Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ag Bóthar Mhic Seoin Ag Bóthar Mhic Seoin, Dia Domhnaigh, do bhí trí cinn d'iomaidheachtaibh le socrughadh, fé riar Chomhairle Chonntae Bhaile Átha Cliath. Cluiche báire agus dhá chluiche peile a b'eadh iad. Bhí an lá go maith aca agus an láthair ar fheabhas acht amháin an féar a bheith ró-árd do mhuinntir na gcamán. An Báire Na Commercials is na Dáibhisigh a bhí i gcoinnibh a chéile. B'é seo an chluiche cinn i gcomhair Chraobh Bhaile Átha Cliath agus ar an adhbhar soin d'oibrigh an dá thaobh ar a ndícheall. Sa chéad leath do bhí buadh láithreach ag na Commercials agus measadar, nídh nach iongnadh, go n-éireochadh leo go adhsáideach. Sa tarna babhta, amhthaigh, tháinig spionnadh thar meadhón ins na Dáibhisigh. Do chonncathas anois is arís imirt badh dheacair a shárughadh i n-aon bhall. I ndeireadh na treimhse bhíodar an dá thaobh ar aon-scór: - Commercials 4-6; Dáibhisigh 3-9. Céitinnigh v. Emeitigh Chím go bhfuil an sean-ghalar i gcomhnaidhe sa buaic ar na Céitinnigh, .i. uireasbha lucht scríbe. Dá mbeadh aca triúr fear calma i dtosach buidhne, is dóigh liom gur beag fuireann thíos ná thuas a b'fhearr 'ná iad. Ar shon gur imreadar go maith Dia Domhnaigh, níorbh' aon iongnadh liom dá mbeadh a thuilleadh sa scór aca. Bhí fuireann nach fáltha 'n-a gcoinnibh acht ní fhágann soin go 'niseann an scór ceart gaisce. An éigin a thángathas as ar comh-scór: Céitinnigh 0-7; Emeitigh 0-7. Gearaltaigh v. Ciceamaigh Cluiche peile a b'eadh so. Tá gach éinne ag déanamh iongnadh de gur buadhadh ar na Ciceamaigh. Acht ambasa do bhí fuireann n-a gcoinnibh Dia Domhnaigh, a bhí i ndáiríribh san obair, agus sara raibh sé d'uain ag na Ciceamaigh a dtoise a thógaint do bhí de mhéid sa scór ná raibh dul aca ar a ghlanadh. Do thuit an lug ar an lag aca. In' indeoin a ndearnaidh Mac Uí Chathasaigh chun misneach a chur 'n-a chuid fear do theip ortha briseadh ar lucht cúil na nGearaltach. Badh dheacair gan an sean- leoghan úd Dálach "na gCoc" a thabhairt fé ndeara. Do chuir feabhas na himeartha a dhein sé ana-mhisneach ins na Gearaltaigh. Go mairidh sé an chéad! Sid é an scór: - Gearaltaigh 1-7; Ciceamaigh 0-4. Gearán Is saith liom go gcaithfeadh gearán a dhéanamh arís ar lucht geall agus cleas a leigean isteach. Bhíomar bodhar aca féin is agá screadghail. Nach mór an iongnadh é ná féachaid an Chomhairle chuige go gcoimeádfar a leithéidí sin amuigh? Is náireach an scéal é ná féadann Gaedheal dul ag féachaint ar cleasaibh lúith na hÉireann gan a chluasa á mbodhradh age cearrbhaigh is ag geocaigh iasachta, agus gach mac máthar aca ag callaireacht is ag béicidh i n-árd a chinn 's a ghotha. Idir aon dá linn Dia Domhnaigh ba mheasa bun an árdáin age Bóthar Mhic Seoin 'ná cúinne de pháirc aonaigh nó de láthair rásanna. Má táthaoi i ndáiríribh i dtaobh aithbheochaint cleas lúith na nGaedheal, cuiridh fiachaibh ar an huachtaráin sinn a shaoradh ó'n meisg iasachta so, agus lucht leanamhna ar lúth-chleas a choimeád go buileach oscaillte is go macánta. An rud ná tógtar go glan 'sé a dhúthchas bheith a d'iarraidh na dríbe go ndeineann nead ann fé dheoidh. I gCluain Meala Do fearadh báire comórtais i gCluan Meala Dia Domhnaigh idir fóirnibh ó Chorcaigh is ó Thiobraid Árann. Is fada ná feacathas a leithéid ann. Bhuaidh an dream ó Chorcaigh. Sidé an scór: Corcaigh 5-8; Tiobraid Árann 1-7. 'N-a dhiaidh sin do thárlaidh ann cluiche peile idir Emeitigh Cluan Meala agus Muinntir na Laoi i gCorcaigh mar ar bhuaidh na hEmeitigh go hadhsáideach. Emeitigh 1-4; Muinntir na Laoi 0-0.
Táillí Báire Craobh Cho. Chorcaigh Fionn Bharraigh, 4-11; An Cóf, 0-7. Cof (II), 2-8; Fionnbharraigh (II), 1-8. I mBaile Átha Cliath. Crócaigh, 4-2; Uí Tuathail 2-2. Árd-Chraobh, 3-11; Brianaigh 1-3. Colm Cille, 4-11; Árd-Chraobh, 0-2. G.S. & W.R.; 3-3; Biadhtaigh 1-1. Tónaigh, 4-4; Laoghairigh, 2-3. Biadhtaigh, 5-6; Stiabhnaigh, 1-3. Choimhghin, 9-13; Lusca (II) 3-6. Cúchulainn 3-6; Uí Tuathail, 3-4. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services