Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An Clár Dhá-Theangthach
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Clár Dhá-Theangthach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail An Clár Dhá-Theangthach. Is binn linn a chlos go bhfuil cumann fá leith dá chur ar bun ag múinteoiríbh dhá-theangthacha na Gaillimhe d'aon toisg leis an oideachas dhá-theangthach a chur ar aghaidh i sgoltachaibh an Iarthair. Dia leat, a Thomáis Uí Cholmáin! Maith an áit a rabhais! Is tráthamhail agus is ciallmhar an chomhairle a thugais dod' chomh- mhúinteoiríbh agus iad a ghríosadh chum an obair mhór thairbheach so a thabhairt le n-a n-ais. Tá súil againn go leanfar sompla múinteoirí na Gaillimhe i gCo. an Chláir, i gCo. Chiarraighe, i gCo. Chorcaighe, ins na Déisibh, i gCo. Mhuigheo, agus i dTír Chonaill. Níl aon nídh is fearr a dhéanfadh Clár an Dá Theangan a leathanughadh ar fud na Gaedhealtachta 'ná na múinteoirí atá i n-a éadan i ngach ceanntar agus na múinteoirí eile seo a bhfuil fonn ortha dul i n-a éadan a theacht i gceann a chéile uair sa mí, abair, agus léigheachta a chlos ó daoinibh a rinne staidéar ar an gceist, idir Timthirí an Bhuird, Timthirí an Chonnartha, agus eile, comhairle a ghlacadh leo so agus le n-a chéile, agus tamall a chaitheamh ag réidhteach sul a mbídh an t-oideachas dhá-theangthach ar stáid chirt ins na sgoltachaibh. Déantar trácht ar an gClár Dhá-Theangthach i bpáipéaraibh na múinteoirí agus i bpáipéaraibh nuaidheachta na tuaithe. Sgaiptear eolas air. Labhartar i n-a thaoibh ag cruinniughthibh na múinteoirí agus na stiúrthóirí. Labhartar i n-a thaoibh ag cruinnighthibh móra agus ag cruinnighthibh beaga fá chúram an Chonnartha. Mínightear a bhrígh do'n pobal. Cuirtear i n-iúl do na háithreachaibh agus do na máithreachaibh gurab é an t-aon ghleás múinteoireachta amháin é a thiubras léigheann ceart sa nGaedhilg agus sa mBéarla do na páistíbh atá ag fás suas fá láthair agus gan léigheann ar bith ortha i gceachtar de'n dá theangain. Oibrigheadh na stiúrthóirí, na múinteoirí, na tuismightheoirí, agus muinntir Chonnartha na Gaedhilge guala ar ghualainn san iarracht so. Bainidís díobh an bréidín agus luighidís isteach leis an obair go dícheallach díograiseach dóchasach. Cuirtear an Clár ar bun san oiread sgol agus is féidir é ó'n gcéad lá de'n Iúl amach. Agus na sgoltacha nach n-éirigheann linn an Clár a chur ag obair ionnta i mbliadhna bídís 'gá n-ullmhughadh féin fá theacht na haith-bhliadhna. 'Sí seo an obair is riachtanaighe dá bhfuil romhainn amach. Ná ceapaidh a mhalairt, a cháirde. Marbhóchaidh na sgoltacha an teanga san nGaedhealtacht muna gcuirtear an Ghaedhilg ar bun ionnta ní hamháin mar ádhbhar teagaisg acht mar ghnáth-urlabhra ag na múinteoiríbh ag múineadh agus ag agallamh na bpáistí dhóibh. Dóchas na hÉireann an Ghaedhilg; dóchas na Gaedhilge an Clár Dhá- Theangthach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services