Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thoir - An neart agus an ceart
Title
Ó'n Domhan Thoir - An neart agus an ceart
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thoir An neart agus an ceart Is minic a tugtar iarracht ar a chur 'n-a luighe orainn nach bhfuil ann acht aimideacht do thíorthaibh laga an domhain — iad so atá fá smacht an choigcríchigh — a bheith ag iarraidh iad féin a shaoradh ó chuibhreach na daoirse. Deirtear linn anois agus arís go luigheann sé le nádúr gur ag an neart is cóir an smacht a bheith. “An té atá thíos buailtear cos air.” Sin mar thuigeas lucht impireachta an tsaoghail seo an sgéal. Níl uatha acht na tíortha beaga a choinneál fá smacht le láimh láidir, agus gach nídh ar leith dhár dual do'n lag a mhúchadh agus a bhasgadh. Tá daoine eile adeireas nach bhfuil aon ádhbhar casaoide ag na tíorthaibh seo agus adeireas gur cheart dóibh sólás a bheith ar a gcroidhthibh, agus suaimhneas agus fíor- shástaitheacht a bheith ar a n-intinnibh mar go mbainid le impireachtaibh agus le ríoghachtaibh a bhfuil mór-chlú agus árd-cháil a ngaile agus a ngníomhartha agus a saidhbhris i mbéalaibh muinntire an tsaoghail. Maith go leor. Deirtear gur mór an onóir dhúinn baint a bheith againn le nídh nach linn agus nach bhfuil uainn — gur mór an onóir dhúinn an strainséara fheiceál i seilbh ar n-áruis agus i mbun ar ngnótha — gur onórach an rud dúinn leigean dó a lámh a chur síos 'n-ar bpócaíbh agus a bhfuil de mhaoin agus de théagar sa saoghal so againn a bhaint dhínn — gur glórmhar an rud dúinn é mar caithtear amach cois an chlaidhe sinn agus má díbrighthear le fán agus le seachrán an tsaoghail sinn as ar dtír féin! 'Seadh, deirtear gur glórmhar agus gur onórach an nídh dhúinn fulaingt leis seo agus le míle rud eile nach gábhadh dhom a luadh. Bréag, agus dearg-bhréag! Sin é mo fhreagra-sa. Badh náireach tútach salach agus badh chladhaireamhail fealltach mí-nádúrthach an maise dhúinn é os comhair Dé agus daoine mara dtroidimís go láidir agus go dána i n-ghaidh 'ch uile nídhe nach dual dúinn agus nach luigheann le nádúr againn. Cá bhfuil an té nach fearr leis a bhothán beag féin a bheith aige 'ná bheith i dtuilleamaigh an strainséara? Cá bhfuil an duine — acht amháin an cladhaire agus an cluanaidhe fimeanaigh — nárbh' fhearr leis an bhoichteanacht i dteannta na saoirse, 'ná an saidbhreas faoi throm-léan na daoirse? Acht an bhfuil na tíortha beaga so ag neart- ughadh agus ag dul i dtreise ó chuir an coigcrícheach a chrúba móra mailíseacha 'n-a ngnóthaibh ar dtúis? An raibh sonas agus séan ar an nGréig nuair a bhí sí i bhfastódh ag an Turcach? An raibh tíortha na hEorpa lán-tsólásach nuair a bhíodar bunáite go léir fá chosaibh Napóléon? An neartóchaidís agus an rachaidís ar aghaidh mar do rinneadar dhá dtagadh leis an bhfear mór-iongantach úd a gcoinneál fá smacht agus a ngnótha a stiúradh dhóibh de réir mar bhí leagtha amach aige féin? Bhfuil an Pólach ag dul i neart agus i dtreise ar gach slighe fá smacht an Rúisigh, an Ghearmánaigh, agus an Ástránaigh? Bhfuil na Franncaigh níos sonasaighe i dtír Alsase de bhrígh go bhfuilid anois le fada fá smacht an Ghearmánaigh? Raibh an Búrach lán-tsásta leis an saoghal gur shaothruigh sé “Home Rule” dá thír ar mhachaire an dubhshláin? Agus ar dtír bhocht féin — céard is cor dhi? Á, rachadh sé cois croidhe liom a cás a luadh ó thús go deireadh? Tuigeann gach duine an sgéal, acht amháin an té a bhfuil púicín an aineolais ar a shúilíbh agus ar a mheabhair. Ar neartuigh an Galldachas agus an Bhéarla agus an tseoinínteacht ar dtír, a cháirde? Fágaim freagra na ceiste sin fút féin, a léightheoir. Agus dá mbéimís ag neartughadh agus ag dul 'un treise féin fá smacht an Ghaill badh sgan- nallach úr-íseall an mhaise dhúinn glacadh go toileamhail leis an gcoigcrícheach a bheith ag stiúradh ar ngnótha dhúinn. Nár ghlórmhar an feic os comhair an tsaoghail mhóir Inis na Ríogh 'n-a cúige de Shasana? Céard adéarfadh na mílte laoch a thug fuil a gcroidhe ar son na tíre dhá dtagaidís ar ais agus feall a gcloinne a thabhairt fá deara? Tír na Macadóine. Tá gleo agus fothram ar siubhal le goirid arís i taoibh na tíre mí-fhortúnaighe seo. Níl lá le bliadhantaibh nár chualamar cur síos ar an tír céadna, ar na dúnmharbhuighthibh cosgradha, ar an sleacht agus ar an ár agus ar an mí- ádh a bhíodh ar siubhal. Go bhfóiridh Dia ar thír ar bith atá i gcleitheamhnas riaghluighthe agus smachtuighthe an fhir thall! Deir an Turcach go dána agus go hárd-ghlórach gur dó-san is córa an tír a riaghlughadh ar a shlighe féin. Deir an Searbhach gur aige féin is cirte í a bheith. Deir an Bulgáireach nach ag ceachtar dhíobh a bhéas an chumhacht acht ag a mhuinntir féin. Agus, ar ndóigh, tá 'fhios ag an saoghal Fódlach cia'n caoin-nádúr atá ag an Sasanach agus cia mar ghoilleas sé ar a chroidhe bog truaightheach dream nó cineadh nó tír ar bith fá rothaíbh na gréine a bheith ag fulaingt le splíontaidheacht nó le géar-leanamhaint! Mar sin, 'cé hiongnadh gur bhuail Seaghán deagh- chroidhtheach breagh a ladar féin sa sgéal? Tá riaghaltas Shasana ag iarraidh a thabhairt ar phríomh-ríoghachtaibh Eorpa fear a thoghadh le n-a chur i gceannus an tíre úd, acht ní fonn mór atá ar na tíorthaibh eile baint leis na gnóthaibh, de réir gach cosamhlachta. Tá an t-éad mór aca féin le chéile, agus tá 'ch aon dream aca ag iarraidh an uisge a tharraingt chuig a muileann féin. Tá an Sasanach fad- bhreathnuightheach grinn-radharcach go leor i gcúrsaíbh poilidheachta idir-náisiúnta. Tá an gliocas agus an bheartaidheacht ann ó nádúr. Tá sean-eolas aige anois ar gach caoi leis an uisge fá thalamh a chur ag gluaiseacht, agus ní mór a bheith cúramach aireach faireach áir- deallach nuair a bhítear ag pléidhe leis, go háithrid nuair a leigeas sé air féin — mar leigeas go minic — gur ar mhaithe linne, agus nach ar mhaithe leis féin a bhíos sé. Acht tá daoine go leor sa saoghal agus tíortha móra láidre a bhfuil miosúr Sheagháin aca ceart go leor faoi seo. Agus ní thiocfaidh leis dalladh-mullóg ná fóidín-meara a chur ortha- san go réidh. Mícheál Breathnach. Léisin, an Eilbhéis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services