Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Éire Óg
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Éire Óg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Éire Óg. Tá cunntas beag fá Chraobh d'Éire Óg Mhainstir na Búille i náit eile sa bpáipéar so. Chuir an cuntas sin ag smaoineadh sinn. Goidé 'n cheall nach bhfuil tuilleadh de na craobhachaibh so ar bun againn? Áit ar bith go h-áitridhe a bhfuil muinteóir taistil ag obair, badh chóir go mbeadh craobh d'Éire Óg ag obair freisin. 'Sa gcraoibh so a bhfuilmíd ag trácht uirthe, déanann na páistí stuidéar ar stáir na hÉireann chomh maith le na teanga; agus le na chois so, bíonn amhráin Gaedhilge, ceól agus rinnce aca. Agus ní hé sin amháin acht ag gach uile chruinniughadh bheireann an tUachtarán nó duine éigin eile, óráid uaidh ar nidh éigin a bhaineas le teanga, stáir nó déantúisíbh na tíre. Tá leabharlann beag deas freisin ag an gCraoibh d'Éire Óg so, agus do réir deallraimh níl na leabhra díomhaoneach. Nár dheas croidhe amhail binn an dán do chanfadh Donnchadh Mór fá Éire Óg i Mainistir na Búille, dá mbeadh se ar an saoghal indiu! Tá againn annso “treor an pháiste” ar an bhfíor mbealach nGaedhealach; tá a gcroidhthe agus a naigne 'ghá réidhteach ar an tslighe ba chóir do gach uile pháiste i nÉirinn a bheith. So sompla maith d'Éire Óg ar fud na tíre; so thuas anois clár oibre ba chóir dóibh a leanamhaint. Tá a fhios againn go bhfuil craobhacha d'Éire Óg anonn 's anall ar fud na tíre ag déanamh obair mhaith; acht an bhfuilid a cur rómpa a gcuid páistí a dhéanamh Gaedhealach i gcroidhe chomh maith le dteanga? Ní h-ionann an dá rud; tá neart seóiníní le fágháil againn ata 'na nGaedhilgeóiríbh maithe, acht 'sé croidhe an sglábhuidhthe, agus ní h-é croidhe an Ghaedhil atá in a leitheidí. Caithfidh “Éire Óg” bheith Gaedhealach i gcroidhe chomh maith le i dteanga, agus feicear dhúinn go bhfuil Craobh Mhainistir na Búille ar an mbóthar ceart le sin a dhéanamh. Ta eolas ar stáir agus seanchus na tíre chomh riachtanach beagnach leis an teanga féin chum spioraid Gaedhealach a ghríosughadh agus a lasadh i gcroidhthibh agus i n-aignibh páistí na hÉireann. Is é an tain-eolas an námha is mó atá 'nar naghaidh, agus is cosamhail go bhfuil Éire Óg Mhainistir na mBúilli ar an tslighe cheart le ruaig a chur air — go dtugaidh Dia go leanaidh siad dó. Tá croidhe an pháiste bog réidh-chúmthach agus is mór é ár ndualgas gach uile iarracht a dhéanamh chum páistí na h-Éireann a Ghaedhealughadh, i gcroidhe, i naigne, agus i dteanga. Tá faitchíos orrainn gur ceist i so nar ionsaigh na craobhacha go maith fós; acht dá luaithe dá ndéanfaidh siad sin, is amhlaidh is fearr é; má bhíonn an gasúr Gaedhealach, béidh an fear slán ó'n nGalldachas. Dá brígh sin brostaighidh orraibh a Ghaedheala, agus fáighidh greim cruaidh ar na páistíbh, chum iad a shlánughadh ó'n n-Galldachas. Ná biodh Craobh de Chonnradh na Gaedhilge nach gcuirfidh rómpa feasta lá ar leith a leagan amach do na páistíbh, agus Craobh d'Éire Óg bheith aca fá na gcúram féin agus leanamhaint chomh gear agus is féidir é, do'n tslighe oibre atá 'ghá dhéanamh i Mainistir na Buille.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services