Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pádraig na nGaedheal

Title
Pádraig na nGaedheal
Author(s)
Ó Nualláin, Gearóid,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Pádraig na nGaedheal



“Ag so sagart mór a thaitn le Dia
'n-a laetheanntaibh féin.”
(ecclesiasticus xliv. 16).



A Chléir uasal, agus a phobail na páirte, —
Is 'mdhó cás cruaidh a bheireann ar dhuine i rith
a shaoghail, acht 'sé an greim is géire dár rug
riamh ar chroidhthibh Gaedheal sa chathair seo, an
bás obann a d'imthigh ar ár nEaspog dílis,
tá coicthighís ó shoin ann. Cúis cathuighthe is léin
le lucht na Gaedhilge i mBéal Feirste an
“Sagart mór” úd a bheith imthighthe uainn.
Badh mhaith an ceart dúinn tocht bróin a theacht
ar ár gcroidhe ag cuimhneamh dúinn ar an gcuma
'n-a dtugadh sé congnamh agus comhairle dhúinn.
Acht muna bhfuil sé annso anocht, is mór an
sólás dúinn é bheith bhFlaitheas Dé. Agus bíodh
go raibh brón agus buairt agus briseadh croidhe
orainn ag sgaramhaint dúinn le caraid a bhí
chomh cneasta, chomh comhachtach, agus chomh ciallmhar
soin, badh cheart go dtiocfadh áthas i dteannta
an bhróin orainn nuair a chumhnighmíd ar an
gcuma 'n-a bhfuair sé bás, agus ar an luach
saothair nach foláir nó tábh aige anois, de bhárr
ar dhein sé de mhaitheas ar an saoghal so. 'Seadh,
a dhearbhráithreacha, tá ár nEaspog dílis i
láthair na Tríonóide Naomhtha i dteannta
Phádraig anocht agus táim deimhnightheach nár
mhaith leis go ndéanfadh a bhás aon chur isteach
ar an onóir badh cheart dúinn a thaispeáint do
Phádraig.



Is 'mdhó cor a chuir an saoghal Gaedhealach de ó
bhíos ag cur síos díbh annso bliadhain an taca
so ar bheathaidh agus ar dhian-tsaothar ár nAspail
naomhtha. Is 'mdhó buille tubaisteach a buaileadh
i gcoinnibh námhad ár dteangan agus námhad
ár dtíre laistigh de'n bhliadhain seo caithte
againn. Tá aiteas agus áthas agus mórdháil
i gcroidhe gach éinne a dhein a chion de'n obair,
nó a chabhruigh leis an obair ar aon tsaghas
cuma. Acht ag machtnamh dúinn ar a fheabhas is
d'éirigh linn níor mhisde dhúinn cuimhneamh ar an
dtaoibh seo de'n sgéal, gur'b é Naomh Pádraig
féin, le congnamh Dé, brígh agus bunadhas
agus cúis agus fáth gach tairbhe dár
dheineamair agus gach buille ar aghaidh dár
thugamair dó tosnuigeadh ar an nGaedhilg a
shaothrughadh. Níor mhisde agus níor mhór dúinn
an méid sin a choimeád go cruinn 'n-ár n-aigne,
agus 'sé cúis a chuirim síos leis an gcomhairle
sin acht é seo. Deirtear go minic gur mó go
mór atá an saoghal ag dul chum cinn agus chum
tosaigh anois 'ná riamh. Acht in' ionad soin,
is amhlaidh is minic a bhítear ag dul i n-olcas
agus ag dul ar gcúl. Tá daoine ann fé
láthair, cuir i gcas, go bhfuil ‘oiread soin meas’
aca ortha féin gur suarach leo a bhfuil sgríobhtha
sa Tiomnadh Nuadh nó sa Teagasg Críostaidhe
i dtaoibh Íosa Chríost, nó i dtaoibh aoinnídh a
bhaineann le Críostaidheacht nó le Creideamh.
Tá an dream soin go flúirseach ins gach aon bhall
ar fuid an domhain agus ní deirim 'ná go
bhfuil a rian le fágháil i nÉirinn féin. Acht dá
liacht iad, agus dá mhéid é a gcomhacht agus a
gclisteacht is eadh is mó is gábhadh dhúinne gan
páirt a ghabháil leo, agus is eadh is córa dhúinn
a cheart féin a thabhairt do Dhia ins gach aon
rud, agus urraim agus onóir a thaispeáint
do'n té a sheol ár sinnsear i slighe a slánuighthe.



Chuige sin iseadh a thángamair i gcionn a chéile
annso isteach anocht. Acht ní annso amháin ná
anocht amháin a chaithfimíd cromadh ar an urraim
sin a thabhairt do Phádraig. 'Sé chuireas romham
féin anocht acht a chur 'n-a luighe ar bhur n-aigne
dhíbh gur cheart dúinn go léir saothar Naomh
Phádraig ar ár son a chúitiughadh leis an fhaid
a mhairfimíd: sinn féin a chur i dtreo chosanta
i gcoinnibh námhad, an chreidimh do mhúin agus
do mhínigh seisean dár sinnsear, agus ár ndícheall
báis agus beathadh do dhéanamh chum Éire
'dhéanamh fíor-Ghaedhealach fé mar a bhí sí le linn
Phádraig féin. Sa chéad dul síos caithfimíd
roinnt eolais a tharrac chughainn ar ar dhein
agus ar ar fhuiling Pádraig ar ár son. Nuair
a bhíos ag cainnt libh anuiridh dubhart libh a lán
i dtaoibh cúrsaí ár nAspail naomhtha ó'n gcéad
lá a chuir sé cos ar thalamh na hÉireann go
dtí an lá, roinnt mhaith bliadhan 'n-a dhiaidh sin,
nuair a fuair sé bás i measg a charad ag
Sábhall i gConntae na Dúin. Ní gábhadh dhom
an bóthar céadna soin a ghabháil arís. Is maith
is eol díbh féin furmhór de'n sgéal ar aon chuma,
agus mar sin is leor liom a luadh anois
a fheabhas is dhein sé an obair do cheap Dia dhó a
dhéanamh. Do tháinig sé go hÉireann i n-aois a
thrí fichid bliadhan t'réis roinnt aimsire a
chaitheamh sa bhFrainnc dó, agus é ag déanamh
foghlama agus 'ghá ullmhughadh féin ar gach aon
tsaghas cuma i gcomhair na h-oibre do bhí
roimis. Deir gach seanchas dá mbaineann
leis an aimsir úd gurbh' éachtach ar fad ar chuir
sé d'obair dhe. Acht ní gábhadh dhúinn an seanchas
úd a bheith againn chum brígh na hoibre agus chum
toradh na hoibre do thuisgint. Tá rian a
shaothair ar an dtír go léir, agus tá a bheannacht
ar chlainn na nGaedheal i láthair na huaire fé
mar a bhí fad ó, agus fé mar a bheidh, le congnamh
Dé, an fhaid a bheidh Dia agus duine ann. Do
chuir sé gach gnó creidimh ar siubhal ó thaobh taobh
na tíre. Agus ní gan mórán trioblóide agus
mórán oibre, ní gan mórán aimsire a chaitheamh
leis, ní gan mórán trosgaidh agus tréadhanais
agus paidireoireachta a rinne sé ar dhein sé.
Bhí sgamaill dubha na Págántachta leathta os
cionn na tíre an uair sin, agus obair Naoimh
a b'eadh é na sgamaill úd a sgaipeadh agus
soillse an chreidimh a chur ar lasadh i n-aigne
na nGaedheal go léir. Acht, buidheachas mór
le Rígh na nGrás dá chionn, do dhein Pádraig
an obair éachtach soin. Ó Chnoc na Teamhrach thoir
go dtí Cruach Phádraig thiar, agus ó Inis Eoghain
thuaidh go dtí Mainistir Fheara Muighe theas,
do thriall sé agus do theagasg, agus do dhein
troid tréin-fhir ar son a Mháighistir agus ar
son Creidimh a Mháighistir. Obair a b'eadh é
sin ná féadfadh sé a dhéanamh go deo muna
mbeadh go raibh Dia na Glóire, moladh go deo
leis, ag cabhrughadh go tréan leis, agus ag
cabhrughaidh go tréan leis na daoine chomh maith.
Ní fhéadfadh sé an obair a dhéanamh go deo
muna mbeadh gur “sagart mór” a bhí ann
“a thaitn le Dia 'n-a laetheanntaibh féin.”
Do raghad dhe fiú a leath a dhéanamh muna mbeadh
go raibh sé 'n-a “lóchrann soluis ag taithneamh
'n-a lá féin ar nós réaltan na maidne i lár na
sgamall, nó ar nós na rae le linn bheith lán
dí, nó mar sholus na gréine ar gorm na spéire i
lár an tsamhraidh.” Do theipfeadh air an
t-athrughadh mór úd a dhéanamh muna mbeadh gur
toghadh ag Dia na Glóire é chum muinntir na
hÉireann a tharrac isteach 'san Eaglais
Chaitilicigh agus chum iad a choimeád innti go
bráth na breithe.



'Seadh, a dhearbhráithracha, “sagart mór”
gan amhras a bhí i bPádraig. Ar feadh na
mbliadhanta bhfada úd do chaith sé i nÉirinn
d'oibrigh sé ar son ár sinnsear gan staonadh
gan géilleadh, gan suim i mbás ná i mbeatha
aige, ná i n-aon rud fé stuadh na spéire acht
sa rud so amháin, .i. muinntir na hÉireann a
chnuasach agus a chur le chéile, agus aon “phobal
Dé” amháin a dhéanamh dhíobh. Níor mhór dó
misneach an leomhain a bheith aige chum na hoibre
sin a chur chum críche. Níor mhór dó “taise le
truagh agus troid le tréan” a tharrac chuige,
dáltha na Féinne do bhí ann fad ó. Níor
mhór dhó eolas a chur ar nósaibh agus ar bhéasaibh
agus ar theangain na nGaedheal, agus pé
nósa dhíobh ná tiocfadh isteach go cruinn leis
an gcreideamh a dhíbirt, agus na nósa eile do
cheannsughadh agus do críostughadh. Níor mhór
dó foidhne agus fírinne aigne do bheith aige,
níor mhór dó umhlaidheacht agus eolas thar na
beartaibh a bheith aige chum gan fearg a chur
ar na Gaedhealaibh le n-a chuid cainnte i gcoinnibh
na Págántachta. Mar na taoisigh Ghaedhealacha
do bhí ann le n-a linn, bhíodar, — nó bhí cuid
aca ar aon chuma — ar bheagán meabhrach agus
ar bheagán tuisgeana, agus obair ana-dheacair
a b'eadh é, iad a smachtughadh agus iad a tharrac
isteach i ngnóthaibh an chreidimh. Acht dá dheacracht
é níor theip ar Phádraig é dhéanamh. “Tagann
maith le cáirde agus grásta le foidhne,” agus
níor bh'fhada dhó i nÉirinn go dtí go dtáinig
a leithéid sin d'urraim ag gach aoinne dhó, agus
a leithéid sin de chion ag gach éinne air, gur
túisge deineadh an tír seo go léir Caitiliceach
'ná mar a deineadh aon tír eile ar dhruim an
domhain. 'Seadh, a dhearbhráithreacha, “sagart
mór” gan amhras a b'eadh Pádraig, “a thaitn
le Dia 'n-a laetheanntaibh féin.” “Lóchrann
soluis” gan amhras a b'eadh é, agus é “ag
taithneamh 'n-a lá féin ar nós réaltan na
maidne i lár na sgamall, nó ar nós na rae
le linn heiht lán di, nó mar sholus na gréine
ar ghorm na spéire i lár an tsamhraidh.”



Is deacair dúinne aon bhreitheamhnas ceart
a thabhairt ar a chuid saothair. Ní mar a chéile
an saoghal atá indiu againne agus an saoghal
a bhí ann le n-a linn. Na tighthe ósta atá againn
fé láthair, na bóithre breaghtha agus na droichid
daingne, na traenacha agus na cóistí tein-
treacha, — ní raibh a leithéidí ann an uair sin
i n-aon chor. Do bhíodh ar Phádraig gabháil
ar fuid na tíre agus fuacht agus brothal
d'fhuiling, agus is minic a bhí an fear bocht
i gcontabhairt bháis ó n-a námhdaibh. Do bhíodh
air teampaill Dé a dhéanamh ins gach treo baill
dár thug sé aghaidh. Do bhíodh air na cailíseacha
agus na rudaí eile a bhíodh ag teastáil uaidh
i gcomhar seirbhíse na dteampall úd a sholáthar
agus a choimeád i dtreo. Do bhíodh air leabhair
a sgríobhadh agus sgoileanna a chur ar siubhal,
an chléir a theagasg agus tighthe do sholáthar do
mhnáibh-riaghalta. Agus 'n-a theannta soin
go léir do bhíodh air an creideamh a chraobh-
sgaoileadh pé moch déidheannach an tráth, pé
fliuch fuar an uain. Do dhein Pádraig na
rudaí sin go léir, agus na mílte rud nach iad,


L. 04


i dtreo, éinne a dh'fhéachann isteach sa sgéal,
gur deacair leis a dhéanamh amach cionnus
d'fhéadfadh aon fhear amháin teacht suas, ní
deirim leo go léir, acht le n-a leath. Agus
má's í sin an teist a thugann an stair ar
Phádraig nár cheart go ndéanfaimís iarracht
ar a chur i n-iúil dó cad é an buidheachas atá
againn air, mar gheall ar dhein sé de mhaitheas
dár sinnsear agus dúinn féin? Nár cheart go
ndéarfaimís ós árd gan stad gan staonadh: —



“Dóchas linn Naomh Pádraig,
Aspal mór na hÉireann,
Ainm oirdhearc gléigeal,
Solus feadh na saoghal é.”



Nár cheart go mbeadh muinighin láidir againn
as, agus go mbeimís ag brath air chum cabhair
agus congnamh a thabhairt dúinne fé mar a thug
dár sinnsear romhainn? Mar,



“'Sé do chlaoidh na draoithe,
Croidhthe dúr' gan aon mhaith,
D'ísligh drong an diomais
Tré neart Dé ár dtréan-Fhlaith.
Sléibhte, gleannta, máighe
'S bailte mór' na hÉireann
Ghlan sé iad go deo dhúinn,
Míle glóir dár Naomh dhil.”



'Seadh, do dhein Pádraig an tír seo a ghlanadh
agus is fada, buidheachas le Dia, d'fhan iarsma
an ghlanachair sin againn. Acht “dá fhaid an
lá tig an oidhche fé dheireadh.” Ba dhóbair go
dtuitfeadh oidhche dhubh dhorcha orainne muna
mbeadh go raibh Pádraig ag féachaint anuas
orainn ón' ionad féin i láthair na Tríonóide
Naomhtha, agus gur dhúisigh sé Banba as an
suan do bhí t'réis tuitim uirthi, agus go ndubhairt
léi a misneach a mhúsgailt agus í féin a ghléasadh
i gcóir catha arís, agus an mí-chreideamh gallda
a ghlanadh ar fad as an dtír seo, — a “hOileán
na Naomh agus na nOllamh.”



Is cuimhin libh, a dhearbhráithreacha, go ndeir-
tear sa Soisgéal gur tugadh ag triall ar ár
dTighearna uair duine do bhí bodhar balbh, agus
gur thóg ár dTighearna i leath-taoibh leis é ó'n
sluagh, agus gur chuir Sé a mheireanna isteach
'n-a chluasaibh, agus láithreach gur “osgladh a
chluasa do'n duine,” agus gur “bogadh an
ceangal dá theangain,” agus gur “labhair sé
go cruinn.” Anois 'sé mo thuairim láidir go
bhfuil míorbhail de'n tsaghas soin á dhéanamh
os comhair ár súl ó cheann ceann a seachtmhaine
annso i nÉirinn fé láthair. Dubhairt an tAthair
Peadar Ó Laoghaire, tá tamall maith ó shoin
ann anois, go bhfuil lámh Dé san obair seo
na Gaedhilge. D'airigheamair an méid sin go
minic acht is baoghlach ná cuimhnighmíd air sa
cheart. Anois 'sé deirim-se libh anocht acht é
seo. Dá luaithe a buailfear isteach i nbhur
n-aigne gurbh' é Dia atá i mbun na hoibre
seo, gur'b amhlaidh is fearr a thuigfidh sibh an
sgéal agus gur'b eadh is treise a chabhróchaidh
sibh leis an obair. Sar ar tosnuigheadh ar an
obair seo na Gaedhilge do chur chum cinn ní
bréag a rádh go raibh an Gaedheal bocht “bodhar
balbh” a dhóthain. Ár ndóin, do bhí cluas le
héisteacht aige, acht 'sé glór go raibh dúil aige
ann 'ná glór aimhleasta an tSasanaigh. Glór
gan bhrígh gan mhaith gan rath gan séan a b'eadh
an glór soin. Acht bhí sé de chrann agus de
thubaist ar ár muinntir gur fhanadar ag
éisteacht leis go dtí gur dalladh a n-intinn
agus gur cruadhadh a gcroidhe; agus tá a rian
soin ortha, — do tháinig dealbas agus dubháilce
ar an dtír de dheasgaibh an dalladh-intinne
sin agus de dheasgaibh an díomhaointis a lean
é, agus annsoin nuair a bhí an Gaedheal ar lár
do shleamhnuigh an Gall isteach, agus do rug
sé ar a raibh de mhaitheas agus de mhéitheas sa tír,
agus d'fhág an Gaedheal ní hamháin bodhar
balbh, acht beo bocht 'n-a theannta.



Nuair a theastuigh ó'n Éireannach a cheart
féin a bhaint amach do theip air glan. An
teanga uasal do thug a shinnsear dhó bhí sí
caithte uaidh ar fad aige, agus ní raibh de sheift
annsoin aige acht Béarla a labhairt, agus bhí
an Béarla chomh briste brúighte soin aige gur
cuireadh an Sasanach ag gáiridhe uime. I ndeireadh
barra tháinig an oiread soin náire ar an nduine
mbocht go ndubhairt sé leis féin gur'b é rud
a b'fhearra dhó a dhéanamh 'ná “amhrán an bhéil
dúnta” a dhéanamh de! Bhí an fear thall ar a
shástacht annsoin, acht má bhí, bhí an fear i bhfus
ar a mhalairt de chuma. 'Sé a bhí go haindeis
agus go dona. B'uathbhásach an cuma 'n-a raibh
an tír go léir de dheasgaibh díthchéille na ndaoine
féin. B'fhearr leo bheith ag troid le chéile mar
gheall ar rudaí suaracha gan bhrígh ná aoinnídh
a dhéanamh a ragadh i dtoradh agus i dtairbhe
do'n náisiún. Níor thuig éinne cad a bhain le
náisiúntacht i n-aon chor, nó má thuig foth-
dhuine é níor bhaoghal go gcuirfeadh sé a thuairim
i n-iúil do'n tsaoghal. Choimeád sé chuige féin í,
mar bhí 'fhios aige go dian-mhaith dá ráineochadh
dhó a leithéid sin de chainnt a sgaoileadh uaidh
nár bhaoghal go n-éistfidhe leis. Bhí greim
ró-dhocht ró-dhaingean ag droch-bhéasaibh agus
droch-nósaibh na nGall chum a leogaint do
mhuinntir na tíre comhairle a leasa do thuisgint
gan trácht ar í chur i ngníomh. Acht dá fhaid a
ritheann an mada ruadh, beirtear air i ndeireadh
barra. Dá fhaid a dh'fhuiling an Gaedheal an
droch-úsáid úd ó'n Sasanach agus uaidh féin,
do bhris ar an bhfoidhne aige fé dheireadh. 'Sé
rud a dhein sé annsoin 'ná cromadh ar bheith ag
éisteacht le glór an tseanchais agus níorbh'
fhada dhó ag éisteacht leis go dtí gur neartuigh
ar a intinn agus gur thosnuigh a chiall ar bheith
ag borradh i n-aghaidh an lae, agus tá sé ag
dul i neart agus i gciallmhaireacht agus i
ngrástamhlacht ó shoin a leith.



'Seadh, a dhearbhráithreacha, agus cia déarfaidh
ná fuil lámh Dé, agus lámh ár nAspail naomhtha
sa méid sin d'obair? Cia déarfaidh nach
miorbhail anuas ó Dhia an t-athrughadh mór atá
t'réis teacht ar an dtír? Ní fuláir nó bhí
Pádraig naomhtha ag tathant ar Dhia chum go
gcuirfeadh sé a lámh ar an nGaedheal “bodhar
balbh,” agus éisteacht a thabhairt dó agus
cainnt. Agus cia déarfaidh nach ar an gcuma
gcéadna do deineadh an dá mhíorbhail? Léighmíd
sa Soisgéal gur thóg ár dTighearna an duine
bodhar balbh i leath-taoibh ó'n sluagh, agus gur
chuir Sé a mhéireanna isteach 'n-a chluasaibh.
Agus nach shin é díreach an rud atá á' dhéanamh
anois? Féach na daoine seo, cuir i gcás, a
thagann ag triall ar na Coláistíbh Gaedhealacha!
Cad a thugann ann iad? Nach i leath-taoibh ó'n
sluagh a thagaid siad mar mhaithe le hÉirinn
agus mar mhaithe leo féin? B'fhuiriste dhóibh
fanamhaint sa bhaile agus a shuaimhneas a
thógaint! Ní fhanaid siad. B'fhuiriste dhóibh
dul ag triall ar áit éigin Ghallda mara mbeadh
spórta agus caitheamh aimsire agus cuideachta
shultmhar aca! Ní théighid siad! Acht is amhlaidh
a thógann Dia i leath-taoibh ó'n sluagh iad, agus
cuireann Sé A mhéireanna isteach 'n-a gcluasaibh,
agus coimeádann Sé iad ó bheith ag éisteacht
le glórthaibh a chuirfeadh ar a n-aimhleas iad
agus cuireann Sé d'fhiachaibh ortha bheith ag
éisteacht le glór an tseanchais, leis an nglór
úd a dhéanfaidh an tsean-aimsir (aimsir na
Naomh agus na nOllamh) agus an aimsir atá
againn fé láthair a sgaoileadh chum a chéile
arís, mar adéarfá, agus na deigh-thréithe bhí
ag ár sinnsear a thabhairt thar n-ais arís.



Agus ní ortha-so amháin atá an t-athrughadh
mór míorbhailteach so ag teacht, acht ar na
míltibh nach iad ins gach áird de'n tír, thuaidh,
theas, thoir, thiar. Deirtear ná fuil aon bhaint
ag Connradh na Gaedhilge le cré ná le creideamh.
Bíodh aca. Admhuighim gur féidir le héinne
cabhrughadh leis an gConnradh gan bac le cré
ná le creideamh. Acht 'sé deirim-se, — agus
deirim go láidir é — aon obair a dheineann droch-
nósa a dhíbirt fé mar a dhein an obair seo na
Gaedhilge, nach fuláir nó tá lámh Dé innti, agus
go mbaineann sí go dlúth agus go daingean le
cré agus le creideamh agus le críostamhlacht!
Ná bíodh aon phioc dá mhearbhall oraibh, a dhearbh-
ráithreacha, — obair uasal is eadh é, agus obair
naomhtha. Agus ag claoidhe leis an obair dhíbh
cuimhnighidh ar an méid seo: an fhaid a bheidh
sibh ag múineadh nó ag foghlaim na Gaedhilge
bheidh sibh ag cabhrughadh le Dia na Glóire, moladh
go deo leis, — beidh sibh ag cabhrughadh le Pádraig
naomhtha, — chum a dhá chluais a dh'osgailt do'n
Náisiún a bhí bodhar balbh go dtí le fíor-
dhéidheannaighe, acht tá a cainnt agus a héisteacht
ag teacht chúici go tapaidh, agus is gearr le
congnamh Dé, agus le cabhair Naoimh Pádraig,
go mbeidh sí ábalta ar labhairt go cruinn agus
go n-éistfear le n-a glór ar fuid an domhain
agus go mbeidh a hainm i n-áirde arís mar gheall
ar sgoláireacht agus subháilce a cloinne.
Tá binneas agus buige sa nGeadhilg, a dhearbh-
ráithreacha, tá fuinneamh agus éifeacht innti,
tá léire agus líomthacht innti, acht do theipfeadh
ar éinne, agus a sheacht ndícheall a dhéanamh, a
chur i n-iúil díbh cad í an urraim a bheidh ag an
saoghal mór do Phádraig nuair a bheidh an méid
sin déanta. Nára fada go ndéanfar é, agus
go dtuigfimíd go léir, — mar ní ró-mhaith a
thuigimíd fós é — gur “sagart mór” a bhí
i bPádraig, — “sagart mór a thaitn le Dia 'n-a
laetheanntaibh féin.”



Gearóid Ó Nualláin

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services