Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Clár Dhá Theangadh
Title
An Clár Dhá Theangadh
Author(s)
Nic Fhualáin, Úna,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Clár Dhá Theangadh. Tá súil agam anois go bhfuil an cheist seo “Íocaidheacht ar son Gaedhilge a mhúnadh i ngnáth-uaireannta sgoile” caithte i leath-taoibh agus go bhfuilimíd uilig ar aon intinn ar an gClár Dhá Theangadh a sháthadh isteach, agus a shocrughadh go daingean istigh, ins 'ch uile sgoil ar fud na Gaedhealtachta. Tá an iomarca sgannartha (tá eagla orm go bhfuil agus beagán de'n leisge measgtha thríd an sgannradh) ar na hoidíbh roimh an gClár Dhá Theangadh. Síleann siad go mbéidh dhá oiread oibre ortha, acht ní mar sin a bhíos i n-aon
chor ó'n gcéad leath-bhliadhain amach. Nuair bhéas an dá theangaidh dhá múnadh agus 'ch aon rud dá mhúnadh ins an dá theangaidh ní bhfuighidh na páistí a leath oiread stróbh ag foghluim an ruda agus ní bhéidh a leath oiread anró ar an mhúinteoir ag múnadh an rud dóibh. Ní misde dhíbh, a mhúinteoirí, an méid sin a chreideamhaint uaim-se mar tá mé tamall maith anois ag múnadh an dá theangadh. Agus cuir i gcás go mbéidh beagáinín beag fearr is bárr is anró orainn an chéad bhliadhain; nach í TEANGA NA nGAEDHEAL atámuid a chur fá réim arís agus nach Gaedhil sinn féin? Ná bíodh sé le caitheamh sa mbéal ar oidíbh sgoile amach annso gur theipeadar ar Chatilín Ní Uallacháin nuair bhí sí i ngéar-chall le n-a gcabhair. B'fhéidir nárbh' fhearr rud a dhéanfainn anois 'ná innseacht cé mar thárla dhom féin an chéad uair a thosuigheamar ag múnadh na gCeachta Mion-Eolais (Object Lessons) i nGaedhilg ar an sgoil. Is rudaí iad so a mbíonn an- drugall ag cuid de na múinteoiríbh rómpa i gcomhnaidhe. Is gearr ó shoin ó dubhairt duine aca liom nach bhféadfadh sé Ceacht Mion-Eolais a thabhairt uaidh dá mbaintí an ceann de. Sílim féin gurbh' é an fáth atá leis sin, nach ndeineann an múinteoir aon staidéar ar an gceacht roimh ré, sin nó go dtoghann sé ádhbhar ceachta nach bhfuil aon eolas ná aon tuigsint ag na páistíbh air cheana. Tá cainnt anois go bhfuil na ceachta so le caitheamh i dtraipisíbh. Ní maith liom sin mar is iomdha eolas a fuair mé ó thosuigh mé dhá múnadh agus níl aon lá nach mbeithinn ag fágháil eolais an fhaid is bheadh orm iad a mhúnadh. Rud eile, cá bhfuil aon tslighe nó aon ádhbhar cainnte le fágháil chomh maith leo, acht ádhbhar ceachta a thoghadh a bhfuil beagáinín eolais ag na páistíbh air cheana? Má's Béarla atá tú ag iarraidh a mhúnadh san nGaedhealtacht nó Gaedhilg sa nGalldacht, cá bhfuil aon tslighe níos fearr le n-a dhéanamh 'ná le na ceachtaibh seo? Níl mé 'gá rádh gur cheart iad a bheith i mBéarla sa nGaedhealtacht. Seo é an chaoi a ndeinim féin é; tá dhá lá ceapuighthe amach (dhá leath-uair badh cheart dom a rádh) le haghaidh 'ch aon roinn. Bíonn an ceacht againn i nGaedhilg an chéad lá agus i mBéarla an dara lá (an ceacht céadna). Acht i dtaoibh mo sgéil; an chéad bhliadhain ar thosuigheamar dá múnadh cuireadh sgrúduigh- theoir chugainn nach raibh focal Gaedhilge aige. D'iarr sé orm féin ceacht a thabhairt do'n roinn a bhí fá mo chúram féin ar rud ar bith badh mhian liom. B'iad na naoidheanáin, an chéad, agus an dara rang a bhí fá mo chúram agus i nGaedhilg a bhíodh na ceachta so againn i gcomhnaidhe. Bhíodar chomh nuaidhe nár chuimhnigheamar amháin ar an mBéarla. Bhí go maith. Shocruigh mé na páistí i n-aon rang amháin agus sheasas amach ar a n-aghaidh. CAT, a bhí againn mar ádhbhar cainnte. Ní raibh an cat beo againn acht bhí pictiúr chait againn. “Céard é seo?” arsa mise ag tasbáint pictiúr an chait dóibh. “Cat!” ar siad-san. “What is that?” arsa an sgrúduightheoir. “Is that Irish you are talking?” “Seadh,” arsa mise. “Is i nGaedhilg thug mé na ceachta dhóibh le bliadhain mar nach bhfuil aon Bhéarla ag na páistíbh.” “You might as well be talking Greek while I am here,” ar seisean. Ní raibh mé i n-ann Gréigis a labhairt agus nuair nach rabhas níor fhéad mé rud a dhéanamh air agus nuair nár fhéadas chuir mé mo chúl leis an mballa. “Why don't you give it in English?“ ar seisean. “Ní i mBéarla a mhúin mé dhóibh iad,” arsa mise. D'fhéach sé orm acht níor labhair sé go ceann tamaillín. “Go on,” ar seisean fá dheireadh, “but I won't know a word of what you say.” Bhí an lá ag an nGaedhilg! Thosuigheamar agus marar thuig an duine uasal úd céard a bhíomar a rádh b'fhollus dó gur thuig na páistí céard a bhíodar féin a rádh. Nuair cheap sé go raibh ar ndóthain cainnte déanta againn labhair sé aríst. “That will do,” ar seisean, “but you must give the lessons in Irish and English in future.” Ní raibh aon locht air sin. D'fhág sé an chomhairle sin sgríobhtha againn, agus leanamar an chomhairle ó shoin, an chéad lá ag an nGaedhilg agus an dara lá ag an mBéarla. Tháinig Gaedhilgeoirí chugainn na bliadhanta dar gcionn; acht aon bhliadhian amháin eile tháinig Béarlóir chugainn agus badh é an truagh é; ba togha Gaedhil é ar 'ch uile bhealach eile. D'iarr sé orm féin an ceacht a thabhairt uaim. B'ar mhuic a bhí sé againn an lá céadna. I nGaedhilg a thosuigh- eamar agus níor leig sé dhúinn sroicheamhaint go dtí an Bhéarla nuair chuir sé stad linn. Ghlaoidh sé i leath-taoibh orm. “What was the lesson on?” ar seisean. “On a pig,” arsa mise. “And is muc the Irish for pig?” adeir sé. “It is,” arsa mise. Bhí aon fhocal amháin foghlumtha aige ar chaoi ar bith de bhárr an cheachta sin. Sér'd badh mhian liom a chuir i n-umhal leis an méid seo; má tá áit ar bith ins an nGaedhealtacht a raibh nó a bhfuil na sgrúduigh- theoirí i n-aghaidh na Gaedhilge gur'b iad na hoidí féin is cionntaighe. Dá seasaidís níos fearamhla agus níos misneamhla ar son an chirt ní deirim 'ná nach mbeadh níos mó meas ag na sgrúduightheoiríbh ortha dá bhárr i n-ionad díogbháil a dhéanamh dhóibh mar shíleann siad. Focal anois i dtaoibh na dtéarmaí. Badh cheart do Thomás Ua Colmáin agus dóibh seo eile, a bhfuil an Clár Dhá Theangadh dá oibriughadh aca, eolas a thabhairt ar na téarmaíbh atá i n-úsáid aca do'n dream so atá 'n-a chall. Sgapamuis an t-eolas. Ní deirim féin Multiplyáil ná aon áil eile, Seo é an chaoi a dtéidhim 'n-a chionn. Cuir i gcás go bhfuil mé ag tabhairt 7619 x 6 do na páistíbh le déanamh. Léighim mar seo dóibh é: 7 míle 6 chéad agus naoi gcinn déag fá sé, nó cia mhéad a dhéanfaidh a shé oiread sin? Cuirim an dá chaoi i gcomhnaidhe é. Má's ceist i ndealughadh nó i dtógáil uaidh atá mé a thabhairt dóibh le réidhteach, cuir i gcás: from 7050 take 4019, deirim cia mhéad atá 7 míle agus leath- chéad níos mó 'ná 4 míle agus 9 déag; nó cé mhéad atá 4 mhíle níos lugha 'ná &rl. Is iomdha chaoi leis an gceist a chur. Tá eagla orm go mbrisfeadh ar an bhfoighid ar an Eagarthóir agus mar sin de ní dhéarfaidh mé níos mó an bobhta so. Acht badh mhaith liom a rádh má tá nídh ar bith is féidir liom a dhéanamh 'ná congnamh ar bith is féidir liom a thbhairt do dhuine ar bith atá ag brath ar an gClár Dhá Theangadh a chur ar siubhal i n-a sgoil go ndéanfaidh mé é agus fáilte. Úna Nic Fhualáin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services