Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thoir - An neart agus an ceart

Title
Ó'n Domhan Thoir - An neart agus an ceart
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thoir



An neart agus an ceart



Is minic a tugtar iarracht ar a chur 'n-a
luighe orainn nach bhfuil ann acht aimideacht do
thíorthaibh laga an domhain — iad so atá fá
smacht an choigcríchigh — a bheith ag iarraidh iad
féin a shaoradh ó chuibhreach na daoirse.
Deirtear linn anois agus arís go luigheann sé
le nádúr gur ag an neart is cóir an smacht
a bheith. “An té atá thíos buailtear cos air.”
Sin mar thuigeas lucht impireachta an tsaoghail
seo an sgéal. Níl uatha acht na tíortha beaga
a choinneál fá smacht le láimh láidir, agus gach
nídh ar leith dhár dual do'n lag a mhúchadh agus
a bhasgadh. Tá daoine eile adeireas nach bhfuil
aon ádhbhar casaoide ag na tíorthaibh seo agus
adeireas gur cheart dóibh sólás a bheith ar a
gcroidhthibh, agus suaimhneas agus fíor-
shástaitheacht a bheith ar a n-intinnibh mar go
mbainid le impireachtaibh agus le ríoghachtaibh
a bhfuil mór-chlú agus árd-cháil a ngaile
agus a ngníomhartha agus a saidhbhris i mbéalaibh
muinntire an tsaoghail. Maith go leor.
Deirtear gur mór an onóir dhúinn baint a bheith
againn le nídh nach linn agus nach bhfuil uainn
— gur mór an onóir dhúinn an strainséara
fheiceál i seilbh ar n-áruis agus i mbun ar
ngnótha — gur onórach an rud dúinn leigean dó
a lámh a chur síos 'n-ar bpócaíbh agus a bhfuil
de mhaoin agus de théagar sa saoghal so againn
a bhaint dhínn — gur glórmhar an rud dúinn
é mar caithtear amach cois an chlaidhe sinn
agus má díbrighthear le fán agus le seachrán
an tsaoghail sinn as ar dtír féin! 'Seadh,
deirtear gur glórmhar agus gur onórach an
nídh dhúinn fulaingt leis seo agus le míle rud
eile nach gábhadh dhom a luadh. Bréag, agus
dearg-bhréag! Sin é mo fhreagra-sa. Badh
náireach tútach salach agus badh chladhaireamhail
fealltach mí-nádúrthach an maise dhúinn é os
comhair Dé agus daoine mara dtroidimís go
láidir agus go dána i n-ghaidh 'ch uile nídhe
nach dual dúinn agus nach luigheann le nádúr
againn. Cá bhfuil an té nach fearr leis a
bhothán beag féin a bheith aige 'ná bheith i
dtuilleamaigh an strainséara? Cá bhfuil an
duine — acht amháin an cladhaire agus an
cluanaidhe fimeanaigh — nárbh' fhearr leis an
bhoichteanacht i dteannta na saoirse, 'ná
an saidbhreas faoi throm-léan na daoirse?



Acht an bhfuil na tíortha beaga so ag neart-
ughadh agus ag dul i dtreise ó chuir an
coigcrícheach a chrúba móra mailíseacha 'n-a
ngnóthaibh ar dtúis? An raibh sonas agus
séan ar an nGréig nuair a bhí sí i bhfastódh ag
an Turcach? An raibh tíortha na hEorpa
lán-tsólásach nuair a bhíodar bunáite go léir
fá chosaibh Napóléon? An neartóchaidís agus
an rachaidís ar aghaidh mar do rinneadar dhá
dtagadh leis an bhfear mór-iongantach úd
a gcoinneál fá smacht agus a ngnótha a
stiúradh dhóibh de réir mar bhí leagtha amach aige
féin? Bhfuil an Pólach ag dul i neart agus
i dtreise ar gach slighe fá smacht an Rúisigh,
an Ghearmánaigh, agus an Ástránaigh? Bhfuil
na Franncaigh níos sonasaighe i dtír Alsase
de bhrígh go bhfuilid anois le fada fá smacht
an Ghearmánaigh? Raibh an Búrach lán-tsásta
leis an saoghal gur shaothruigh sé “Home
Rule” dá thír ar mhachaire an dubhshláin?
Agus ar dtír bhocht féin — céard is cor dhi?
Á, rachadh sé cois croidhe liom a cás a luadh
ó thús go deireadh? Tuigeann gach duine an
sgéal, acht amháin an té a bhfuil púicín an
aineolais ar a shúilíbh agus ar a mheabhair. Ar
neartuigh an Galldachas agus an Bhéarla agus
an tseoinínteacht ar dtír, a cháirde? Fágaim
freagra na ceiste sin fút féin, a léightheoir.
Agus dá mbéimís ag neartughadh agus ag dul
'un treise féin fá smacht an Ghaill badh sgan-
nallach úr-íseall an mhaise dhúinn glacadh go
toileamhail leis an gcoigcrícheach a bheith ag
stiúradh ar ngnótha dhúinn. Nár ghlórmhar an
feic os comhair an tsaoghail mhóir Inis na
Ríogh 'n-a cúige de Shasana? Céard adéarfadh
na mílte laoch a thug fuil a gcroidhe ar son na
tíre dhá dtagaidís ar ais agus feall a gcloinne
a thabhairt fá deara?



Tír na Macadóine.



Tá gleo agus fothram ar siubhal le goirid
arís i taoibh na tíre mí-fhortúnaighe seo. Níl
lá le bliadhantaibh nár chualamar cur síos ar
an tír céadna, ar na dúnmharbhuighthibh cosgradha,
ar an sleacht agus ar an ár agus ar an mí-
ádh a bhíodh ar siubhal. Go bhfóiridh Dia ar thír
ar bith atá i gcleitheamhnas riaghluighthe agus
smachtuighthe an fhir thall! Deir an Turcach go
dána agus go hárd-ghlórach gur dó-san is
córa an tír a riaghlughadh ar a shlighe féin.
Deir an Searbhach gur aige féin is cirte í a
bheith. Deir an Bulgáireach nach ag ceachtar
dhíobh a bhéas an chumhacht acht ag a mhuinntir
féin. Agus, ar ndóigh, tá 'fhios ag an saoghal
Fódlach cia'n caoin-nádúr atá ag an Sasanach
agus cia mar ghoilleas sé ar a chroidhe bog
truaightheach dream nó cineadh nó tír ar bith
fá rothaíbh na gréine a bheith ag fulaingt le
splíontaidheacht nó le géar-leanamhaint! Mar
sin, 'cé hiongnadh gur bhuail Seaghán deagh-
chroidhtheach breagh a ladar féin sa sgéal?
Tá riaghaltas Shasana ag iarraidh a thabhairt
ar phríomh-ríoghachtaibh Eorpa fear a thoghadh le
n-a chur i gceannus an tíre úd, acht ní fonn
mór atá ar na tíorthaibh eile baint leis na
gnóthaibh, de réir gach cosamhlachta. Tá an
t-éad mór aca féin le chéile, agus tá 'ch aon
dream aca ag iarraidh an uisge a tharraingt
chuig a muileann féin. Tá an Sasanach fad-
bhreathnuightheach grinn-radharcach go leor i
gcúrsaíbh poilidheachta idir-náisiúnta. Tá
an gliocas agus an bheartaidheacht ann ó nádúr.
Tá sean-eolas aige anois ar gach caoi leis an
uisge fá thalamh a chur ag gluaiseacht, agus
ní mór a bheith cúramach aireach faireach áir-
deallach nuair a bhítear ag pléidhe leis, go
háithrid nuair a leigeas sé air féin — mar
leigeas go minic — gur ar mhaithe linne, agus
nach ar mhaithe leis féin a bhíos sé. Acht tá
daoine go leor sa saoghal agus tíortha móra
láidre a bhfuil miosúr Sheagháin aca ceart
go leor faoi seo. Agus ní thiocfaidh leis
dalladh-mullóg ná fóidín-meara a chur ortha-
san go réidh.



Mícheál Breathnach.



Léisin, an Eilbhéis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services