Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - An Clár Dhá-Theangthach

Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Clár Dhá-Theangthach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



An Clár Dhá-Theangthach.



Is binn linn a chlos go bhfuil cumann fá
leith dá chur ar bun ag múinteoiríbh dhá-theangthacha
na Gaillimhe d'aon toisg leis an oideachas
dhá-theangthach a chur ar aghaidh i sgoltachaibh an
Iarthair. Dia leat, a Thomáis Uí Cholmáin!
Maith an áit a rabhais! Is tráthamhail agus
is ciallmhar an chomhairle a thugais dod' chomh-
mhúinteoiríbh agus iad a ghríosadh chum an obair
mhór thairbheach so a thabhairt le n-a n-ais. Tá
súil againn go leanfar sompla múinteoirí
na Gaillimhe i gCo. an Chláir, i gCo. Chiarraighe,
i gCo. Chorcaighe, ins na Déisibh, i gCo. Mhuigheo,
agus i dTír Chonaill. Níl aon nídh is fearr a
dhéanfadh Clár an Dá Theangan a leathanughadh
ar fud na Gaedhealtachta 'ná na múinteoirí
atá i n-a éadan i ngach ceanntar agus na
múinteoirí eile seo a bhfuil fonn ortha dul
i n-a éadan a theacht i gceann a chéile
uair sa mí, abair, agus léigheachta a chlos ó
daoinibh a rinne staidéar ar an gceist, idir
Timthirí an Bhuird, Timthirí an Chonnartha, agus
eile, comhairle a ghlacadh leo so agus le n-a
chéile, agus tamall a chaitheamh ag réidhteach
sul a mbídh an t-oideachas dhá-theangthach ar stáid
chirt ins na sgoltachaibh. Déantar trácht ar
an gClár Dhá-Theangthach i bpáipéaraibh na
múinteoirí agus i bpáipéaraibh nuaidheachta na
tuaithe. Sgaiptear eolas air. Labhartar i n-a
thaoibh ag cruinniughthibh na múinteoirí agus na
stiúrthóirí. Labhartar i n-a thaoibh ag
cruinnighthibh móra agus ag cruinnighthibh beaga
fá chúram an Chonnartha. Mínightear a bhrígh do'n
pobal. Cuirtear i n-iúl do na háithreachaibh
agus do na máithreachaibh gurab é an t-aon
ghleás múinteoireachta amháin é a thiubras
léigheann ceart sa nGaedhilg agus sa mBéarla
do na páistíbh atá ag fás suas fá láthair agus
gan léigheann ar bith ortha i gceachtar de'n dá
theangain. Oibrigheadh na stiúrthóirí, na
múinteoirí, na tuismightheoirí, agus muinntir
Chonnartha na Gaedhilge guala ar ghualainn san
iarracht so. Bainidís díobh an bréidín agus
luighidís isteach leis an obair go dícheallach
díograiseach dóchasach. Cuirtear an Clár
ar bun san oiread sgol agus is féidir é ó'n
gcéad lá de'n Iúl amach. Agus na sgoltacha
nach n-éirigheann linn an Clár a chur ag obair
ionnta i mbliadhna bídís 'gá n-ullmhughadh féin
fá theacht na haith-bhliadhna.



'Sí seo an obair is riachtanaighe dá bhfuil
romhainn amach. Ná ceapaidh a mhalairt, a
cháirde. Marbhóchaidh na sgoltacha an teanga
san nGaedhealtacht muna gcuirtear an
Ghaedhilg ar bun ionnta ní hamháin mar ádhbhar
teagaisg acht mar ghnáth-urlabhra ag na
múinteoiríbh ag múineadh agus ag agallamh
na bpáistí dhóibh. Dóchas na hÉireann an
Ghaedhilg; dóchas na Gaedhilge an Clár Dhá-
Theangthach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services