgéal. Tá mór chuid des na monarclainn ag</span> <lb n="76"/><span>stad de obair go ceann sgathaimh airighthe</span> <lb n="77"/><span>aimsire. Ní gearánta dhúinn má thosnaighid</span> <lb n="78"/><span>annsan.</span></p> <lb n="79"/> <lb n="80"/><p><span>SOS AR AN IMIRCE.</span></p> <lb n="81"/> <lb n="82"/><p><span>Tá cuid de's na daoine gur bé a ngno</span> <lb n="83"/><span>infhiuchadh do dhéanamh ar na daoinibh atá ag</span> <lb n="84"/><span>teacht annso ag gearán i dtaoibh a laighead aca</span> <lb n="85"/><span>ag teacht agus deirid go mbeidh glaodhach mór</span> <lb n="86"/><span>orra agus gan iad le fághail nuair thosnóchaidh</span> <lb n="87"/><span>an obair; ná cuireadh san ceist ar bith ar an</span> <lb n="88"/><span>imircidhe. Tá breith aige ar theacht nuair a</span> <lb n="89"/><span>bheidh an obair ar siubhal. Is fearr an tuarasdal</span> <lb n="90"/><span>do gheobhaidh se an uair sin ná dá mbeadh sé féin</span> <lb n="91"/><span>agus na daoine atá as obair againn fein ag</span> <lb n="92"/><span>baint na gcos d'á chéile ag iarraidh oibre. Tá</span> <lb n="93"/><span>mílte ag imtheacht leo abhaile do'n Éadail, do'n</span> <lb n="94"/><span>Pholainn agus go pé tír is duthchas dóib agus</span> <lb n="95"/><span>ní dóigh liom go mbeidh aon deabhadh thar nais</span> <lb n="96"/><span>ar chuid aca mar go bhfuil ciall ceannaighthe go</span> <lb n="97"/><span>daor aca.</span></p> <lb n="98"/> <lb n="99"/><p><span>GLÉAS SCOLAIREACHTA.</span></p> <lb n="100"/> <lb n="101"/><p><span>Tá se ceapaighthe ag Sean-ord na nÉireannach</span> <lb n="102"/><span>gleas scoláireachta do cóiriughadh do'n ollsgoil</span> <lb n="103"/><span>i Washington. Béidh sé air ag gach iarratóir</span> <lb n="104"/><span>eolas dó bheith aige ar an nGaedhilg agus leana-</span> <lb n="105"/><span>mhaint di san ollsgoil chomh maith; béidh an</span> <lb n="106"/><span>cheist da pleidh ag an gCoimhthionóil i mbliadhna.</span> <lb n="107"/><span>Nach ait an sgéal gurb é an cumann so an t-aon</span> <lb n="108"/><span>aicme sa duthchaigh a chuireann spéis i bhfíor-</span> <lb n="109"/><span>sgoláireacht na nGaedheal? Daoine atá ag</span> <lb n="110"/><span>fuirseadh leis an saoghal ag iarraidh a mbeatha</span> <lb n="111"/><span>do sholáthar is eadh breis agus leath an chumainn</span> <lb n="112"/><span>sin, agus féach gur bhreagh an bronntanas uatha</span> <lb n="113"/><span>leath chead míle dollar no aon míle déag púnt</span> <lb n="114"/><span>ar son na teangan ba dhual dóibh agus anois</span> <lb n="115"/><span>nuair a chídh gur beag an tadhbhacht í san</span> <lb n="116"/><span>ollsgoil mar atáid ag cóiriughadh gleas eile</span> <lb n="117"/><span>chun brígh agus slacht do chur ar a foghlaim.</span> <lb n="118"/><span>Cá bhfuil Carnegie na nÉireannach go</span> <lb n="119"/><span>gcloisimíd an trácht orra go minic? Cá</span> <lb n="120"/><span>bhfuil an meas ba chóir dóibh a bheith aca ar cháil</span> <lb n="121"/><span>agus ar chlú a sinnsear? Táid ag bailiughadh</span> <lb n="122"/><span>dá sparáin féin agus ag cothughad clainne ná</span> <lb n="123"/><span>fuil d'eolas aca ar Éirinn acht mar atá aca</span> <lb n="124"/><span>ar an bplainéad Márs. Tá paipéir 'n-a</span> <lb n="125"/><span>dteangain féin ag gach cineadh sa tír seo acht</span> <lb n="126"/><span>ó cheann ceann dí níl páipéar Gaedhilge. O!</span> <lb n="127"/><span>sí, sí, a cháirde. Sid í “Eire mhór” de réir</span> <lb n="128"/><span>na gaoithe. Cúis gáire chughainn mar an-chúis</span> <lb n="129"/><span>náire dhúinne.</span></p> <lb n="130"/> <lb n="131"/><p><span>Pádraig Ó hÉigearta.</span></p> <lb n="132"/> <lb n="133"/><p><span>Springfield, Mass.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services