Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Corcaigh is Cill Choinnigh

Title
Ar Faithche na hImeartha - Corcaigh is Cill Choinnigh
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Corcaigh is Cill Choinnigh



Do thárla dhá chluiche ag Dún Gharbháin, Dia
Domhnaigh idir fóirnibh ó Chorcaigh is ó Chill
Choinnigh. Cluiche peile is cluiche báire a b'eadh
iad. Sa pheil do bhí an aicillidheacht ar thaobh
Chorcaighe agus dá fheabhas a bhí lucht cúil na
fóirne ó Chill Coinnigh do bhuadhadh ortha. Corcaigh,
0-8; Cill Choinnigh, 0-2. Sa báire do fearadh
togha cluiche, agus bhí gach taobh aca ar a dhícheall
ó thosach go deireadh. Sa leath tosaigh de'n imirt
do bhí puinnte sa bhreis ag Cill Choinnigh. Ag
déanamh ar chríoch an cluiche, do chuir muinntir
Chorcaighe breis beag suas dóibh féin acht ba
ghearr go dtángathas ar comhscór. Mar sin
d'fhan an scéal leis. Cluiche thar bárr a b'eadh é.
1-8 a bhí ag gach taobh.



Na Dáibhsigh



Do bhí tabhairt amach fé riar na nDáibhseach
age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. An
cluiche cinn sa báire i gcomhair craobh Bhaile
Átha Cliath an rud do b'fhearr ann. Thárla soin
idir na Dáibhsigh is na Commercials. Sa
chluiche d'imreadar, tá tamall ó shoin ann,
bhíodar ar aon-scór. Indé chuir na Dáibhsigh
an cadhbáis ar an ndream eile. Sidé an scór: -
Dáibhisigh 6-13; Commercials 3-7. Tá craobh
Bhaile Atha Cliath buaidhte ag na Dáibhsigh anois,
agus ní deirim 'ná go dtuillid siad í. Molaimíd
iad. Cluiche comórtais idir Cho. Lughmhaidh agus
Bhaile Átha Cliath a b'eadh an cluiche eile. Bhítí
i bhfabhar Bhaile Átha Cliath i gcomhnaidhe. Sidé
an scór: - Áth Cliath 2-7; Lughmhaidh, 0-4.



Táillí Báire



Páirtidhthe (sóisir) 4-9; Mathghamhnaigh 2-1.
Caoimhghnigh, buadh i n-aisce ó Chlann na bhFiann.
Fontenoí, buadh i n-aisce ó Gheata Shain
Séamus.
Tuathalaigh (sóisir) 5-7; Colm Cille 1-7.
Cúchulainn (sóisir) 3-7; Biadhtaigh, 0-5.
Scoil Shain Séamus, 3-4; Lorcánaigh, 2-6.
Tónaigh, buadh i n-aisce ó Ráth Ó Máine.
Cúchulainn, buadh i n-aisce ó'n Árd-Chraoibh.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services