Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Éire Óg

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Éire Óg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Éire Óg.



Tá cunntas beag fá Chraobh d'Éire Óg
Mhainstir na Búille i náit eile sa bpáipéar
so. Chuir an cuntas sin ag smaoineadh sinn.
Goidé 'n cheall nach bhfuil tuilleadh de na
craobhachaibh so ar bun againn? Áit ar bith
go h-áitridhe a bhfuil muinteóir taistil ag obair,
badh chóir go mbeadh craobh d'Éire Óg ag obair
freisin. 'Sa gcraoibh so a bhfuilmíd ag trácht
uirthe, déanann na páistí stuidéar ar stáir
na hÉireann chomh maith le na teanga; agus
le na chois so, bíonn amhráin Gaedhilge, ceól
agus rinnce aca. Agus ní hé sin amháin acht ag
gach uile chruinniughadh bheireann an tUachtarán
nó duine éigin eile, óráid uaidh ar nidh éigin a
bhaineas le teanga, stáir nó déantúisíbh na
tíre. Tá leabharlann beag deas freisin ag an
gCraoibh d'Éire Óg so, agus do réir deallraimh
níl na leabhra díomhaoneach. Nár dheas croidhe
amhail binn an dán do chanfadh Donnchadh Mór
fá Éire Óg i Mainistir na Búille, dá mbeadh
se ar an saoghal indiu! Tá againn annso
“treor an pháiste” ar an bhfíor mbealach
nGaedhealach; tá a gcroidhthe agus a naigne 'ghá
réidhteach ar an tslighe ba chóir do gach uile
pháiste i nÉirinn a bheith. So sompla maith d'Éire
Óg ar fud na tíre; so thuas anois clár oibre
ba chóir dóibh a leanamhaint. Tá a fhios againn
go bhfuil craobhacha d'Éire Óg anonn 's anall
ar fud na tíre ag déanamh obair mhaith; acht an
bhfuilid a cur rómpa a gcuid páistí a dhéanamh
Gaedhealach i gcroidhe chomh maith le dteanga?
Ní h-ionann an dá rud; tá neart seóiníní le
fágháil againn ata 'na nGaedhilgeóiríbh maithe,
acht 'sé croidhe an sglábhuidhthe, agus ní h-é
croidhe an Ghaedhil atá in a leitheidí. Caithfidh
“Éire Óg” bheith Gaedhealach i gcroidhe chomh
maith le i dteanga, agus feicear dhúinn go bhfuil
Craobh Mhainistir na Búille ar an mbóthar
ceart le sin a dhéanamh.



Ta eolas ar stáir agus seanchus na tíre
chomh riachtanach beagnach leis an teanga féin
chum spioraid Gaedhealach a ghríosughadh agus a
lasadh i gcroidhthibh agus i n-aignibh páistí na
hÉireann. Is é an tain-eolas an námha is mó
atá 'nar naghaidh, agus is cosamhail go bhfuil
Éire Óg Mhainistir na mBúilli ar an tslighe
cheart le ruaig a chur air — go dtugaidh Dia go
leanaidh siad dó.



Tá croidhe an pháiste bog réidh-chúmthach agus
is mór é ár ndualgas gach uile iarracht a
dhéanamh chum páistí na h-Éireann a
Ghaedhealughadh, i gcroidhe, i naigne, agus i
dteanga.



Tá faitchíos orrainn gur ceist i so nar
ionsaigh na craobhacha go maith fós; acht dá
luaithe dá ndéanfaidh siad sin, is amhlaidh is
fearr é; má bhíonn an gasúr Gaedhealach, béidh
an fear slán ó'n nGalldachas. Dá brígh sin
brostaighidh orraibh a Ghaedheala, agus fáighidh
greim cruaidh ar na páistíbh, chum iad a
shlánughadh ó'n n-Galldachas. Ná biodh Craobh
de Chonnradh na Gaedhilge nach gcuirfidh rómpa
feasta lá ar leith a leagan amach do na páistíbh,
agus Craobh d'Éire Óg bheith aca fá na gcúram
féin agus leanamhaint chomh gear agus is féidir é,
do'n tslighe oibre atá 'ghá dhéanamh i Mainistir
na Buille.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services