Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Corcaigh is Cill Choinnigh
Title
Ar Faithche na hImeartha - Corcaigh is Cill Choinnigh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Corcaigh is Cill Choinnigh Do thárla dhá chluiche ag Dún Gharbháin, Dia Domhnaigh idir fóirnibh ó Chorcaigh is ó Chill Choinnigh. Cluiche peile is cluiche báire a b'eadh iad. Sa pheil do bhí an aicillidheacht ar thaobh Chorcaighe agus dá fheabhas a bhí lucht cúil na fóirne ó Chill Coinnigh do bhuadhadh ortha. Corcaigh, 0-8; Cill Choinnigh, 0-2. Sa báire do fearadh togha cluiche, agus bhí gach taobh aca ar a dhícheall ó thosach go deireadh. Sa leath tosaigh de'n imirt do bhí puinnte sa bhreis ag Cill Choinnigh. Ag déanamh ar chríoch an cluiche, do chuir muinntir Chorcaighe breis beag suas dóibh féin acht ba ghearr go dtángathas ar comhscór. Mar sin d'fhan an scéal leis. Cluiche thar bárr a b'eadh é. 1-8 a bhí ag gach taobh. Na Dáibhsigh Do bhí tabhairt amach fé riar na nDáibhseach age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. An cluiche cinn sa báire i gcomhair craobh Bhaile Átha Cliath an rud do b'fhearr ann. Thárla soin idir na Dáibhsigh is na Commercials. Sa chluiche d'imreadar, tá tamall ó shoin ann, bhíodar ar aon-scór. Indé chuir na Dáibhsigh an cadhbáis ar an ndream eile. Sidé an scór: - Dáibhisigh 6-13; Commercials 3-7. Tá craobh Bhaile Atha Cliath buaidhte ag na Dáibhsigh anois, agus ní deirim 'ná go dtuillid siad í. Molaimíd iad. Cluiche comórtais idir Cho. Lughmhaidh agus Bhaile Átha Cliath a b'eadh an cluiche eile. Bhítí i bhfabhar Bhaile Átha Cliath i gcomhnaidhe. Sidé an scór: - Áth Cliath 2-7; Lughmhaidh, 0-4. Táillí Báire Páirtidhthe (sóisir) 4-9; Mathghamhnaigh 2-1. Caoimhghnigh, buadh i n-aisce ó Chlann na bhFiann. Fontenoí, buadh i n-aisce ó Gheata Shain Séamus. Tuathalaigh (sóisir) 5-7; Colm Cille 1-7. Cúchulainn (sóisir) 3-7; Biadhtaigh, 0-5. Scoil Shain Séamus, 3-4; Lorcánaigh, 2-6. Tónaigh, buadh i n-aisce ó Ráth Ó Máine. Cúchulainn, buadh i n-aisce ó'n Árd-Chraoibh. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services