Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pádraig na nGaedheal
Title
Pádraig na nGaedheal
Author(s)
Ó Nualláin, Gearóid,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Pádraig na nGaedheal “Ag so sagart mór a thaitn le Dia 'n-a laetheanntaibh féin.” (ecclesiasticus xliv. 16). A Chléir uasal, agus a phobail na páirte, — Is 'mdhó cás cruaidh a bheireann ar dhuine i rith a shaoghail, acht 'sé an greim is géire dár rug riamh ar chroidhthibh Gaedheal sa chathair seo, an bás obann a d'imthigh ar ár nEaspog dílis, tá coicthighís ó shoin ann. Cúis cathuighthe is léin le lucht na Gaedhilge i mBéal Feirste an “Sagart mór” úd a bheith imthighthe uainn. Badh mhaith an ceart dúinn tocht bróin a theacht ar ár gcroidhe ag cuimhneamh dúinn ar an gcuma 'n-a dtugadh sé congnamh agus comhairle dhúinn. Acht muna bhfuil sé annso anocht, is mór an sólás dúinn é bheith bhFlaitheas Dé. Agus bíodh go raibh brón agus buairt agus briseadh croidhe orainn ag sgaramhaint dúinn le caraid a bhí chomh cneasta, chomh comhachtach, agus chomh ciallmhar soin, badh cheart go dtiocfadh áthas i dteannta an bhróin orainn nuair a chumhnighmíd ar an gcuma 'n-a bhfuair sé bás, agus ar an luach saothair nach foláir nó tábh aige anois, de bhárr ar dhein sé de mhaitheas ar an saoghal so. 'Seadh, a dhearbhráithreacha, tá ár nEaspog dílis i láthair na Tríonóide Naomhtha i dteannta Phádraig anocht agus táim deimhnightheach nár mhaith leis go ndéanfadh a bhás aon chur isteach ar an onóir badh cheart dúinn a thaispeáint do Phádraig. Is 'mdhó cor a chuir an saoghal Gaedhealach de ó bhíos ag cur síos díbh annso bliadhain an taca so ar bheathaidh agus ar dhian-tsaothar ár nAspail naomhtha. Is 'mdhó buille tubaisteach a buaileadh i gcoinnibh námhad ár dteangan agus námhad ár dtíre laistigh de'n bhliadhain seo caithte againn. Tá aiteas agus áthas agus mórdháil i gcroidhe gach éinne a dhein a chion de'n obair, nó a chabhruigh leis an obair ar aon tsaghas cuma. Acht ag machtnamh dúinn ar a fheabhas is d'éirigh linn níor mhisde dhúinn cuimhneamh ar an dtaoibh seo de'n sgéal, gur'b é Naomh Pádraig féin, le congnamh Dé, brígh agus bunadhas agus cúis agus fáth gach tairbhe dár dheineamair agus gach buille ar aghaidh dár thugamair dó tosnuigeadh ar an nGaedhilg a shaothrughadh. Níor mhisde agus níor mhór dúinn an méid sin a choimeád go cruinn 'n-ár n-aigne, agus 'sé cúis a chuirim síos leis an gcomhairle sin acht é seo. Deirtear go minic gur mó go mór atá an saoghal ag dul chum cinn agus chum tosaigh anois 'ná riamh. Acht in' ionad soin, is amhlaidh is minic a bhítear ag dul i n-olcas agus ag dul ar gcúl. Tá daoine ann fé láthair, cuir i gcas, go bhfuil ‘oiread soin meas’ aca ortha féin gur suarach leo a bhfuil sgríobhtha sa Tiomnadh Nuadh nó sa Teagasg Críostaidhe i dtaoibh Íosa Chríost, nó i dtaoibh aoinnídh a bhaineann le Críostaidheacht nó le Creideamh. Tá an dream soin go flúirseach ins gach aon bhall ar fuid an domhain agus ní deirim 'ná go bhfuil a rian le fágháil i nÉirinn féin. Acht dá liacht iad, agus dá mhéid é a gcomhacht agus a gclisteacht is eadh is mó is gábhadh dhúinne gan páirt a ghabháil leo, agus is eadh is córa dhúinn a cheart féin a thabhairt do Dhia ins gach aon rud, agus urraim agus onóir a thaispeáint do'n té a sheol ár sinnsear i slighe a slánuighthe. Chuige sin iseadh a thángamair i gcionn a chéile annso isteach anocht. Acht ní annso amháin ná anocht amháin a chaithfimíd cromadh ar an urraim sin a thabhairt do Phádraig. 'Sé chuireas romham féin anocht acht a chur 'n-a luighe ar bhur n-aigne dhíbh gur cheart dúinn go léir saothar Naomh Phádraig ar ár son a chúitiughadh leis an fhaid a mhairfimíd: sinn féin a chur i dtreo chosanta i gcoinnibh námhad, an chreidimh do mhúin agus do mhínigh seisean dár sinnsear, agus ár ndícheall báis agus beathadh do dhéanamh chum Éire 'dhéanamh fíor-Ghaedhealach fé mar a bhí sí le linn Phádraig féin. Sa chéad dul síos caithfimíd roinnt eolais a tharrac chughainn ar ar dhein agus ar ar fhuiling Pádraig ar ár son. Nuair a bhíos ag cainnt libh anuiridh dubhart libh a lán i dtaoibh cúrsaí ár nAspail naomhtha ó'n gcéad lá a chuir sé cos ar thalamh na hÉireann go dtí an lá, roinnt mhaith bliadhan 'n-a dhiaidh sin, nuair a fuair sé bás i measg a charad ag Sábhall i gConntae na Dúin. Ní gábhadh dhom an bóthar céadna soin a ghabháil arís. Is maith is eol díbh féin furmhór de'n sgéal ar aon chuma, agus mar sin is leor liom a luadh anois a fheabhas is dhein sé an obair do cheap Dia dhó a dhéanamh. Do tháinig sé go hÉireann i n-aois a thrí fichid bliadhan t'réis roinnt aimsire a chaitheamh sa bhFrainnc dó, agus é ag déanamh foghlama agus 'ghá ullmhughadh féin ar gach aon tsaghas cuma i gcomhair na h-oibre do bhí roimis. Deir gach seanchas dá mbaineann leis an aimsir úd gurbh' éachtach ar fad ar chuir sé d'obair dhe. Acht ní gábhadh dhúinn an seanchas úd a bheith againn chum brígh na hoibre agus chum toradh na hoibre do thuisgint. Tá rian a shaothair ar an dtír go léir, agus tá a bheannacht ar chlainn na nGaedheal i láthair na huaire fé mar a bhí fad ó, agus fé mar a bheidh, le congnamh Dé, an fhaid a bheidh Dia agus duine ann. Do chuir sé gach gnó creidimh ar siubhal ó thaobh taobh na tíre. Agus ní gan mórán trioblóide agus mórán oibre, ní gan mórán aimsire a chaitheamh leis, ní gan mórán trosgaidh agus tréadhanais agus paidireoireachta a rinne sé ar dhein sé. Bhí sgamaill dubha na Págántachta leathta os cionn na tíre an uair sin, agus obair Naoimh a b'eadh é na sgamaill úd a sgaipeadh agus soillse an chreidimh a chur ar lasadh i n-aigne na nGaedheal go léir. Acht, buidheachas mór le Rígh na nGrás dá chionn, do dhein Pádraig an obair éachtach soin. Ó Chnoc na Teamhrach thoir go dtí Cruach Phádraig thiar, agus ó Inis Eoghain thuaidh go dtí Mainistir Fheara Muighe theas, do thriall sé agus do theagasg, agus do dhein troid tréin-fhir ar son a Mháighistir agus ar son Creidimh a Mháighistir. Obair a b'eadh é sin ná féadfadh sé a dhéanamh go deo muna mbeadh go raibh Dia na Glóire, moladh go deo leis, ag cabhrughadh go tréan leis, agus ag cabhrughaidh go tréan leis na daoine chomh maith. Ní fhéadfadh sé an obair a dhéanamh go deo muna mbeadh gur “sagart mór” a bhí ann “a thaitn le Dia 'n-a laetheanntaibh féin.” Do raghad dhe fiú a leath a dhéanamh muna mbeadh go raibh sé 'n-a “lóchrann soluis ag taithneamh 'n-a lá féin ar nós réaltan na maidne i lár na sgamall, nó ar nós na rae le linn bheith lán dí, nó mar sholus na gréine ar gorm na spéire i lár an tsamhraidh.” Do theipfeadh air an t-athrughadh mór úd a dhéanamh muna mbeadh gur toghadh ag Dia na Glóire é chum muinntir na hÉireann a tharrac isteach 'san Eaglais Chaitilicigh agus chum iad a choimeád innti go bráth na breithe. 'Seadh, a dhearbhráithracha, “sagart mór” gan amhras a bhí i bPádraig. Ar feadh na mbliadhanta bhfada úd do chaith sé i nÉirinn d'oibrigh sé ar son ár sinnsear gan staonadh gan géilleadh, gan suim i mbás ná i mbeatha aige, ná i n-aon rud fé stuadh na spéire acht sa rud so amháin, .i. muinntir na hÉireann a chnuasach agus a chur le chéile, agus aon “phobal Dé” amháin a dhéanamh dhíobh. Níor mhór dó misneach an leomhain a bheith aige chum na hoibre sin a chur chum críche. Níor mhór dó “taise le truagh agus troid le tréan” a tharrac chuige, dáltha na Féinne do bhí ann fad ó. Níor mhór dhó eolas a chur ar nósaibh agus ar bhéasaibh agus ar theangain na nGaedheal, agus pé nósa dhíobh ná tiocfadh isteach go cruinn leis an gcreideamh a dhíbirt, agus na nósa eile do cheannsughadh agus do críostughadh. Níor mhór dó foidhne agus fírinne aigne do bheith aige, níor mhór dó umhlaidheacht agus eolas thar na beartaibh a bheith aige chum gan fearg a chur ar na Gaedhealaibh le n-a chuid cainnte i gcoinnibh na Págántachta. Mar na taoisigh Ghaedhealacha do bhí ann le n-a linn, bhíodar, — nó bhí cuid aca ar aon chuma — ar bheagán meabhrach agus ar bheagán tuisgeana, agus obair ana-dheacair a b'eadh é, iad a smachtughadh agus iad a tharrac isteach i ngnóthaibh an chreidimh. Acht dá dheacracht é níor theip ar Phádraig é dhéanamh. “Tagann maith le cáirde agus grásta le foidhne,” agus níor bh'fhada dhó i nÉirinn go dtí go dtáinig a leithéid sin d'urraim ag gach aoinne dhó, agus a leithéid sin de chion ag gach éinne air, gur túisge deineadh an tír seo go léir Caitiliceach 'ná mar a deineadh aon tír eile ar dhruim an domhain. 'Seadh, a dhearbhráithreacha, “sagart mór” gan amhras a b'eadh Pádraig, “a thaitn le Dia 'n-a laetheanntaibh féin.” “Lóchrann soluis” gan amhras a b'eadh é, agus é “ag taithneamh 'n-a lá féin ar nós réaltan na maidne i lár na sgamall, nó ar nós na rae le linn heiht lán di, nó mar sholus na gréine ar ghorm na spéire i lár an tsamhraidh.” Is deacair dúinne aon bhreitheamhnas ceart a thabhairt ar a chuid saothair. Ní mar a chéile an saoghal atá indiu againne agus an saoghal a bhí ann le n-a linn. Na tighthe ósta atá againn fé láthair, na bóithre breaghtha agus na droichid daingne, na traenacha agus na cóistí tein- treacha, — ní raibh a leithéidí ann an uair sin i n-aon chor. Do bhíodh ar Phádraig gabháil ar fuid na tíre agus fuacht agus brothal d'fhuiling, agus is minic a bhí an fear bocht i gcontabhairt bháis ó n-a námhdaibh. Do bhíodh air teampaill Dé a dhéanamh ins gach treo baill dár thug sé aghaidh. Do bhíodh air na cailíseacha agus na rudaí eile a bhíodh ag teastáil uaidh i gcomhar seirbhíse na dteampall úd a sholáthar agus a choimeád i dtreo. Do bhíodh air leabhair a sgríobhadh agus sgoileanna a chur ar siubhal, an chléir a theagasg agus tighthe do sholáthar do mhnáibh-riaghalta. Agus 'n-a theannta soin go léir do bhíodh air an creideamh a chraobh- sgaoileadh pé moch déidheannach an tráth, pé fliuch fuar an uain. Do dhein Pádraig na rudaí sin go léir, agus na mílte rud nach iad,
i dtreo, éinne a dh'fhéachann isteach sa sgéal, gur deacair leis a dhéanamh amach cionnus d'fhéadfadh aon fhear amháin teacht suas, ní deirim leo go léir, acht le n-a leath. Agus má's í sin an teist a thugann an stair ar Phádraig nár cheart go ndéanfaimís iarracht ar a chur i n-iúil dó cad é an buidheachas atá againn air, mar gheall ar dhein sé de mhaitheas dár sinnsear agus dúinn féin? Nár cheart go ndéarfaimís ós árd gan stad gan staonadh: — “Dóchas linn Naomh Pádraig, Aspal mór na hÉireann, Ainm oirdhearc gléigeal, Solus feadh na saoghal é.” Nár cheart go mbeadh muinighin láidir againn as, agus go mbeimís ag brath air chum cabhair agus congnamh a thabhairt dúinne fé mar a thug dár sinnsear romhainn? Mar, “'Sé do chlaoidh na draoithe, Croidhthe dúr' gan aon mhaith, D'ísligh drong an diomais Tré neart Dé ár dtréan-Fhlaith. Sléibhte, gleannta, máighe 'S bailte mór' na hÉireann Ghlan sé iad go deo dhúinn, Míle glóir dár Naomh dhil.” 'Seadh, do dhein Pádraig an tír seo a ghlanadh agus is fada, buidheachas le Dia, d'fhan iarsma an ghlanachair sin againn. Acht “dá fhaid an lá tig an oidhche fé dheireadh.” Ba dhóbair go dtuitfeadh oidhche dhubh dhorcha orainne muna mbeadh go raibh Pádraig ag féachaint anuas orainn ón' ionad féin i láthair na Tríonóide Naomhtha, agus gur dhúisigh sé Banba as an suan do bhí t'réis tuitim uirthi, agus go ndubhairt léi a misneach a mhúsgailt agus í féin a ghléasadh i gcóir catha arís, agus an mí-chreideamh gallda a ghlanadh ar fad as an dtír seo, — a “hOileán na Naomh agus na nOllamh.” Is cuimhin libh, a dhearbhráithreacha, go ndeir- tear sa Soisgéal gur tugadh ag triall ar ár dTighearna uair duine do bhí bodhar balbh, agus gur thóg ár dTighearna i leath-taoibh leis é ó'n sluagh, agus gur chuir Sé a mheireanna isteach 'n-a chluasaibh, agus láithreach gur “osgladh a chluasa do'n duine,” agus gur “bogadh an ceangal dá theangain,” agus gur “labhair sé go cruinn.” Anois 'sé mo thuairim láidir go bhfuil míorbhail de'n tsaghas soin á dhéanamh os comhair ár súl ó cheann ceann a seachtmhaine annso i nÉirinn fé láthair. Dubhairt an tAthair Peadar Ó Laoghaire, tá tamall maith ó shoin ann anois, go bhfuil lámh Dé san obair seo na Gaedhilge. D'airigheamair an méid sin go minic acht is baoghlach ná cuimhnighmíd air sa cheart. Anois 'sé deirim-se libh anocht acht é seo. Dá luaithe a buailfear isteach i nbhur n-aigne gurbh' é Dia atá i mbun na hoibre seo, gur'b amhlaidh is fearr a thuigfidh sibh an sgéal agus gur'b eadh is treise a chabhróchaidh sibh leis an obair. Sar ar tosnuigheadh ar an obair seo na Gaedhilge do chur chum cinn ní bréag a rádh go raibh an Gaedheal bocht “bodhar balbh” a dhóthain. Ár ndóin, do bhí cluas le héisteacht aige, acht 'sé glór go raibh dúil aige ann 'ná glór aimhleasta an tSasanaigh. Glór gan bhrígh gan mhaith gan rath gan séan a b'eadh an glór soin. Acht bhí sé de chrann agus de thubaist ar ár muinntir gur fhanadar ag éisteacht leis go dtí gur dalladh a n-intinn agus gur cruadhadh a gcroidhe; agus tá a rian soin ortha, — do tháinig dealbas agus dubháilce ar an dtír de dheasgaibh an dalladh-intinne sin agus de dheasgaibh an díomhaointis a lean é, agus annsoin nuair a bhí an Gaedheal ar lár do shleamhnuigh an Gall isteach, agus do rug sé ar a raibh de mhaitheas agus de mhéitheas sa tír, agus d'fhág an Gaedheal ní hamháin bodhar balbh, acht beo bocht 'n-a theannta. Nuair a theastuigh ó'n Éireannach a cheart féin a bhaint amach do theip air glan. An teanga uasal do thug a shinnsear dhó bhí sí caithte uaidh ar fad aige, agus ní raibh de sheift annsoin aige acht Béarla a labhairt, agus bhí an Béarla chomh briste brúighte soin aige gur cuireadh an Sasanach ag gáiridhe uime. I ndeireadh barra tháinig an oiread soin náire ar an nduine mbocht go ndubhairt sé leis féin gur'b é rud a b'fhearra dhó a dhéanamh 'ná “amhrán an bhéil dúnta” a dhéanamh de! Bhí an fear thall ar a shástacht annsoin, acht má bhí, bhí an fear i bhfus ar a mhalairt de chuma. 'Sé a bhí go haindeis agus go dona. B'uathbhásach an cuma 'n-a raibh an tír go léir de dheasgaibh díthchéille na ndaoine féin. B'fhearr leo bheith ag troid le chéile mar gheall ar rudaí suaracha gan bhrígh ná aoinnídh a dhéanamh a ragadh i dtoradh agus i dtairbhe do'n náisiún. Níor thuig éinne cad a bhain le náisiúntacht i n-aon chor, nó má thuig foth- dhuine é níor bhaoghal go gcuirfeadh sé a thuairim i n-iúil do'n tsaoghal. Choimeád sé chuige féin í, mar bhí 'fhios aige go dian-mhaith dá ráineochadh dhó a leithéid sin de chainnt a sgaoileadh uaidh nár bhaoghal go n-éistfidhe leis. Bhí greim ró-dhocht ró-dhaingean ag droch-bhéasaibh agus droch-nósaibh na nGall chum a leogaint do mhuinntir na tíre comhairle a leasa do thuisgint gan trácht ar í chur i ngníomh. Acht dá fhaid a ritheann an mada ruadh, beirtear air i ndeireadh barra. Dá fhaid a dh'fhuiling an Gaedheal an droch-úsáid úd ó'n Sasanach agus uaidh féin, do bhris ar an bhfoidhne aige fé dheireadh. 'Sé rud a dhein sé annsoin 'ná cromadh ar bheith ag éisteacht le glór an tseanchais agus níorbh' fhada dhó ag éisteacht leis go dtí gur neartuigh ar a intinn agus gur thosnuigh a chiall ar bheith ag borradh i n-aghaidh an lae, agus tá sé ag dul i neart agus i gciallmhaireacht agus i ngrástamhlacht ó shoin a leith. 'Seadh, a dhearbhráithreacha, agus cia déarfaidh ná fuil lámh Dé, agus lámh ár nAspail naomhtha sa méid sin d'obair? Cia déarfaidh nach miorbhail anuas ó Dhia an t-athrughadh mór atá t'réis teacht ar an dtír? Ní fuláir nó bhí Pádraig naomhtha ag tathant ar Dhia chum go gcuirfeadh sé a lámh ar an nGaedheal “bodhar balbh,” agus éisteacht a thabhairt dó agus cainnt. Agus cia déarfaidh nach ar an gcuma gcéadna do deineadh an dá mhíorbhail? Léighmíd sa Soisgéal gur thóg ár dTighearna an duine bodhar balbh i leath-taoibh ó'n sluagh, agus gur chuir Sé a mhéireanna isteach 'n-a chluasaibh. Agus nach shin é díreach an rud atá á' dhéanamh anois? Féach na daoine seo, cuir i gcás, a thagann ag triall ar na Coláistíbh Gaedhealacha! Cad a thugann ann iad? Nach i leath-taoibh ó'n sluagh a thagaid siad mar mhaithe le hÉirinn agus mar mhaithe leo féin? B'fhuiriste dhóibh fanamhaint sa bhaile agus a shuaimhneas a thógaint! Ní fhanaid siad. B'fhuiriste dhóibh dul ag triall ar áit éigin Ghallda mara mbeadh spórta agus caitheamh aimsire agus cuideachta shultmhar aca! Ní théighid siad! Acht is amhlaidh a thógann Dia i leath-taoibh ó'n sluagh iad, agus cuireann Sé A mhéireanna isteach 'n-a gcluasaibh, agus coimeádann Sé iad ó bheith ag éisteacht le glórthaibh a chuirfeadh ar a n-aimhleas iad agus cuireann Sé d'fhiachaibh ortha bheith ag éisteacht le glór an tseanchais, leis an nglór úd a dhéanfaidh an tsean-aimsir (aimsir na Naomh agus na nOllamh) agus an aimsir atá againn fé láthair a sgaoileadh chum a chéile arís, mar adéarfá, agus na deigh-thréithe bhí ag ár sinnsear a thabhairt thar n-ais arís. Agus ní ortha-so amháin atá an t-athrughadh mór míorbhailteach so ag teacht, acht ar na míltibh nach iad ins gach áird de'n tír, thuaidh, theas, thoir, thiar. Deirtear ná fuil aon bhaint ag Connradh na Gaedhilge le cré ná le creideamh. Bíodh aca. Admhuighim gur féidir le héinne cabhrughadh leis an gConnradh gan bac le cré ná le creideamh. Acht 'sé deirim-se, — agus deirim go láidir é — aon obair a dheineann droch- nósa a dhíbirt fé mar a dhein an obair seo na Gaedhilge, nach fuláir nó tá lámh Dé innti, agus go mbaineann sí go dlúth agus go daingean le cré agus le creideamh agus le críostamhlacht! Ná bíodh aon phioc dá mhearbhall oraibh, a dhearbh- ráithreacha, — obair uasal is eadh é, agus obair naomhtha. Agus ag claoidhe leis an obair dhíbh cuimhnighidh ar an méid seo: an fhaid a bheidh sibh ag múineadh nó ag foghlaim na Gaedhilge bheidh sibh ag cabhrughadh le Dia na Glóire, moladh go deo leis, — beidh sibh ag cabhrughadh le Pádraig naomhtha, — chum a dhá chluais a dh'osgailt do'n Náisiún a bhí bodhar balbh go dtí le fíor- dhéidheannaighe, acht tá a cainnt agus a héisteacht ag teacht chúici go tapaidh, agus is gearr le congnamh Dé, agus le cabhair Naoimh Pádraig, go mbeidh sí ábalta ar labhairt go cruinn agus go n-éistfear le n-a glór ar fuid an domhain agus go mbeidh a hainm i n-áirde arís mar gheall ar sgoláireacht agus subháilce a cloinne. Tá binneas agus buige sa nGeadhilg, a dhearbh- ráithreacha, tá fuinneamh agus éifeacht innti, tá léire agus líomthacht innti, acht do theipfeadh ar éinne, agus a sheacht ndícheall a dhéanamh, a chur i n-iúil díbh cad í an urraim a bheidh ag an saoghal mór do Phádraig nuair a bheidh an méid sin déanta. Nára fada go ndéanfar é, agus go dtuigfimíd go léir, — mar ní ró-mhaith a thuigimíd fós é — gur “sagart mór” a bhí i bPádraig, — “sagart mór a thaitn le Dia 'n-a laetheanntaibh féin.” Gearóid Ó Nualláin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services