Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ag Bóthar Mhic Seoin



Ag Bóthar Mhic Seoin, Dia Domhnaigh, do bhí
trí cinn d'iomaidheachtaibh le socrughadh, fé
riar Chomhairle Chonntae Bhaile Átha Cliath.
Cluiche báire agus dhá chluiche peile a b'eadh
iad. Bhí an lá go maith aca agus an láthair
ar fheabhas acht amháin an féar a bheith ró-árd do
mhuinntir na gcamán.



An Báire



Na Commercials is na Dáibhisigh a bhí i
gcoinnibh a chéile. B'é seo an chluiche cinn i
gcomhair Chraobh Bhaile Átha Cliath agus ar an
adhbhar soin d'oibrigh an dá thaobh ar a ndícheall.
Sa chéad leath do bhí buadh láithreach ag na
Commercials agus measadar, nídh nach iongnadh,
go n-éireochadh leo go adhsáideach. Sa tarna
babhta, amhthaigh, tháinig spionnadh thar meadhón
ins na Dáibhisigh. Do chonncathas anois is arís
imirt badh dheacair a shárughadh i n-aon bhall.
I ndeireadh na treimhse bhíodar an dá thaobh ar
aon-scór: - Commercials 4-6; Dáibhisigh 3-9.



Céitinnigh v. Emeitigh



Chím go bhfuil an sean-ghalar i gcomhnaidhe
sa buaic ar na Céitinnigh, .i. uireasbha lucht
scríbe. Dá mbeadh aca triúr fear calma
i dtosach buidhne, is dóigh liom gur beag
fuireann thíos ná thuas a b'fhearr 'ná iad.
Ar shon gur imreadar go maith Dia Domhnaigh,
níorbh' aon iongnadh liom dá mbeadh a thuilleadh
sa scór aca. Bhí fuireann nach fáltha 'n-a
gcoinnibh acht ní fhágann soin go 'niseann an
scór ceart gaisce. An éigin a thángathas as
ar comh-scór: Céitinnigh 0-7; Emeitigh 0-7.



Gearaltaigh v. Ciceamaigh



Cluiche peile a b'eadh so. Tá gach éinne
ag déanamh iongnadh de gur buadhadh ar na
Ciceamaigh. Acht ambasa do bhí fuireann n-a
gcoinnibh Dia Domhnaigh, a bhí i ndáiríribh san obair,
agus sara raibh sé d'uain ag na Ciceamaigh a
dtoise a thógaint do bhí de mhéid sa scór ná raibh
dul aca ar a ghlanadh. Do thuit an lug ar
an lag aca. In' indeoin a ndearnaidh Mac
Uí Chathasaigh chun misneach a chur 'n-a chuid fear
do theip ortha briseadh ar lucht cúil na
nGearaltach. Badh dheacair gan an sean-
leoghan úd Dálach "na gCoc" a thabhairt fé
ndeara. Do chuir feabhas na himeartha a dhein
sé ana-mhisneach ins na Gearaltaigh. Go
mairidh sé an chéad! Sid é an scór: -
Gearaltaigh 1-7; Ciceamaigh 0-4.



Gearán



Is saith liom go gcaithfeadh gearán a dhéanamh
arís ar lucht geall agus cleas a leigean
isteach. Bhíomar bodhar aca féin is agá
screadghail. Nach mór an iongnadh é ná féachaid
an Chomhairle chuige go gcoimeádfar a leithéidí
sin amuigh? Is náireach an scéal é ná
féadann Gaedheal dul ag féachaint ar cleasaibh
lúith na hÉireann gan a chluasa á mbodhradh
age cearrbhaigh is ag geocaigh iasachta, agus
gach mac máthar aca ag callaireacht is ag
béicidh i n-árd a chinn 's a ghotha. Idir aon dá
linn Dia Domhnaigh ba mheasa bun an árdáin
age Bóthar Mhic Seoin 'ná cúinne de pháirc
aonaigh nó de láthair rásanna. Má táthaoi i
ndáiríribh i dtaobh aithbheochaint cleas lúith na
nGaedheal, cuiridh fiachaibh ar an huachtaráin
sinn a shaoradh ó'n meisg iasachta so, agus lucht
leanamhna ar lúth-chleas a choimeád go buileach
oscaillte is go macánta. An rud ná tógtar
go glan 'sé a dhúthchas bheith a d'iarraidh na dríbe
go ndeineann nead ann fé dheoidh.



I gCluain Meala



Do fearadh báire comórtais i gCluan
Meala Dia Domhnaigh idir fóirnibh ó Chorcaigh
is ó Thiobraid Árann. Is fada ná feacathas
a leithéid ann. Bhuaidh an dream ó Chorcaigh.
Sidé an scór: Corcaigh 5-8; Tiobraid Árann
1-7. 'N-a dhiaidh sin do thárlaidh ann cluiche
peile idir Emeitigh Cluan Meala agus
Muinntir na Laoi i gCorcaigh mar ar bhuaidh
na hEmeitigh go hadhsáideach. Emeitigh 1-4;
Muinntir na Laoi 0-0.


L. 6


Táillí Báire



Craobh Cho. Chorcaigh
Fionn Bharraigh, 4-11; An Cóf, 0-7.
Cof (II), 2-8; Fionnbharraigh (II), 1-8.
I mBaile Átha Cliath.
Crócaigh, 4-2; Uí Tuathail 2-2.
Árd-Chraobh, 3-11; Brianaigh 1-3.
Colm Cille, 4-11; Árd-Chraobh, 0-2.
G.S. & W.R.; 3-3; Biadhtaigh 1-1.
Tónaigh, 4-4; Laoghairigh, 2-3.
Biadhtaigh, 5-6; Stiabhnaigh, 1-3.
Choimhghin, 9-13; Lusca (II) 3-6.
Cúchulainn 3-6; Uí Tuathail, 3-4.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services