Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Clár Dhá Theangadh

Title
An Clár Dhá Theangadh
Author(s)
Nic Fhualáin, Úna,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Clár Dhá Theangadh.



Tá súil agam anois go bhfuil an cheist seo
“Íocaidheacht ar son Gaedhilge a mhúnadh i
ngnáth-uaireannta sgoile” caithte i leath-taoibh
agus go bhfuilimíd uilig ar aon intinn ar an
gClár Dhá Theangadh a sháthadh isteach, agus
a shocrughadh go daingean istigh, ins 'ch uile
sgoil ar fud na Gaedhealtachta. Tá an
iomarca sgannartha (tá eagla orm go bhfuil
agus beagán de'n leisge measgtha thríd an
sgannradh) ar na hoidíbh roimh an gClár Dhá
Theangadh. Síleann siad go mbéidh dhá oiread
oibre ortha, acht ní mar sin a bhíos i n-aon


L. 06


chor ó'n gcéad leath-bhliadhain amach. Nuair
bhéas an dá theangaidh dhá múnadh agus 'ch aon
rud dá mhúnadh ins an dá theangaidh ní bhfuighidh
na páistí a leath oiread stróbh ag foghluim
an ruda agus ní bhéidh a leath oiread anró ar
an mhúinteoir ag múnadh an rud dóibh. Ní
misde dhíbh, a mhúinteoirí, an méid sin a
chreideamhaint uaim-se mar tá mé tamall maith
anois ag múnadh an dá theangadh.



Agus cuir i gcás go mbéidh beagáinín beag
fearr is bárr is anró orainn an chéad bhliadhain;
nach í TEANGA NA nGAEDHEAL atámuid
a chur fá réim arís agus nach Gaedhil sinn
féin? Ná bíodh sé le caitheamh sa mbéal ar
oidíbh sgoile amach annso gur theipeadar ar
Chatilín Ní Uallacháin nuair bhí sí i ngéar-chall
le n-a gcabhair.



B'fhéidir nárbh' fhearr rud a dhéanfainn anois
'ná innseacht cé mar thárla dhom féin an chéad
uair a thosuigheamar ag múnadh na gCeachta
Mion-Eolais (Object Lessons) i nGaedhilg ar
an sgoil. Is rudaí iad so a mbíonn an-
drugall ag cuid de na múinteoiríbh rómpa
i gcomhnaidhe. Is gearr ó shoin ó dubhairt duine
aca liom nach bhféadfadh sé Ceacht Mion-Eolais
a thabhairt uaidh dá mbaintí an ceann de.
Sílim féin gurbh' é an fáth atá leis sin, nach
ndeineann an múinteoir aon staidéar ar an
gceacht roimh ré, sin nó go dtoghann sé ádhbhar
ceachta nach bhfuil aon eolas ná aon tuigsint
ag na páistíbh air cheana. Tá cainnt anois go
bhfuil na ceachta so le caitheamh i dtraipisíbh.
Ní maith liom sin mar is iomdha eolas a fuair
mé ó thosuigh mé dhá múnadh agus níl aon lá nach
mbeithinn ag fágháil eolais an fhaid is bheadh
orm iad a mhúnadh.



Rud eile, cá bhfuil aon tslighe nó aon ádhbhar
cainnte le fágháil chomh maith leo, acht ádhbhar
ceachta a thoghadh a bhfuil beagáinín eolais ag na
páistíbh air cheana? Má's Béarla atá tú ag
iarraidh a mhúnadh san nGaedhealtacht nó
Gaedhilg sa nGalldacht, cá bhfuil aon tslighe
níos fearr le n-a dhéanamh 'ná le na ceachtaibh
seo? Níl mé 'gá rádh gur cheart iad a bheith
i mBéarla sa nGaedhealtacht. Seo é an chaoi
a ndeinim féin é; tá dhá lá ceapuighthe amach
(dhá leath-uair badh cheart dom a rádh) le haghaidh
'ch aon roinn. Bíonn an ceacht againn i nGaedhilg
an chéad lá agus i mBéarla an dara lá (an
ceacht céadna).



Acht i dtaoibh mo sgéil; an chéad bhliadhain
ar thosuigheamar dá múnadh cuireadh sgrúduigh-
theoir chugainn nach raibh focal Gaedhilge aige.
D'iarr sé orm féin ceacht a thabhairt do'n roinn
a bhí fá mo chúram féin ar rud ar bith badh mhian
liom. B'iad na naoidheanáin, an chéad, agus
an dara rang a bhí fá mo chúram agus i
nGaedhilg a bhíodh na ceachta so againn i
gcomhnaidhe. Bhíodar chomh nuaidhe nár
chuimhnigheamar amháin ar an mBéarla.



Bhí go maith. Shocruigh mé na páistí i n-aon
rang amháin agus sheasas amach ar a n-aghaidh.



CAT, a bhí againn mar ádhbhar cainnte. Ní
raibh an cat beo againn acht bhí pictiúr chait
againn. “Céard é seo?” arsa mise ag
tasbáint pictiúr an chait dóibh. “Cat!” ar
siad-san. “What is that?” arsa an
sgrúduightheoir. “Is that Irish you are talking?”
“Seadh,” arsa mise. “Is i nGaedhilg thug mé
na ceachta dhóibh le bliadhain mar nach bhfuil aon
Bhéarla ag na páistíbh.” “You might as well
be talking Greek while I am here,” ar seisean.
Ní raibh mé i n-ann Gréigis a labhairt agus
nuair nach rabhas níor fhéad mé rud a dhéanamh
air agus nuair nár fhéadas chuir mé mo chúl
leis an mballa. “Why don't you give it in
English?“ ar seisean. “Ní i mBéarla a
mhúin mé dhóibh iad,” arsa mise. D'fhéach sé
orm acht níor labhair sé go ceann tamaillín.
“Go on,” ar seisean fá dheireadh, “but I won't
know a word of what you say.” Bhí an lá
ag an nGaedhilg! Thosuigheamar agus marar
thuig an duine uasal úd céard a bhíomar a rádh
b'fhollus dó gur thuig na páistí céard a bhíodar
féin a rádh. Nuair cheap sé go raibh ar ndóthain
cainnte déanta againn labhair sé aríst. “That
will do,” ar seisean, “but you must give the
lessons in Irish and English in future.” Ní raibh
aon locht air sin. D'fhág sé an chomhairle sin
sgríobhtha againn, agus leanamar an chomhairle
ó shoin, an chéad lá ag an nGaedhilg agus an
dara lá ag an mBéarla. Tháinig Gaedhilgeoirí
chugainn na bliadhanta dar gcionn; acht aon
bhliadhian amháin eile tháinig Béarlóir chugainn
agus badh é an truagh é; ba togha Gaedhil é
ar 'ch uile bhealach eile. D'iarr sé orm féin an
ceacht a thabhairt uaim. B'ar mhuic a bhí sé
againn an lá céadna. I nGaedhilg a thosuigh-
eamar agus níor leig sé dhúinn sroicheamhaint
go dtí an Bhéarla nuair chuir sé stad linn.
Ghlaoidh sé i leath-taoibh orm. “What was the
lesson on?” ar seisean. “On a pig,” arsa
mise. “And is muc the Irish for pig?”
adeir sé. “It is,” arsa mise. Bhí aon fhocal
amháin foghlumtha aige ar chaoi ar bith de bhárr
an cheachta sin.



Sér'd badh mhian liom a chuir i n-umhal leis
an méid seo; má tá áit ar bith ins an
nGaedhealtacht a raibh nó a bhfuil na sgrúduigh-
theoirí i n-aghaidh na Gaedhilge gur'b iad na
hoidí féin is cionntaighe. Dá seasaidís níos
fearamhla agus níos misneamhla ar son an
chirt ní deirim 'ná nach mbeadh níos mó meas
ag na sgrúduightheoiríbh ortha dá bhárr i n-ionad
díogbháil a dhéanamh dhóibh mar shíleann siad.



Focal anois i dtaoibh na dtéarmaí. Badh
cheart do Thomás Ua Colmáin agus dóibh seo
eile, a bhfuil an Clár Dhá Theangadh dá
oibriughadh aca, eolas a thabhairt ar na téarmaíbh
atá i n-úsáid aca do'n dream so atá 'n-a
chall. Sgapamuis an t-eolas.



Ní deirim féin Multiplyáil ná aon áil eile,
Seo é an chaoi a dtéidhim 'n-a chionn. Cuir i
gcás go bhfuil mé ag tabhairt 7619 x 6 do na
páistíbh le déanamh. Léighim mar seo dóibh é:
7 míle 6 chéad agus naoi gcinn déag fá sé, nó cia
mhéad a dhéanfaidh a shé oiread sin? Cuirim
an dá chaoi i gcomhnaidhe é. Má's ceist i
ndealughadh nó i dtógáil uaidh atá mé a thabhairt
dóibh le réidhteach, cuir i gcás: from 7050 take
4019, deirim cia mhéad atá 7 míle agus leath-
chéad níos mó 'ná 4 míle agus 9 déag; nó
cé mhéad atá 4 mhíle níos lugha 'ná &rl. Is
iomdha chaoi leis an gceist a chur.



Tá eagla orm go mbrisfeadh ar an bhfoighid
ar an Eagarthóir agus mar sin de ní dhéarfaidh
mé níos mó an bobhta so. Acht badh mhaith liom
a rádh má tá nídh ar bith is féidir liom a
dhéanamh 'ná congnamh ar bith is féidir liom a
thbhairt do dhuine ar bith atá ag brath ar an
gClár Dhá Theangadh a chur ar siubhal i n-a
sgoil go ndéanfaidh mé é agus fáilte.



Úna Nic Fhualáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services