Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe
Title
Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe
Original Title
Manual of Religious Instruction
Author(s)
Paor, Pádraig, An tAthair,
Translator
Ó Cúrnáin, Tadhg, An tAthair
Composition Date
1923
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teóranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MION-MHÍNIÚ AR AN dTEAGASG CRÍOSTAIDHE
MION-MHÍNIÚ AR AN dTEAGASG CRÍOSTAIDHE
RÉAMH-FHOCAL Ní gadh éinídh a rádh mar gheall ar Manual an Athar Pádraig Paor. Tá an leabhar san i lámhaibh formhór mhúinteóirí an Teagaisg Críostaidhe ar fuaid na hÉireann, agus teist agus moladh air, ó easbogaibh, ó shagartaibh, agus ó mhúinteóiríbh. Níl aon leabhar fós de'n tsórt san i nGaedhilg, cé go bhfuil gádh géar le n-a leithéid. Mar iarracht ar an sgéal san do leigheas 'seadh deineadh an t-aistriú so go Gaedhilg. I gcúpla áit tá deifir bheag idir an Béarla agus an Ghaedhilg, ach ní mór atá. Na h-alta ná fuil aon chómhartha rómpa níor mhiste ar t-éolas atá le fághail ionnta do mhúineadh da sna páistíbh a bhíonn á n-ullmhú i gcómhair a gCéad Chomaoine. Ná h-alta go bhfuil aon réiltín amháin (*) mar chómhartha rómpa níor mhór do pháistíbh a bheadh ag dul Fé Láimh Easbuig an t-eolas atá ionnta do bheith aca. Na h-alta go bhfuil dhá réiltín (**) mar chómhartha rómpa táid oireamhnach do pháistíbh na ngrád is uachtaraighe in sna sgoileanaibh íochtaracha.
MION-MHÍNIÚ AR AN DTEAGASG CRÍOSTAIDHE CEACHT A hAON *Is é Dia CRUTHUIGHTHEÓIR an domhain agus an uile nídh. Nuair adeirimíd gur CHRUTHAIGH Dia iad cuirimíd i gcéill gur dhein Sé iad as neamhnídh — gan bun-adhbhar a ndéanta do bheith ann roimh-ré. 'Sé Dia amháin fhéadann rud do chruthú. Tugtar CRÉATÚIR mar ainm ar gach nídh d'ár cruthaigheadh, bíodh an rud san 'n-a bheathaidh nú ná bíodh. Deir an Sgríbhinn Naomhtha gur cruthaigheadh an domhan agus an uile nídh fé cheann sé lá, ach b'fhéidir gur tréimhse fada gach lá aca san i n-ionad iad a bheith cheithre h-uaire fichead ar faid. **Seo riarú oibre na sé lá:- I dtosach do cruthaigheadh Neamh agus Talamh. AN CHÉAD LÁ dubhairt Dia "Bíodh solus ann" agus do bhí solus ann. AN DARA LÁ do dhein Dia an fiormaiment nú an spéir. AN TRÍOMHADH LÁ do dheighil Sé an Talamh Tirm agus an t-uisge ó n-a chéile agus do chuir Sé an uile shaghas plannda ag fás ar an dtalamh. AN CEATHRAMHADH LÁ do chruthaigh Sé an ghrian agus an ghealach agus na réilteanna chun
an lá agus an oidhche do riaghalú agus chun tráthana nú saesúir na bliadhna do riar. AN CÚIGEADH LÁ do cruthaigheadh na h-éin agus na h-éisg. AN SÉAMHADH LÁ do cruthaigheadh ainmhidhthe na talmhan idir bheag agus mór agus 'n-a ndiaidh go léir do cruthaigheadh An Duine. *AN SEACHTMHADH LÁ do stad Dia ó obair. Ní le tuirse do stad Sé, mar nách féidir tuirse do theacht ar chómhacht gan teóra, ní lugha gur b'é brigh na bhfocal gur stad Dia ar fad d'aon obair a dhéanamh mar bíonn Dia i gcómhnuidhe gan stad gan staonadh ag cabhrú agus ag neartú le gach nídh d'ár chruthaigh Sé. Cialluigheann na focail nár chruthaigh Sé aon tsaghas nú cineál nua de chréatúiribh 'n-a dhiaidh san. Níl ann ach aon Dia amháin "a thabharfaidh an Bheatha Shíoruidhe do sna deagh-dhaoinibh agus pianta síoruidhe Ifrinn do sna droch-dhaoinibh." 'Siad na deagh-dhaoine na daoine fhaghann bás i ngrástaibh Dé — gan peaca marbhthach a bheith ar a n-anam, agus 'siad na droch-dhaoine na daoine faghann bás i bpeaca marbhthach. Bíodh go bhfuil Dia ins gach uile áit — i n-aice linn, mór-dtimcheall orainn, agus ionainn istigh — ní féidir dúinn É fheicsint mar gur SPIORAID É. Spioraid a thugaimíd ar neach neamh-chorpartha go bhfuil CIALL AGUS TUIGSINT aige. Nuair a bhíonn rud NEAMH-CHORPARTHA bhíonn sé gan cholan, gan bhall beatha, agus ní féidir coda a dhéanamh de. Bíonn TUIGSINT ag an té fhéadan smaoineamh nú machtnamh a dhéanamh. Ní bhíonn lámha, ná cosa, ná ceann ar spioraid. Is FÍOR-SPIORAID an spioraid ná fuil
cóimhcheangailte le colainn agus nách dual do cóimhcheangal le colainn. Is fíor-spioraid Dia, is fíor-spioraid aingeal nú diabhal. Ní fíor- spioraid anam an duine mar gur dual dó corp. Chíonn Dia an uile nídh — is cuma i bhfolach nú i bhfollus do'n tsaoghal é. Chíonn Sé na smaointe 'bhíonn i bhfolach istigh i gcroidhe an duine chómh maith leis na gníomharthaibh a deintear ós cómhair an tsaoghail. Tá eólas Aige ar gach aon rud atá ag tuitim amach anois, gach ar thuit amach riamh, nú a thuitfidh amach go deó. Go deimhin i bhfiadhnuise Dé níl éinnídh imthighthe ná éinnídh le teacht; tá an uile nídh os A chómhair i n-aon neómat amháin síor-láithreach síoruidhe. Ní raibh aon tosnú ag Dia, agus ní bhéidh aon deire leis. Tugaimíd neach SÍORUIDHE ar an té atá gan túis, gan deire. Is léir gurab é Dia an t-éinne amháin atá síoruidhe, mar, bíodh ná béidh aon deire le h-anam an duine, ná leis na h-aingealaibh, bhí tosnú aca. Ní h-amháin go bhfuil Dia síoruidhe, tá sé uile- chómhachtach leis. — Is féidir Leis an uile nídh do dhéanamh ach amháin nídh peacamhail. Dá mb'fhéidir le Dia aon droch-nídh, nú nídh mí-cheart, a dhéanamh ba chómhartha é go raibh locht éigin nú neamh-iom- láine éigin Ann, ach níl aon locht ná aon neamh- iomláine i nDia. Tá dhá shaghas glóire ag dul do Dhia — GLÓIRE INMHEÁDHONACH agus GLÓIRE FHOIRIMEALLACH. Glóire inmheádhonach fhaghann Sé ó n-A iomláine dhiadha féin. Níor tháinig méadú ná atharú ar an nglóire sin nuair a chruthaigh Sé an domhan. 'Sí an ghlóire fhoirimeallach an ghlóire thugann créa- túirí do Dhia.
CEACHT A DÓ Is an é an duine an ceann is uaisle agus is iongantaighe d'á bhfuil de chréatúiríbh ar an dtalamh. Tá dhá chuid, nú dhá phríomh-adhbhar, sa duine — an t-anam agus an corp. Is é an corp an chuid de'n duine go bhfuil tiúghdas ann agus atá so-fheicsiona. Is é an t-anam an chuid spiora- dálta do-fheicsiona. Do dhein Dia an corp de chré na talmhan ach do dhein Sé an t-anam as neamh-nídh. Nuair a dhein Dia an duine do chuir Sé air, A dheilbh agus A chosmhalacht féin. Ní i gcorp an duine atá an cosmhalacht so le Dia, mar ná fuil aon chorp ag Dia. Connus tá an t-anam cosmhail le Dia? Tá i dhá shlighe: (1) Is spioraid an t-anam agus (2) tá sé do-mharbhtha. Do chonncamair cheana cad é an nídh spioraid. An rud atá do-mharbhtha ní féidir dó bás d'fhághail. Ní bhfaighidh Dia bás mar nách féidir Dó bás d'fhághail agus sa tslighe chéadna ní thiocfaidh an bás ar anam an duine go deó. Mairfidh ár n-anamacha i gcaitheamh na síoruidheachta — i n-aoibh- neas nách féidir a innsint nú i gcruadhtan nách féidir a áireamh. Is chun na críche is áilne agus is aoibhne do chur orainn do chruthaigh Dia sinn. Do chuir Sé ar an saoghal sinn chun glóire 'thabhairt Dó agus chun Ríoghacht na bhFlaitheas do shealbhú mar luach ár saothair. Gheóbhaimíd seilbh sa ríoghacht naomhtha san ach an rud iarrann Dia orainn do dhéanamh agus grádh 'thabhairt Dó, agus na tabhairtaisí a
bhronn Sé orainn ar an saoghal so a chur chun A sheirbhíse. Chun Dia a ghrádhú, agus A sheirbhís a dhéanamh, ní fuláir dúinn aithne a chur Air agus na fírinní a mhúin Sé dhúinn d'fhoghluim. Gheóbh- aimíd an t-eólas so ar Dhia, agus ar na fírinníbh a mhúin Sé dhúinn, go spesialta i gCré na nAsbol.
CEACHT A TRÍ *Tugtar CRÉ mar ainm ar chur-le-chéile aithgheárr de phríomh-airtiogalaíbh ár gCreidimh. Ainmnightear Cré na nAsbol ó sna hAsbolaibh, mar go bhfuil sí ag Críostaidhthibh gan puinn atharú ó aimsir na nAsbol anuas. **I dteannta Chré na nAsbol deineann an Eaglais úsáid de thrí phríomh-chréibh eile — Cré Nicéá, Cré Shan Atanásius, agus Cré an Cheathr- mhadh Pius, Pápa. Do cuireadh Cré Nicéá le chéile sa bhliadhain 325 nuair a bhí Cómhairle Coitcheann ar siúbhal i gCathair Nicéá. Is uaidh sin a tugtar an t-ainm uirthe. Deirtear an Chré seo san Aifrionn, i ndiaidh an tSoisgéil, gach aon Domhnach sa mbliadhain agus laetheanta féile áirithe. Ba chun bréagnú a dhéanamh ar theagasg an eiricigh Árius do cuireadh an chré seo le chéile. Dubhairt Árius nár Dhia i n-aon chor Íosa Críost, agus dá bhrigh sin deineann an Chré seo deimhniú dhúinn gur Dia É go fírinneach agus go bhfuil an tAthair agus an Mac comhshubstainteach. **Tá cúpla focal i gCré Chonstantinóple ná fuil i gCré Nicéá. Sin a bhfuil de dheifirídheacht eatortha. **Is sia CRÉ SHAN ATANÁSIUS ná Cré na nAsbol agus ná Cré Nicéá. Tugadh an t-ainm sin uirthe mar go ndeirtí gur b'é Naomh Atanásius do chuir le n-a chéile í, an ceathrmhadh céad tar éis ár dTighearna. 'Sa chré seo tugtar go cruinn agus go soiléir dhúinn teagasg na hEaglaise ar
an dTríonóid Naomhtha agus ar Ioncholnú ár dTighearna. Léigheann na sagairt an chré seo uaireanta sa Phortús. **Do cuireadh le chéile CRÉ AN CHEATHRMHADH PIUS, PÁPA, tar éis Chómhairle Choitcheann na Treidhnte sa bhliadhain 1563. Ní fuláir do gach éinne iompuigheann ó eiriceacht an chré seo d'aithiris sar a nglacfar leis san Eaglais Chaitilicidhe. Tá gach aon airtiogal d'á n-ainmnightear i gCré Nicéá innte, agus mar aon leó tá airtiogail áirithe a mínigheadh i gCómhairle na Treidhnte. Sa bhliadhain 1870 tar éis Chómhairle Choitcheann an Bhatican, do cuireadh cúpla airtiogal eile leis an gcré seo — airtiogail a bhaineann le príomhdhacht an Phápa agus le do-earráideacht nú do-mheall- tacht an Phápa. Sa bhliadhain 1910 do chuir an deicheamhadh Pius airtiogail áirithe eile léi ag bréagnú chuid de theagasg na h-aimsire seo. *Tá dhá airtiogal déag i gCré na nAsbol mar atá:- 1. Creidim i nDia, an tAthair Uile-chómhachtach, Cruthuightheóir Neimhe agus Talmhan. 2. Agus i nÍosa Críost A Aon-Mhac san, ár dTighearna; 3. Do gabhadh ó'n Spioraid Naomh, do rugadh ó Mhuire óigh. 4. D'fhulaing páis fé Phointius Píoláit, do céasadh ar an gCrois; do fuair bás, agus do h-adhlacadh. 5. Do chuaidh síos go hIfrionn; d'eiseirigh an treas lá ó mharbhaíbh.
6. Do chuaidh suas ar Neamh; atá 'n-a shuidhe ar dheas-láimh Dé, an tAthair Uile- chómhachtach. 7. As san tiocfaidh chun breitheamhantais do thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaíbh. 8. Creidim sa Spioraid Naomh; 9. Sa Naomh Eaglais Chaitilicidhe; i gComaoine na Naomh; 10. I maitheamhnachas na bpeacaí; 11. I nEiseirighe na colna; 12. Agus sa Bheatha Shíoruidhe. Tá chúig fírinní sa Chré ar a dtugtar CINN-RÚINDIAMHARA AN CHREIDIMH. Tugtar CINN-rúindiamhara ortha mar (1) go bhfuil dlúth- bhaint ag fírinníbh uile an Chreidimh leó, agus (2) nách fuláir do gach éinne a thagann chun bliadhanta na tuigsiona fios a gcéille a bheith aige, agus iad a chreideamhaint. (Cialluigheann rúindiamhar rún doimhin do-thuigse.) Tugtar rúindiamhara ar na fírinníbh seo, mar nách féidir le íntleacht an duine iad a thuigsint. Cuireann Dia 'fhiachaibh orainn na rúindiamhara so do chreideamhaint, bíodh nách féidir linn iad do thuigsint, ionnus go dtaisbeánfaimís umhlacht nú fomós ár meabhrach agus ár réasúin Dó. (Tugtar fomós nú umhlacht ar an onóir agus an uraim a tugtar do Dhia nú ar an onóir a thugann duine do'n té bhíonn mar uachtarán air.) Tugaimíd onóir do Dhia le n-ár meabhair agus ár réasún nuair a chreidimíd an rud a innseann Sé dúinn agus ná tuigimíd; sa tslighe chéadna tugaimíd onóir le n-ár dtoil Dó nuair a dheinimíd an
rud órduigheann Sé dhúinn nuair ab' fheárr linn go mór gan é 'dhéanamh. Ach connus is féidir do dhuine an rud ná tuigeann sé a chreideamhaint? Is féidir dó é sin a dhéanamh má bhíonn ionntaoibh aige as an té fhoillsigheann do é. Is é Dia féin d'fhoillsigh na chúig rúindiamhara so. Ní beag dúinn sin. Creidimíd A fhocal ró-fhírinneach bíodh nách féidir linn an fhírinne fhoillsigheann Sé dhúinn a thuigsint. Tá fhios againn nách féidir Leis bheith meallta É féin ná éinne do mhealladh. 'Sé AONDACHT DÉ an chéad cheann de sna cinn-rúindiamharaibh. Cialluigheann sé ná fuil ach aon Dia amháin ann, agus nách féidir níos mó do bheith. Dá mbéadh dhá Dhia ann nú níos mó ná dhá Dhia bhéadh an chómhacht chéadna aca, nú bhéadh ceann aca níos cómhachtaighe ná an chuid eile. Dá mbeidís cómh-chómhachtach, ní bhéadh ceannus ná uachtaránacht ag ceachtar aca agus níor Dhia éinne aca Dá mbéadh ceann aca níos cómhacht- aighe ná an chuid eile: an té ba lugha cómhacht ná é, níor bh'fhéidir é bheith Uile-chómhachtach — níor bh'fhéidir dó bheith 'n-a Dhia. **Dar leis na págánaigh, bhí mórán déithe ann, agus do chuireadar i leith na ndéithe seo ainmhianta go léir an chine daonna Do dheinidís aithris ar na déithibh seo dar leó, ag sásamh na n-ainmhian ba mheasa agus ba ghráineamhla bhí 'n-a gcroidhe féin. Sa tslighe sin d'imthigh an saoghal go léir nách mór, ar aimhleas.
CEACHT A CEATHAIR Bíodh ná fuil i nDia ach aon nádúr amháin agus aon tsubstaint diadha amháin, tá trí pearsana fé leith ann; agus ní sine, agus ní eaganaidhe, agus ní cómhachtaighe, pearsa aca ná a chéile. Táid cóimhionann ins gach uile nídh. Is trí pearsana fé leith nú eidir-dhealuighthe iad. — Ní hé an Mac an tAthair agus ní hé an Mac ná an tAthair an Spioraid Naomh. Ní féidir linn a thuigsint connus tá trí pearsana fé leith i n-aon Dia amháin. Tamall tar éis iompáil ar a leas do Naomh Auguistín do dhein sé iarracht ar cheist na Tríonóide do réidhteach, ach dá mhéid é a shaothar, ba bheag é a thairbhe. Lá d'á raibh sé ag siubhal cois na fairrge agus é ag sgrúdú na rúin- diamhaire seo go géar, chonnaic sé páiste beag ag déanamh puill i ngainimh na trágha. D'fhiafruigh an naomh de'n pháiste chad chuige dhó bheith ag déanamh an phuill. Dubhairt an páiste 'ghá fhreagaradh go raibh sé chun na fairrge a thaosgadh isteach sa pholl san. "Ní féidir é sin a dhéanamh," arsa Auguistín. "Ó," arsa an páiste, "béidh sé déanta agam nuair a bhéidh ceist rúindiamhaire na Tríonóide réidhtighthe agatsa." Do thuig Auguistín ó fhocal an leinbh gur b'amhlaidh a bhí mileán ag Dia air agus níor dhein sé aon iarracht 'n-a dhiaidh san ar an rúindiamhair do thuigsint. **Tugtar SÁR-THRÉITHE DÉ nú SÁR-
BHRÍOGHA DÉ ar A eagna, A chómhacht, A mhór- mhaitheas, agus rl. Tá na sár-thréithe seo i ngach Pearsain fé leith de sna trí Pearsanaibh agus táid gan teóra i ngach Pearsain. 'Sa Sgríbhinn Naomhtha is minic a labhartar ar oibreacha áirithe Dé amhail is dá mbéadh A obair féin fé leith ag gach pearsain de'n Tríonóid Naomhtha. Deirtear gur b'é an tAthair Cruthuightheóir an domhain, gur fé naomh-análú an Spioraid Naoimh do sgríobhadh an Sgriptiúir. Níl annso ach nós cainnte. — Gníomhartha Dé go léir, deineann na Trí Pearsana i n-aonfheacht iad. Cialluigheann an focal IONCHOLNÚ, colan a ghlacadh. Tuigimíd le rúindiamhair AN ION- CHOLNUIGHTHE gur ghlac an Dara Pearsa de'n Tríonóid Naomhtha colan daonna, 'sé sin, corp agus anam mar atá againne. **Do gheall Dia féin d'ár gcéad athair agus d'ár gcéad mháthair, níos mó ná cheithre míle bliadhain roimh-ré, go bhfuasglófaí an chine daonna. B'é sin an chéad thairgreacht ar Ioncholnú Mic Dé. Diaidh ar ndiaidh do dhein Dia an gheallamhaint sin d'aithnuadhchaint, mar bhí truagh Aige do'n chine daonna agus b'é A thoil ghlórmhar misneach, a chur ortha. Tugadh an gheallamhaint d'Ábraham, d'Ísaac, do Iácob agus do Dháibhidh. Do chuir Dia ar an saoghal fáidhe (Dáibhidh, Ieremias, Ísaias, agus Daniel, agus rl.) chun go gcuirfidís an gheallamhaint ar gcuimhne do sna daoinibh agus chun go dtabhar- faidís eólas dóibh ar an gcuma 'n-a gcóimhlíonfaí é. Do thairgir an fáidh Daniel an t-am a thiocfadh an Slánuightheóir ar an saoghal. Tá sgéal Theacht an tSlánuightheóra le fághail
go cruinn agus go h-iomlán sa tSaoisgéal de réir N. Lúcás. Nuair a bhí an t-am taguighthe do chuir Dia an tÁrdaingeal Gábríél ó sna Flaithis le teachtaireacht chun Muire, maighdean a bhí luaidhte le fear d'ár bh'ainm Ióseph. Tháinig an t-aingeal ag trial uirthe agus dubhairt sé léi go raibh sí "beannuighthe idir mhnáibh" agus gurb' í bhéadh 'n-a máthair ag Mac Dé i gcolan daonna. Do thárla fé mar adúbhairt an t-aingeal. Do ghlac Mac Dé colan daonna i mbruinn na Maighdine Muire an cúigeadh lá fichead de Mhárta, do rugadh Lá Nodlag É, agus tugadh Íosa Críost mar ainm Air. Cialluigheann an focal Críost ungtha nú oluighthe. I n-aimsir an tSean-Reachta do cuirtí ola ar righthibh, ar shagartaibh agus ar fháidhíbh. Is righ agus is sagart agus is fáidh ár dTighearna agus d'á bhrigh sin tugtar Críost (.i. oluighthe) air. Ní raibh ach AON NÁDÚR AMHÁIN i n-ár dTighearna sar ar ghlac Sé colan daonna, ach ó ghlac Sé colan daonna tá DHÁ nádúr ann — nádúr diadha agus nádúr daonna. Níl ach aon phearsa amháin i n-Íosa Críost — pearsa diadha .i. an Dara Pearsa de'n Tríonóid Naomhtha.
CEACHT A CÚIG Do b'iad Ádam agus Éabha an chéad fhear agus an chéad bhean. Tar éis iad do cruthú do Dhia do chuir Sé chun cómhnuighthe iad i ngáirdín aoibhinn d'árb' ainm Éden. Gach nídh a chuirfeadh sonas agus aoibhneas ortha, bhí sé le fághail sa gháirdín sin. Bhí sásamh a mian de bhiadh agus de dhigh ann, agus gach nídh d'á áilneacht 'n-a dtímcheall chun aiteas a chur ar a gcroidhe agus ar a n-aigne. Ní thiocfadh an bás ná easbaidh sláinte go deó ortha, ní lugha ná thiocfadh buaireamh ná brón ortha. Tar éis tamaill a thabhairt ar an saoghal so dóibh, bhéarfaí suas ar Neamh iad gan 'fhiachaibh a bheith ortha bás d'fhulang. Ní raibh aon cheangal ar Dhia na tabhartaisí seo a thabhairt dóibh; bhéadh gach nídh atá ríachtanach do'n nádúr daonna aca 'n-a n-éaghmuis. Dá bhrigh sin, dá mbaineadh Sé gach tabharthas aca so dhíobh gan chúis, ná trúig, ní dhéanfaí aon éagcóir ortha mar ní bhainfaí aon nídh dhíobh go raibh aon cheart aca chuige. Do thug Dia an sonas go léir i n-aisge dhóibh. Ní raibh ach aon choingheal amháin ortha. Ní raibh cead aca toradh crainn áirithe do bhlas — toradh "chrainn feasa an mhaitheasa agus an uilc," nú toradh chrainn na h-aithne. Thiocfadh an bás ortha dá mblaisfidís toradh an chrainn sin. Ach tháinig an t-ainspioraid, fé chló athar-nimhe, agus chrom sé ar shéideadh fé'n mnaoi. Dubhairt sé léi toradh an chrainn d'itheadh agus i n-ionad an bás a theacht uirthe gur b'amhlaidh a bhéadh fios an
mhaitheasa agus an uilc aici, fé mar bhí ag Dia féin. Do bhain Éabha an toradh agus d'ith agus thug sí d'Ádam é agus d'ith seisean é mar an gcéadna. Ba thapaidh a tháinig an díoghaltas ortha agus ba throm. Do ruaig Dia amach as Éden iad agus do chuir Sé aingeal rómpa ar an ndoras agus claidheamh ar tarrac aige chun ná féadfaidís filleadh go deó. B'éigean dóibh a mbeatha do thuilleamh feasta le n-a n-obair agus a saothar féin. Thuit mallacht ar an dtalamh, mar gheall ar an nduine. Thuit mallacht ar an bhfear, mar bhí 'fhiachaibh air a bheatha do thuilleamh ag obair go dian. Thuit mallacht ar an mnaoi, mar b'éigean di bheith umhal d'á fear, agus doilgheas agus tinneas d'fhulang i mbreith a cuid cloinne. Thuit mallacht ar an athair-nimhe, mar do gheall Dia go dtiocfadh Slánuightheóir a bhrúghfadh a cheann. Daoradh chun bháis ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair, bíodh ná fuaireadar bás láithreach; agus gach pianós d'ár cuireadh ortha do lean sé a sliocht mar dhroch-iarsma ó shin aleith. **Tugann diadhairí "staid na prímh-fhíréan- tachta" ar an staid 'n-a raibh ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair sar ar dheineadar an peaca, agus "staid pheaca an tsinnsir" ar an staid 'n-a rabhdar tar éis an pheaca 'dhéanamh. *Seo aithghiorra ar na droich-iarsmaí d'fhág peaca ár gcéad athar agus ár gcéad mháthair orainn:- (a) Easbaidh na prímh-fhíréantachta, nú easbaidh grásta naomhuighthe. (b) Doircheacht ár dtuigsiona agus laige ár dtoile, agus ár gclaontacht agus éasgaidheacht chun uilc. (c) Bás agus brón agus gach uile shaghas anróigh agus
aindeise bheith i ndán dúinn. Ní raibh éinnídh dhein an oiread díoghbhála do'n chine daonna agus dhein easnamh ghrásta naomhuighthe Dé, ach d'fhuasganl ár dTighearna sinn ó'n ndochar san le mór-luach A bháis, agus tugtar grásta naomhuighthe dhúinn nuair a baistighthear sinn. Níor leigheasadh na dochair eile; leanann na droch-iarsmaí sin dínn chun a chur ar gcuimhne dhúinn gur thuit an chine daonna ó phrímh-fhíréantacht, agus chun caoi a thabhairt dúinn ar ár luach-saothair ins na flaithis a mhéadú — dá mhéid é ár gcruadhtan is eadh is mó bhéidh ár luach-saothair. Níor cuireadh, d'á bhrigh sin, an bhail chéadna ar an gcine daonna, nuair a fuasgaladh iad ó pheaca an tsinnsir, agus bhí ar ár gcéad athair agus ar ár gcéad mháthair, agus iad i staid na prímh-fhíréantachta; ach is féidir do dhaoinibh an bheatha shíoruidhe a thuilleamh, agus ba chuige sin do cuireadh gach éinne ar an saoghal. Fíor-spioraidí lán d'eólus, d'áilneacht, de lúth, agus de chómhacht, is eadh na h-aingil. Is ionann an focal aingeal agus TEACHTAIRE. Is minic a chuir Dia na h-aingil le teachtaireacht chun daoine agus is mar gheall ar sin a tugadh an t-ainm sin ortha. Cuireadh aingil ag trial ar Ábraham, agus ar Lot, agus ar an Maighdin Muire, agus ar Naomh Ióseph. Tugaid adhradh agus mór-mholadh do Dhia ar Neamh, agus n-a theannta san táid ceapaithe chun bheith ag coimh- deacht ár n-anamacha-na. Le linn gach anam a chruthú ceaptar AINGEAL COIMHDEACHTA dhó, chun é a chosaint agus a threórú i gcaitheamh a shaoghail, agus gan é thréigean chun go mbéidh an t-anam i láthair Dé i gcomhair a bhreitheamhnais.
Ní chuireann an t-aingeal coimhdeachta 'fhiachaibh ar éinne rud a dhéanamh maran toil leis an duine féin é. Ní chuireann siad isteach ar shaor-thoil an duine. **Tá trí hÚIRD d'aingealaibh ann agus trí chóir nú ranga ins gach órd díobh. 'Sa chéad órd tá Seraphím, Cerubínigh, agus Árd-chathaoireacha. 'Sa dara h-órd tá Tighearnais, Uachtaránacha, agus Fearta. 'Sa tríomhadh h-órd tá Súbháilcí, Árd-aingil, agus Aingil. Bhí na h-aingil ar dtúis, tar éis a gcruthaighthe, i staid na fíréantachta, agus ba mhór é a gcuid sonais; ach, ar nós an duine bhí 'n-a gcumas peaca a dhéanamh. Do thárla gur dhein mórán aca peaca, mar do chabhruigheadar le Lúcifer (a bhí ar na h-aingealaibh do b'áilne agus ba chómhachtaighe ar Neamh) nuair a dhein sé méir- leachas i n-aghaidh Dé. Mar gheall ar an uabhar do thairing chun méirleachais iad, do díbreadh as Flaitheas Dé iad agus do dhein deamhain ur- ghránna díobh agus do chruthaigh Dia ifrionn chun iad a chéasadh. Ó shin anuas tá Aingil an Uabhair i nIfrionn d'á gcéasadh agus d'á gcrádh i ndólás agus i ndubrón. Má thugann Dia cead dóibh, uaireanta, bheith san aer 'n-ár dtímcheall ní sgarann a bpianta leó — tugann siad a n-ifrionn féin leó pé áit dá ngabhann siad. Mar sin a bhéidh siad go deó gan súil le fuasgailt ná faoiseamh. Tá gráin chómh mór san aca ar Dhia gur b'é an t-aon chúram amháin atá ortha bheith a d'iarraidh rún Dé a thabhairt chun neamh-nídh. Tá fhios aca go bhfuil grádh ag Dia do'n chine daonna agus gráin Aige ar an bpeaca, agus dá bhrigh sin ní thagann stad ortha ach ag cur catha ar
dhaoinibh a d'iarraidh iad a mhealladh chun peacadh a dhéanamh. Pé cómhacht a bhaineann le nádúr na n-aingeal tá sé ag na diabhail. Creidean an Eaglais agus do chreid riamh go leigeann Dia, uaireanta, do sna diabhail a gcómhacht uathbhásach d'oibriú ar chréatúiribh. Is mar gheall ar sin gur fhág ár Slánuightheóir cómhacht ag an Eaglais chun deamhain a chaitheamh amach agus go mbaineann an Eaglais feidhm as dheasgnáthaibh ar a dtugtar "deamhan-dhíbirt" (chun deamhain a chaitheamh amach as daoinibh nú as chréatúiríbh eile). 'N-a theannta san tá úrnaighthe spesialta againn i n-aghaidh an diabhail agus beannachtaí áirithe chun gach nídh atá i seilbh an duine do choimeád saor ó mhaluightheacht na n-ainspioraidí. NEAMH, nú FLAITHEAS DÉ, nú NA FLAITHIS, a tugtar mar ainm ar an áit 'n-a dtaisbeánann Dia É féin i n-A mhór-ghlóire, d'á naomhaibh agus d'á aingealaibh — áit i n-a bhfuil aoibhneas nách féidir a innsint ná a áireamh. 'Sé aoibhneas na bhFlaitheas radharc 'fhághail ar Ghnúis ghlórmhar Dé. Ní bhéidh deire leis an aoibhneas san go deó. Ar an dream beanuighthe ní thiocfaidh choidhche tart ná ocras, tuirse ná pian ná brón. Tá Íosa Críost, 'sa mhéid gur duine É, ar Neamh 'n-A SHUIDHE AR DHEAS-LÁIMH DÉ. Ó 'nuair gur fíor- spioraid Dia, ná tuigtear ó sna focalaibh seo gur b'amhlaidh atá cosa ná lámha Aige. 'Sé an bhrigh atá leó, go bhfaigheann ár dTighearna, SA MHÉID GUR DUINE É, an onóir is giorra do'n onóir a tugtar do Dhia. Nuair a thugann duine cuireadh uaidh chun fleidhe nú féasta cuireann sé 'n-a shuidhe ar a láimh dheis an té d'ár mian leis an onóir is mó a thaisbeáint.
'Siad na h-aingil agus na naoimh a chomhnuigheann i bhfochair Dé ar Neamh. 'Siad na naoimh na daoine bhí ar staid na ngrást le linn a mbás agus atá anois i n-aoibhneas agus i nglóire na bhFlaitheas. **Tá sé ceangailte ar gach aon Chaitilicidhe an dá nídh seo a chreideamhaint i dtaobh Ifrinn — (1) go bhfuil ifrionn ann, agus (2) ná faighidh an dream damanta atá ann fuasgailt choidhche. Is é chreideann Caitilicidhthe go coitchianta gur le teine a céastar an dream damanta so, bíodh nár MHÍNIGH an Eaglais fós dúinn cad leis go gcéastar iad. *Tugtar an dream damanta ar an muinntir a daortar chun ifrinn .i. gach éinne fhaghann bás i bpeaca marbhthach. Tá dhá shaghas péine á fhulang aca — pian an mhothuighthe agus pian an uireasbaidh. 'Sé PIAN AN UIREASBAIDH, ná fuil radharc le fághail choidhche aca ar Ghnúis ghlórmhar Dé ("Imthighidh uaim, a dhream mhaluighthe, isteach i dteine SHÍORUIDH"), agus ná fuil súil aca le fuasgailt ná le dul go Flaitheas Dé go deó. Fulaingid PIAN AN MHOTHUIGHTHE ó losgadh agus ó chéasadh i dteine na bpian. Ní féidir linn a thuigsint connus is féidir d'éinnídh corportha rud spioradálta a chéasadh, ach tá fhios againn gur féidir do Dhia a leithéid sin de chómhacht a thabhairt do rud chorportha. Ní sa tslighe chéadna atá ifrionn síoruidhe agus tá Dia síoruidhe. Ní raibh aon tosnú ag Dia agus ní bhéidh deire leis. Bhí tosnú ag ifrionn ach ní bhéidh deire leis choidhche. Ó 'nuair go bhfuil maluightheacht gan teóra ar shlighe áirithe sa pheaca tá déine gan teóra dá réir sin sa díoghaltas a baintear amach mar
gheall ar an bpeaca. Tá dhá dhream damanta ann — (1) na diabhail a díbreadh ó Neamh agus (2) na daoine fhaghann bás i bpeaca marbhthach. Níor tháinig aon neach riamh amach as phríosún ifrinn agus ní thiocfaidh go deó.
CEACHT A SÉ De réir Naomh Augustín 'sé an Rud peaca "Smaoineamh nú briathar nú gníomh i n-aghaidh dlighe Dé." Tá dhá shaghas peaca ann .i. peaca an tsinnsir agus peaca an ghnímh. 'Sé PEACA AN tSINNSIR an peaca dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair i nGáirdín Éden agus a leanann sinn go léir mar dhroich-oighreacht. Tugtar PEACA AN GHNÍMH ar gach aon pheaca a dheinimíd féin. An peaca a thagann orainn-ne mar pheaca an tsinnsir, peaca an ghnímh ab eadh é d'ár gcéad athair agus d'ár gcéad mháthair. Bíodh nár dheineamair-na féin an peaca san baineadh dínn, mar gheall air, gach teideal a bhí againn chun Flaithis Dé agus a lán tabhartaisí eile do bronnadh ar ár gcéad athair agus ar ár gcéad mháthair sar ar dheineadar an peaca. Mara mbéadh gur pheacuigh Ádam agus Éabha bronnfaí na tabhartaisí sin go léir orainn-ne. Ní tugtar teideal chun Flaithis Dé dhúinn chun go maithtear peaca an tsinnsir dúinn i sácraimínt an Bhaiste. **Tar éis ár mBaiste fanann IARSMAÍ áirithe 'pheaca an tsinnsir orainn a dheineann mórán dochair d'ár n-anam. 'Sé an chéad dhroich- iarsma DOIRCHEACHT NA TUIGSIONA .i. gan eólus ceart a bheith againn i dtaobh ár staid féin agus gan tuigsint cheart a bheith againn ins na neithibh a théidheann chun sochair ár n-anama — eólus a bhí go cruinn agus go h-iomlán ag ár gcéad athair agus ag ár gcéad mháthair. An
dara droich-iarsma, LAIGE NA TOILE .i. a dheacaracht agus tá sé dhúinn sinn féin a spriucadh chun an rud atá ceart a dhéanamh nuair a bhíonn fhios againn gur ceart dúinn é 'dhéanamh. An tríomhadh droich-iarsma, CLAONTACHT AGUS ÉASGAIDHEACHT CHUN UILC .i. chomh tugtha agus táimíd chun peaca nú an droich-nídh a dhéanamh seachas an rud fóghanta. Níl éinne againn ná caitheann cur i n-aghaidh na claontachta san. Bíodh gur mór an dochar dúinn na trí droich- iarsmaí sin is féidir linn iad go léir a chur chun maitheasa agus leasa ár n-anama, mar dá dheacaracht a bhíonn an cath mar gheall ortha 'seadh is mó a méadófar an luach-saothair. **Tugtar GEINEAMHAINT GAN SMÁL na Maighdine Muire ar an mbuadh fé leith a thug Dia do'n Mhaighdin Bheannuighthe nuair a choimeád Sé saor í ó pheaca an tsinnsir. Bhí sí saor leis ó pheaca an ghnímh. Do mhair sí i gcaitheamh a saoghail gan smál dá shuaraighe de pheaca. B'é toil Dé go mbéadh an té ó n-a dtógfadh A Aon Mhac colan daonna fíor-ghlan gan smál gan truailiú. Do chreid Caitilicidhthe riamh gur geineadh an Mhaighdean Muire gan pheaca an tsinnsir. Is airtiogal d'ár gcreideamh anois an fhírinne sin agus an té 'dhiultóchadh do'n fhírinne sin a chreideamhaint bhéadh sé 'n-a eiriceach. Deineadh airtiogal de'n Chreideamh Chaitilicidhe de an t-ochtmhadh lá de Mhí na Nodlag, 1854. Do mhínigh an Naomhadh Pápa Píus é go solamhanta an lá san i láthair dhá chéad easbog ó gach áird de'n domhan. Deintear Féile Geineamhaint na Maighdine Muire a chómhmóradh gach bliadhain an t-ochtmhadh lá de Mhí na Nodlag mar dhil-chuimhniú ar mhíniú an airtiogail.
CEACHT A SEACHT **Deirtear gur TIMCHEALL LE CHEITHRE. MÍLE bliadhan a bhí ann ó aimsir pheaca Ádam go Teacht ár dTighearna ar an saoghal; ach ó 'nuair ná faighmíd eólus cruinn mar gheall air sa Sgriptiúir Naomhtha, b'fhéidir go raibh níos mó aimsire ann abhfad ná san. D'fhág Dia an chine daonna chómh fada san ag feitheamh leis an bhFuasgailt a bhí geallta Aige dhóibh i dtreó is go mbéadh fhios aca ó mhéid a n-olcais agus a n-aindeise féin a chlaontacht is tá nádúr truai- lighthe an duine agus an gádh géar atá le Slánuightheóir. I gcaitheamh na h-aimsire, bíodh go raibh na Sácraimintí agus a lán de'n chabhair a thugann Dia do Chríostaidhthibh i n-easnamh ar an gcine daonna, bhí sé i gcumas na ndaoine a n-anam a shaoradh (agus do dhein mórán aca a n-anam a shaoradh) ach creideamh a bheith aca sa tSlánuightheóir a bhí le teacht, mar sa tslighe sin bhíodar rann-pháirteach roimh ré i mór-luach Pháise agus Báis Chríost. Do ghlac ár dTighearna colan daonna Lá Féile Muire (an cúigeadh lá ficheadh de Mhárta). An lá san tháinig aingeal ó Neamh chun a chur i n-iúil do'n Mhaighdin Muire gur b'í bhéadh n-a máthair ag Mac Dé. Tugtar Lá Nodlag ar an lá rugadh ár dTighearna. **Tá cead ag gach sagart trí hAifrinn a rádh Lá Nodlag. Tugtar an cead san dóibh i n-onóir trí beirthe ár dTighearna mar atá:-
A bhreith shíoruidhe ó'n Athair, A bhreith shaoghalta ó'n Maighdin Muire, agus A bhreith rúindiamhrach le creideamh i gcroidhthibh na bhfíréan. Níl cead ag sagart trí hAifrinn a rádh aon lá eile sa bhliadhain ach Lá Féile Anam na Marbh (an dara lá de Mhí Shamhna). Do rugadh ár dTighearna i stábla chun a chur i n-iúil dúinn nách ceart dúinn dúil a bheith againn i saidhbhreas an tsaoghail seo — gur b'amhlaidh ba cheart dúinn grádh a bheith againn de dhealbhas. I gcaitheamh na dtrí mbliadhna déag ar fhichid a mhair Sé do thaisbeáin Sé dhúinn connus is ceart dúinn ár saoghal a chaitheamh — gur ceart dúinn bheith go carthanach, go h-uiríseal, agus an díomhaointeas a sheachaint. Cé gur bh'é Dia é bhí Sé umhal do Mhuire agus do Naomh Ióseph chun go bhfoghlumóchadh an aos óg a ríactanaighe atá sé go mbéadh clann umhal d'á n-athair agus d'á máthair. Tugtar PÁIS Chríost ar an ngéar-chrádh agus peannaid d'fhulaing ár dTighearna le linn A bháis. Seo cuid des na piantaibh d'fhulaing Sé: A anfaithe agus A allus fola i nGáirdín na nOla-chrann, A sgiúirseáil agus É ceangailte de'n Phiolóir, an choróin spíne 'á chur ar A cheann, Iompar na Croise, agus A Chéasadh. **Tá Cóimhcheangal Pearsanta idir an nádúr Diadha agus an nádúr Daonna sa Dara Pearsain de'n Tríonóid Naomhtha ó aimsir A Ioncholnuighthe anuas. Tré bhrigh an Chóimhcheangail sin níor sgar A Dhiadhacht riamh ó shin le n-A Anam ná le n-A Chorp. Fiú amháin nuair a bhí ár dTighearna marbh, agus A Anam agus A Chorp sgartha ó n-a chéile d'fhan A Dhiadhacht i bhfochair A Anma agus i bhfochair A Chuirp.
CEACHT A hOCHT *Tar éis Bháis ár dTighearna do cuireadh A Chorp san uaigh agus chuaidh A Anam síos go Limbó.. B'shin é an áit 'n-a raibh anamacha na bhfíréan a fuair bás roimh Bás Chríost 'n-a gcómhnuidhe agus chuaidh ár dTighearna ar chuaird chúcha chun sóláis a thabhairt dóibh agus chun a innsint dóibh go raibh fuasgailt ó n-a bpríosún agus glóire na bhFlaitheas buailte leó. I gCré na nAsbol tugtar "Ifrionn" ar Limbó agus sa Bhíobla Naomhtha tugtar "Ucht Abrahaim" air. **Is 'mó brigh atá leis an bhfocal "ifrionn" sa Sgriptiúir Naomhtha, ach ní tugtar mar ainm é ar aon áit ach áit nú inead cómhnuighthe 'n-a mbíonn buaireamh nú easnamh mór éigin. *Tugtar Limbó mar an gcéadna ar an áit 'n-a gcomhnuigheann na leanbhaí fhaghann bás gan baiste. Ní féidir do sna leanbhaíbh sin dul go Flaitheas Dé toisg iad a bheith i bpeaca an tsinnsir — níor aithgheineadh iad ó uisge agus ó'n Spioraid Naomh; ach ó 'nuair nár dheineadar aon pheaca iad féin, ní chuirfeadh Dia an Chirt gan teóra go Purgadóireacht ná go hIfrionn iad. Is cosmhail dá bhrigh sin ná fuil aon phian dh'á fhulang aca. **Nuair Eiseirigh ár dTighearna ó mharbhaíbh thug Sé deimhne nách féidir a bhréagnú gur bh'é Dia É agus gur ó Dhia tháinig an Eaglais a chuir Sé ar bun. A leithéid sin de mhíorbhúilt níor airigh éinne ó thosach an domhain. Chun a chur i
n-iúil gur bh'é Dia É dubhairt Sé sar ar cuireadh chun báis É, agus níor bh'aon uair amháin adubhairt Sé é, go n-eireóchadh Sé ó mharbhaíbh. "Leagaidh ar lár an teampall so," adubhairt Sé, ag tagairt d'Á Chorp féin (mar thugadh na Iúdaigh teampall ar an gcorp), "agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin." Do thuig na hAsboil ná raibh éinnídh eile ab' fheárr a thaisbeánfadh fírinne ár gCreidimh ná Eiseirighe Chríost. "Marar eirigh Críost ó mharbhaíbh," arsa Naomh Pól, "is dío- mhaoin é ár dteagasg-na." — (I. Cor., xv. 14.) Do bhí Corp ár dTighearna marbh ar an gcrois. Caithfidh gach éinne an méid sin d'admháil. Cuireadh sleagh tré n-A chroidhe. Dhein na saighdiúirí é sin nuair a thángadar tar éis cosa na mbeitheamhnach a bhriseadh agus nuair a fuaireadar Críost marbh rómpa. B'iad na saighdiúirí céadna bhí 'n-a bhfínidhthe 'n-a n-ain- deóin i n-A Eiseirighe. Cuireadh Corp ár dTighearna san uaigh tráthnóna Dia hAoine agus d'fhan sé ann an Satharn ar fad agus cuid de'n Domhnach. Do chuir Ióseph ó Arimetéa cloch mhór suas le béal na h-uagha, agus cuireadh saighdiúirí ag faire na h-uagha, chun ná guidfí an Corp. Go moch ar maidin Dia Domhnaigh tháinig luasgadh mór talmhan. Tháinig aingeal Dé anuas agus d'iompuigh siar an chloch mhór ó bhéal na h-uagha. Tháinig sgannra ar na saighdiúiríbh agus ba chuma iad nú daoine bhéadh marbh, agus chómh luath agus bhí ionnta é dhéanamh, theicheadar chun na catharach agus d'innseadar an sgéal. B'éigean do sna h-árdshagartaibh iad a bhreabadh Chun a chur 'fhiachaibh ortha éisteacht. Tar éis A Eiseirighe do thaisbeáin ár dTighearna É féin go minic d'á dheisgiobalaibh.
Do thaisbeáin Sé É féin aon uair amháin do bhreis agus chúig chéad aca i n-aonfheacht. An lá d'eiseirigh Sé do thaisbeáin Sé É féin chúig n-uaire fé leith. Do labhair Sé lens an t-aon Asbol déag, do chaith Sé biadh 'n-a dteannta, do chonnacadar É, do chualadar ag cainnt É, do chuireadar a lámha Air. Agus d'fhuiling na h-asboil sin an bás níos túisge ná shéanfaidís A Eiseirighe. *Níor chuaidh ár dTighearna suas ar Neamh láithreach tar chis A Eiseirighe. D'fhan Sé dachad lá ar an dtalamh agus do thaisbeáin Sé É féin go minic d'á asbolaibh chun a chur i n-iúil go soiléir gur eiseirigh Sé. 'N-a theannta san, níor bh'fuláir Dó iad a theagasg go h-iomlán sa Chreideamh, agus órdú a thabhairt dóibh connus an Eaglais a riaghalú. Nuair a bhí dachad lá caithte thóg Sé leis na h-asboil go bárr Chnoic na n-Ola-Chrann atá i n-aice le Ierusalem. Do gheall Sé dhóibh go gcuirfeadh Sé chuca an Spioraid Naomh agus go bhfanfadh Seisean i bhfochair na hEaglaise go deire an tsaoghail chun í 'choimeád gan tuitim i n-earráid. Annsan chuaidh Sé, le n-A chómhacht féin, suas ar Neamh — d'árduigh Sé É féin suas in san aer ós a gcómhair amach, agus do chlúdaigh sgamal É ó n-a radharc. Mar sin chuaidh Sé suas ar Neamh go caithréimeach agus na naoimh a bhí i Limbó agus na h-aingil i n-aonfheacht Leis. *B'iad na hASBOIL an dáréag do thoigh ár dTighearna chun bheith i n-aonfheacht Leis i gcaitheamh A shaoghail phuiblidhe, agus chun bheith 'n-a bhfídhnídh- thibh ar A mhíorbhúiltíbh ar shlighe go ndéanfaidís an Soisgéal a chraobhsgaoileadh agus A obair
naomhtha a chur chun cinn 'n-A dhiaidh. Cialluigheann a focal "asbol" duine a cuirtear amach chun obair áirithe a dhéanamh. Tugadh an t-ainm sin ar na hAsbolaibh mar gur chuir ár dTighearna uaidh iad chun an tSoisgéil a chraobhsgaoileadh. Cialluigheann an focal "soisgéal" sgéal fóghanta. Tugtar deisgiobail ar na daoinibh a bhíodh go gnáthach i bhfochair ár dTighearna pe'aca Asboil iad nú nár bh'eadh.
CEACHT A NAOI **Tar éis Deasgbhála ár dTighearna tháinig na deisgiobail agus an Mhaighdean Muire thar n-ais go cathair Ierusalem. D'fhanadar i seómra uachtarach sa chathair sin ar feadh deich lá ag déanamh úrnaighthe agus cómhrádh naomhtha, agus iad ag feitheamh le teacht an Spioraid Naoimh ag trial ortha, fé mar a gheall Críost dóibh Maidean Domhnaigh Cíngcíse, agus iad ag déanamh úrnaighthe, chualadar mar a bhéadh glór gaoithe móire. Annsan tugadh cómhartha dhóibh a thaisbeáin níos soiléire tíodhlaicí an Spioraid Naoimh. — Tháinig teangacha deighilte teine anuas ar gach nduine de sna hAsbolaibh. Le n-a linn sin tháinig atharú iongantach ortha. Go dtí so bhíodar eaglach mí-mhisneamhail neamh-sheasamhach; as sin amach níor fhan sgáth ná eagla ortha — ní raibh uatha ach an Creideamh a chraobhsgaoileadh pé nídh a bhéadh ortha féin d'fhulang leis. Go dtí so ní raibh eólas aca ach ar aon teangain amháin, agus ní ró-chruinn a bhí sí sin féin aca; anois bhíodar ábalta ar teagasg a thabhairt uatha i mórán de theangachaibh an domhain. Chuadar amach i sráid- eannaibh Ierusalem agus chromadar ar na daoine do theagasg. Bhí i nIerusalem an lá san daoine ó gach áird de'n domhan — Égiptigh, Rómhánaigh, Médigh, Persigh, agus Gréigigh, daoine ó Mheso- potámia, agus ó Chilicia, agus ó'n Arábia — agus do thuigeadar so go léir a dteanga féin 'á labhairt ag na hAsbolaibh. Tar éis Teacht an
Spioraid Naoimh ar na h-asbolaibh tháinig dhá shaghas atharuighthe ortha. Sa chéad áit do sgaip an doircheacht a bhí 'n-a dtuigsint, tháinig neart 'n-a gcreideamh, agus do líon a gcroidhe le misneach agus le díograis chun an Chreidimh a chraobhsgaoileadh. Sa dara h-áit tugadh dóibh eólas ar theangachaibh agus neart ar tharn- gaireacht a dhéanamh. GLUAISEANN an Spioraid Naomh ó'n Athair agus ó'n Mac, agus is é an Mac Aon-ghein an Athar. Glaoidhtear an SÓLÁSUIDHE ar an Spioraid Naomh. Uaireanta glaoidh- tear "an Colum" Air, toisg gur thúirling Sé ar Chríost le linn A Bhaiste i gcló coluim nú colúir. Thúirling an Spioraid Naomh i nGNÉ TEANGACHA ar na h-asbolaibh mar chómhartha ar an gcómhacht a bhí Aige 'á thabhairt dóibh, chun daoine 'theagasg, agus an Creideamh a chraobh- sgaoileadh. Tháinig Sé i nGNÉ TEINE chun a thaisbeáint go mbéadh a gcroidhe ar lasadh le grádh do Dhia. Cialluigheann an focal "Cíngcís" an caogadmhadh nú an deicheamhadh agus dachad; B'é an deicheamhadh lá agus dachad tar éis na Cásga do thúirling an Spioraid Naomh. **Nuair a fuair ár dTighearna bás bhí deire leis an Sean-Reacht nú leis an Seana-Dhlighe. Do chuir Dia an Seana-Dhlighe ar bun mar oll- mhúchán i gcómhair an DLIGHE NUAIDH nú Dlighe na Críostaidheachta. Ní raibh i n-íodhbartaíbh ná i ndeasghnáthaibh an tSeana-Dhlighe ach cómharthaí nú samhaltaisí. Bhí samhlú aca le h-íodhbairt agus le sácraimíntíbh an Dlighe Nuaidh. B'iad na Iúdaigh a lean réir an tSeana-Dhlighe. Is Críostaidhthe nú lucht leanmhana Chríost sinn-ne a leanann réir an Dlighe Nuaidh. B'iad deisgiobail
Naoimh Pheadar i gcathair Antioc gur tugadh Críostaidhthe ortha ar dtúis timcheall na bliadna a 43. Is 'mó brigh a baintear as an bhfocal "Críostaidhe" anois. Tugtar go minic é ar éinne atá baistighthe; is minic eile gur Caitili- cidhthe amháin a bhíonn i gceist ag daoinibh nuair a labhrann siad thar Chríostaidhthibh. Anois agus arís cialluigheann an focal "Críostaidhe" duine a dheineann aithris n-a bheatha féin ar bheatha Chríost. Ceann de sna cómharthaíbh a chuireann i n-iúil gur Críostaidhthe sinn Fíoghar na Croise nú Cómhartha na Croise. **Ba ghnáthach le Críostaidhthibh Fíoghar na Croise a dhéanamh ortha féin ó aimsir Chríost anuas. Seo mar a sgríobh Tertulianus, sgríobh- nóir a mhair sa dara chéad tar éis ár dTighearna. "Pe'ca ar suaimhneas nú ar siubhal dúinn, ag teacht isteach nú ag dul amach dúinn, ag cur ár gcuid éadaigh orainn nú ag caitheamh bídh, pe'ca lá nú oidhche é, deinimíd Fíoghar na Croise ar ár n-éadan." *Cuireann Fíoghar na Croise ar gcuimhne dhúinn cinn-rúindiamhara ár gCreidimh. Cuireann sé ar gcuimhne dhúinn an Tríonóid Naomhtha, mar nuair a dheinimíd é ainmnighmíd na Trí Pearsana atá sa Tríonóid Naomhtha. Cuireann sé ar gcuimhne dhúinn an Bás a fuair ár dTighearna ar an gCrois — ní fhéadfaimís gan cuimhneamh air sin nuair a dheinimíd cros orainn féin. Cuireann sé A Ioncholna agus A Eiseirighe ar gcuimhne dhúinn mar ná féadfadh Sé bás d'fhághail mara mbéadh gur ghlac Sé colan daonna, agus is deacair ciumhneamh ar A Bás gan cuimhneamh ar A Eis- eirighe. Le Fíoghar na Croise díbirimíd an
diabhal, tré Fíoghar na Croise tugann Dia neart agus cabhair dúinn. Is ceart dúinn d'á bhrigh sin Fíoghar na Croise a dhéanamh orainn féin, nuair a bhímíd i n-aon chontabhairt anma nú cuirp, sar a gcaithimíd biadh agus tar éis a chaithte dhúinn, agus ag tosnú agus ag críochnú gach oibre d'á ndeinimíd. Tá logha leath-chéad lá le fághail againn gach aon uair a dheinimíd Fíoghar na Croise; agus logha céad lá gach aon uair a dheinimíd é le linn uisge coisreacan a thógaint. *Ba cheart Fíoghar na Croise a dhéanamh go h-aireach agus go diadha. Seo mar is ceart é dhéanamh: bas na láimhe clé a leigint ar íochtar an uchta, annsan bárra méireanna na láimhe deise a chur ar an éadan agus "I nAinm an Athar" a rádh, annsan ar an ucht agus "Agus an Mhic" a rádh, annsan ar an ngualain gclé agus "Agus an Spioraid" a rádh, agus annsan ar an ngualain ndeis agus "Naoimh" a rádh. Ba cheart na méireanna bheith dírighthe amach agus dlúth le n-a chéile 'n fhaid a bhíonn duine ag déanamh Fíoghar na Croise. Tá dhá shlighe eile chun Fíoghar na Croise a dhéanamh:- (1) Nuair a thosnuigheann an sagart ar an Soisgéal a léigheadh san Aifrionn deinimíd cros bheag le h-órdóig na láimhe deise ar ár n-éadan agus ar ár mbéal agus ar ár n-ucht. Sa tslighe sin taisbeánaimíd gur mian linn ár gciall agus ár gcainnt agus ár gcroidhe a thabhairt suas feasta do Dhia. (2) Nuair a bheannuigheann an sagart aon nídh gearrann sé cros in san aer le n-a láimh dheis ós cionn an ruda a bhíonn le beannú nú le coisreacan aige.
CEACHT A DEICH **Do chuir ár dTighearna an Eaglais ar bun chun A obair naomhtha a chur chun cinn agus a choimeád ar siúbhal agus chun gur b'í amháin a bhéadh 'n-a hAirc Slánuighthe ag an uile dhuine. Ciallaimíd leis AN EAGLAIS lucht an fhír- chreidimh ar fuaid an domhain pé cine gur díobh iad nú pé tír gur b'as iad; agus an cóimhcheangal so eatortha go léir, go bhfuil an t-aon-chreideamh amháin aca, go bhfuil siad rann-pháirteach san Íodhbairt bheannuighthe chéadna agus in sna Sácraimíntíbh céadna, agus go bhfuil siad umal — d'aon cheann amháin — an Pápa. Baintear trí chiall eile as an bhfocal "eaglais": (1) an teampall i n-a mbailigheann na daoine chun adhradh agus moladh a thabhairt do Dhia agus a n-úrnaighthe a chur suas Chuige; (2) na Caitilicidhthe a chómhnuigheann i dtír nú i ndúthaigh áirithe, cuir i gcás, nuair deirimíd Eaglais na Frainnce is iad Caitilicidhthe na Frainnce a bhíonn i gceist againn; (3) na daoine fíréanta, marbh agus beó — ar Neamh, i bPurgadóireacht, agus ar talamh. Tugtar AN EAGLAIS SA CHATH ar na daoinibh fíréanta atá ar an saoghal so, AN EAGLAIS I bPÉIN ar na h-anmnachaibh i bPurgadóireacht, agus an EAGLAIS CHAITHRÉIMEACH ar na h-anmnachaibh atá i bhFlaitheas Dé. **Is mian le Críost go mbéadh an uile dhuine san Eaglais a chuir Sé ar bun — ní féidir d'éinne lasmuigh de'n Eaglais a anam a shaoradh. Ciall-
uigheann na focail "éinne lasmuigh de'n eaglais" éinne 'fhanann lasmuigh de'n Eaglais tré n-a fhailighe chionntach féin. Ó 'nuair gur cheangail Dia ar gach éinne bheith san Eaglais is léir gur dhein Sé SO-FHEICSIONA í — gur chuir Sé cómharthaí uirthe le n-a bhféadfadh gach éinne a fheicsint gur ó Dhia a tháinig sí agus gur b'í Eaglais Chríost í. Nuair adeirimíd go bhfuil an Eaglais so-fheicsiona cialluighmíd leis na focalaibh sin gur féidir leis gach éinne an Eaglais fhírinneach a dhéanamh amach má loirgeann sé go dúthrachtach í. **Ní dhéanfaidh creideamh sinn a shaoradh mara ndeinimíd deagh-oibreacha ní lugha ná mar a dhéanfaidh deagh-oibreacha sinn a shaoradh gan creideamh a bheith againn. Má dubhairt an Spioraid Naomh gur "marbh é creideamh gan deagh-oibreacha" (Séamus, ii. 26), dubhairt Sé mar an gcéadna "Gan creideamh ní féidir Dia a shásamh" (Eabh., xi. 6). Tá dhá shaghas deagh- oibreacha ann — deagh-oibreacha nádúrtha agus deagh-oibreacha ós cionn nádúra. Má thagann truagh agam do dhuine agus mar gheall ar an truagh san amháin go dtugaim déirc dó, is deagh-obair an gníomh a dheinim, ach is deagh-obair nádúrtha é agus níl luach-saothair sa tsaoghal atá le teacht tuíllte agam mar gheall air; níl ach luach-saothair saoghalta ag dul dom. Ach i dteannta an truagh a bheith agam do'n duine má dheinim an déirc ar son Dé nú ar mhaithe le m'anam is gníomh ós cionn nádúra é agus tá luach-saothair ar an saoghal eile tuíllte agam. **Ó 'nuair gur chuir Dia Eaglais ar bun i gcómhair an uile dhuine níor bh'fhéidir Dó gan cómharthaí a chur ar an Eaglais sin chun go
bhféadfadh an uile dhuine í d'aithint. Mara mbéadh na cómharthaí sin uirthe ní bhéadh sí so-fheicse — níor bh'fhéidir í d'aithint ó eaglais bhréige. Is feárr a thuigfimíd an sgéal so Chómharthaí na hEaglaise má chuirimíd i gcompráid é le sgéal an mháirnéalaigh a thagann go tír ná h-aithnigheann sé. Tugann an máirnéalach tuairim fé'n áit n-ar cheart dó bheith, féachann sé ar léir-sgáil na h-áite sin, agus chíonn sé cómharthaí áirithe curtha síos ann — caisleán annso, cuir i gcás, tigh-soluis annsúd, cnoc tamall isteach ó'n bhfairrge agus baile fé n-a bhun. Féachann sé anois ar an dtalamh atá ós a chómhair amach agus má chíonn sé ann an caisleán, an tigh-soluis, an cnoc agus an baile fé n-a bhun, agus pé rud eile atá curtha síos sa léir-sgáil béidh fhios aige go cruinn cad é an áit é agus féadfaidh sé a long a stiúrú de réir an eólais sin. Tá cómharthaí na hEaglaise cosmhail leis na cómhar- thaíbh atá curtha síos i léir-sgáil an mháirnéalaigh. An eaglais go bhfuil na cómharthaí sin uirthe, sin í an eaglais cheart — an eaglais fhírinneach; aon eaglais ná fuil na cómharthaí sin le fághail uirthe níl innti acht eaglais bhréige. Cuireann ár réasún féin i n-iúil dúinn nách féidir do'n Eaglais fhírinneach gan na cheithre cómharthaí seo a bheith uirthe:- Aondacht, Naomhthacht, Caitiliceacht, agus Asboltacht. Tá na cheithre cómharthaí seo ainmnighthe mar an gcéadna i gCré Nicéá. **Ní fuláir do'n Eaglais bheith aonda (a) I gCREIDEAMH, (b) I nADHRADH, agus (c) I RIAGHAIL. (a) I gCREIDEAMH. Caithfid Clann na hEag- laise an t-aon-chreideamh amháin a bheith aca go
léir. Dá gcreidfeadh duine rud a bhréagnóchadh an rud a chreidfeadh duine eile ní fhéadfaidís araon an fhírinne a bheith aca. Bhéadh creideamh bréige ag duine éigin aca agus ní fhéadfadh creideamh bréige teacht ó Chríost. (b) I nADHRADH. Tá ceart ag Clann na hEaglaise bheith rann-pháirteach in sna tabharthaisibh agus in sna tíodhlacaibh beannuighthe céadna — in sna sácraimíntíbh céadna agus sa nÍodhbairt céadna. (c) I RIAGHAIL. Ní fuláir do'n Eaglais go léir bheith umhal d'aon cheann amháin agus d'á dhlighthibh, mar de réir Chríost féin aon tréad amháin is eadh an eaglais fé stiúrú aon aodhaire amháin. (Eoin, x. 16). **An dara cómhartha atá ar an Eaglais a NAOMHTHACHT. (a) Caithfidh a TEAGASG bheith naomhtha mar gur ó Dhia a tháinig an teagasg san. (b) Caithfidh sí CABHAIR a thabhairt d'á cloinn chun beatha naomhtha a chaitheamh, mar is chun daoine a dhéanamh naomhtha chuir Críost ar bun í. (c) Caithfidh sí A NAOMHTHACHT A THAISBEÁINT i mbeatha a cloinne — .i. mór-chuid d'á cloinn i ngach aois agus i ngach áit sa domhan a bheith naomhtha i slighe iongantach. Ní féidir a cheapadh go gcuirfeadh Dia eaglais ar bun chun daoine a dhéanamh naomhtha agus ná béadh mórán de sna daoinibh sár-naomhtha. **An tríomhadh cómhartha tá ar an Eaglais, a CAITILICEACHT .i. í bheith ins gach uile ÁIT agus ins gach uile AM. (a) Caithfidh Eaglais Chríost bheith leathta ar fuaid an domhain. Mara mbéadh sí ins gach aon áit ní bhéadh sí so-fheicsiona do chách. (b) Tá sí 'n-a seasamh gan claochlódh
an uile lá ó aimsir Chríost go dtí an lá indiu agus béidh go bráth. Do gheall án dTighearna ná buadhfadh geataí ifrinn uirthe (Mait., xxviii. 20). Ní fuláir do'n Eaglais an teagasg céadna a thabhairt uaithe ins gach uile áit agus a riaghail céadna agus an adhradh céadna a bheith aici ins gach uile áit. Gan san níor bh'í an eaglais chéadna í ins gach uile áit. **An ceathramhadh cómhartha atá ar an Eaglais a hASBOLTACHT .i. gur b'í an eaglais chéadna í a chraobhsgaoil na h-asboil, agus gur b'é an riaghail céadna, an teagasg céadna, na h-úird chéadna, agus an t-úghdarthás diadha céadna atá san Eaglais indiu agus bhí i n-aimsir na n-asbol. **Anois dála an mháirnéalaigh sgrúduighimís gach eaglais adeir gur b'í féin Eaglais Chríost. Aon eaglais go bhfuil na cheithre cómharthaí uirthe sin í an eaglais fhírinneach agus is í amháin an eaglais fhírinneach. Ag féachaint isteach ionnta go léir — Protostúnaigh, Metodísigh, Eaglais na nGréigeach, agus rl. — chímíd go bhfuil, b'fhéidir, aon chómhartha amháin ar chuid aca agus b'fhéidir dhá chómhartha ar a thuile aca agus cuid eile aca gan oiread agus aon chómhartha amháin de sna cheithre cómharthaíbh ortha. Níl ach aon eaglais amháin .i. an Eaglais Chaitilicidhe go bhfuil na cheithre cómharthaí uirthe. (1) Tá AONDACHT san Eaglais Chaitilicidhe. Tá an creideamh céadna ag Caitili- cidhthibh ar fuaid an domhain. Tá na Seacht Sácraimíntí aca pé áit 'n-a bhfuil siad agus táid go léir umhal d'aon cheann amháin — do Phápa na Rómha. (2) Tá an Eaglais Chaitilicidhe NAOMHTHA. Is naomhtha é a teagasg; an té a leanann réir an teagaisg sin mar is cóir caithfidh
sé beatha Críostamhail naomhtha — béidh sé umhal carthanach deagh-iomchair. Is naomhtha iad a Sácraimíntí agus Íodhbairt an Aifrinn agus tairingid grásta Dé go líonmhar ar a cloinn go léir. Tá toradh na naomhthachta san le feicsint go soiléir, mar ó cuireadh an eaglais ar bun tá daoine sár-naomhtha, nách féidir a gcómhaireamh, le fághail innte — fir agus mná, óg agus aosta, ó gach tír sa domhan. (3) Tá cómhartha na CAITI- LICEACHTA ar an Eaglais Chaitilicidhe mar tá sí leathta ar fuaid an domhain, agus ní raibh aon lá ó chuir Críost ar bun í go dtí an lá indiu ná go raibh sí ann. (4) Tá an Eaglais Chaitilicidhe ASBOLTA mar go dtáinig a teagasg, a riaghail, a h-úird, agus a h-úghdarthás diadha gan chlaochlódh anuas chughainn ó aimsir na n-asbol, ó ghlúin go glúin.
CEACHT A hAON DÉAG **Is é Íosa Críost féin CEANN DO-FHEICSE na hEaglaise agus is é an Pápa, Fear-ionaid nú Bhiocaire Chríost, CEANN SO-FHEICSE na hEaglaise. Cialluigheann an focal "pápa" athair, agus tugtar an t-ainm sin air mar gur b'é athair spioradálta na gCríostaidhthe uile é. Glaoidhtear an EAGLAIS RÓMHÁNACH uaireanta ar an Eaglais mar gur b'é Easbog na Rómha ceann so-fheicse na hEaglaise agus gur sa Róimh a chómhnuigheann sé. B'é Naomh Peadar an chéad Phápa; do thoigh ár dTighearna féin é; agus b'é Easbog na Rómha é mar an gcéadna. D'á bhrigh sin is é an Pápa Easbog na Rómha agus Cómharba Naoimh Peadar pé áit 'n-a gcómhnuigheann sé. Do thárla go raibh cuid de sna Pápaíbh nár chómhnuigh sa Róimh i n-aon chor, ach do ghlaoidh gach éinne aca "Easbog na Rómha" air féin, mar ba cheart dó. Do chuir ár dTighearna féin Naomh Peadar mar cheann ar an Eaglais agus ar na hAsbolaibh eile nuair adubhairt Sé leis: "Is Peadar (carraig) thú agus ar an gcarraig seo cuirfead suas m'eaglais agus tabharfad duit eochracha Ríoghachta na bhFlaitheas" (Mait., xvi). Cialluigheann an focal "Peadar" carraig. Ó 'nuair gur b'é Fear-ionaid Chríost an Pápa tá dualgas orainn onóir agus urraim a thabhairt dó agus bheith umhal dó. Ó Naomh Peadar anuas tá trí chéad pápa agus trí fichid tagaighthe i ndiaidh a chéile i líne gan briseadh. 'Siad na h-easbuig
cómharbaí an éinne déag asbol eile. Tugtar FHAIRCHE nú DIÓISEAS ar an ndúthaigh atá fé riaghail easbuig agus is gnáthach ainm phríomh- chatharach na dúthaighe sin a thabhairt mar ainm ar an bhfairche. **Tugaid na CÁIRDIONAIL congnamh do'n Phápa i riaghalú na hEaglaise. Tugtar "An Choláiste Naomhtha" uaireanta ortha. Ní bhíonn riamh níos mó ná deich gCairdionail agus trí fichid san Eaglais. Tá trí gráda de Cháirdionalaibh ann:- Cáirdionail-Easbuig, Cáirdionail-Shagairt, agus Cáirdionail-Dheócáin. Tá fairchí áirithe ann agus tugtar Árd-easbuig ar na h-easbogaibh a riaghaluigheann iad, agus tá deich bhfairchí ársa ann agus tugtar ÁRD-ATHARACHA ar na h-árd- easbogaibh a riaghaluigheann iad. Bíonn úghdarthás áirithe ag Árd-easbog in sna fairchibh a bhíonn 'n-a chómharsanacht. Tugtar CÚIGE an Árd- easbuig ar an ndúthaigh sin go léir a bhíonn fé ughdarthás an Árd-easbuig. Tugtar ÁRD- FHAIRCHE ar a fhairche féin agus FO-FHAIRCHE ar gach fairche eile sa "chúige." Tá dhá chómhartha le n-a n-aithnightear Árd-easbog seachas easbog eile (1) an chros dúbalta a chaitheann sé agus a beir- tear roimis amach agus (2) an paillium — ruainne beag caol d'éadach bhán déanta d'olann uan agus cheithre chros chorcara órnáidthe air. Tagann sé tar dhá ghualainn an Árd-easbuig. Is fé'n Easbog atá riaghalú fairche. Is aige atá cómhacht chun daoine a chur "Fé Láimh Easbuig" agus Órd Beannuighthe a bhronnadh. **Ní féidir do'n Eaglais tuitim i n-earráid ná bheith meallta i n-a creideamh, ná i gcraobh- sgaoileadh an Chreidimh sin. Buadh spesialta é
sin a thagann chúiche ó'n Spioraid Naomh atá i gcómhnuidhe 'n-a fochair 'á stiúrú. Tugtar DO- MHEALLTACHT na hEaglaise nú DO-EARRÁID- EACHT na hEaglaise ar an mbuadh san. **Tá eólas iomlán ar an gCreideamh le fághail i bhfocalaibh Dé de réir mar mhínigheann an Eaglais iad fé stiúrú an Spioraid Naoimh. Is é seo Riaghail Chreidimh na gCaitilicidhthe. Tá focail sgríobhtha Dé ann agus focal Dé ná fuil sgríobhtha. 'Sé an SGRIPTIÚIR NAOMHTHA nú an BÍOBLA focail sgríobhtha Dé agus tá focail Dé ná fuil sgríobhtha le fághail sa BHÉAL-OIDEAS a tháinig chughainn anuas ó aimsir na nAsbol ó ghlúin go glúin. Deir na Protostúnaigh gur b'as an mBíobla amháin atá eólas ar an gCreideamh le fághail, ach ní féidir an ceart a bheith aca mar: (1) Dá mba sa Bhíobla amháin ba mhian le n-ár dTighearna go bhfaghadh Críostaidhthe eólas ar a gCreideamh níor mhór an Bíobla a bheith ann i n-iomlán ó'n gcéad lá chuir Sé an Creideamh ar bun. Ní mar sin a bhí an sgéal; níor sgríobhadh an Tiomna Nua go dtí suas le trí fichid bliadhan tar éis ár dTighearna 'fhághail bháis. (2) Ní dubhairt ár dTighearna le n-a mhuinntir go bhfaighdís eólas a gcreidimh sa Bhíobla. Is amhlaidh adubhairt Sé leó é 'fhoghluim ó sna hAsbolaibh — ní i n-aon leabhar a gheóbhaidís é ach ó bhéal-oideas. "An té éisteann libh-se," ar Seisean leis na hAsbolaibh, "éisteann sé liomsa." (Lúcás. x, 16.) Le béal-oideas a theagaisg Sé féin na daoine, níor sgríobh Sé aon leabhar. (3) Go dtí timcheall le míle agus cheithre chéad bliadhan tar éis ár dTighearna a theacht ar an saoghal níor cló-bhuaileadh aon leabhar — ní raibh le
fághail ach láimh-sgríbhne, agus d'á bhrigh sin bhí leabhair an-dhaor, an-ghann. Dá mbéadh daoine ag brath ar leabhraibh an uair sin chun a gcreidimh d'fhoghluim ní bhéadh an creideamh ach ag fíor- bheagán daoine. Ach ní gádh dhúinn dul thar an lá indiu; má's as an mBíobla amháin atá eólas ar an gCreideamh le fághail cad mar gheall ar na daoinibh ná féadann leabhar a léigheadh? Cá bhfuil eólas a gCreidimh le fághail aca? (4) 'N-a theannta san leabhar an-dheacair le tuigsint is eadh an Bíobla, agus as an méid daoine a léigheann é níl ach beagán 'fhéadann é sgrúdú ná é thuigsint gan congnamh. Tá a rian san ar na daoinibh a bhíonn ag brath ar an mBíobla amháin, tá na céadta creideamh aca agus iad bun ós cionn le n-a chéile, agus lucht leanmhana gach cinn aca ag bréagnú a chéile, agus iad go léir 'á rádh gur b'as an mBíobla gheibheann siad a gcreideamh. **Tugtar FOCAL DÉ ar an mBíobla mar gur sgríobhadh é fé Dhia-análú an Spioraid Naoimh. Tugtar DIA-ANÁLÚ ar an gcómhacht spioradálta d'oibrigh Dia ar fhearaibh áirithe, le n-ar shoillsigh Sé a dtuigsint agus le n-ar chorruigh Sé chun sgríobhtha iad agus le n-ar stiúraigh Sé iad agus iad ag sgríobhadh, i dtreó gur sgríobhadar an rud ba mhian le Dia go sgríobhfaidís. Ciall- uigheann an focal "Bíobla" leabhar, agus cialluigheann an focal "Sgriptiúir" rud atá sgríobhtha. Is é an Bíobla an leabhar thar leabharaibh agus an sgríobhnóireacht thar a bhfuil sgríobhtha. Tá dhá chuid nú dhá rann sa Bhíobla - An Tiomna Nua agus an Sean Thiomna. Tugtar dúinn sa tSean Thiomna tuairisg ar chruthú an domhain ar sgéal na nÁrd-athar agus ar sgéal
Chlann Ísrael — na daoine thoigh Dia Chuige féin. Tá trí saghas leabhar sa tSean Thiomna: leabhair staireamhla, leabhair morála nú leabhair teagaisg, agus leabhair tarngaireachta. Ar na leabhraibh staireamhla tá an Pentateúc nú na chúig leabhair a sgríobh Maoise: Genesis, Ecsodus, Lebhiticus, Uimhreacha, agus Deúteronomí. Cuid de sna leabhraibh staireamhla leis is eadh Leabhair na Ríogh agus Leabhar na mBreitheamhan. Is é Leabhar na Salm an leabhar is mó tábhacht de sna leabhraibh morála. B'é Dáibhidh Rí do sgríobh furmhór na Salm. De leabhraibh na tarngaireachta is eadh Leabhar Ísaias agus Leabhar Ieremias agus Leabhar Dhaniél. In sna leabhraibh seo tá tarn- gaireacht ar theacht an tSlánuightheóra, ar A bheatha, agus A mhór-fhulang. 'Sa Tiomna Nua tá tuairisg ar bheatha ár dTighearna agus ar shaothar na nAsbol. 'Siad so na leabhair atá sa Tiomna Nua: Na Cheithre Soisgéal (Beatha ár dTighearna mar a sgríobh Naomh Maitiú agus Naomh Marcus agus Naomh Lúcás agus Naomh Eóin é); "Gníomhartha na nAsbol," na hEpistilí nú na leitreacha do sgríobh Naomh Peadar agus Naomh Pól agus Naomh Eóin agus Naomh Séamus agus Naomh Iúdas; agus Leabhar an Taisbeántais nú an "Apocalipsis" do sgríobh Naomh Eóin. **Tugtar an CHANÓIN ar liosta nú clár go dtugann an Eaglais deimhne dhúinn ar iad a bheith sgríobhtha fé Dhia-análú an Spioraid Naoimh. Tugtar LEABHAR CANÓNDA ar gach leabhar aca san. 'Sa tSean Thiomna tá sé leabhair agus dachad atá canónda agus sa Tiomna Nua na Cheithre Soisgéal, Gníomhartha na nAsbol, Epistil agus fiche, agus an Apocalipsis. Tugtar
leabhair PRÍOMH-CHANÓNDA ar na leabhraibh a ghlac an Eaglais chúiche ó thosach mar fhíor- sgriptiúir sgríobhtha fé análú an Spioraid Naoimh, agus leabhair IAR-CHANÓNDA ar na leabhraibh nár ghlac an Eaglais go léir mar fhíor-sgriptiúir ar feadh tamaill. De sna leabhraibh iar-chanónda sa tSean Thiomna 'seadh Leabhar Tóbiais, Leabhar Iúdit, agus Leabhar na Macaibíteach. Sa Tiomna Nua is leabhair iar-chanónda Epistil Naoimh Pól chun na nEabhrach, agus Epistil Naoimh Séamus. Is cuma príomh-chanónda nú iar-chanónda aon leabhar sa Bhíobla, fíor-sgriptiúir is eadh iad go léir. Do léirigh an Eaglais dúinn cad iad na leabhair atá sa Chanóin in sna Cómhairlíbh Coit- cheanna a bhí i bhFlorentia agus i dTreidhnt. **Tá an Eaglais Chaitilicidhe do-mheallta .i. ní féidir di tuitim i n-earráid i n-a creideamh ná 'n-a teagasg. (1) nuair a labharann sí i gCómhairle Choitcheann, (2) nuair a labharann an Pápa ex cathedra, (3) nuair a bhíonn easbuig an domhain ar aon-fhocal agus iad ag teagasg an phobuil Chaitilicidhe. Tugtar CÓMHAIRLE COIT- CHEANN ar chómhchruinniú dhlisteanach de easbogaibh uile na hEaglaise agus an Pápa, nú leagáid uaidh, mar cheann cómhairle ortha. An Chómhairle Choitcheann is déanaighe a tháinig le chéile b'é an Naomhadh Pápa Píus do chómh-chruinnigh í sa Bhatichan sa bhliadhain 1869. Tar éis bheith i ndáil ar feadh geall le bliadhain do cuireadh an Chómhairle ar ath-lá agus níor cómh-chruinnigheadh í riamh ó shin cé nár cuireadh deire léi fós. I Nicéá do cómh-chruinnigheadh an Chéad Chómhairle Choitcheann sa bhliadhain 325. Ó sin anuas níor cómh-chruinnigheadh ach Cómhairle Choitcheann agus
fiche. Do léirigheadh go solamhanta i gCómhairle an Bhatican sa bhliadhain 1870 go bhfuil an Pápa do-mheallta nú do-earráideach. **Is ceann d'airtiogalaibh ár gcreidimh go bhfuil an Pápa do-mheallta. Tá an buadh san aige nuair a labharann sé ex cathedra .i. nuair labharann le cómhacht Chinn na hEaglaise agus é ag tabhairt bhreith ar cheisteanaibh creidimh nú a cheisteanaibh morála i gcómhair na hEaglaise go léir. Cialluigheann na focail "ex cathedra" ó'n gcathaoir .i. ó chathaoir Pheadair Naomhtha — le h-úghdarthás Naoimh Peadar nú mar CHÓMHARBA Naoimh Peadar. Nuair adeirimíd go bhfuil an Pápa do-mheallta ní mheasaimíd a rádh nách féidir dó peaca a dhéanamh ná nách féidir dó dearmhad a dhéanamh i gceisteanaibh shaoghalta. Fiú amháin d'fhéadfadh an Pápa dearmhad a dhéanamh i gceisteanaibh a bhaineann leis an gCreideamh dá mba breith dhuine léigheanta a thabharfadh sé agus gan labhairt mar Phápa. **B'é Naomh Pádraig d'iompuigh muinntir na hÉireann ó phágántacht, breis agus cheithre chéad bliadhain tar éis teacht ár dTighearna. Fuair sé úghdarthás ó Naomh Celestín, an Pápa, chun teacht go hÉirinn agus an Creideamh a chraobh- sgaoileadh. Tar éis an Chreidimh a ghlacadh do mhuinntir na hÉireann chuaidh cáil chómh mór san amach ortha i dtaobh a léighin agus a ndeigh- thréithe gur glaoidheadh "Oileán na Naomh agus na n-Ollamh" ar an dtír. *Is 'mó buadh atá ag Caitilicidhthibh seachas lucht leanmhana aon chreidimh eile. Tá na Sácraimíntí aca agus Íodhbairt an Aifrinn. Níl na daoine atá lasmuigh de'n Eaglais páirteach in sna
tíodhlacaibh sin. I Sácraimínt na hAithrighe tugtar maitheamhnas a pheacaí do'n Chaitilicidhe. Nuair ná fuil an tSácraimínt sin ag an muinntir atá lasmuigh de'n Eaglais níl maith- eamhnas le fághail aca ach tré ghníomh Chroidhe-bhrú iomlán. Ach ó 'nuair gur minic ná múintear dóibh a ríachtanaighe agus tá croidhe-bhrú iomlán ná connus gníomh chroidhe-bhrú iomlán a dhéanamh, 'sé an rud is dóichighe, ná bacfaidh siad leis i n-aon chor agus go mbéidh a bpeacaí gan maitheamh. *Buadh eile do Chaitilicidhthibh is eadh iad a bheith rann-pháirteach i gComaoine na Naomh. Cialluighmíd le Comaoine na Naomh, an ceangal rúindiamhara, spioradálta, atá idir an mhuinntir a bhaineann leis an Eaglais ar thalamh agus na naoimh ar Neamh agus na h-anamacha i bPurga- dóireacht. Tré bhrigh an chóimhcheangail sin táid go léir páirteach i n-úrnaighthibh a chéile. Cuirimíd- na ár n-impighe chun na naomh ar Neamh ag iarraidh a gcabhartha agus iarraimíd ar Dhia fuasgailt ag saor-bhraighdeanas do sna h-anamachaibh i bPur- gadóireacht. Guidhmíd mar an gcéadna ar son ár gcómharsan ar an saoghal so. Deinid na naoimh ar Neamh agus na h-anamacha i bPurga- dóireacht guidhe ar ár son-na. 'N-a theannta san táimíd go léir páirteach i n-úrnaighthibh na hEaglaise d'á cloinn go léir agus páirteach in sna h-úrnaighthibh adeireann ár gcómharsain ar ár son. *Ach dá mhéid é an buadh atá ag an gCaitilicidhe ó bheith sa bhfíor-eaglais ní leór dó gur Caitilicidhe é — ní shaorfaidh an méid sin amháin é. Is amhlaidh a tabharfar breith níos géire agus níos déine air
de réir mar a méaduightear na grásta dhó agus go dtugann sé failighe ionnta. **Is 'mó tairbhe anma a thagann chun an Chaitilicidhe ó chuallachtaibh agus ó chumanaibh diadha. Tugtar cuallacht nú cuman diadha ar dream daoine a chuireann iad féin fé riaghlachaibh so-chóimhlíonta, mar mhaithe le n-a n-anam féin nú chun gníomhartha carthanachta a chur chun cinn. Seo cuid de sna cuallachtaibh diadha is mó go bhfuil aithne ortha: Cuallacht an Teaghlaigh Naomhtha, Cuallacht Chroidhe Íosa, Cuallacht na Croise i n-aghaidh an Ólacháin, Cuman an Phaidirín Pháirtigh, agus Cuallacht Naomh Bhincint de Pól.
CEACHT A DÓ DHÉAG *Tugaimíd peaca AN GHNÍMH ar aon pheaca a dheinimíd féin. Tá dhá shórt peaca ghnímh ann: peaca marbhthach agus peaca so-loghthach. Ní bhéidh duine cionntach i bpeaca marbhthach (1) maran droich-nídh mór ann féin an smaoineamh a bhíonn i n-a aigne nú an briathar a labharann sé nú an gníomh nú an fhailighe dheineann sé; agus (2) mara mbéidh fhios go cruinn aige i n-a aigne a olcas is tá sé; agus (3) mara dtugaidh sé a thoil go h-iomlán leis. Mara gcóimhlíontar na trí coinghealacha so níl sa pheaca ach peaca so- loghthach. Cuir i gcás go bhfuil adhbhar an pheaca (an smaoineamh nú an briathar nú an gníomh nú an fhailighe) go h-an-olc agus go bhfuil fhios ag an nduine go dian-mhaith a olcas is tá sé, mara dtuga sé toil go h-iomlán leis níl ach peaca so-loghthach ann. Nú cuir i gcás go dtugann duine a thoil go h-iomlán le droich-nídh ach ná fuil fhios go cruinn aige gur peaca marbhthach an rud san a dhéanamh, ní bhéidh ach peaca so-loghthach ann. **Tugtar peaca marbhthach ar an bpeaca san mar go gcuireann sé deire le beatha spioradálta an anma .i. marbhuigheann sé grásta Dé ann. Nuair a bhíonn an corp marbh ní féidir dó na gníomhartha úd a dhéanamh do dheineadh sé nuair a bhí sé 'n-a bheathaidh. Nuair a bhíonn an t-anam marbh go spioradálta ní fhéadann sé aon ghníomh spioradálta a dhéanamh — aon ghníomh a thuillfeadh
luach-saothair dó i láthair Dé. Nuair a bhíonn an t-anam 'n-a bheathaidh go spioradálta — nuair a bhíonn sé ar staid na ngrást — tuilleann sé méadú ar a ghlóire i bhFlaitheas Dé le gach deagh- ghníomh d'á ndeineann sé. Ní mar sin do'n anam a bhíonn marbh go spioradálta. I n-ionad luach- saothair a thuilleamh le deagh-ghníomharthaibh is amhlaidh a chailleann sé pé luach-saothair a bhí tuillte cheana aige. Ach bíodh ná tuilleann na deagh-ghníomhartha a deintear i staid pheaca mharbh- thaigh aon luach-saothair spioradálta ní h-ionann é sin agus a rádh go bhfuil siad gan tairbhe. Is deagh-ghníomhartha iad pé uair a deintear iad agus bíodh ná fuil aon mhéadú glóire le fághail d'á mbárr i bhFlaitheas Dé b'fhéidir mar gheall ortha gur bh'é toil Dé tré n-A mhór-thrócaire grásta a bhronnadh ar an bpeacach a thabharfadh é arís go staid na ngrást. Nuair a dheineann duine aithrighe gheóbhaidh sé thar n-ais an luach- saothair a chaill sé mar gheall ar an bpeaca marbhthach. Má bhíonn sé de mhí-ádh ar dhuine é a thuitim i bpeaca marbhthach ba cheart dó dul chun Faoistine gan mhoill agus maitheamhnas d'fhághail. Maran féidir leis dul chun Faoistine ba cheart dó é féin a spriuchadh chun gníomh croidhe-bhrú iomlán a dhéanamh. Cialluigheann an focal "so-loghthach" so-mhaithte, agus tugtar an t-ainm sin air mar gur furaiste é a mhaitheamh seachas an peaca marbhthach. Ní ghearrann an peaca so-loghthach sinn amach ó Flaitheas Dé fé mar dheineann an peaca marbhthach, ach i n-a aindeóin sin is uile is coir chómh mór san peaca so-loghthach, ná béadh sé dleaghthach againn é dhéanamh chun an domhain go léir a shaoradh ó dhíthiú.
Tá dhá shaghas ócáid nú cionnfáth peaca ann - (1) DLÚTH-ócáid nú DLÚTH-chionnfáth, agus (2) CIAN-ócáid nú CIAN-chionnfáth. Bíonn sé 'n-a dhlúth-ócáid nú 'n-a dhlúth-chionnfáth do dhuine nuair a bhíonn contabhairt mhór go dtairingeóchaidh sé an duine sin chun peaca. Bíonn sé 'n-a chian-ócáid nuair a bhíonn contabhairt go dtairin- geóchaidh sé an duine chun peaca ach gur suarach an chontabhairt í. Is dlúth-ócáid peaca do dhuine dul isteach i dtigh óil má's gnáthach leis dul ar meisge ann; ach an té ná béadh aon dúil san ól aige dá raghadh sé isteach sa tigh óil chéadna ní bhéadh ach cian-ócáid dó ann, nú b'fhéidir ná béadh aon ócáid pheaca dó i n-aon chor ann. Tá an oiread de ócáidíbh peaca ann agus tá de dhaoiníbh ar an saoghal. Is minic gur ÁIT éigin áirithe a thairgeann daoine chun peaca, cuir i gcás tigh óil nú áit 'n-a mbíonn droch-chainnt ar siúbhal. Uaireanta is DUINE éigin an ócáid pheaca, cuir i gcás duine a chleachtann cainnt mí-bhanamhail nú cainnt neamh-charthanach. Uair- eanta is RUD éigin a thairgeann duine chun peaca — airgead nú éadach aoibhinn, agus rl. An rud a bhéidh 'n-a ócáid pheaca do dhuine b'fhéidir nár bh'aon ócáid pheaca do dhuine eile é, agus an rud á bhéadh 'n-a dhlúth-ócáid do dhuine b'fhéidir ná béadh do dhuine eile ann ach cian-ócáid. Aith- neóchaidh duine go minic ó n-a bheatha féin cia'ca saghas ócáide dó féin a bhíonn ann. Tá rudaí áirithe, ámhthach, atá 'n-a n-ócáidíbh peaca do gach éinne beagnach, mar atá droch-chuideachta, droich- leabhair, siúbhal-oidhche, ólachán, agus léir-dhío- mhaointeas. Is peaca do dhuine é féin a chur gan ríachtanas i ndlúth-ócáid an pheaca. Is
peaca marbhthach dó é féin a chur i ndlúth-ócáid pheaca marbhthaigh agus peaca so-loghthach dó é féin a chur i ndlúth-ócáid pheaca so-loghthaigh. **Tugaimíd GRÁSTA ar gach aon chabhair a thugann Dia dhúinn chun sinn a chur ar leas ár n-anma. Is grásta ó Dhia dhúinn seanmóin éisteacht nú caoi 'fhághail ar na Sácraimíntí a ghlacadh. Is grásta do dhuine sompla deagh- athar agus deagh-mháthar. Is grásta do dhuine má thagann glaodhach nú gairm ó Dhia chuige 'á spriocadh chun a shaoghal a chaitheamh fé riaghail choisricthe nú i nÓrd Bheannuighthe. Cialluigheann an focal "grásta" tabhartas nú rud a tugtar i n-aisge do dhuine. Tugtar GRÁSTA NA NAOMH- UIGHTHE nú GRÁSTA CÓMHNUIGHTHE ar an ngrásta a tugtar dúinn nuair a maithtear peaca an tsinnsir nú peaca marbhthach dúinn. Is grásta naomhuighthe a bhíonn i gceist againn de ghnáth nuair a labhraimíd ar "staid na ngrást" nú ar grásta Dé a chailleamhaint. Tugtar GRÁSTA GNÍOMHACH ar gach cabhair spioradálta a thugann Dia dhúinn de réir mar a bhíonn gádh againn leis, chun olc a sheachaint nú chun maith a dhéanamh. Is é nádúr an ghrásta naomhuighthe nú an ghrásta chómhnuighthe go bhfanann sé i n-ár n-anam nó go ruagtar é le peaca marbhthach. Ní mar sin do'n ghrásta ghníomhach, ní tugtar dúinn é ach de réir mar a bhíonn gádh leis. Tugtar grásta gníomhach do'n anam a bhíonn i bpeaca marbhthach chómh maith agus tugtar é do'n anam gan pheaca, ach ní féidir grásta naomhuighthe agus peaca marbhthach a bheith i n-anam duine i dteannta a chéile. **Gach aon nídh a dheinimíd agus a théidheann
chun sochair anma dhúinn — pe'ca smaoineamh nú briathar nú gníomh é — ní féidir dúinn é thosnú ná leanmhaint air gan grásta ó Dhia. Sin é an bhrigh atá le foclaibh ár dTighearna: "Gan mise ní féidir daoibh aon nídh a dhéanamh." Tugann Dia dos gach éinne grásta a dhóthain chun a anam a shaoradh agus an té chómh-obruigheann leis na grástaibh sin tugtar líonmhaireacht grásta dhó- breis agus a dhóthain grásta. Is contabharthach an rud cur suas do ghrástaibh Dé. Chímíd ó'n léirsgrios a deineadh ar Ierusalem agus ó'n ndroich-chrích a bhí ar Iúdás connus a bhaineann Dia díoghaltas as an dream a thugann failighe 'n-A ghrástaibh. **Is féidir labhairt ar dá shórt grásta naomhuighthe — an chéad ghrásta agus an dara grásta. 'Sé an CHÉAD GHRÁSTA an grásta naomhuighthe gheibheann duine nuair a glantar a anam ó pheaca an tsinnsir nú ó pheaca marbhthach. Aon mhéadú a thagann ar an ngrásta san, nuair a dheineann an duine deagh-ghníomh tugtar an DARA GRÁSTA air. Cuir i gcás go bhfuil duine i bpeaca marbhthach. Má théidheann sé chun Faoistine maithtear an peaca san dó agus tugtar grásta naomhuighthe dhó. Sin é an chéad ghrásta. Má ghlacann sé Comaoine Naomhtha méaduightear an grásta naomhuighthe atá 'n-a anam. Tugtar an DARA GRÁSTA ar an méadú grásta san. *Is contabharthach an rud d'éinne fanmhaint i staid peaca marbhthaigh agus níl aon leath-sgéal ag an té a dheineann é. Dá mbéadh dhá anam againn b'fhéidir go mbéadh leath-sgéal éigin againn dá gcuirimís ceann aca i gcontabhairt,
nú dá dtiocfadh an bás dá uair orainn bhéadh leath-sgéal againn dá dtugaimís failighe ann an chéad uair. Ach ó 'nuair ná fuil ach aon anam amháin againn agus ná tiocfaidh an bás ach aon uair amháin orainn níl éinne ach duine buile a raghadh i gcontabhairt báis 'fhághail agus peaca marbhthach ar a anam. D'á bhrigh sin má bhíonn sé de mhí-ádh orainn peaca marbhthach a dhéanamh ba cheart dúinn dul chun Faoistine nú gníomh chroidhe- bhrú iomlán a dhéanamh chómh luath agus is féidir linn é. (Féach Ceacht a 28.) *Tugtar cinn-pheacaí marbhthacha ar na seacht bprímh-pheacaí marbhthacha mar gur gaol agus cine do cheann éigin aca gach aon pheaca d'á ndeintear. Cuir i gcás, is gaol do'n Uabhar mór-chúis, árd- mhiangus, mustar, maoidheamh asainn féin, andóchas agus easumhlacht, agus rl.
CEACHT A TRÍ DÉAG *Cialluigheann an focal "purgadóireacht" GLANADH agus tugtar Purgadóireacht ar an bpianós fhuilingeann anamacha áirithe ar an saoghal eile, mar go nglantar iad tré bhrigh an phianóis sin ó gach smál peaca. Is é an Creideamh Caitilicidhe i dtaobh na Purgadóireachta, de réir teagasg na n-athar i gCómhairle na Treidhnte (1) go bhfanann go minic pianós aimsire le cúiteamh i ndiaidh an pheaca tar éis maitheamhnas d'fhághail i gcoir an pheaca; (2) mara ndeintear leór-ghníomh ar an saoghal so le gníomharthaibh aithrighe ar son gach aon fhuigheal peaca go gcaith- fear é 'chúiteamh ar an saoghal eile i bPurga- dóireacht; (3) go dtéidheann úrnaighthe agus deagh-oibreacha na ndaoine atá ar an saoghal so, agus go mórmhór an tAifrionn, chun sochair na n-anam atá i bPurgadóireacht. **Is mó téacs sa Bhíobla a thaisbeánann dúinn go bhfuil Purgadóireacht ann, ach ní dócha go bhfuil aon chuid de'n Bhíobla 'n-ar cruinne gheibhmíd an teagasg san ná sa dara leabhar de Leabhraibh na Macaibíteach (xii. 46). Tá sgríobhtha ann san gur chuir Iúdás Macabéus 12,000 drachma airgid go Ierusalem chun go gcuirfí íodhbairtí le h-anamachaibh na ndaoine a marbh- uigheadh sa chogadh. Seo mar a labharann an Bíobla i dtaobh an deagh-ghnímh sin: "Is naomhtha agus is tairbheach an smaoineamh guidhe ar son na marbh ionnus go bhfuasglófaí iad ó n-a
bpeacaíbh." Cuireann na focail seo i n-iúil dúinn go bhfuil Purgadóireacht ann agus go dtugann ár n-úrnaighthe-na fuasgailt ar na h-anamachaibh a bhíonn ann. *Níor léirigh an Eaglais dúinn cá bhfuil an áit 'n-a bhfuilingeann na h-anamacha, ná cad é an saghas pianóis 'fhuilingeann siad, ach is é tuairim coitcheann na bhfíréan gur le teine céastar iad agus gur cosmhail an teine sin le teine ifrinn. Is mór an sólás dúinn a fhios a bheith againn gur féidir linn fuasgailt a thabhairt ar na h-anamachaibh sin le n-ár n-úrnaighthíbh. Is dúthrachtaighe a bheimíd chun cabhrach a thabhairt do sna h-anamachaibh i bPurgadóireacht má chuimh- níghimíd (1) gur mór an glóire a thugaimíd do Dhia nuair a chuirimíd anamacha 'Á adhradh in sna Flaithis; (2) gur féidir linn giorrú agus bogadh thabhairt ar phiantaibh na n-anam san; (3) go mb'fhéidir gur mar gheall orainn-ne atá mórán aca ag fulang; agus (4) ná fuil aon bhaoghal ná go gcúiteóchaidh siad-san linn-ne ár ndaonacht, agus go mórmhór nuair a thiocfaidh an t-am nuair a chaithfimíd féin pianta Phurgadóireachta d'fhulang. *Téidheann dá shaghas daoine go Purgadóir- eacht: (1) an mhuinntir fhaghann bás agus peaca so-loghthach ar a n-anam, agus (2) an mhuinntir gur maitheadh a bpeacaí marbhthacha dhóibh ar an saoghal so agus nár chúitigh go h-iomlán an pianós aimsire a bhí ortha mar gheall ar a bpeacaíbh. (1) Téidheann an mhuinntir 'fhaghann bás i bpeaca so-loghthachaí ei P sadóireacht mar (a) go dtruail- gheann annpiné gouo-loghthach an t-anam agus nách féidir d'acrgdh truailighthe dul go Flaitheas Dé,
agus (b) ná fuil sé de réir trócaire agus mór- mhaitheas Dé aon anam a chur go h-ifrionn i gcaitheamh na síoruidheachta marar chaill an t-anam san cáirdeas Dé tré pheaca marbhthach. (2) Téidheann an mhuinntir nár chúitigh go h-iomlán a bpianós aimsire go Purgadóireacht mar, ar a shon gur mhaith Dia coir an pheaca mharbhthaigh dóibh agus an pianós síoruidhe a leanann é ní fuláir leór-ghníomh a dhéanamh le Dia as an easumhlacht a tugadh Dó nuair a deineadh an peaca marbhthach. Is féidir an leór-ghníomh san a dhéanamh ar an saoghal so má dheinimíd oibreacha aithrighe (trosgadh nú déirc, agus rl.), nú má ghlacaimíd logha. **Innstear dúinn sa Sgriptiúir Naomhtha gur éilimh Dia, agus ní aon uair amháin é, pianós aimsire mar leór-ghníomh i bpeacaíbh tar éis na bpeacaí a mhaitheamh. Do pheacuigh Dáibhidh, ach tar éis aithrighe a dhéanamh agus nuair a bhí an peaca maithte dhó d'éilimh Dia pianós aimsire air mar leór-ghníomh — d'éilimh sé bás a mhic air. — (II. Ríogh., xii.) Do chuir Clann Israel fearg ar Dhia le n-a gcuid gearáin sa bhfásach. Do dheineadar aithrighe agus do mhaith Dia dhóibh é, ach do chuir Sé pianós aimsire ortha — níor leigeadh dóibh cosa chur ar an dTír Tarngaire.
CEACHT A CEATHAR DÉAG Do thug Dia na deich n-aitheanta do Mhaoise an chéad uair agus iad sgríobhtha ar dhá chlár cloiche. Ar an gcéad chlár bhí an chéad tri aithne — na h-aitheanta a chuireann i n-iúil do dhaoinibh a ndualgas do Dhia. Bhí na seacht n-aitheanta eile — na h-aitheanta a chuireann i n-iúil do dhaoinibh a ndualgas d'á gcómharsain — sgríobhtha ar an dara clár cloiche. Léirigheann an chéad aithne dhúinn an dualgas atá orainn Dia d'adhradh agus tiormasgann sí orainn éinnídh a dhéanamh a bhéadh i n-aghaidh an chreidimh is cóir dhúinn a bheith i nDia againn, ná i n-aghaidh an dóchais is ceart dúinn a bheith againn Ann, ná i n-aghaidh an ghrádha is ceart dúinn a thabhairt Dó. Is ionann grádh agus carthanacht. *Tugtar na trí súbháilcí DIADHA ar Chreideamh, Dóchas, agus Carthanacht, mar go mbaineann bun- adhbhar na súbháilcí seo le Dia féin. 'Sé seo an chéad aithne i n-iomlán: "IS Mise an Tighearna Dia, do thug amach tú as talamh na hÉigipte agus as tigh na daoirse, ná bíodh déithe coigcríche agat im' láthair. Ná déin duit féin aon nídh dealbh- uighthe, ná cosmhalacht roda ar bith d'á bhfuil ar Neamh thuas ná ar talamh thíos ná d'á bhfuil in sna h-uisgíbh atá fé'n dtalamh. Ná déin iad d'adhradh, ná umhlú dhóibh." Tugaimíd SUBHÁILCE ar chumas nú éasgaidheacht anama chun maitheas a dhéanamh nú chun uilc a sheachaint, agus DUBHÁILCE ar éasgaidheacht anma chun uilc a dhéanamh.
**Is é bun-adhbhar na subháilcí MORÁLA, duine a stiúrú chun an roda a dhéanamh atá ceart do réir réasúin deagh-riaghalta. Tá cheithre subh- áilcí morála ann ar a dtugtar na subháilcí bunúdhsacha: CRÍONNACHT (nú GLIOCAS), CEART, NEART, agus MEASARACHT. Tugtar subháilcí bunúdhsacha ortha mar gur b'iad bun nú préamh na subháilcí uile iad. Cuid de sna subháilcí morála is eadh na subháilcí atá i n-aghaidh na seacht gcinn-pheacaí marbhthacha mar atá: umhlacht, féile, geanmnuidheacht, ceannsacht, measaracht, carthanacht, agus caoin-dúthracht. **Ní fuláir ár gCreideamh a bheith DAINGEAN agus IOMLÁN. É bheith daingean: gach nídh 'fhoillsigheann Dia dhúinn a chreideamhaint gan aon dabht a chur ann ná aon locht d'fhághail air, de bhrigh gur b'é Dia d'foillsigh é. É bheith iomlán: gach nídh d'ár fhoillsigh Dia dhúinn agus a mhúin- eann an Eaglais (pe'ca rud beag nú rud mór é) a chreideamhaint. Ní gádh dhúinn eólas CRUINN a bheith againn ar gach nídh a bhaineann leis na fírinníbh seo. Ní beag dúinn gach nídh a mhúineann an Eaglais dúinn a chreideamhaint go DOILÉIR agus cuid de sna prímh-fhírinníbh a chreideamhaint go SOILÉIR. Creidimíd go SOILÉIR nuair a bhíonn eólas cruinn againn ar an bhfírinne a chreidimíd; creidimíd rud go DOILÉIR nuair nách í an fhírinne sin fé leith a chreidimíd, ach fírinne éigin eile 'n-a bhfuil sí le fághail. Cuir i gcás má chreidimíd na fírinní a mhúineann an Eaglais bíonn creideamh doiléir againn i ngach fírinne aca san ná bíonn eólas againn air. Ní fuláir ár nDóchas a bheith (1) láidir, agus (2) iomlán. (1) Ní fuláir é 'bheith LÁIDIR mar gur
b'iad geallamhna Dé agus A Mhór-mhaitheas agus A Chómhacht fáth ár nDóchais, (2) Ní fuláir ár nDóchas a bheith IOMLÁN .i. dóchas a bheith againn go bhfaighmíd gach aon nídh a gheall Dia dhúinn. Ní fuláir ár gCarthanacht a bheith (1) ós cionn gach uile nídh, agus (2) éifeachtach nú torthamhail, (1) É 'bheith ÓS CIONN GACH UILE NÍDH: go bhfuil 'fhiachaibh orainn gan leigint d'éinnídh teacht idir sinn agus ár ngrádh do Dhia. (2) É 'bheith ÉIFEACHTACH nú TORAMHAIL: nách fuláir dúinn ár ngrádh do Dhia a thaisbeáint leis an slighe órduighmíd ár mbeatha agus ár ngníomhartha. Tar éis grádh a thabhairt do Dhia ba cheart dúinn grádh a thabhairt d'ár n-anam féin, 'n-a dhiaidh sin féachaint chun anma ár gcómharsan, agus 'n-a dhiaidh sin féachaint chun ár maoin shaoghalta féin agus chun maoine ár gcómharsan. **Caithfidh ár gCreideamh agus ár nDóchas agus ár gCarthanacht bheith ÓS-CIONN-NÁDÚRA. Cialluigheann sé sin go bhfuil 'fhiachaibh orainn creideamhaint mar gur b'é Dia d'fhoillsigh fírinní ár gCreidimh dúinn; Dóchas a bheith againn mar gur ar Dhia atá ár seasamh; agus Grádh a thabhairt do Dhia ar A shon féin. Tá ceangailte ar gach éinne gníomhartha Creidimh agus Dóchais agus Grádha nú Carthanachta a dhéanamh, ach má dheinimíd aon úrnaighthe 'n-a bhfuil na subháilcí sin le fághail cóimhlíonfaimíd an dualgas san.
CEACHT A CÚIG DÉAG *Tá trí dhreamh daoine ann a pheacuigheann i n-aghaidh subháilce an Chreidimh. (1) An mhuinntir ná deineann iarracht ar eólas d'fhághail ar na fírinníbh a mhúin Dia dhúinn; (2) an mhuinntir ná creideann na fírinní a mhúin Dia dhúinn; agus (3) an mhuinntir ná h-admhuigheann go gcreideann siad na fírinní mhúin Dia dhúinn. (1) 'Siad an mhuinntir ná deineann iarracht ar eólas d'fhághail ar na fírinníbh a mhúin Dia dhúinn: an mhuinntir a thuigeann go maith go bhfuil siad gan eólas ar fhírinníbh atá ríachtanach chun ár slánuighthe, nú ar dhualgaisíbh a bhaineann le n-a slighe bheatha, agus ná deineann iarracht ar an eólas sin d'fhághail - rud a fhéadfaidís a dhéanamh ach an Teagasg Críostaidhe d'fhoghluim, nú iarraidh ar dhuine éigin iad a theagasg. (2) 'Siad na h-eiricigh agus na díth-chreideamhaigh a shéanann na fírinní a mhúin Dia dhúinn. EIRICEACH is eadh éinne a shéanann aon airtiogal de'n Chreideamh atá léir ighthe ag an Eaglais: cuir i gcás, go bhfuil Íosa Críost sa Naomh-Shácraimínt nú go bhfuil ifrionn síoruidhe. SIOSMAIRE is eadh duine ná séanann aon airtiogal de'n Chreideamh, ach ná h-admhuigheann gur b'é an Pápa Ceann so-fheicse na hEaglaise. DÍTH-CHREIDEAMHACH is eadh éinne a shéanann go bhfuil Dia ann nú gur fhoillsigh Sé fírinní an Chreidimh. PÁGANACH is eadh duine a thugann adhradh do dhéithibh bréige. (3) An mhuinntir ná h-admhuigheann go gcreideann
siad fírinní an Chreidimh, sin iad an mhuinntir go bhfuil an Creideamh fírinneach aca ach a shéanann é. Deineann cuid aca é tré eagla (cuir i gcás, nuair a bhíonn Caitilicidhthe 'á gcur chun báis). Deineann a thuile aca tré náire é, a thuile aca chun feabhas a chur ar a slighe bheatha ar an saoghal so, agus mar sin dóibh. Ní bhíonn coir chómh trom ar chuid aca agus a bhíonn ar chuid eile aca. Is measa go mór an CÚIL-SHLEAMHNUIDHE a thugann suas a Chreideamh ar fad ná an té ná deineann Fíoghar na Croise air féin tré náire. *Éadóchas agus andóchas an dá pheaca i n-aghaidh shubháilce an Dóchais. Tugtar ÉADÓCHAS ar pheaca an té ná bíonn muinghin as Dia aige agus a cheapann nách féidir dó an Bheatha Shíoruidhe d'fhághail agus d'á bhrigh sin go bhfuil sé díomhaoin aige aithrighe a dhéanamh. Is mór an peaca é an t-éadóchas mar taisbeánann an té bhíonn cionntach ann go gcreideann sé ná cóimh- líonfaidh Dia A gheallamhna. B'é sin peaca Cháin agus peaca Iúdáis. Tugtar ANDÓCHAS ar pheaca an té a cheapann go dtabharfaidh Dia an Bheatha Shíoruidhe dó, ach ná deineann aon iarracht ar dhlighe Dé a choimeád ná ar aithrighe a dhéanamh i n-a pheacaíbh. An té bhíonn cionntach sa pheaca san taisbeánann sé ná fuil aon bheann aige ar Dhia agus ná cuireann sé aon spéis 'n-A fhocal ná 'n-A bhagairt. D'á bhrigh sin is peaca an-mhór go léir é. **Baineann subháilce na Carthanachta le Dia agus leis an gcómharsain. 'Sé Grádh na Cómharsan an rud is giorra do Ghrádh Dé, agus is é cómhartha an Chríostaidhe fhóghanta é thar éinnídh eile. **Cuireann Grádh na Cómharsan de dhualgas
orainn fóirithint ar ár gcómharsain nuair a bhíonn sé i gcruadhtan. B'fhéidir gur cruadhtan ANMA a bhéadh air nú cruadhtan CUIRP; agus b'fhéidir gur gnáth-chruadhtan, nú mór-chruadhtan, nú fíor- ghéar-chruadhtan a béadh air. Ma's i nGNÁTH- CHRUADHTAN a bhíonn sé — pe'ca cruadhtan anma nú cuirp é — níl de dhualgas de ghnáth orainn ach guidhe ar a shon. Nuair a bhíonn ár gcómharsa i MÓR-CHRUADHTAN anma nú cuirp — gan baoghal RÓ-MHÓR a bheith air bás d'fhághail, ná 'bheith damanta — tá dualgas orainn teacht chun fóirithint air, ach níl 'fhiachaibh orainn sinn féin a chur i n-aon chonntabhairt mhór. Má bhíonn sé i bhFÍOR-GHÉAR- CHRUADHTAN ANMA — má bhíonn sé i mbaoghal damanta — tá 'fhiachaibh orainn dul i gconntabhairt an bháis má's éigean dúinn é chun fóirithint air- cuir i gcás, chun sagart a thabhairt chuige chun asbolóid a thabhairt dó nú chun an Ola Dhéannach a chur air. Má's FÍOR-GHÉAR-CHRUADHTAN CUIRP a bhíonn air — má bhíonn baoghal báis air — tá 'fhiachaibh orainn an méid sin d'ár gcuid agus tá ríachtanach a riar leis nú aon chabhair eile a thabhairt dó ná cuirfidh sinn féin i mbaoghal báis. Níl 'fhiachaibh orainn na neithe tá ríachtanach chun sinn féin a choimeád i n-ár mbeathaidh a thabhairt dó. Nuair a bhíonn duine i mbaoghal báis de'n ghorta ní peaca dhó an oiread san de chuid a chómharsan agus shaorfaidh ó'n mbás é a thógaint. Ó 'nuair go bhfuil dualgas orainn Creideamh a bheith againn i nDia agus Dóchas a bheith againn Ann agus Grádh a thabhairt Dó, tá sé de réir réasúin go bhfuil dualgas orainn guidhe Chuige, mar gan guidhe chun Dé ní féidir dúinn ár
gCreideamh ná ár nDóchas ná ár nGrádh a thaisbeáint. Is peaca i 'i-aghaidh an chéad aithne, d'á bhrigh sin, failighe a thabhairt i n-ár n-úrnaighthibh. Ba cheart dúinn úrnaighthe a chur suas chun Dé gach maidean agus tráthnóna an chuid is lugha dhe.
CEACHT A SÉ DÉAG *Seo aithghiorra ar theagasg na hEaglaise i dtaobh na naomh: (1) Go ndeineann na naoimh guidhe chun Dé ar ár son-na, (2) go bhfuil 'fhiachaibh orainn-ne onóir a thabhairt dóibh, agus (3) gur tairbheach an rud dúinn-ne iarraidh ortha guidhe ar ár son. Nuair a ghuidhmíd chun na naomh ní mar a chéile an ghuidhe sin agus an ghuidhe a chuirimíd chun Dé. Nuair a ghuidhmíd chun Dé, grásta agus trócaire is mó iarraimíd Air, ach nuair a ghuidh- míd chun na naomh is amhlaidh iarraimíd ortha impidhe a chur chun Dé ar ár son. Sa tslighe chéadna ní mar a chéile an onóir a thugaimíd do Dhia agus an onóir a thugaimíd do sna naomhaibh. Tugaimíd adhradh agus árd-mholadh do Dhia mar gur b'é Cruthaightheóir agus Árd-Thighearna an uile nídh é, ach tugaimíd onóir do sna naomhaibh mar gur b'iad cáirde Dé iad. An saghas céadna onóra thugaimíd do'n Mhaighdin Muire agus thugaimíd do sna naoimhibh eile, ach gur mó de'n onóir sin a thugaimíd di. **Tugtar LATRÍA (.i. adhradh, an onóir is aoirde agus is uaisle) ar an onóir a thugaimíd do Dhia. Tugtar DÚLÍA (onóir níos lugha ná Latría) ar an onóir a tugtar do sna naomhaibh, agus Huperdúlía (an onóir is mó is féidir a thabhairt do chréatúir) ar an onóir a tugtar do'n Mhaighdin Muire. *Chun onóir a thabhairt do sna naomhaibh agus chun a ndeagh-ghníomhartha a chur ar gcuimhne dhúinn
do chuir an Eaglais ar bun LAETHANTA FÉILE. Níl aon lá sa mbliadhain ná go ndeintear cómh- móradh nú díl-chuimhneamh ar naomh éigin nú b'fhéidir ar mórán naomh a fuair bás an lá san de'n bhliadhain. Cuirimíd beatha agus gníomhartha na naomh ar gcuimhne dhúinn féin mar an gcéadna nuair a bhíonn a n-íomháigí nú a bpictiúirí fé onóir agus fé mheas againn i n-ár dtighthibh. **Bhí eiricigh áirithe ann san ochtmhadh céad tar éis Chríost, agus íconoclaistigh nú lucht briste na n-íomháigh a tugtaí ortha, mar dubhradar ná raibh sé dleaghthach ag éinne íomháigh a dhéanamh ná a bheith aige, agus pé áit go bhfaighdís íomháigh do bhrisidís í. *Tugtar an CHROS nú CROS AN CHÉASTA ar dheilbh nú íomháigh ár dTighearna agus É táirngeálta ar an gcrois. Tugtar TAISE ar aon chuid de chorp naoimh, nú d'á chuid éadaigh, nú d'éinnídh go raibh dlúth-bhaint ag an naomh leis. Nuair a taisbeántar taisí na naomh do'n phobal chun onóra phuiblidhe a thabhairt dóibh cuir- tear ar an altóir iad i n-a gcúmhdaighibh agus Coinnle ar lasadh 'n-a dtímcheall. Chun go mbéadh sé dleaghthach taisí a chur fé onóir an phobail ní fuláir do'n Easbog baránta a thabhairt gur b'iad na taisí fírinneacha iad. **Nuair a tugtar onóir do dhealbhaíbh na naomh nú d'á dtaisíbh, agus rl., is léir nách mar gheall ortha féin a tugtar dóibh é, ach mar gheall ar an naomh go bhfuil baint aca leis. Nuair a phógann daoine taisí nú íomháigí na naomh, nú nuair a shléachtann siad rómpa, ní do'n íomháigh ná do'n taise a tugtar an onóir ach do'n naomh féin tré n-a íomháigh.
*I measg Chríostaidhthe is beag an baoghal atá ann go ndéanfar ÍODHAL-ADHRADH, 'sé sin déithe bréige a chur suas chun a n-adhartha, ach anois agus airís bíonn Críostaidhthe cionntach i bpeaca atá cómhangarach i ngaol leis an bpeaca san. Peacaí de'n tsórt san a dheineann: (1) an mhuinntir a iarrann cabhair ar an ndiabhal nú a dheineann margadh leis, (2) lucht piseóg, (3) an mhuinntir a bhíonn cionntach i naomh-thruailiú nú i síomanacht. (1) Ní gádh éinnídh a rádh i dtaobh na ndaoine a iarrann cabhair ar an ndiabhal. (2) Tugtar piseógacht ar bheith ag éileamh ar aon rud nú ar aon fhoclaibh brigh ná buadh ná cabhair nách dual dóibh ó n-a nádúr féin agus nár thug Dia ná an Eaglais dóibh. Is 'mó saghas piseóg ann agus iad go léir peacamhail. **Is piseógacht géilleadh a thabhairt do thaidhbhreidhthibh, nú do lucht feasa nú draoidheachta, nú spéis a chur i n-arthaibh nú i gcómharthaibh baotha. Tugtar DRAOIDHEACHT ar an gcómhacht mí- nádúrtha gheibhtear ó'n ndiabhal le n-a ndeintear neithe nách féidir do dhuine a dhéanamh le n-a chómhacht nádúrtha féin. Le draoidheacht is eadh dhein lucht piseóg Pharaóth gníomhartha iongantacha mar aithris ar na míorbhúiltíbh a dhein Maoise. Le draoidheacht is eadh gheibhtear fios le cómhacht an diabhail ar neithibh a bhíonn foluighthe ó radharc daoine nú ar neithibh a bhíonn le tuitim amach i gceann tamaill. Is minic gur le cómhacht ó'n ndiabhal gheibheann "lucht feasa," lucht "caithte sgalaí," lucht cártaí a léigheadh, agus deárnadóirí an t-eólus a thugann siad uatha — uaireanta i gan-fhios dóibh féin. Is minic, ámhthach, gur claidhrí na daoine sin, a leigeann ortha go bhfuil cómhacht
thar nádúr aca mar go bhfuil siad géar-chúiseach agus go maith chun buile-fé-thuairim a thabhairt. Má's claidhrí iad is amadán éinne a raghadh ag lorg feasa ortha; agus marab' eadh, is ó'n ndiabhal a bhíonn an fios aca agus ba chóir d'éinne sgannradh a bheith air dul ag lorg eólais ortha. Piseógacht is eadh "arthaí" a chur. Tugtar arthaí ar oibreacha a deintear nú ar fhoclachaibh a labhartar i slighe áirithe nú ar uair áirithe le ionchas go dtiocfadh asta sláinte nú leigheas ar dhuine nú ar bheithidheach. Is minic a thiocfadh an leigheas gan na h-arthaí a bhac. Go deimhin is minic a bhíonn buidheachas nú milleán ar phiseógaibh nuair a thuiteann an rud amach de réir nádúra. Saghas piseóg is eadh géilleadh do chómharthaíbh baotha — cuir i gcás, laetheanta crosta, dortadh salainn le linn bídh a chaitheamh, agus rudaí dith- céille de'n tsórt san. *(3) Tugtar NAOMH-THRUAILIÚ nú naomh- aithis ar dhroich-íde a thabhairt ar dhuine, nú ar áit, nú ar rud ar bith, a bhíonn coisricthe i gcómhair Dé. D'á bhrigh sin, is féidir an naomh-thruailiú a bheith PEARSANTA, nú ÁITEAMHAIL, nú NEITHEAMHAIL. SÍOMANACHT is eadh aon rud naomhtha a dhíol nú a cheannach ar airgead. Tugtar an t-ainm sin air i ndiaidh Síoman an Draoi, fear a thairing airgead do Sna hAsbolaibh ar a gcómhacht naomhtha (Gníomh., viii.).
CEACHT A SEACHT DÉAG Toirmeasgann an Dara hAithne easonóir a thabhairt d'Ainm Naomhtha Dé. Ceanglann an aithne seo orainn: (1) labhairt le h-onóir agus le h-umhlacht ar Ainm Dé, ar A naomhaibh, agus ar gach nídh a bhaineann le seirbhís Dé; agus (2) ár móide agus ár ngeallmhana dlisteanacha a thugaimíd fé cheangal leabhair, a chóimhlíonadh. (1) Taisbeánann ár gciall féin dúinn gur cóir dúinn onóir a thabhairt do'n mhuinntir go dtug- aimíd grádh dhóibh, agus urraim agus meas a bheith againn ar a n-ainmeacha mar an gcéadna. Bhí an oiread san de mheas agus d'urraim ag na Giúdachaibh d'Ainm Dé ná leigfeadh eagla dhóibh an tAinm Naomhtha san a labhairt i n-aon chor. Deir an Spioraid Naoimh linn go gclaonfaidh d'ainm Íosa "glúin gach n-aon d'á bhfuil ar Neamh agus ar talamh agus i n-ifrionn" (Philip, ii. 10). Aon uair a chloisimíd an tAinm Sár- naomhtha san 'á labhairt ba cheart dúinn ár hata d'árdú nú ár gceann d'umhlú. **(2) Ceanglann an Dara hAithne orainn ár móide agus na geallmhanacha dlisteanacha a thugaimíd fé cheangal leabhair a chóimhlíonadh. Is 'mó uair gur gádh do dhuine an urradhas is feárr agus is treise a bheith aige gur b'í an fhírinne bhíonn aige 'á labhairt nú go gcóimhlíonfaidh sé a gheallmhanacha. Ó 'nuair gur b'é Dia an fhírinne gan teóra, do thuig daoine riamh ná raibh aon tslighe ab fheárr chun 'fhiachaibh a chur ar fhídhnéidh
an fhírinne d'innsint ná le fhiachaibh a chur air, Dia, moladh go deó Leis, a bheith mar urradh aige. Is "leabhar" glaodhach ar Dhia mar fhídhnéidh sa tslighe sin. Tugtar an t-ainm sin air mar go ndearbhuigheann an duine de ghnáth dar fírinne an Bhíobla — fírinne Focail Dé — go bhfuil an fhírinne 'á innsint aige. Tógann sé an Bíobla 'n-a láimh nú pógann sé é, agus rl., de réir nós na tíre. *Ní peaca leabhar a thabhairt má's gádh é chun maitheasa a dhéanamh do'n choitchiantacht nú do dhuine féin nú d'á chómharsain, ach ní fuláir an leabhar a thabhairt le rud a bhíonn fírinneach, agus gan éagcóir a dhéanamh leis. 'Siad so na coinghealacha a bhaineann le leabhar dleaghthach: é a thabhairt (1) le fírinne, (2) le ceart, agus (3) le breitheamhnas. (1) Le FÍRINNE: gan dearbhú le h-éinnídh ach leis an rud atá fíor, nú leis an rud is dóigh linn a bheith fíor. (2) Le CEART, gan éagcóir a dhéanamh ar an gcómharsain leis an rud a dhearbhuighmíd. (3) Le BREITHEAMHNAS, gan leabhar a thabhairt gan ríachtanas ná gan machtnamh air. Tugaimíd LEABHAR ÉITHIGH ar dhearbhú a deintear le rud ná bíonn fíor, LEABHAR ÉAGCÓRACH ar an leabhar a dheineann éagcóir ar an gcómharsain, agus LEABHAR OBAN ar an leabhar a tugtar gan ríachtanas nú gan machtnamh a dhéanamh air. Má thugaimíd geall- mhaint fé cheangal leabhair is peaca marbhthach gan an gheallmhaint sin a chóimhlíonadh. Aon uair nách féidir an gheallmhaint a chóimhlíonadh imthigheann an ceangal a chuir an duine air féin le n-a leabhar. Uaireanta nuair a bhíonn an rud a gealltar fé cheangal leabhair ró-dheacair le déanamh, tugann an Eaglais FAOISIÚ do'n té thug an leabhar -
fuasglann sí ó n-a dhualgas é. Dá dtugadh duine leabhar go ndéanfadh sé rud éigin peacamhail, cuir i gcás, éagcóir a dhéanamh ar a chómharsain, ní chuirfeadh an leabhar san aon dualgas air an rud peacamhail sin a dhéanamh. Ba pheaca a leithéid sin de leabhar a thabhairt, agus ba pheaca eile dó é a chóimhlíonadh. **Tugtar MÓID ar gheallmhaint dá ríribh a tugtar do Dhia maitheas éigin spioradálta a dhéanamh. Tá dhá shaghas móide ann — móid SHOL- AMHANTA agus móid shímplidhe. Tugtar móid sholamhanta ar mhóid a ghlacann an Eaglais 'n-a mhóid sholamhanta. Aon mhóid eile níl innte ach móid neamh-sholamhanta nú móid shímplidhe. Ní thugann éinne móid sholamhanta ach cuid de sna mnáibh riaghalta agus cuid de sna fearaibh riaghalta. Chun go mbéadh an mhóid buan- tseasamhach ní fuláir: (1) an gheallmhaint a thabhairt do Dhia, (2) a chiall a bheith i gceart ag an thé thugann an gheallmhaint sin, (3) go mbéadh fhios ag an té mhóidigheann cad é an rud atá 'á dhéanamh aige agus go dtabharfadh sé an mhóid le n-a thoil féin, (4) agus ná cuirfeadh an rud a móidighthear cosg le h-aon rud is uaisle ná é féin. Nuair a deintear deagh-obair fé cheangal móide is luachmhaire i láthair Dé é ná dá ndéantaí an obair chéadna i n-éaghmuis na móide, mar de bhrigh na móide deineann duine íodhbairt d'á thoil féin chun Dé agus bíonn luach na h-íodhbarta san aige i dteannta luach an deagh-ghnímh. Ní mar a chéile ceangal móide agus ceangal deagh-rúin. Ní peaca deagh-rún a bhriseadh, ach ní féidir móid a bhriseadh gan pheaca. Is peaca marbhthach nú peaca so-loghthach é de réir an ceangail a chuir-
eann an móididhe air féin nuair a thugann sé an mhóid. Is díthcéille an rud do dhuine móid a thabhairt gan chómhairle a ghlacadh roimh-ré. Go deimhin, níor cheart do dhuine móid a thabhairt i n-aon chor gan cead ó n-a oide-faoistine. Coisgeann an Dara hAithne easgainí, mionnaí- móra, leabhair-éithigh, agus dia-aithis nú dia- mhasladh. Tugtar EASGAINE nú MALLACHT ar aon droch-ghuidhe a thugann duine dó féin nú d'éinne eile. Is é nádúr na h-easgaine gur peaca marbhthach í, ach is minic ná bíonn innte ach peaca so-loghthach mar ná deintear machtnamh ar an olc a bhíonn san easgaine nú nách ó'n gcroidhe deintear an droch-ghuidhe. Is minic, leis, go mbíonn an t-olc a guidhtear ró-shuarach do pheaca marbhthach. MIONN-MÓR is eadh glaodhach ar Dhia gan ríachtanas gan onóir d'Á Ainm mar fiadhnaise go bhfuil an fhírinne 'á innsint againn. Is mionnaí móra mór-chuid de sna focalaibh gan adhbhar a thugann daoine mar dheimhniú ar a gcuid cainnte, mar atá: "Nár fheicead-sa Dia," agus rl. Má bhíonn baint ag an mionn le Dia féin nú le Flaitheas Dé nú le Crois Chríost (cuir i gcás, "Dar an Pháis,") is dearbhú nú leabhar dá ríribh é. Is peaca ró-sgannramhail go léir LEABHAR ÉITHIGH mar go ndeineann an té thugann é Dia féin cionntach i mbréig an oiread agus is féidir leis. DIA-MHASLADH nú dia-aithis is eadh aon fhocal a thugann easonóir do Dhia — ba dhia-mhasladh a rádh ná fuil Dia cóir ná ceart. Is peaca marbhthach I gCÓMHNUIDHE dia-mhasladh má thuigeann an té bhíonn cionntach ann, i gceart, an rud adeir sé agus má thugann sé a thoil leis. Mar chúiteamh le Dia san easonóir a tugtar Dó le
h-easgainíbh, le mionnaíbh móra, le leabhraibh éithigh, agus le dia-mhasladh cómhairlighthear dúinn "Na Molta Diadha" (Moladh le Dia, Moladh le n-A Ainm Naomhtha, agus rl.) a rádh. Tá logha bliadhna le fághail gach uair adeirtear "Na Molta Diadha." Ceanglann an Tríomhadh hAithne orainn (1) an tsaoire nú an tSabóid a choimeád go naomhtha, agus (2) gan oibreacha saotharacha a dhéanamh gan ríachtanas. Deir an Eaglais linn gur b'é an Domhnach an tSabóid, agus go bhfuil 'fhiachaibh orainn Aifrionn d'éisteacht chun an lá san a naomhú. Chun an dualgais sin a chóimhlíonadh tá ceangailte orainn bheith láithreach an fhaid a bhíonn aon Aifrionn amháin 'á rádh. *Deineann duine "Aifrionn d'éisteacht" nuair a bhíonn sé láithreach agus an tAifrionn 'á léigheadh (1) le h-intinn an Aifrinn d'éisteacht, agus (2) nuair is féidir leis fhios a bheith aige cad tá ar siubhal ar an altóir. Dá ráineóchadh ná béadh radharc ag duine ar an altóir (dá mbéadh sé i n-eaglais mhór agus go mbéadh piollóir idir é agus an sagart nú dá mbéadh sé i n-eaglais a bhéadh ró-bheag do'n phobal agus go gcaithfeadh sé fanmhaint lasmuigh de'n doras) ní chuirfeadh san gan an tAifrionn é dá bhféadfadh sé gach cuid de'n Aifrionn a dhéanamh amach — rud nách deacair a dhéanamh ach éisteacht le cloigín na h-altóra nú na daoine 'fhaire nuair a théidheann siad ar a nglúinibh nú nuair éirigheann siad. Tá 'fhiachaibh orainn Aifrionn - iomlán d'éisteacht. Is peaca aon chuid de'n Aifrionn a chailleamhaint go toilteanach. Is peaca marbhthach do dhuine gan teacht chun an
Aifrinn go dtí tar éis an Offertórium nú an Ofráil — má's le n-a thoil féin a bhíonn sé déannach. Tosnuigheann an Ofráil láithreach tar éis an tSoisgéil agus an Chré a rádh. Níor pheaca do dhuine an tAifrionn a chailleamhaint tré ríachtanas — cuir i gcás dá mbéadh breóidhteacht air, nú dá mbéadh sé ag tabhairt aire do dhuine bhreóidhte, nú dá mbéadh aistear ró-fhada air ag dul go dtí an tAifrionn, nú dá mbéadh an aimsir ró-olc. Nuair a chailleann duine an tAifrionn agus ná bíonn leigheas aige air ní peaca dhó i n-aon chor é agus ní gádh dhó é 'ínnsint i bhFaoistin. I dteannta an dualgais atá orainn Aifrionn d'éisteacht CÓMHAIRLIGHEANN an Eaglais dúinn cuid de'n Domhnach a chaitheamh ag déanamh úrnaighthe agus oibreacha diadha, cuir i gcás oibreacha na trócaire (corpordha agus spioradálta). **'Siad so Seacht n-oibreacha SPIORADÁLTA na Trócaire:- 1. Deagh-chómhairle a thabhairt do'n té atá 'n-a easnamh. 2. Eólas a thabhairt do'n ainbhfhiosach. 3. Teagasg a leasa a thabhairt do'n pheacach. 4. Sólás a thabhairt do dhaoinibh dubrónacha. 5. Olc a mhaitheamh. 6. Éagcóir d'fhulang go foidhneach. 7. Guidhe ar bheóibh agus ar mharbhaíbh. **'Siad so Seacht n-oibreacha CHORPORDHA na Trócaire:- 1. Biadh a thabhairt do'n ocrach. 2. Deoch a thabhairt do'n tartmhar.
3. Éadach a thabhairt do'n nocht. 4. Óstaidheacht a thabhairt do'n deóraidhe. 5. Dul ag fiosrú na n-easlán. 6. Dul ag fiosrú na ndaoine atá i mbraigh- deanas. 7. Adhlacadh na marbh. **Tugtar EASBAIRT ar an tráth san de'n Oifig Naomhtha nú de'n Phortús a léightear nú a cantar um thráthnóna. I n-eaglaisíbh áirithe léightear an easbairt ós cómhair an phobail, agus is tairbheach an rud bheith láithreach le linn na h-easbairte a léigheadh nú a chanadh tráthnóna Dia Dómhnaigh. I n-a lán des na h-eaglaisibh, i n-ionad na h-easbairte deirtear an Choróin Mhuire agus tugtar Beannachadh na Sácraimínte Naomhtha **I dteannta a bheith ceangailte orainn an tAifrionn d'éisteacht gach Domhnach, tá coisgighthe orainn oibreacha saotharacha a dhéanamh gan ríachtanas. Ní coisgightear aon obair orainn Dia Domhnaigh ach obair a bhíonn SAOTHARACH agus GAN RÍACHTANAS i dteannta a chéile. Bíonn obair "saotharach" nuair nách féidir é dhéanamh gan a lán duaidh agus saothair cuirp agus gur le neart an chuirp agus nách le meabhair chínn is mó a deintear é. Bíonn obair "gan ríachtanas" nuair ná bíonn gádh leis. Seo cuid des na h-oibreachaibh is féidir a dhéanamh Dia Domhnaigh gan pheaca: (a) Aon obair GO mBÉADH GÁDH CRUAIDH LEIS, cuir i gcás aon obair a dhéanfadh duine chun a chuid a shaoradh ó lot nú ó chailleamhaint. (b) Aon obair a déanfaí tré CHARTHANACHT — congnamh a thabhairt
do dhuine bhocht chun a thorthaí a shábháil nú chun a thigh a cheartú dhó. (c) Aon obair a déanfaí le CRÁBHTHACHT nú le DIADHACHT — slacht nú maise do chur ar altóiríbh na h-eaglaise, agus rl. (d) Gnáth- oibreacha an tighe. (e) Oibreacha NEAMH-SHAO- THARACHA — oibreacha iarrann meabhair cínn níos mó ná neart an chuirp chun a ndéanta, mar atá, ceól a chleachtadh, nú sgríobhnóireacht a dhéanamh, iasgaireacht, bádóireacht, agus rl. Nuair a deintear aon obair shaotharach tré ríachtanas níor chóir a dhéanamh de ach an oiread agus bhéadh ríachtanach. *Tá ceangal ó'n gceathramha h-aithne ar athrachaibh agus ar mháithreachaibh i dtaobh a gcuid cloinne chómh maith agus tá ar an gcloinn i dtaobh a n-athar agus a máthar. (1) 'Sé DUALGAS NA dTÚISMIGHTHEÓIRÍ (a) a gclann do theagasg, (b) oileamhaint a thabhairt dóibh agus iad a chur chun cinn. (a) Cialluigheann an focal TEAGASG oideachas do thabhairt dóibh de réir a gcumais agus a slighe-bheatha. Tugtar oideachas ar an tabhairt suas agus foghluim a théidheann chun sochair anma agus cuirp dóibh. Is peaca marbh- thach d'athair nú do mháthair failighe a thabhairt i n-oideachas spioradálta a gcuid cloinne nú droch-shampla a thabhairt dóibh. (b) Tugtar OILEAMHAINT do'n chloinn nuair a tugtar dóibh biadh agus deoch agus éadach agus gach éinnídh éile atá ríachtanach dóibh de réir maoine agus slighe-bheatha na dtúismightheóirí. **Seo mar a labharann Naomh Pól i dtaobh na n-atharacha agus na máithreacha a thugann failighe i n-a gcloinn: "Éinne ná fuil suím aige 'n-a chuid féin agus go mor-mhór i lucht a theagh- laigh féin is duine é atá tar éis an Chreidimh
a shéanadh agus is measa é ná díthchreideamhach." (1. Timot., v. 8.) (2) Tá 'fhiachaibh ar an gcloinn grádh, onóir, agus umhlaigheacht a thabhairt d'á n-athair agus d'á máthair, mar (a) gur b'é Dia chuir ós a Gcionn iad, agus (b) gur chóir dóibh bheith buidheach díobh i dtaobh a bhfuil déanta aca ar a son. *Chun umhlaigheacht cheart a thabhairt d'á n-athair agus d'á máthair, ní mór do'n chloinn rud a dhéanamh ortha go toilteannach, go h-imnídheach, agus go cruinn. Ní'l 'fhiachaibh ortha, ámhthach, rud a dhéanamh ortha má's rud peacamhail iarrtar ortha a dhéanamh. An leanbh go n-iarrfaí air rud de'n tsaghas san a dhéanamh, ba cheart dó a thaisbeáint d'á athair nú d'á mháthair gur pheaca dhó é dhéanamh agus go mbéadh 'fhiachaibh air rud a dhéanamh ar Dhia níos túisge ná mar a dhéanfadh sé ar dhuine é. Ach ba cheart é sin a dhéanamh go cneasta. Is cosmhail le dualgas na dtúismightheóirí, an dualgas atá ar mháighistiríbh agus ar uachtaránaibh i dtaobh na muinntire atá fé n-a smacht nú fé n-a stiúrú; agus ar an gcuma gcéadna is cosmhail an dualgas atá ar an muinntir atá fé uachtarán leis an dualgas atá ar chloinn i dtaobh a n-athar agus a máthar. **Is iongantach an rud é nár gheall Dia luach-saothair ar an saoghal so de bhárr aon tsubháilce eile ach de bhárr an onóra agus an umhlaigheachta a tugtar do'n athair agus do'n mháthair. "Tabhair onóir dot' athair agus dod' mháthair ionnus go bhfaighidh tú saoghal fada ar an dtalamh." — (Ecsod., xx. 12.)
CEACHT A hOCHT DÉAG Toirmisgeann an cúigeadh h-aithne orainn (1) dúnmharbhú toileamhail, 'sé sin, ár n-anam féin nú anam ár gcómharsan do thógaint go h-éag- córach, (2) troid agus imreas, (3) meisge, (4) fuath, (5) fearg, (6) anchainnt tharcuisneach, agus (7) sgannal. **Níl ach trí h-ócáidí 'n-a bhfuil cead ag éinne anam duine do thógaint. Tá cead aige é dhéanamh (1) i gcogadh cheart dhleaghthach, (2) nuair a daortar duine chun báis go ceart agus go dleaghthach i dtaobh coir mór a dhéanamh, agus (3) nuair ná bíonn aon tslighe eile ag duine chun a anam féin nú anam a chomharsan a chosaint. Ceann des na peacaí éigheann ar Dhia ag iarraidh díoghaltais is eadh dúnmharbhú. Ní hé amháin an té a mharbhuigheann an duine a bhíonn cionntach i ndúnmharbhú; bíonn an mhuinntir a thugann órdú, cómhairle, nú congnamh dó cionntach sa pheaca mar an gcéad a. Bíonn dúine cionntach i ndúnmharbhú má thógann sé a anam féin, agus is peaca ró-sgannramhail é sin, mar ní linn féin ár n-anam ach le Dia. Thug Sé ár n-anam dúinn ar feadh tamaill — tamall chun sinn a thriail - agus is mór an choir d'éinne an aimsir sin a ghiorrú gan úghdarthás ó Dhia. Tá gráin chómh mór san ag an Eaglais ar an bpeaca san ná tugann sí cead a adhlactha i dtalamh choisricthe d'éinne a mharbhuigheann é féin. Ní h-aon pheaca do dhuine dúil a bheith aige i mbás d'fhághail d'fhonn is go
mbéadh sé i bhfochair Dé nú ar eagla go ndéanfadh sé peaca, ach is peaca do dhuine dúil a chur i mbás d'fhághail tré mhí-fhoidhne nú tré éadóchas. Peaca eile i n-aghaidh na h-aithne seo is eadh cómhrac aonair a throid, nú a iarraidh, nú a ghlacadh. Tugtar CÉIDIL nú CÓMHRAC AONAIR ar chómhrac a deintear le h-airm fola, ar uair agus i n-áit socruighthe roimh-ré, agus gan ag cómhrac ar gach taobh ach éinne amháin. Cuireann an Eaglais fé choineall-bháthadh an bheirt a dheineann an cómhrac, an mhuinntir a thugann cómhairle nú congnamh dóibh, agus gach éinne a thagann chun an chómhraic d'fheicsint. Ceanglann an cúigeadh h-aithne orainn gan aon díoghbháil a dhéanamh d'ár gcómharsain i n-a bhallaibh beatha, agus gan fuath ná fearg a bheith againn chuige, mar is tré fhuath agus tré fheirg is gnáthach díoghbháil na cómharsan a dhéanamh. **(3) Tugtar MEISGE ar ólachán le n-a gcail- leann duine a chiall nú a chéadfadh. Is peaca marbhthach do dhuine bheith ar meisge le n-a thoil féin. An té go mbíonn fhios aige ná stadfaidh sé nó go mbéidh sé ar meisge má thosnuigheann sé ar an ól, bíonn sé sin cionntach i bpeaca marbhthach chómh luath agus a THOSNUIGHEANN sé. Bíonn lucht díolta an óil cionntach i bpeaca marbhthach má leanann siad ar an ól a thabhairt go toilteannach do dhuine nó go mbíonn sé ar meisge. **Ní amháin gur peaca meisge: is minic gur ócáid, nú cionnfáth, peacaí eile é. Is 'mó duine a thugann taithighe ar ólachán dó féin, 'á cheapadh, go díthcéillidhe, gur congnamh é chun obair
throm a dhéanamh, nú gur leigheas é ar ghalaraibh áirithe, nú go ndeineann sé maitheas do'n tsláinte, nú go gcosnuigheann sé duine ó fhuacht. Ach i n-ionad an mhaitheasa san go léir a dhéanamh is amhlaidh a dheineann an t-ól díoghbháil mhór do dhuine de réir na ndaoine is feárr a chuir eólas ar an gceist seo. Luigheaduigheann sé an neart i n-ionad é mhéadú, tairgeann sé galar ar an nduine i n-ionad é leigheas, loiteann sé an goile agus sgaipeann sé teas an chuirp. **(4) Tugtar FUATH ar olc láidir buan- tseasamhach do'n chómharsain. Peaca an-mhíchríos- tamhail is eadh fuath — peaca atá bun-ós-cionn ar fad le teagasg Chríost. (5) Tugtar FEARG ar chorruighe lasánta díombuan a thagann i n-ár gcroidhe i n-aghaidh éinnídh ná taithneann linn. Nuair a bhíonn an fhearg an-dhian is minic gur peaca marbhthach é. Acht má thagann fearg ar dhuine i dtaobh maitheas a bheith 'á chosg, nú i dtaobh olc a bheith 'á dhéanamh, agus gan an fhearg a bheith ró-dhian, ní peaca i n-aon chor é. (6) Tugtar ANCHAINNT-THARCUISNEACH ar aon mhíochlú nú masladh a tugtar do dhuine, cuir i gcás aghaidh-bhéil aithiseach, baisteachán, agus rl. (7) Tugtar SGANNAL nú droch-shampla ar aon fhocal mí-cheart nú aon ghníomh mí-cheart is cúis peaca do dhuine eile. **Is 'mó saghas sgannail atá ann. Tá (1) an ghnáth-sgannal, (2) sgannal na bhfann, (3) sgannal na bhFairisíneach. (1) Tá dhá shaghas GNÁTH-sgannaile ann, sgannal dhíreach nú sgannal mhailíseach, agus sgannal mhí-dhíreach. Bíonn sí DÍREACH nú mailíseach nuair a deirtear nú a deintear aon rud d'aon-ghnó chun duine eile do
tharrac chun peaca. Bíonn an sgannal MÍ- DHÍREACH nuair a dheineann duine rud éigin agus a fhios aige go dtabharfaidh a ghníomh duine éigin eile chun peaca, ach nách chuige sin i n-aon chor a dheineann sé é. (2) Bíonn sgannal NA bhFANN ann nuair a deintear rud éigin a rádh nú a dhéanamh ná fuil go h-olc ann féin ach go mb'fhéidir go dtabharfadh sé chun peaca daoine ná tuigeann an sgéal nú daoine tugtha do pheaca. (3) Tugtar sgannal NA bhFAIRISÍNEACH ar an mbrigh olc a baintear as deagh-ghníomh, fé mar a dhein na Fairisínigh le míorbhúiltíbh ár dTighearna. Is é droch-aigne an duine a ghlacann an sgannal fé ndeara an sgannal san. Is peaca ró-uathmhar go léir sgannal a thabhairt do'n óige. Deir ár dTighearna go mb'fhearra do'n té thugann sgannal do dhuine gan pheaca go gcrochfaí bró mhuilinn le n-a mhuineál agus é chaitheamh isteach sa bhfairrge. — (Mait., xviii. 6.) Níl aon tsaghas peaca a deintear go puiblidhe nách féidir sgannal a thabhairt leis. Coisgeann an séimheadh h-aithne orainn gach aon tsaghas peaca mígheanamnaidhe ach amháin smaointe mígheanamnaidhe. 'Sí an naomhadh h-aithne a choisgeann iad san orainn. *Is gráineamhail go léir iad na peacaí neamh- ghlana i bhfiadhnaise Dé. Is uraiste é sin aithint ó'n léir-sgrios a dhein Dia ar lucht na drúise ar an saoghal so. 'N-a theannta san deir sgríobh- nóirí diadha linn gur mar gheall ar pheacaíbh dhe'n tsórt san a deineadh formhór na ndaoine atá i nIfrionn a dhamaint. Mar gheall ar pheacaíbh neamh-ghlana 'seadh bháthaidh Dia sa Dílinn an chine daonna go léir, ach amháin Nóá agus a líon-tighe;
mar gheall ar na peacaíbh sin do loisg Dia Sodom agus Gómorrath agus na daoine bhí ionnta; agus mar gheall ar na peacaíbh sin d'órduigh Sé 24,000 de Chlann Israel a chur chun báis. Coisgeann an séimheadh h-aithne orainn amharca agus focail mígheanamnaidhe agus gach aon ócáid nú cionnfáth peaca mígheanamnaidhe chómh maith agus choisgeann sí gníomhartha drúiseamhla. Is AMHARC mígheanamnaidhe gach aon fhéachaint mhíonáireach mhíobhanamhail a tugtar le taithneamh ar rud nách cóir a fheicsint. Dá bhfeiceadh duine rud de'n tsaghas san gan coinne leis ba cheart dó a shúile a tógaint uaidh láithreach. Tugtar FOCAIL mígheanamnaidhe ar chómhrádh neamh-ghlan, míobhanamhail; focail shalacha, cainnt dúbalta, sgéalta agus focail grinn, agus amhráin, a bhíonn míobhanamhail barbra. Is feárr a dheineann fear an droch-chómhráidh obair an diabhail ná mar fhéadfadh an diabhal féin é dhéanamh, b'fhéidir. Ní féidir a áireamh cad é an méid daoine chuirfeadh a leithéid sin de dhuine ar aimhleas. Ní gádh a rádh go mbíonn fear na cainnte mígheanamnaidhe cionntach i bpeaca marbhthach. Ach ní hé sin amháin a bhíonn cionntach. Éinne éisteann leis, nú ná cuireann cosg leis má's féidir é, nú maran féidir, ná fágann a chuideachta, bíonn sé cionntach i bpeaca marbhthach leis. Tugtar ÓCÁID nú CIONN-FÁTH peaca mígheanamnaidhe ar aon nídh lasmuigh dhínn féin a thairgeann sinn chun peaca neamh-ghlan a dhéanamh, mar atá droch-chuideachta, droich-leabhair, agus rl. Is peaca marbhthach do dhuine dul gan chúis san áit gur gnáth leis tuitim i bpeaca neamh-ghlan. Is annamh a deintear peaca mígheanamnaidhe nách peaca marbhthach é. Tá sé
cosmhail le peaca an dia-mhasladh sa tslighe sin. Má deintear go toilteannach é agus le lán-fhios is peaca marbhthach i gcómhnuidhe é. Bristear an seachtmhadh h-aithne nuair a tógtar nú nuair a coimeádtar rud ar bith de chuid na cómharsan go h-éagcórach, 'sé sin, gan chead ó'n gcómharsain. Coisgeann an aithne seo orainn (a) foghail agus guid, (b) calaois, (c) díoghbháil mailíseach do chuid na cómharsan agus (d) usúireacht nú airleacadh. (a) Is FOGHAIL nú fuadach cuid na cómharsan do thógaint uaidh 'n-a aindeóin, le lámh-láidir. Is GUID nú gaduidheacht cuid na cómharsan do thógaint gan chead uaidh, i gan-fhios dó. (b) Is calaois cuid na cómharsan do thógaint uaidh le ceilg. An ceannuidhe ná tugann an tómhas ceart uaidh, an té a dhiúltuigheann a fhiacha do dhíol, an té a mheallann airgead nú earraí ó dhuine le h-éitheach, an fear tuarastail a chaitheann a aimsir go díomhaoin, bíd go léir cionntach i gcalaois, agus d'á bhrigh sin brisid an Seachtmhadh hAithne. (d) Is úsúireacht nú airleacadh fághaltas éagcorach d'éileamh ar airgead a tugtar ar iasacht. An té fhaghann rud amúgha tá 'fhiachaibh air é thabhairt do'n té gur leis é. Mara bhfuil fhios aige cé'r leis é, tá 'fhiachaibh air é lorg go macánta. Annsan mara n-eirigheann leis é aimsiú is féidir leis a rogha rud a dhéanamh leis an rud a fuair sé amúgha. Éinnídh de chuid na cómharsan a bhíonn go h-aindleaghthach nú go h-éagcórach ag duine caithfear é thabhairt do'n ta gur leis é, agus aon díoghbháil a deintear go
toilteannach do'n chómharsain 'n-a chuid, caithfear an díoghbháil a leigheas. Is air sin a tugtar AISIOG coda na cómharsan. Gan aisiog a dhéanamh, nú go h-áirithe gan rún daingean é dhéanamh, ní bhfaighfear maitheamhnachas. Ní cóimh- líonadh ar an ndualgas san luach na h-earradh nú luach na díoghbhála a thabhairt i ndéirc nú é thabhairt do'n tsagart chun Aifrinn a rádh ar son an duine gur deineadh a dhíoghbháil. Caithfear an t-aisiog nú an díoluidheacht a dhéanamh leis an duine gur deineadh a dhíoghbháil nú leis an mhuinntir atá i n-a oighreacht, agus Caithfear an oiread san a thabhairt i n-aisiog dó agus ná béidh sé éinnídh chun deiridh i dtaobh bheith i n-easbaidh a choda 'n fhaid a coimeádadh uaidh é. Maran féidir do'n té dhein an díoghbháil aisiog a dhéanamh LOM-LÁITHREACH, caithfidh sé rún daingean a bheith aige é dhéanamh chómh luath agus is féidir é; agus maran féidir dó an t-aisiog a dhéanamh i n-iomlán tá 'fhiachaibh air an oiread agus is féidir dó a thabhairt uaidh. Ba pheaca eile dhó an t-aisiog a chur ar gcúl nú a mhoilliú. **Nuair a dheineann dream daoine réidhteach le n-a chéile chun díoghbháil a dhéanamh do chuid a gcómharsan, tá ceangal ortha GO LÉIR díoluidh- eacht a thabhairt eatorra sa díoghbháil. Má dhiúltuigheann éinne aca do'n díoluidheacht a dhéanamh tá 'fhiachaibh ar an gcuid eile féachaint chuige ná béidh an duine gur deineadh a dhíoghbháil éinnídh chun deiridh leis. Is peaca marbhthach guid a dhéanamh nú díoghbháil a dhéanamh do chuid na cómharsan má deintear MÓRÁN díoghbhála dhó. Dá nguideadh duine sgilling ó dhuine bhocht badh mhinic gur pheaca marbhthach é. B'uraiste do
dhuine peaca marbhthach a dhéanamh, leis, dá leanadh sé ar mhion-rudaí a ghuid ó am go h-am nó go mbéadh an t-iomlán mór go maith. Fé mar a choisgeann an seachtmhadh h-aithne orainn aon díoghbháil a dhéanamh do chuid ár gcómharsan, agus fé mar choisgeann an cúigeadh h-aithne orainn díoghbháil a dhéanamh dó in a phearsain, coisgeann an t-ochtmhadh h-aithne orainn aon díoghbháil a dhéanamh d'ár gcómharsain 'n-a chlú ná 'n-a cháil. Coisgeann an t-ochtmhadh h-aithne orainn na peacaí seo go léir: (a) bréaga nú éitheach, (b) breitheamhnas anoban, (c) gach aon tsaghas cúl-chainnte agus tromuidheachta, agus (d) sgéi- theadh rún. (a) Is BRÉAG nú éitheach éinnídh bun-ós-cionn leis an rud a bhíonn san aigne do rádh nú do chur i n-iúil d'fhonn duine éigin eile a mhealladh nú a chur amúgha. Ní bréag i n-aon chor é mara mbíonn fonn ar an té innseann é duine eile a mhealladh. (b) Is BREITHEAMHNAS ANOBAN duine do dhaoradh i n-ár n-aigne i n-aon droich-nídh gan chúis. Dá bhfeiceadh duine fear ag dul isteach i dtigh tábhairne agus go gcreidfeadh sé ó'n méid sin gur meisgeóir é bhéadh sé cionntach i mbreitheamhnas anoban, mar ná béadh cúis a dhóthain aige chun na breithe sin a thabhairt air. (c) Coisgeann an t-ochtmhadh h-aithne orainn aon díoghbháil a dhéanamh do chlú ár gcómharsan le h-aon tsaghas CÚL-CHAINNTE nú TROMUIDHEACHTA — éitheach a chur air nú a dhroich-bhearta fholluighthe do nochtadh gan chúis. Tá daoine ann agus is dóigh leó nách aon díogh- bháil rud a rádh i gcoinnibh a gcómharsan má bhíonn an fhírinne aca chuige! Ní h-amhlaidh atá
ámhthach. Dá chionntaighe an chómharsa níl cead againne a chlú ná a cháil a mhilleadh gan chúis an-mhór. Níor bh'aon pheaca droich-bhearta na cómharsan a chur i n-iúil d'á uachtarán dá gceap- faimís go gcuirfeadh an t-uachtarán ar a leas é; agus níor bh'aon pheaca labhairt i dtaobh droich- ghníomhartha ár gcómharsan dá mbéadh fhios ag an gcoitchiantacht cheana ortha agus ná déanfaimís aon díoghbháil dó. Ó 'nuair go ndeineann an chúl-chainnt díoghbháil do chlú na cómharsan fé mar a dheineann guid díoghbháil d'á mhaoin, tá 'fhiachaibh ar an té a mhilleann a chlú aisiog a dhéanamh ann mar an gcéadna. Ní leór dó dul chun faoistine agus croidhe-bhrú agus cathú a bheith air — tá 'fhiachaibh air 'n-a theannta san clú agus cáil a chómharsan a leigheas chómh maith agus is féidir é. Má chuir sé éitheach air caithfidh sé an fhírinne a chur i n-ionad an éithigh, agus má's leis an fhírinne do mhill sé a chlú caithfidh sé rud éigin fóghanta a rádh i n-a thaobh mar leigheas ar an ndíoghbháil. Ní h-iad lucht na tromuidheachta amháin a bhíonn cionntach. Bíonn an mhuinntir éisteann leó nú a shéideann fútha cionntach chómh maith leó. Uime sin deir Naomh Bearnárd gur cosmhail teanga an chúl-chainnteóra le claidheamh na dtrí bhfaobhar, mar gearrann sé an t-anam sa duine a labharann, sa duine bhíonn ag éisteacht, agus sa chómharsain ná bíonn láithreach. (d) Peaca eile i n-aghaidh na h-aithne seo is eadh RÚN DO SGÉITHEADH. Is minic fhaghann dochtúirí, fir dlighe, agus a leithéidí fios rúin ó'n muinntir a thagann ag lorg eólais ortha. Ba mhór an peaca dhóibh aon rún de'n tsórt san a fhoillsiú. Agus dá ráineóchadh go gcloisfeadh duine éinnídh bhíonn
'á innsint i bhfaoistin ag duine eile, ba mhór go léir an peaca dhó tagairt d'éinnídh a chloisfeadh sé. Tá trí shaghas bréige nú éithigh ann: bréag shultmhar, bréag chabharthach nú bréag mhaitheasach, agus bréag dhíoghbhálach. Tugtar BRÉAG SHULT- MHAR ar an mbréig innstear mar chaitheamh- aimsire. Is í an BHRÉAG CHABHARTHACH an bhréag innstear chun maitheas a dhéanamh do dhuine féin nú do dhuine eile. Is í an bhréag dhíoghbhálach an bhréag innstear chun díoghbhála a dhéanamh do dhuine eile. Is peaca aon tsórt bréige innsint, ach is í an bhréag dhíoghbhálach an bhréag is measa. Is peaca marbhthach bréag innsint a dheineann díoghbháil mhór do dhuine 'n-a chlú nú 'n-a chuid.
CEACHT A NAOI DÉAG Coisgeann an naomhadh agus an deichmhadh h-aithne orainn smaoineamh go toilteanach le dúil nú le taithneamh ar na neithibh atá coisgighthe ag an sémhadh agus ag an seachtmhadh h-aithne. Coisgtear smaointe agus mianta peacamhla orainn chómh maith agus a coisgtear an droich-ghníomh, mar chíonn Dia an droch-aigne chómh maith agus chíonn Sé an droich-ghníomh, agus 'n-a theannta san dá mbéadh cead ag daoinibh bheith ag smaoineamh ar dhroich-ghníomh agus taithneamh a thógaint ann ba ghairid go mbrostóchadh na smaointe sin iad chun droich-ghníomh a dhéanamh. Coisgeann an naomhadh h-aithne (1) smaointe mígheanamnaidhe, agus (2) ócáidí fogais nú dlúth-ócáidí chun smaointe mí-gheanamnaidhe. **(1) Is féidir an naomhadh h-aithne a bhriseadh le smaoineamh gan aon dúil ná mian, chómh maith agus bristear í le smaoineamh agus le mian i n-aonfheacht, ach is é an smaoineamh go mbíonn an mhian leis, an smaoineamh is measa. Ní miste dhúinn na céimeana, le n-a dtagann duine chun peaca a dhéanamh le droch-smaoineamh, a sgrúdú go géar. Ar dtúis tagann samhail an droich- nídh ós cómhair na h-aigne. Ní bhíonn leigheas air sin agus ní h-aon pheaca é. 'N-a dhiaidh sin brathann an duine taithneamh ag teacht aige sa droich-nídh. Mara gcuirtear chun siúbhail an taithneamh san láithreach chómh luath agus braithtear é is peaca so-loghthach é. Ach i n-ionad an ruaig
a chur ar an droich-nídh, má thugann an duine a thoil leis — má ghlacann sé taithneamh go toilteanach ann, is peaca marbhthach é. Nuair a pheacuigheann duine le smaoineamh gan mian tugann sé a thoil leis an dtaithneamh 'fhaghann sé sa droch-shamhail a bhíonn ós cómhair a aigne, ach má's le droich- mhian a pheacuigheann sé i dteannta an droch- smaoinimh, cuireann sé dúil sa droich-nídh féin agus sanntuigheann sé é bheith aige. Deineann duine an saghas céadna peaca le droich-mhian agus dá ndeineadh sé an droich-ghníomh féin. Ní h-aon díoghbháil do dhuine droch-smaointe a theacht 'n-a aigne, dá fháid a bheidís ann, nú dá ghéire a chuirfidís air, nú dá ghráineamhla iad, an fhaid agus ná tabharfadh sé a thoil leó. (2) Coisgeann an naomhadh h-aithne orainn ÓCÁIDÍ chun DROCH- SMAOINTE mar an gcéadna. 'Siad na h-ócáidí is gnáthaighe a thairgeann daoine chun droch-smaoine, ól nú meisge, droich-leabhair, droch-chuideachta, siúbhal oidhche, rinnce, agus díomhaointeas. *Is maith an béas é glaodhach ar Íosa, ar Mhuire, agus ar Naomh Ióseph, ag iarraidh cabharach ortha chómh luath agus thagann aon droch-smaoineamh i n-ár n-aigne, agus annsan cuimhneamh ar rud éigin eile ar fad — rud éigin a bhí 'á léigheadh le déannaighe againn, nú rud éigin a chonnacamair nú a chualamair. **Is féidir aithghearradh a dhéanamh ar an chéad trí aithne — na h-aitheanta a bhaineann le Dia agus le n-ár ndualgaisíbh 'n-A thaobh — i bhfocalaibh ár dTighearna: "Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód' chroidhe go h-iomlán agus ót' anam go h-iomlán agus ót' aigne go h-iomlán." — (Mait. xxii. 37.) An té thugann grádh mar
sin do Dhia níl baoghal ná go gcoimeádfaidh sé an chéad aithne, mar tabharfaidh sé adhradh do Dhia mar is cóir; coimeádfaidh sé an dara h-aithne, mar tabharfaidh sé urraim agus onóir d'Ainm Naomhtha an Tighearna; agus coimeádfaidh sé an tríomhadh h-aithne, mar geárrfaidh sé cuid d'á aimsir (an Domhnach) amach i gcómhair seirbhís Dé. Is féidir aithghearradh a dhéanamh ar na h-aitheantaibh eile i bhfoclaibh ár dTighearna: "Grádhfaidh tú do chómharsa mar thú féin." — (Mait., xxii. 39.) An té thugann grádh d'á chómharsain ar son Dé de réir na bhfocal so tabharfaidh sé an onóir is ceart do'n mhuinntir a bhíonn ós a chionn, agus ceart agus cothrom do'n mhuinntir a bhíonn fé n-a chómhacht; ní dhéanfaidh sé díoghbháil anama ná cuirp d'á chómharsain, agus ní mhillfidh sé a chuid ná a chlú. Nuair adeirimíd go bhfuil 'fhiachaibh ar dhuine grádh a thabhairt d'á chómharsain mar a thugann sé grádh dhó féin ní deirimíd go bhfuil 'fhiachaibh air an méid céadna nú an oiread céadna de ghrádh a thabhairt dó, ach an SAGHAS céadna de ghrádh. Má bhíonn grádh de'n tsórt san againn d'ár gcómharsain, béidh an meas céadna againn air gur mhaith linn go mbéadh ag eisean orainne; labharfaimíd 'n-a thaobh fé mar ba mhaith linn go labharfadh seisean orainne; agus taisbeán- faimíd cáirdeas dó fé mar ba mhaith linn go dtaisbeánfadh seisean cáirdeas dúinne. Tá ceangal orainn grádh a bheith d'ár namhaidibh chómh maith agus bhéadh againn d'ár gcáirdibh. Ceann de sna cómharthaibh gur Críostaidhe duine 'seadh go ngrádhann sé a namhaide. Tá trí réasúin nú fáthana againn chun grádh a thabhairt d'ár namhaidibh,
agus do'n mhuinntir a dheineann éagcóir orainn: (a) D'órduigh ár dTighearna dhúinn é — "Tugaidh grádh d'bhúr namhaidibh" — (Lúcás, vi. 27); (b) Thug ár dTighearna féin sampla dhúinn, agus (c) Is ar an gcoingheal san a maithfear ár bpeacaí dhúinn féin — "Maith dhúinn ár gcionnta mar a mhaithimíd-ne do chách a chionntuigheann 'n-ár n-aghaidh."
CEACHT A FICHE *I dteannta na deich n-aitheanta thug Dia féin dúinn tá aitheanta eile ann a thagann uaidh tríd an Eaglais chughainn. Dubhairt Críost leis an Eaglais: "An té éisteann leat-sa éisteann sé liom-sa." D'á bhrigh sin is ó Dhia a thagann aitheanta na hEaglaise chómh maith le deich n-aitheanta Dé ach nách sa tslighe chéadna a tugadh dúinn iad. Deir ár dTighearna i dtaobh an té a dhiúltaigheann éisteacht leis an Eaglais gur cuma é nú págánach nú puibliocánach. — (Mait., xviii. 17.) Tugtaí PUIBLIOCÁNAIGH ar an muinntir a bhailigheadh an cháin Rómhánach ó sna Giúdachaibh. Bhí gráin agus fuath ag na Giúdachaibh dóibh, mar go ndeinidís lomadh agus creachadh agus éagcóir ar na daoinibh. Tugann an Eaglais mórán aitheanta dhúinn, ach tá sé h-aitheanta is mó tábhacht ná an chuid eile:- *An chéad aithne "Aifrionn d'éisteacht gach Domhnach agus lá saoire." Do mínigheadh an aithne sin cheana nuair a deineadh trácht ar an tríomhadh aithne d'Aitheantaibh Dé. Tá Domhantaí ann is solamhanta ná a chéile. 'Siad Domhnach na Páise, Domhnach na Failme, Domh ach Cásga, An Mhion-Cháisg, Domhnach Cingcíghse, agus Domhnach na Tríonóide na Domhantaí is solamhanta ortha. 'Sé DOMHNACH NA PÁISE an cúigeadh Domhnach de'n Charghas. Tugtar an t-ainm sin air mar gheall ar an gcuimhniú a deintear ar Pháis Chríost tamall gairid 'n-a dhiaidh sin. Is é Domhnach na
FAILME an Domhnach a thagann i ndiaidh Dhomhnach na Páise. Tugtar an t-ainm sin air i gcuimhniú ar theacht ár dTighearna, go caithréimeach, isteach i gcathair Ierusalem nuair a bhailigh na daoine ag fáiltiú roimis agus nuair a leathadar géaga failme ar an mbóthar fé n-A chosaibh. Mar chuimhniú ar sin deintear failm a choisreacan agus a riar ar an bpobal an Domhnach so gach bliadhain. Is é Domhnach CÁSGA an Domhnach 'n-a ndeintear cuimhniú ar Eiseirighe ghlórmhar ár dTighearna ó mharbhaíbh. Tugtar an MHION- CHÁISG ar an Domhnach tar éis Domhnach Cásga. Fadó, an mhuinntir a bhíodh tar éis Baiste do ghlacadh go solamhanta um Cháisg chuiridís díobh, an Domhnach so, na brait bhána a cuirtí ortha lá a mbaistí. Sin é an fáth go dtugtar Dominica in Albis, nú Domhnach na mbán-bhrat, air. *Naomhuightear an lá saoire sa tslighe chéadna go naomhuightear an Domhnach. Ní bhíonn an oiread céadna de laetheantaibh saoire i gcuid de sna tíortaibh agus bhíonn i dtíorthaibh eile. Deich gcinn de laetheantaibh saoire fógartha a bhíonn againn i nÉirinn: (1) Lá Nodlag, (2) Lá Féile an Timcheallgheárrtha, (3) An tEpiphaní nú Lá Nodlag Beag, (4) Lá Féile Pádraig, (5) Dar- daoin Deasgabhála, (6) Lá Féile Cuirp Críost, (7) La Féile Pheadair agus Phóil, (8) Lá Gabhála na Maighdine Muire suas ar Neamh, (9) Lá na Naomh Uile, (10) Lá Geineamhaint na Maighdine Muire gan Smál. (1) Is é LÁ NODLAG an chéad lá saoire fógartha de bhliadhain na hEaglaise, mar tosnuigheann bliadhain na hEaglaise leis an gcéad lá de'n Adbhent — an Domhnach is giorra de'n deichmhadh lá fichead de Shamhain — agus is é
an cúigeadh lá fichead de Mhí na Nodlag Lá Nodlag. Deintear cuimhniú an lá san ar theacht ár dTighearna ar an saoghal i mBetlehem. (2) An chéad lá d'Eanair deintear cuimhniú ar TIMCHILL-GHEARRADH ár dTighearna, óir do deineadh Timchill-ghearradh Air de réir gnás na nGiúdach an t-ochtmhadh lá tar éis É theacht ar an saoghal. (3) Bíonn féile an EPIPHANÍ nú an Nodlaig Bheag againn an 6adh lá d'Eanair. Deintear cuimhniú an lá san ar fhoillsiú ár dTighearna do sna geintibh nuair a chuir Sé É féin i n-iúil do sna fearaibh eólais nú Máigí. Focal Gréigis is eadh Epiphaní agus cialluigheann sé "foillsiú." (4) Bíonn LÁ FÉILE PÁDRAIG againn an 17adh lá de Mhárta. Deintear cuimhniu ar Naomh Pádraig, Asbol na hÉireann, d'iompuigh muinntir na tíre seo fadó ó phágántacht go Creideamh Chríost. Deirtear gur i nAlbhain a rugadh é. Tugadh go hÉirinn é nuair a bhí sé 'n-a bhuachaill óg. Fé cheann seacht mbliadhan d'éaluigh sé ó bhraighdeanas. Tamall 'n-a dhiaidh sin do chuir an Pápa, Naomh Celestín, go hÉirinn é chun an chreidimh a chraobhsgaoileadh i measg phágánach na tíre. (5) Tagann DARDAOIN DEASGABHÁLA dachad lá tar éis Domhnach Cásga. Deintear cuimhniú an lá san ar ár dTighearna a dhul suas ar Neamh ó Chnoc Olibhet agus A shuidhe ar dheas-láimh Dé. (6) Is é DARDAOIN CHORP CHRÍOST an Dardaoin i ndiaidh an chéad Domhnach tar éis Cingcíghse. Is i n-onóir Chríost i Sácraimínt Bheannuighthe na hAltóra bhíonn an fhéile seo againn. Tugtar laetheanta féile so-aistrighthe ar an dá fhéile seo mar nách ar an lá céadna de'n bhliadhain a thuit-
eann siad gach aon bhliadhain marab ionann is na laetheanta féile eile — na laetheanta féile do- aistrighthe. (7) Is é an naomhadh lá fichead de Mheitheamh LÁ FHÉILE PEADAIR AGUS PÓIL. Bíonn an fhéile sin againn i n-onóir an dá Asbol san a cuireadh chun báis an lá san de'n bhliadhain nuair a bhí Néró i gceannas Ímpreachta na Rómha. (8) Is é an cúigeadh lá déag de Lughnasa LÁ GABHÁLA NA MAIGHDINE MUIRE suas ar Neamh. Deintear cuimhniú an lá san ar thógaint na Maighdine Muire suas go flaitheas Dé tar éis a báis. Is é gnáth-thuairim na starthaidhe Caitilicidhe gur i nIerusalem a fuair sí bás. Tar éis a báis níor leig Dia d'á corp beannuighthe dreóghadh san uaigh, ach thóg Sé suas ar neamh é i dteannta a h-anma. (9) Is é Lá Samhna LÁ FHÉILE NA NAOMH UILE — lá fhéile na ndaoine go léir a bhí ar an saoghal so agus atá anois i seilbh na glóire i bhflaitheas Dé. (10) Bíonn Féile GHEINEAMHAINT NA MAIGH- DINE MUIRE GAN SMÁL againn an t-ochtmhadh lá de Mhí na Nodlag. Deinimíd cuimhniú an lá san ar an mbuadh thug Dia do'n Mhaighdin Mhuire thar gach éinne de chlann Ádham nuair nár leig Sé aon smál ná timheal de pheaca an tsinnsir ar a h-anam. *I dteannta na laetheanta saoire fógartha cuireann an Eaglais ós ár gcómhair laetheanta féile eile. Ní laetheanta saoire fógartha iad, ámhthach. Is amhlaidh a chuireann siad ar gcuimhne dhúinn neithe do thuit amach i saoghal ár dTighearna, nú i mbeatha na naomh, nú i stair na hEaglaise. Bíonn Lá Fhéile Muire na gCoinneall ann an dara lá de Mhí Feabhra chun toirbheirte ár
dTighearna sa Teampall a chur ar gcuimhne dhúinn; bíonn Féile Naoimh Ioseph, pátrún na hEaglaise, ann an 19adh lá de Mhártha; bíonn Féile Anam na. Marbh an dara lá de Shamhain, chun go nguidhfí go spesialta ar na h-anmnachaibh i bPurgadóireacht. Bíonn Féile Theachtaireacht an Aingil ann an 25adh lá de Mhárta. Is gairid ó bhí an lá san 'n a lá shaoire fógartha. Deintear cuimhniú an lá san ar an sgéal a thug an tÁrd- aingeal Gábríél chun na Maighdine Muire — gur b'í a bhí toghtha chun bheith 'n-a máthair ag Mac Dé. Bíonn Féile Seacht nDólás na Maighdine Muire ar an Aoine roimh Dhomhnach na Failme. Bíonn féile eile i n-onóir Seacht nDólás na Maighdine Muire an cúigeadh lá déag de Mheitheamh an Fhóghmhair. Cialluigheann na Seacht nDólás so na seacht ndubhróin uathbhásacha a bhí ar Máthair Dé, agus is mar gheall ar an mbriseadh croidhe do chuir na seacht ndubhróin seo uirthe go bhfeicimíd go minic a pictiúirí agus seacht gcloidhmhte tré n-a croidhe. I dteannta na bhféilte seo ainmnighthe bíonn féile speisialta i ngach fairche agus paróiste agus eaglais i n-onóir an naoimh a bhíonn 'n-a phátrún ar an áit. **An dara h-aithne "trosgadh agus tréadhnas do dhéanamh na laetheanta órduighthe." Chun an dualgais atá orainn aithrighe agus leór-ghníomh do dhéanamh i n-ár bpeacaíbh d'ainmnigh an Eaglais tráthana áirithe de'n bhliadhain chun aithrighe - Adbhent agus an Carghas. Tugtar Adbhent ar an aimsir ó'n Domhnach is giorra do'n 30adh lá de Shamhain (lá fhéile Naoimh Aindriais) go dtí an Nodlaig. Ba mhian leis an Eaglais go ndéanfaimís sinn féin d'ollamhú i gcaitheamh na
h-aimsire seo chun féile na Nodlag do chaitheamh mar is cóir. 'Sé an Carghas an dachad lá roimh Cháisg (gan aon Domhnach a chóimhreamh). An té a chaitheann an Adbhent agus an Carghas mar is cóir gheóbhaidh sé mórán grásta ó Dhia, béidh sé ag déanamh leór-ghníomh 'n-a pheacaíbh agus ag cur sriain le n-a ainmhiantaibh. Leanann dhá thráth gáirdeachais agus lúthgháire spioradálta (an Nodlag agus an Cháisg) an dá thráth a tugtar d'aithrighe agus do leór-ghníomh. Tá cuid de mhíosaibh na bliadhna a tugtar suas d'oibreachaibh éigin crábhthachta. Um Bealtaine deintear onóir fé leith a thabhairt do'n Mhaighdin Muire. Is é mí Dheire an Fhóghmhair mí na Coróineach Mhuire, is é Mí an Mheithimh mí Chroidhe Neamhdha Íosa, agus is í an tSamhain mí na nAnam i bPurga- dóireacht. **Tugtar "na Rógáide" nú "Laetheanta na hAthchuinghí" ar an Luan, an Mhárt, agus an Chéadaoin roimh Dardaoin Deasgabhála. Cuirtear suas úrnaighthe speisialta na trí laetheanta so 'á iarraidh ar Dhia an rath a chur ar shíoltaibh agus ar thorthaíbh na talmhan agus síothcháin agus séan a thabhairt do sna daoinibh. *LÁ TROSGAIDH is eadh aon lá ná ceaduigh- tear dúinn a chaitheamh ach aon bhéile amháin iomlán. Is LÁ TRÉIDHNIS lá 'n-a gcoisgtear orainn feóil d'itheadh. LÁ TROSGAIDH AGUS TRÉIDHNIS is eadh aon lá ná ceaduightear dúinn a chaitheamh ach aon bhéile amháin agus go gcoisgtear orainn feóil d'itheadh 'n-a theannta san. Níl aon lá sa mbliadhain ná fuil cead againn im, uibhe, agus bainne do chaitheamh. Tá cead againn lá trosgaidh i dteannta an éin-
bhéile iomláin MION-BHÉILE do chaitheamh ar maidin agus istoidhche ach gan ós cionn ocht n-únsa bídh a bheith i mion-bhéile na maidne ná ós cionn dá únsa istoidhche. Níl 'fhiachaibh ar éinne fé bhun bhliadhain agus fiche d'aois, ná ar éinne ós cionn trí fichid bliadhan d'aois, trosgadh do dhéanamh. Níl ceangal trosgaidh (1) ar an muinntir a bhíonn ag obair go dian, ná (2) ar éinne ná fuil ar fóghnamh 'n-a shláinte nú go ndéanfadh an trosgadh aon díoghbháil d'á shláinte, ná (3) ar dhaoinibh bochta nách féidir leó béile ceart bídh d'fhághail. Tá 'fhiachaibh orainn tréadhnas a dhéanamh ó aois seacht mbliadhan amach. Is féidir faoisiú d'fhághail i ndlighe an trosgaidh agus an tréidhnis ó'n Easbog nú ó'n sagart paróiste nú ó dhuine éigin go bhfuil cómhacht aige chuige ach gan é iarraidh gan chúis. **Lá TRÉIDHNIS is eadh gach Aoine sa mbliadhain ach amháin Aoine lasmuigh de'n Charghas ar a dtuiteann lá saoire. I nÉirinn má thuiteann Lá Fhéile Pádraig ar An Aoine ní bhíonn trosgadh ná tréadhnas ann. Lá TROSGAIDH AGUS TRÉIDHNIS I nAONFHEACHT is eadh: (1) Gach Céadaoin agus Aoine sa Charghas, (2) Gach Céadaoin agus Aoine agus Satharn de sna Cheithre Tráthana Trosgaidh, (3) Figil na Cingcíghse, Figil Lae Gabhála Muire suas ar Neamh, Figil Lae Féile na Naomh Uile, agus Figil na Nodlag. Tá trosgadh GAN tréadhnas ar na laetheantaibh eile de'n Charghas. Tá cead ag Muinntir na hÉireann feóil d'itheadh gach Satharn trosgaidh lasmuigh de'n Charghas. Níl trosgadh ná tréadh- nas ar aon Domhnach sa mbliadhain ná ar aon lá saoire lasmuigh de'n Charghas.
**Tugtar na Cheithre Tráthana Trosgaidh ar an gCéadaoin, an Aoine, agus an Satharn tar éis na laetheanta so: (a) an Chéad Domhnach de'n Charghas, (b) Domhnach Cingcíghse, (c) an ceathramha lá déag de Mheitheamh an Fhóghmhair, agus (d) an tríomhadh lá déag de Mhí na Nodlag. Bíonn na laetheanta san mar aimsir aithrighe agus trosgaidh againn chun a iarraidh ar Dhia an rath a chur ar thorthaíbh na talmhan agus sagairt naomhtha a thabhairt do'n Eaglais. Cuireann an Eaglais 'fhiachaibh orainn trosgadh agus tréadhnas a dhéanamh mar leór-ghníomh i n-ár bpeacaíbh agus chun go bhféadfaimís buadh d'fhághail ar chathaibh an diabhail. 'N-a theannta san d'órduigh Críost dúinn trosgadh do dhéanamh agus do dhein Sé féin trosgadh.
CEACHT A hAON AGUS FICHE *Cuireann an tríomhadh h-aithne d'aitheantaibh na hEaglaise 'fhiachaibh ar Chaitilicidhthibh dul chun Faoistine uair sa mbliadhain, agus cuireann an ceathramhadh h-aithne 'fhiachaibh ortha dul chun Comaoine um Cháisg. Éinne ná glacann Comaoine um Cháisg tagann sé fé choinneal-bháthadh na hEaglaise. Cialluigheann sé sin go bhféadfaí é dhíbirt as thigh Dé agus dá bhfaigheadh sé bás ar an staid sin ná féadfaí é adhlacan i dtalamh choisricthe. Ní gádh do dhuine Comaoine na Cásga do ghlacadh 'n-a pharóiste féin, ach caithfidh sé a chur i n-iúil d'á shagart paróiste go raibh sé ag Comaoine. I dtosach saoghail na hEaglaise do théidheadh gach éinne a bhíodh ag an Aifrionn chun Comaoine. Ach tar éis tamaill do chuaidh na daoine i bpatfhuaire, agus b'éigean an dlighe seo a dhéanamh, go gcaithfeadh gach éinne Comaoine do ghlacadh um Cháisg gach bliadhain. Do cuireadh an dlighe seo ar bun i gCómhairle an Latarain sa bhliadhain 1215 i n-aimsir an tríomhadh hInnocentius Pápa. Is sia an t-am chun Comaoine na Cásga a ghlacadh a bhíonn i n-áitean- aibh ná a chéile. Is féidir an dlighe a chóimhlíonadh i nÉirinn anois má glactar Comaoine aon lá ó thosach an Charghais (Céadaoin an Luaithridh) go dtí Domhnach na Tríonóide (an chéad Domhnach tar éis Cingcíghse). **Tá dhá shaghas col pósta ann: (a) an col a dheineann neamh-dhleaghthach an pósadh, agus
(b) an col a dheineann neamh-nídh de'n phósadh. Má phósann daoine agus col eatorra a dheineann neamh-dhleaghthach an pósadh is peaca marbhthach dóibh é, ach seasuigheann an pósadh. Má dheineann daoine iarracht ar phósadh agus col eatorra a dheineann neamh-nídh de'n phósadh ní pósadh i n-aon chor é agus bíd cionntach i bpeaca marbhthach ró- throm go léir. **Níl puinn col anois ann ná deineann ach an pósadh a dhéanamh neamh-dhleaghthach. Is iad an dá cheann so is mó tábhacht ortha: (1) Móid neamh- sholamhanta geanamnuidheachta, agus (2) pósadh le h-eiriceach. Is féidir do dhaoinibh pósadh anois aon uair de'n bhliadhain is maith leó, ach ná fuil beannachadh na hEaglaise le fághail aca um Adbhent ná um Charghas. Tá an Eaglais go h-an-mhór i gcoinn pósadh idir Chaitilicidhe agus duine nách Caitilicidhe. Má bhíonn an té ná fuil 'n-a Chaitilicidhe gan Baiste, deineann an col a bhíonn eatorra an pósadh do chur ar neamh-nídh. Tá cúis a dóthain ag an Eaglais chun bheith chómh dian agus tá sí i gcoinnibh pósadh idir Chaitilicidhe agus duine nách Caitilicidhe: (a) mar gur minic a chailleann an Caitilicidhe an Creideamh, nú go dtéidheann a Chreideamh i bhfuaire, mar gheall ar a leithéid sin de phósadh; (b) mar go bhfuil sé an-dheacair do'n Chaitilicidhe an chlann a thabhairt suas mar ba chóir; agus (c) mar ná fuil éinnídh is mó is tugtha chun lánamha a chur ag achrann agus ag coimheasgar ná gan iad araon a bheith ar aon chreideamh amháin. Tá cheithre chol déag ann a dheineann neamh-nídh de'n phósadh. Seo cuid
aca: (1) Móid Gheanamnuidheachta. (2) Gaol. (3) Cómhgus nú Cóimhléaras. (4) Cáirdeas Críost. (5) An pósadh a bheith fé cheilt. (6) Ceangal pósta a bheith cheana ar an nduine le duine éigin a mhaireann fós. (7) An pósadh a bheith le duine gan Baiste. Deineann col an GHAOIL neamh-nídh de phósadh idir an mhuinntir a bhíonn a trí is a trí de ghaol le n-a chéile nú aon ghaol is athchumaire ná a trí is a trí. Bíonn daoine a trí is a trí de ghaol le n-a chéile má's iad an tríomhadh glúin gaoil iad, ag cómhaireamh ó'n bPRÉIMH, nú ó'n lánamhain ó'r shíolruigh na glúine gaoil. Dritháir agus dribhshúr an chéad ghlúin. Clann an drithár agus an dribhshéar, nú clann na beirte drithár nú clann na beirte dribhshéar, an dara glúin, agus mar sin dóibh. Coisgeann col an CHÓMHGAIS nú an chóimhléarais ar fhear, má gheibheann a bhean bás, gaolta na mná go dtí an dara glúin a phósadh agus coisgeann sé ar an mnaoi gaolta a fir go dtí an dara glúin a phósadh. An té sheasuigheann le leanbh mar athair nú máthair baistidhe tá CÁIRDEAS CRÍOST nú cómhgas spioradálta idir an duine sin agus an leanbh, agus idir an té dheineann an baiste agus an leanbh. Is PÓSADH FÉ CHEILT aon phósadh a dheineann Caitilicidhe i n-aon áit eile ach i láthair sagairt paróiste na h-áite (nú i láthair shagairt éigin eile go bhfuil cead ó'n sagart paróiste nú ó'n Easbog aige) agus beirt fídhnidhthe. Is féidir leis an sagart paróiste, i n-a pharóiste féin, aon daoine a thagann chuige chun go bpósfaí iad do phósadh, pé áit gur b'as iad. Má's ó
áit lathsmuigh d'á pharóiste féin an bheirt aca níl sé dleaghthach aige iad a phósadh gan cead ó'n Easbog nú ó shagart paróiste dhuine aca, ach má phósann sé iad béidh an pósadh 'n-a fhíor- phósadh. Má's ó n-a pharóiste féin éinne de'n bheirt nú má gheibheann sé cead ó shagart paróiste ceachtair aca béidh an pósadh dleaghthach agus buan-tseasamhach. Is gnáthach gur i bparóiste na mná a bhíonn an pósadh, agus d'á bhrigh sin is ó shagart paróiste na mná is ceart cead d'fhághail má's lathsmuigh de pharóiste na mná a bhíonn an pósadh. Tugann an Eaglais FAOISIÚ, nú sgaoileadh ó cheangal na dlighe, i bhfor-mhór na gcol má bhíonn cúis a dóthain aice chuige sin, ach tá a dhó nú a thrí dhíobh ná tugann sí faoisiú i n-aon chor ionnta. Is gnáthach FÓGAIRT nú gairm a dhéanamh ar an bpósadh ós cómhair an phobail aimsir Aifrinn na trí Domhantaí roimh-ré. Deintear é sin chun go bhfaighfí eólas ar aon chol pósta a bhéadh ann; mar dá mbéadh col ann i gan-fhios a chuirfeadh an pósadh ar neamh-nídh ní bheidís pósta i n-aon chor, agus níor bh'fhéidir dóibh pósadh nó go bhfaighfí faoisiú ó'n gcol san. I mórán áiteanna i nÉirinn ní gnáthach pósadh d'fhógairt, ach ní mór cead chuige sin d'fhághail ó'n Easbog.
CEACHT A DÓ AGUS FICHE Deintear úrnaighthe chun Dé (a) chun É d'adhradh, (b) chun buidheachais a bhreith Leis i dtaobh A thabhartaisí, (c) chun leór-ghníomh nú cúiteamh do dhéanamh i n-ár bpeacaíbh, agus (d) chun tabhartaisí Dé d'iarraidh. *Tá dhá shaghas úrnaighthe ann: (a) ÚRNAIGHE BÉIL, nú an úrnaighe a dheinimíd go coitchianta i bhfocalaibh, agus (b) MÍDHEAMHAIN, nú an úrnaighe a dheinimíd istigh sa chroidhe agus san aigne. Níl éinnídh a dheinimíd i rith an lae — ár ngnó, ár gcómhrádh, ár mbeannú d'á chéile, ár gcaitheamh aimsire, caitheamh ár mbídh — níl aon cheann aca san nách féidir úrnaighe a dhéanamh leis, agus onóir a thabhairt do Dhia leis, má thugaimíd suas do Dhia é ar an intinn sin. Ba cheart dúinn, gach maidean, gníomhartha an lae atá rómhainn a thabhairt suas do Dhia agus an íodhbairt sin d'athnuadhchaint i gcaitheamh an lae. Má dheinimíd é sin béidhmíd go coitchianta ag guidhe chun Dé fé mar órduigh ár dTighearna dhúinn, agus gach éinnídh a dhéanfaimíd i gcaitheamh ár saoghail tabharfaidh sé onóir agus moladh do Dhia, béidh ár saoghal go léir 'n-a ghuidhe chun Dé ó thosach go deire. Ó 'nuair go bhfuil an DOMHNACH agus an LÁ SAOIRE geárrtha amach ag Dia féin chun úrnaighthe ba cheart dúinn ár nguidhe a chur suas Chuige na laetheanta san thar aon lá eile. Ba cheart dúinn guidhe Chuige AR MAIDIN chun A chabhartha d'iarraidh i gcómhair an
lae rómhainn, agus ISTOIDHCHE, chun buidheachais a bhreith Leis i dtaobh A thabhartaisí dhúinn i rith an lae. Ba cheart dúinn guidhe Chuige nuair a bhímíd i n-aon BHAOGHAL anma nú cuirp, chun go dtabharfadh Sé saor ó'n gcontabhairt sinn. Ba cheart dúinn guidhe Chuige i n-aimsir BUAIDHRIMH AGUS CRUADHTAIN, chun go dtabharfadh Sé neart dúinn fulang go foidhneach, agus luach- saothair sa tsaoghal atá le teacht do thuilleamh leis an bhfulang san. *Ní dócha go raibh aon daoine ar thalamh an domhain do b'fheárr a chuir i bhfeidhm cómhairle ár dTighearna, gur cheart dúinn bheith go coitchianta ag guidhe chun Dé, ná mar a thuig muinntir na hÉireann. Taisbeánann na focail adeiridís agus iad ag beannú d'á chéile gur chuimhnigheadar i gcómhnuidhe go rabhadar i láthair Dé. Bhíodh focail mar seo i gcómhnuidhe 'n-a mbéal agus bíonn fós san áit go labhartar an Ghaedhilg: Dia dhuit. — Dia is Muire dhuit. — Dia do bheatha. — Bail ó Dhia oraibh. — Bail ó Dhia ar an obair. — Dia beatha grásta Dé. — Dia linn. — Go bhfóiridh Dia orainn. — Go réidhidh Dia dhúinn. — Go bhféachaidh Dia orainn. — Go bhfágaidh Dia do shláinte agat. Nách leamh neamh-milis an beannú a thugann Béar- lóirí d'á chéile i gcompráid leis na focalaibh seo a bhíonn go coitchianta i mbéal an Ghaedhilgeóra. *Gheóbhfar i leabhraibh úrnaighthe na h-úrnaighthe béil a mholann an Eaglais dhúinn. Níor cheart d'aon Chaitilicidhe gan An Phaidir (Ár nAthair atá ar Neamh), An tÁbhé (Go mbeannuighthear duit, a Mhuire), an Chré, an Fhaoistin Choitchiann, agus Gníomhartha Creidimh, Dóchais, agus Grádha is Croidhe-bhrú do bheith de ghlan-mheabhair aige. Ba
cheart dó eólas éigin a bheith aige ar na h-úrnaighthibh adeirtear le linn Aifrinn, ar na h-úrnaighthibh adeirtear roimh Chomaoine agus Faoistin, agus tar éis Chomaoine agus Faoistine, ar an gCoróin Mhuire, agus rl. *Is áluinn go léir an tslighe chun ár nguidhe a chur suas an Choróin Mhuire nú an Paidirín Páirteach a rádh. Deirtear gur bh'í an Mhaighdean Muire féin a mhúin do Naomh Dominic connus an Choróin a rádh. Roinntear an Choróin 'n-a trí codaibh, ara dtugtar, na h-Áthais, na Dóláis, agus na Buadha. Tá chúig deichneabhair ins gach roinn aca san. Seo mar deirtear deichneabhar: Deirtear an Phaidir aon uair amháin, annsan an tÁbhé (Go mbeannuighthear duit) deich n-uaire, agus annsan, Glóire do'n Athair, agus rl., aon uair amháin. Sar a dtosnuightear ar an gcéad deich- neabhar, is gnáthach na h-úrnaighthe seo a rádh: "A Thighearna, osglóchair mo bheóla," "Agus labharfaidh mo bhéal moladh dhuit." "Crom chugham le congnamh, a Dhia," "Brostuigh, a Thighearna, agus cabhraigh liom." "Glóire do'n Athair, agus rl." Annsan deirtear an Chré ar chrois an "phaidirín" agus "Ár nAthair, agus rl.," ar an gcloich mhóir, agus "Go mbeannuighthear duit, agus rl.," ar gach ceann de sna trí clochaibh miona, agus annsan "Glóire do'n Athair, agus rl." Ní gádh na h-úrnaighthe seo a rádh, ní cuid de'n Choróin iad, ach is maith an rud iad a rádh. *Ní mór machtnamh geárr a dhéanamh le linn gach deichneabhair a rádh ar an Áthas nú ar an nDólás nú ar an mBuadh le n-a mbaineann sé, agus d'á bhrigh sin is ceart an tÁthas nú an Dólás nú an Buadh san d'ainmniú sar a ndeirtear
an deichneabhar. 'Siad so na chúig Áthais: (1) Teachtaireacht an Aingil, (2) Cuairt na Maighdine Muire ag triall ar Naomh Elisabet, (3) Teacht ár dTighearna ar an saoghal, (4) Toirbheart an Leinbh Íosa sa Teampall, (5) Íosa i lár na n-ollamh sa Teampall. 'Siad so na chúig Dóláis: (1) Allus Fola ár dTighearna sa Gháirdín, (2) Ár dTighearna 'á sgiúirseáil, (3) An choróin spíne 'á chur ar Cheann ár dTighearna, (4) Íosa ag iompar na Croise, (5) Céasadh Íosa. 'Siad so na chúig Buadha: (1) Eiseirighe ár dTighearna, (2) Deasgabháil ár dTighearna, (3) Teacht an spioraid Naoimh ar na hAsbolaibh, (4) Tógáilt na Maighdine Muire suas ar Neamh, (5) Coróiniú na Maighdine Muire thuas ar Neamh. *Tá mórán logha le fághail ag éinne a thugann TURAS NA CROISE. Chuige sin níl le déanamh ach machtnamh gairid ós cómhair gach ceann de sna cheithre pictiúiríbh déag a bhíonn i bhfor-mhór na n-eaglaisí agus na séipéal — na pictiúirí a thaisbeánann dúinn turas ár dTighearna ó thigh Phontius Píaláit go Cnoc Chalbherí lá A Chéasta. Ó fhíor-thosach na Críostaidheachta ba ghnáthach le daoine dul ag tabhairt turais go dtí an áit do shiúbhail ár dTighearna nuair a bhí Sé ag dul chun A Chéasta. Do leanadar do'n nós san go dtí an t-aonmhadh h-aos déag. Ach san am san fuair na Turcacha greim ar an dTalamh Naomhtha agus ar feadh a bhfad ní fhéadfadh éinne an turas a thabhairt gan bheith i gcontabhairt a mharbhuighthe. Mar gheall ar sin do thug an Pápa an logha a bhí le fághail ag an muinntir a thugadh an turas san do sna daoinibh a dhéanfadh oibreacha áirithe eile. Is féidir anois an logha céadna d'fhághail ach Turas na Croise do thabhairt i n-aon eaglais.
**Má's maith linn neart a bheith i n-ár nguidhe i láthair Dé ní fuláir dúinn guidhe Chuige go crábhthach, go h-umhal, agus go dúthrachtach; ár muinghin a bheith go láidir as Dia againn; agus gan éirighe as ár nguidhe, mara bhfreagarann Sé láithreach é. 'N-a theannta san ní fuláir dúinn an rud iarraimíd ar Dhia d'iarraidh ar choinghil gur b'é toil Dé é 'thabhairt dúinn agus go raghaidh sé chun leasa anama dhúinn. Níl aon rud is feárr a choimeádfaidh ár n-aigne ar ár n-úrnaigh- thibh ná a chuimhneamh go bhfuilimíd i láthair Dé, agus go bhfuil Sé ag féachaint orainn agus ag éisteacht linn. Má chuimhníghimíd gur le Dia féin a bhímíd ag cainnt nuair a bhímíd ag úrnaighe ní baoghal ná go ndéanfaimíd ár nguidhe mar is cóir. *Is minic nuair a bhíonn daoine ag guidhe chun Dé go mbíonn siad ag cuimhneamh ar rud éigin eile. Má's le n-a dtoil a dheineann siad é sin is peaca é. Ní h-aon pheaca é má's i n-aindeóin an duine a thagann an cuimhneamh san 'n-a n-aigne, ach ba cheart do gach éinne a dhícheall a dhéanamh i gcómhnuidhe ar a aigne a choimeád ar a ghuidhe.
CEACHT A TRÍ AGUS FICHE 'Sé ár dTighearna féin do chúm an "Phaidir," nú "Ár nAthair atá ar Neamh, agus rl." Tá sa Phaidir réamh-fhocal agus seacht n-athchuinghí. Baineann trí h-athchuinghí aca le Dia agus cheithre h-athchuinghí linn féin agus le gach nídh a theas- tuigheann uainn i gcómhair anma agus chuirp. 'Sí seo an Phaidir, roinnte i réamh-fhocal agus athchuinghí:- Réamh-fhocal: Ar nAthair atá ar neamh. Athchuinghí: 1. Go naomhuighthear T'Ainm 2. Go dtagaidh Do Ríoghacht. 3. Go ndeintear Do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. 4. Ár n-arán laetheamhail tabhair dúinn indiu. 5. Maith dhúinn ár gcionnta mar mhaithimíd-ne do chách a chionntuigheann 'n-ár n-aghaidh. 6. Ná leig sinn i gcaithíbh. 7. Saor sinn ó olc. *I dtosach na Paidre árduighmíd ár gcroidhe chun ár nAthair síoruidhe atá ins na Flaithis. Tugaimíd "athair" Air mar a dhéanfadh leanbh le n-a athair chun a chur ar gcuimhne dhúinn féin gur cheart dúinn cion a bheith againn Air agus grádh againn Dó agus muinghín a bheith againn As fé mar a bhéadh ag leanbh as a athair. Tugaimíd ÁR nAthair Air, mar nách orainn féin amháin atá
'fhiachaibh orainn guidhe ach ar an gcine daonna go léir fara sin. Deirimíd "atá ar neamh" chun go mbéadh ár smaointe ar an oighreacht ghlórmhar atá geallta ag ár nAthair síoruidhe dhúinn agus chun ná béimís ag smaoineamh ar neithibh saoghalta. Annsan iarraimíd (1) go dtabharfaí uraim agus moladh d'Á Ainm Naomhtha, (2) go dtiocfadh A Ríoghacht, 'sé sin, go mbéadh A ghrásta i gcroidhthibh an chine daonna 'á riaghalú agus 'á gcoimeád ó'n bpeacadh ar an saoghal so agus go bhfaighmís go léir Ríoghacht na bhFlaitheas Uaidh ar an saoghal atá le teacht; agus (3) go ndéanfadh gach éinne ar an saoghal so an rud is toil le Dia fé mar a dheineann na h-aingil agus na naoimh é ar neamh. Tar éis na neithe sin go léir d'iarraidh ar son Dé iarraimíd annsan, ar Dhia, dúinn féin (1) grásta d'ár n-anam agus biadh d'ár gcorp, (2) maitheamhnas i n-ár bpeacaíbh, (3) neart agus cabhair, i dtreó ná géillfimís do chlaontaibh an tsaoghail, ná d'ár n-ainmhiantaibh féin, ná do chalaois an diabhail, agus (4) go ndéanfadh Dia sinn a shaoradh ó gach contabhairt anma agus chuirp. Is focal Eabhra "Amen" agus cialluigheann sé "Is fíor" nú "Go deimhin." I ndeire na Paidre agus i ndeire gach athchuinghe a chuirimíd chun Dé tais- beánann sé gur b'é ár mian an rud a bhíonn 'á iarraidh againn d'fhághail agus d'á bhrigh sin is cuma é nú dá ndéarfaimís "Bíodh sé mar sin." *Lathsmuigh de'n "Phaidir" níl aon cheann eile de sna h-úrnaighthibh a bhíonn i mbéal na ndaoine is tairbhighe ná an "tÁbhé," nú "Go mbeannuigh- thear duit, a Mhuire." Tá sé 'n-a thrí chodaibh. B'iad an t-Árdaingeal Gábríél agus Elisabet
Naomhtha do chúm an chéad chuid de fé naomh- análú Dé. An Eaglais féin do chúm an tríomhadh cuid de. 'Siad so na trí coda:- 1. Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh. Tá an Tighearna i t'fhochair; is beannuighthe thú idir mhnáibh. [Focail an Árdaingil nuair d'innis sé do'n Mhaighdin Mhuire gur b'í bhéadh 'n-a máthair ag Mac Dé.] 2. Is beannuighthe thú idir mhnáibh, Is beannuighthe toradh do bhruinne, Íosa. [Focail Elisabet Naomhtha nuair a chuaidh sí ar cuairt ag triall ar an Maighdin Muire. An Eaglais a chuir an focal "Íosa" isteach.] 3. A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, agus rl. [An Eaglais do chúm an chuid seo dhe i Mór- chómhairle Ephesus sa bhliadhain 431.] *Is iad Liodán na Maighdine Muire agus Beannachadh an Aingil na h-úrnaighthe eile is coitchianta adeirtear i n-onóir na Maighdine Muire. Tá Liodáin eile, ann, leis, a mholann an Eaglais dúinn: Liodán Íosa, Liodán Chroidhe Naomhtha Íosa, Liodán na Naomh, agus an Liodán a léightear do'n mhuinntir a bhíonn ag fághail bháis. Tugtar liodán ar an saghas úrnaighthe adeireann mórán daoine i n-aonfheacht. Deireann éinne amháin an chéad chuid de'n ghuidhe, agus deireann an chuid eile dhíobh an dara cuid mar fhreagra. Tugtar Liodán Lorettó, leis, mar ainm ar Liodán na Maighdine Muire, mar is i Lorettó - an áit 'n-a bhfuil Tigh Beannuighthe Mhuire -
adeirtí ar dtúis é. Na daoine théidheadh ar oilithre go dtí Lorettó, thugaidís leó abhaile an Liodán, agus mar sin do leath sé ar fuaid an domhain Chríostaidhe. Deirtear Beannachadh an Aingil i n-onóir Ioncholnú ár dTighearna, chun a thaisbeáint cad é an lúthgháir agus an t-áthas a bhíonn ar Chríostaidhthibh i dtaobh teacht ár dTighearna i gcolan daonna. Deirtear trí h-uaire sa ló é: ar maidin, i meádhon-lae, agus um thráthnóna. Buailtear clog na h-eaglaise trí h-uaire sa ló chun a chur i n-iúil do sna daoinibh gur b'é an t-am é chun Beannachadh an Aingil a rádh.
CEACHT A CEATHAIR AGUS FICHE *Tá trí neithe RÍACHTANACH do gach sácraimínt chun í bheith 'n-a sácraimínt i n-aon chor. Ní fuláir (1) cómhartha so fheicse, (2) agus cómhacht chun grásta do bhronnadh a bheith ag an gcómhartha san, agus (3) Críost féin a bheith mar úghdar ar an gcómhartha san, agus ar an gcómhacht a bhíonn ann. Ní bronntar aon tsácraimínt gan ADHBHAR na sácraimínte agus FOIRM na sácraimínte a bheith ann i dteannta a cheile agus MINISTIR na sácraimínte. 'Sé ADHBHAR na sácraimínte an nídh go mbaintear úsáid as i mbronnadh na sácraimínte agus pé rud a deintear leis an nídh sin. ('Sé adhbhair sácraimínte na Baiste an t-uisge, agus dortadh an uisge ar an té a baistear.) Tugtar FOIRM na sácraimínte ar na foclaibh adeirtear le linn na sácraimínte a bhronnadh. Deineann an t-adhbhar agus an fhoirm i dteannta a chéile CÓMHARTHA SO-FHEICSE na sácraimínte. Is é an MINISTIR an té a cheap Críost chun na sácraimínte a bhronnadh. Tugtar GRÁSTA ar an sochar anma a thugann gach sácraimínt dúinn. Tugann gach sácraimínt dhá shaghas grásta dhúinn: (1) grásta naomhuighthe nú cómhnuighthe — an chéad ghrásta nú an dara grásta (féach Ceacht a Dó Dhéag), agus (2) grásta sácraimínteamhail. Tugtar GRÁSTA SÁCRAI- MÍNTEAMHAIL ar an mbuadh fé leith a bronntar orainn le linn gach sácraimínte do ghlacadh dhúinn, a thugann teideal dúinn ar ghrástaibh áirithe
d'fhághail ó Dhia nuair a bhíonn gádh againn leó. Nuair a baistear duine tugann Dia an buadh fé leith seo dhó go bhfaighidh sé grásta chun ná géillfidh sé do'n diabhal, d'á ghníomharthaibh ná d'á phuimp nuair a cuirfear cath air. Nuair a théidheann duine Fé Láimh Easbuig tugtar an buadh so dhó go bhfaighidh sé grásta, aon uair a bhéidh gádh aige leis, chun a chreideamh d'admháil gan sgáth ná eagla. Tugtar Sácraimíntí NA MARBH ar na sácraimíntíbh a bhronnann an chéad ghrásta orainn, mar tógann siad an duine ó bhás an pheaca, agus tugann siad beatha ghrásta Dé dhó. Baiste agus Aithrighe na sácraimíntí sin, agus ráinigheann go ndeineann an Ola Dhéadhnach, agus anois agus airís sácraimínt Chorp Chríost, peaca marbhthach a mhaitheamh mar an gcéadna. Tugtar Sácraimíntí NA mBEÓ ar na sácraimíntíbh a thugann dúinn an dara grásta nú méadú ar ghrásta naomhuighthe. Tá trí sácraimíntí a chuireann séala nú cómhartha spioradálta ar an anam nách féidir a bhaint de: Baiste, Dul Fé Láimh Easbuig, agus Órd Beannuighthe. Ní féidir d'á bhrigh sin na trí sácraimíntí sin a ghlacadh ach aon uair amháin. **Tá deasgnátha áirithe, agus úrnaighthe, agus neithe coisricthe, do chuir an Eaglais ar bun, go bhfuil cosmhalacht aca le sácraimíntíbh, agus tugtar NEITHE SÁCRAIMÍNTEAMHLA ortha. Ní thugann siad grásta dhúinn, ach músglann siad i n-ár n-anam Creideamh agus Dóchas agus Carthanacht agus Aithrighe tré n-a bhfaighmíd maitheamhnas i n-ár bpeacaíbh so-loghthacha, agus sa tslighe sin deinid ár n-anam níos taith- neamhaighe i láthair Dé. Seo cuid de sna neithibh
sácraimínteamhla is gnáithighe a cuirtear i bhfeidhm san Eaglais: na h-úrnaighthe atá órduighthe ag an Eaglais (cuir i gcás, úrnaighthe an Phortúis- agus an Phaidir), Beannachadh an Easbuig, na neithe a choisriceann an Eaglais di féin nú i gcómhair an phobail, cuir i gcás, uisge coisreacan, coínnle, luaithreadh, pailm, sgabaill, boinn, paidiríní, agus rl. Tagann an focal sgaball chughainn ó'n bhfocal Laidne scapula (guala). Ní tugtaí an t-ainm sgaball fadó ach ar an chuid sin d'aibíd an mhanaigh a thagadh trasna na gualan; ach anois, tugann Caitilicidhthe de ghnáth an t-ainm sin ar dhá ruaine beag éadaigh, ceangailte le n-a chéile le dhá ribín bheaga. Nuair a bhíonn an sgaball 'á chaitheamh tagann an dá ribín trasna na ngualan agus bíonn ceann de sna ruainíbh beaga éadaigh leis an ucht agus an ceann eile leis an ndrom. Tá chúig shaghas sgaball 'á gcaitheamh go coitchianta ag Caitilicidhthibh, le cead ó'n Eaglais: an sgaball donn, an sgaball bán, an sgaball dubh, an sgaball gorm, agus an sgaball dearg. 'Sé an sgaball DONN - sgaball Úird na gCáirmilíteach — an sgaball is mó bhíonn 'á chaitheamh ag Caitilicidhthibh. Éinne a chaitheann é béidh sé páirteach i dtoradh na n-úrnaighthe agus na ndeagh-ghníomhartha a dheineann manaigh agus mná riaghalta Úird na gCáirmilíteach. 'Sé an sgaball BÁN sgaball na Tríonóide, agus is iad na sagairt atá i nÓrd na Tríonóide, nú sagart éigin gheibheann cead uatha, thugann an sgaball san do sna daoinibh. Caithtear an sgaball DUBH i n-onóir Seacht nDólás na Maighdine Muire; tá sé le fághail ó sna sagartaibh a bhaineann le hÓrd Sheirbhíseach na
Maighdine Muire. I n-onóir Geineamhna na Maighdine Muire gan Smál a caithtear an sgaball GORM; tá sé le fághail ó shagartaibh Úird na dTéatíneach. 'Sé an sgaball DEARG, sgaball Páise ár dTighearna; tá sé le fághail ó shagartaibh Úird Naoimh Bhincint de Pól. Tugtar Agnus Dei ar ruainne beag céireach agus deilbh uain geárrtha air, a choisreacann an Pápa go solamhanta. Cuirtear an Agnus Dei isteach i gcúmhdach éadaigh agus cuireann daoine ar crocadh le n-a muineál é. **Nuair a bronntar na Sácraimíntí orainn nú nuair a deintear rud éigin a bheannú nú a choisreacan cuireann an Eaglais i bhfeidhm mórán DEASGNÁTHA. Deineann sí é sin chun brigh na sácraimínte, nú brigh na coisreacan, a dhéanamh soiléir dúinn, mar mhaithe le smaointe crábhthacha, diadha, do mhúsgailt ionainn. Tá cuid de sna deasgnáthaibh chómh ríachtanach san do shácraimíntibh áirithe ná béadh sa tsácraimínt ach neamh-nídh mara ndéanfaí i gceart iad, 'Siad san na deasgnátha a bhaineann le h-adhbhar agus le foirm na sácraimínte. Tá deasgnátha eile ann agus is féidir an tsácraimínt a bhronnadh 'n-a n-éaghmuis. Deasgnátha de'n tsórt san an ola a cuirtear ar cheann agus ar ucht an té a baistear, agus coisreacan fháinne an phósta, agus rl. *Is iad so na trí neithe atá ríachtanach i mBaiste:- CÓMHARTHA SO-FHEICSE: ADHBHAR — Uisge 'á dhortadh ar an nduine. FOIRM — "Baistim thú i n-ainin an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh."
GRÁSTA: Maitheamhnas (1) ó pheaca an tsinnsir, (2) ó gach peaca eile bhíonn ar an anam, (3) agus ó'n bpianós aimsire a leanann an peaca. CRÍOST A ÚGHDAR: Níl fhios againn i gceart cathain a cuireadh an tsácraimínt seo ar bun, ach tá fhios againn gur b'é Críost a chuir ar bun í, mar dubhairt Sé: "Imthighidh d'á bhrigh sin agus múinidh na geinte go léir agus BAISTIDH IAD i nAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh." — Mait., xxviii. 19. Níl aon tsácraimínt chómh ríachtanach dúinn agus tá Baiste, mar nách féidir do dhuine gan Baiste dul go Flaitheas Dé. 'N-a theannta san, ní féidir do dhuine aon tsácraimínt eile a ghlacadh mara bhfuil sé baistighthe. D'á bhrigh sin thug ár dTighearna cead d'aon fhear nú d'aon mhnaoi Baiste do dhéanamh i n-am ríachtanais. Ní gádh do'n té dheineann an Baiste bheith 'n-a Chaitilicidhe, ná amháin bheith baistighthe é féin. Is leór dó má chuireann sé roimis an rud san a dhéanamh gur mian leis an Eaglais a dhéanfaí. Ní fuláir an Baiste do dhéanamh le h-uisge nádúrtha — uisge mar fachtar é ó thobar nú ó abhainn nú ó'n bhfairrge, agus rl. Ní dhéanfadh bainne ná té ná uisge-beatha an gnó. Nuair a dheineann an Eaglais Baiste go solamhanta, deineann sí úsáid de'n uisge a coisrictear Satharn Cásga, agus Figil Cíngcíghse. Tá trí saghas Baiste ann: Baiste le h-uisge, Baiste tré Mhian nú tré Dhúil, agus Baiste fola. An duine gan Baiste go mbíonn grádh aige do Dhia ós cionn gach uile nídh (nú croidhe-bhrú iomlán) agus go mbíonn
mian díograiseach air Baiste do ghlacadh, nú go h-áirithe rún daingean aige gach aon rud do dhéanamh d'iarrfadh Dia air; maithfear peaca an tsinnsir dó agus gach peaca eile. Deirtear go mbíonn BAISTE LE MIAN ag an nduine sin. Tugtar Baiste FOLA ar mhairtíreacht, nú bás ar son an Chreidimh, d'fhuilingeann duine gan Baiste. Is ionann an bás san agus Baiste 'n-a chuid fola féin. Tá trí shlighe chun Baiste do bhronnadh le h-uisge: (1) an duine do THOMADH san uisge, nú (2) uisge do CHROTHADH air, nú (3) uisge do DHORTADH air. Is le dortadh an uisge is gnáthaighe a baistighthear daoine anois. Ní fuláir do'n té a dheineann an Baiste an t-uisge a dhortadh ar an nduine a bhíonn le baisteadh, agus na focail "Baistim thú, agus rl.," a rádh, SAN AM CHÉADNA. Má dhoirteann duine an t-uisge, agus go bhfágann sé rádh na bhfocal fé dhuine eile, ní h-aon Bhaiste é. Ní fuláir na focail a rádh i gceart agus iad go léir a rádh. Cuir i gcás, dá ndeineadh duine tré anfhaithe nú tré easbaidh cuimhne na focail "baistim thú" d'fhágaint gan rádh níor Bhaiste i n-aon chor é. *Nuair a bronntar an tsácraimínt seo go solamhanta san eaglais, is 'mó deasgnáth a cuirtear i bhfeidhm i dteannta dortadh an uisge. Bíonn brigh áirithe leis na deasgnáthaibh seo go léir. Cuireann an sagart a anál, trí h-uaire, ar aghaidh an leinbh, mar chómhartha ar an anál- bheatha spioradálta a thugann an tsácraimínt seo dhúinn. Cuirtear ola choisricthe ar an ucht, agus ar an ndrom, idir an dá ghualainn, chun a chur i n-iúil go dtugann Baiste lúth agus acfuinn spioradálta dhúinn i gcómhair an chatha le namh-
aidibh ár n-anma. Tar éis an leinbh a bhaisteadh cuirtear an ola ar a nglaoidhtear CRIOSMA ar a bhathas. Leantar de'n nós so ó'n aimsir a cuirtí daoine Fé Láimh Easbuig láithreach tar éis a mbaiste. Cuirtear brat bán anuas ar an leanbh nua-bhaistighthe, mar chómhartha ar ghileacht agus áilneacht an anma tar éis Baiste do ghlacadh. Cuirtear coinneal ar lasadh 'n-a láimh chun a chur i n-iúil go bhfuil solus an Chreidimh ar lasadh 'n-a anam anois. Is minic a bhíonn duine ann agus nách fios d'éinne ar baisteadh riamh é, nú má baisteadh nách fios ar baisteadh i gceart é. Nuair a bhíonn an sgéal mar sin baistighthear é FÉ CHOINGHILL. Deirtear focail na foirme mar seo: "Mara bhfuil tú baistighthe cheana Baistim thú i nAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh." Sin mar a Baistighthear Protostúnaigh nuair iompuigheann siad 'n-a gCaitilicidhthibh, agus ná bíonn deimhne gur bais- teadh i gceart cheana iad. Tugtar ATHAIR BAISTIDHE agus MÁTHAIR BHAISTIDHE ar an mbeirt a sheasuigheann le leanbh nuair a bhaistigh- thear é, agus a fhreagarann thar a cheann na ceisteanna a cuirtear chuige. Tá sé de dhualgas ar an athair Baistidhe agus ar an máthair Bhaistidhe féachaint chuige go bhfaighidh an leanbh oideachas ceart i bhfírinníbh an Chreidimh, má thugann a athair agus a mháthair féin failighe ann, nú má's rud é nách féidir dóibh an t-oideachas san a thabhairt dó. **Nuair a baistighthear duine fásta ní fuláir dó: (1) Creideamh Chríost a ghlacadh, (2) croidhe- bhrú a bheith air mar gheall ar a pheacaíbh (ní gádh dhó croidhe-bhrú iomlán), (3) bheith toiltheanach Baiste do ghlacadh, agus (4) diúltú do'n diabhal agus d'á oibreachaibh.
CEACHT A CÚIG AGUS FICHE *Is iad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt Dul Fé Láimh Easbuig:- CÓMHARTHA SO-FHEICSE: ADHBHAR — Criosma nú ola choisricthe, agus lámha an Easbuig. (Árduigheann an tEasbog a lámha ós cionn na muinntire a bhíonn ag glacadh na sácraimínte, agus cuireann sé Criosma ar a n-éadan.) FOIRM — "Cuirim Fíoghar na Croise mar chómhartha ort agus neartuighim thú le Criosma an tSlánuighthe i nAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh." GRÁSTA: (1) Méaduightear grásta Naomhuighthe i n-ár n-anam agus tugtar Seacht dTíodhlaicí an Spioraid Naoimh go h-iomadamhail dúinn. (2) Tugtar teideal dúinn chun gach grásta agus tíodhlaice a bhéidh ríachtanach dúinn chun an Chreidimh a choimeád agus a admháil gan náire gan eagla. CRÍOST A ÚGHDAR: Níl fhios i gceart againn cathain a chuir Críost an tsácraimínt seo ar bun, ach léighmíd i "nGníomhartha na nAsbol" gur cuireadh Naomh Peadar agus Naomh Eóin ag triall ar Mhuinntir Shamaria chun iad a chur fé Láimh Easbuig gur "Chuireadar a lámha ortha agus gur ghlacadar an Spioraid Naomh." — Gníomh., viii. 17.
*Tugtar CRIOSMA ar ola measguighthe le balsam, a choisriceann an tEasbog Dardaoin Páise. **Deintear úsáid de Chriosma, leis, nuair a bhítear ag coisreacan eaglaisí, nú altóireacha, nú clocha altóra, nú cailíseacha, nú uisge-chun- baiste. *'Sé an tEasbog an GNÁTH-mhinistir atá ceapaighthe chun na sácraimínte seo a bhronnadh, ach nuair a bhíonn ríachtanas nú gádh mór leis, tugann an Pápa cead do shagart an tsácraimínt a bhronnadh. 'Sé an tEasbog amháin, ámhthach, a choisriceann an Criosma. *Bíodh go bhféadfadh duine a anam a shaoradh gan Dul Fé Láimh Easbuig i n-aon chor, ba mhór an díthcéile failighe a thabhairt ann; mar, sa tsaoghal atá anois ann, is 'mó rud a bhíonn ag tarrac daoine chun aimhleasa, agus 'á gcur i gcontabhairt a gCreideamh a thréigean, agus an té ná glacann an tsácraimínt seo bíonn sé i n-easnamh na ngrásta atá ceapaighthe chun é thabhairt saor ó'n gcontabhairt sin. Ó 'nuair gur cheann de "Shácraimíntíbh na mBeó" Dul Fé Láimh Easbuig ní fuláir chun í ghlacadh mar is cóir bheith ar staid na ngrást, i dteannta bheith Baistighthe. 'N-a theannta san ba chóir do'n té théidheann Fé Láimh Easbuig eólas a bheith aige ar an dTeagasg Críostaidhe, agus go mórmhór ar gach nídh a bhaineann leis an sácraimínt sin. Tugann an tsácraimínt seo mar ghrásta sácraimínteamhail dúinn neart chun ár gCreidimh d'admháil ós cómhair an tsaoghail, agus ár mbeatha do chaitheamh do réir teagaisg an Chreidimh. Taisbeánann na DEASGNÁTHA a bhaineann leis an sácraimínt
seo an sochar anam a dheineann sí dhúinn. Síneann an tEasbog a lámha amach ós cionn na ndaoine a bhíonn ag dul Fé Láimh Easbuig, agus guidheann sé an Spioraid Naomh do theacht ortha. Annsan cuireann sé Criosma ar chlár an éadain ar gach éinne aca, chun a chur i n-iúil dóibh go bhfuil dualgas ortha feasta a gCreideamh d'admháil gan náire, gan eagla, amhail is dá mbéadh sé sgríobhtha ar a n-éadan. Annsan tugann sé buile beag éadtrom ar an leacain do gach nduine aca, chun a chur i n-iúil dóibh gur saighdiúirí feasta i n-arm Chríost iad, agus nách mór dóibh bheith ullamh chun pian d'fhulang, nú an bás féin má's éigean é, níos túisge ná shéanfaidís a gCreideamh. Tógann daoine ainm eile i dteannta a n-ainm baistidhe nuair a théidheann siad fé Láimh Easbuig. Is féidir leis gach éinne ainm aon naoimh is maith leis a thoghadh, agus an naomh san a bheith mar phátrún aige.
CEACHT A SÉ AGUS FICHE *Is iad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt Chorp Chríost:- CÓMHARTHA SO-FHEICSE: ADHBHAR — Arán cruithneachtan, agus fíon na fíneamhna. FOIRM — "Is é Mo Chorp-sa é seo." "Cailís Mo chuid Fola í seo." GRÁSTA: Tugtar dúinn sa Naomh-Shácraimínt seo Íosa Críost féin, Úghdar gach grásta. CRÍOST A UGHDAR: Chuir Ár dTighearna an tSácraimínt seo ar bun an oidhche sar ar céasadh É, nuair a bhí Sé ag caitheamh A Shuipéir dheireannaigh. Tá deifridheacht mhór idir an tSácraimínt ghlórmhar so agus na sácraimíntíbh eile. (a) Tugann na sácraimíntí eile grásta dhúinn, ach tugann Sácraimínt Chorp Chríost dúinn Úghdar gach grásta. (b) Ní féidir na sácraimíntí eile a bheith ann i n-aon chor gan duine éigin 'á nglacadh, ach is sácraimínt Corp Chríost nuair a bhíonn Sé ar an altóir nú sa tabarnacul, agus gan éinne 'Á ghlacadh. (c) I dteannta bheith 'n-a shácraimínt is íodhbhairt mar an gcéadna Corp Chríost. Is Sácraimínt é 'n fhaid fhanann Sé sa tabar- nacul, nú nuair a ghlacaimíd é. Is íodhbairt é nuair ofráltar suas é san Aifrionn. Le linn
a Shuipéir Dheirinnigh a chaitheamh thug ár dTighearna cómhacht do shagartaibh na hEaglaise arán agus fíon d'atharú 'n-A Fhuil agus 'n-A Fheóil, fé mar a bhí déanta Aige féin, nuair adubhairt Sé leó: "Deinidh an nídh seo mar chuímhneamh orm-sa." Tugtar transubstantiátíó nú BRÍOGHAISTRIÚ ar an atharú a deintear ar bhunadhas nú substaint an aráin agus an fhíona i bhFuil agus i bhFeóil ár dTighearna. Chómh luath agus deirtear focail na Coisreacan ós cionn an aráin agus an fhíona ní fhanann ach GNÉITHE (.i. blas agus dath agus cumadh) an aráin agus an fhíona. *Tá FUIL agus FEÓIL ár dTighearna láithreach sa Naomh-Shácraimínt seo tré bhrigh na bhfocal: "Is é mo Chorp é seo," "Is í cailís Mo chuid Fola í seo." Tá a ANAM láithreach mar an gcéadna, mar go bhfuil Críost 'n-A bheathaidh sa tsácraimínt seo agus nách féidir corp a bheith 'n-a bheathaidh gan an t-anam a bheith ann. Tá A DHIADHACHT láithreach mar go bhfuil cóimh-cheangal do-sgaoilte i bpearsain Chríost idir A Dhiadhacht agus A Chorp agus A Anam, ó'n lá a ghlac Sé Chuige nádúr daonna. Uime sin nuair a glactar ár dTighearna sa tSácraimínt Naomhtha fé ghnéithibh an aráin amháin glactar É go h-iomlán chómh maith agus dá nglactaí É fé ghnéithibh aráin agus fíona. *Níl aon ghníomh d'ár bh'fhéidir le duine a dhéanamh is luachmhaire ná is uaisle ná ÍODHBAIRT. 'Sé an rud íodhbairt, ofráil a dheineann sagart dlistionach chun Dé de rud éigin chorportha - rud a marbhuightear nú athruightear ar chuma éigin — chun adhradh a thabhairt Dó, chun buidheachais a bhreith Leis, chun maitheamhnais peacaí d'fhághail
Uaidh, agus chun gach aon tabhartas eile d'iarraidh Air. Tá cheithre fáthana le n-a ofráltar íodhbairt: (1) Chun adhradh agus mór-mholadh a thabhairt do Dhia, (2) chun buidheachais a bhreith Leis i dtaobh a thabhartaisí, (3) chun cúitimh a dhéanamh Leis i n-ár bpeacaíbh, ar shlighe go bhfaighmís grásta na h-aithrighe Uaidh agus maitheamhnas ionnta, agus (4) chun gach grásta agus tabharthas eile d'fhághail Uaidh. Nuair a marbhuightear, nú nuair athruigh- tear, rud, mar íodhbairt do Dhia, deintear é chun mór-chómhacht Dé d'admháil, agus go mór- mhór, chun a chur i n-iúil gur le Dia a bhaineann bás nú beatha a thabhairt dúinn. Ní raibh riamh aon chine daoine dá uaisle nú dá ísle iad ná deineadh íodhbairt d'ofráil chun Dé. D'á bhrigh sin ba dhóigh le duine gur dhual do'n chine daonna — go mbaineann sé le nádúr an duine — onóir a thabhairt do Dhia le h-íodhbairt. I n-aimsir an tSean-Reachta nú an tSean-Dhlighe d'órduigh Dia féin do dhaoinibh íodhbairtí do dhéanamh. Bhí cuid de sna h-íodhbairtíbh sin fuilteach agus cuid aca neamh-fhuilteach; ach ní raibh i n-aon íodhbairt aca ach SAMHALTAS íodhbairte an Dlighe Nua .i. sgáil nú cosmhalacht na h-íodhbairte do h-ofráladh go fuilteach ar Chrann na Croise agus a h-ofráltar go neamh-fhuilteach nuair adeirtear an tAifrionn. Is é ár dTighearna féin íodhbartar san Aifrionn. Is é Críost féin, ár nÁrd-Shagart síoruidhe, a dheineann an íodhbairt. In sna sean-íodhbairtíbh do marbhuightí, nú do cuirtí ar neamh-nídh, an rud d'íodhbairtí. San Aifrionn deintear é sin go SAMHALTASACH, mar bíonn cosmhalacht an bháis ar ár dTighearna de bhrigh go ndeintear coisreacan fé leith, chun an fhíona d'atharú i n-A Fhuil, agus chun an aráin d'atharú i n-A Fheóil.
**Gach nídh a bhaineann le Naomh-Íodhbairt an Aifrinn, éide an tsagairt, an altóir, agus gach nídh a bhíonn de ghnáth ar an altóir, tá brigh fé leith leis. 'Siad so príomh-ranna nú príomh-choda an Aifrinn: (1) An Epistil agus an Saoisgéal. (2) An tOffertórium nú an Toirbheirt. (3) Préafáid na Canóine. (4) An Chanóin. (1) Cuid de'n Sgriptiúir Naomhtha is eadh an Epistil agus an Saoisgéal. Bíonn Epistil agus Saoisgéal fé leith i n-aghaidh gach lae. (2) Tugtar an tOffer- tórium nú an Toirbhirt ar na focalaibh a léigheann an sagart nuair ofrálann sé an t-arán agus an fíon. (3) Tagann an Phréafáid tamall geárr i ndiaidh an Offertórium. Ní mar a chéile bhíonn an Phréafáid i ngach Aifrionn. Bíonn atharú uirthe anois agus airís de réir na féile nú tráth na bliadna. Is é an Sanctus críochnú na Préafáide. Láithreach 'n-a dhiaidh san deirtear an Chanóin. (4) An Chanóin an chuid is solamhanta de'n Aifrionn. Ní deintear aon atharú ar fhoclaibh na Canóine i rith na bliadna ach i gcómhair cúpla féile. Deirtear an chuid is mó dhi ós íseal. Cuid de'n Chanóin is eadh an Choisreacan, an Pater Noster (Ár nAthair atá ar Neamh), agus an Chomaoine. Nuair adeir an sagart focail na Coisreacan aistrightear an t-arán agus an fíon i bhFeóil agus i bhFuil ár dTighearna. Deirtear an Pater Noster ós árd. Ag an gComaoine glacann an sagart ár dTighearna fé ghnéithibh aráin agus fíona. **Is i Laidean adeirtear an tAifrionn. Tá cúpla focal Gréigise ann, mar atá "Kyrie Eleison" (A Thighearna, déin trócaire orainn) adeirtear sé h-uaire, agus "Christe Eleison" A Chríost, déin trócaire orainn) adeirtear trí
h-uaire. B'í an Laidean an teanga ba choit- chianta a labhartaí i n-aimsir na nAsbol agus ar feadh na céadta bliadhan 'n-a dhiaidh, agus d'á bhrigh sin do thoigh an Eaglais í mar theanga ofigeamhail. Bíodh gur teanga MHARBH anois í tuigid lucht léighinn i ngach tír í. Go deimhin is mó an mhaitheas ná an díoghbháil í bheith 'n-a teangain mhairbh mar níl aon bhaoghal aon atharú ná claochlú a theacht uirthe fé mar a thagann ar theangachaibh beó, agus d'á bhrigh sin is innti is fhusa úrnaighthe agus teagasg na hEaglaise a choimeád ó thruailiú nú ó atharú bríogh. Ní h-aon cheataighe do Chaitilicidhthibh an tAifrionn d'éis- teacht i dteangain ná tuigid mar (1) bíonn 'fhios aca cad a dheineann an sagart ar an altóir gan focal d'á ndeireann sé a thuigsint; (2) agus tá níos mó san Aifrionn ná úrnaighthe - is íodhbairt é, agus ní gádh an teanga a labharann an sagart a thuigsint chun bheith rann-pháirteach san íodhbairt; agus (3) is féidir leis an bpobal brigh na bhfocal adeir an sagart a léigheadh i leabharaibh úrnaighthe 'n-a dteangain féin. Is í an Laidean a labharann an sagart agus é ag bronnadh na sácraimíntí, agus is i Laidean a léigheann sé na Tráthana nú an Portús. Tugtar na TRÁTHANA ar na sailmeacha, na h-úrnaighthe, na giotaí ó'n Sgriptiúir agus beatha na naomh a léigheann an sagart gach lá. Tugtar an PORTÚS ar an leabhar i n-a bhfuil na sailmeacha, agus rl., le fághail. **'Siad so baill an éide a chaitheann an sagart nuair a bhíonn sé ag léigheadh an Aifrinn: (1) An MÍOCHT: brat beag bán línéadaigh a chlúdaigheann a dhá ghualain agus a dhá shlineán. Tá dhá shranng as agus cuireann an sagart iad san thar a ucht agus ceangalann sé tímcheall a
chuim iad. (2) BÁN-CHULAITH an Aifrinn nú léine an Aifrinn, brat fada bán línéadaigh agus muinchilí air, a thagann anuas go sálaibh ar an sagart. (3) AN CHRIOS, a cheangalann an sagart tímcheall a chuim chun an bhán-chulaith a dhaingeanú air. (4) An MAINIPIL, éadach a cheangalann an sagart ar a chuislinn chlé. (5) An STÓIL, píosa éadaigh fada, caol, a thagann thar ghuailnibh an tsagairt. Tagann a dhá cheann thar a chéile i bhfoirm croise ar a ucht. (6) An casal, an brat mór a chlúdaigheann drom agus brághaid an tsagairt. Bíonn an mainipil, an stóil, agus an casal, bán, dearg, corcura, uaithne, nú dubh de réir na féile. Bíonn dath BÁN ortha nuair adeirtear an tAifrionn i n-onóir ár dTighearna (ach amháin nuair adeirtear é i n-onóir a Pháise), nuair adeirtear é i n-onóir na Maighdine Muire, nú i n-onóir na naomh nár fhulaing bás ar son an Chreidimh. Bíonn dath DEARG ortha nuair adeirtear an tAifrionn chun an Spioraid Naoimh, nú i n-onóir Páise ár dTighearna, nú i n-onóir na nAsbol, nú na Martar. Bíonn siad CORCURA um Adbhent agus um Charghas nuair nách i n-onóir féile áirithe adeirtear an tAifrionn. Bíonn dath UAITHNE ortha nuair adeirtear Aifrionn an Domhnaigh ó'n Epiphaní go dtí an tríomhadh Domhnach roimh Charghas, agus ó Dhomhnach na Tríonóide go hAdbhent; agus aon lá seacht- mhaine i rith na h-aimsire sin ná bíonn Aifrionn 'á rádh i n-onóir féile éigin. Bíonn dath DUBH ortha nuair adeirtear Aifrionn na Marbh agus Aifrionn Aoine an Chéasta. Ní h-é an déanamh céadna a bhíonn ar chasal an tsagairt agus an éide cosmhail leis a chaitheann an deocán agus an fo-dheocán nuair adeirtear Árd-Aifrionn.
**Tá cosmhalacht rúindiamhara idir éide an Aifrinn, agus an t-éadach a bhí ar ár dTighearna, agus na cuibhreacha le n-ar ceangaladh É, aimsir A Pháise. Is cosmhail an míocht leis an mbrat a bhí ar A shúilibh nuair a bhí na saighdiúirí 'Á bhualadh agus iad 'á rádh Leis innsint cé bhuail É. Is cosmhail an bán-chulaith leis an gculaith bhán amadáin a chuir Heróid Air. Is cosmhail an chrios leis na sgiúirsíbh le n-ar buaileadh É. Is cosmhail an mainipil leis an gcuibhreach a cuireadh ar A lámhaibh. Is cosmhail an stóil leis an gcuibhreach le n-ar ceangaladh leis an bpiolóir É. Is cosmhail an casal leis an mbrat corcura do chuir na saighdiúirí Air nuair a bhíodar ag magadh fé, amhail is gur rígh bréige É. **Tugtar an ALTÓIR ar an mbord ar a ndeintear an Íodhbairt Naomhtha. Is féidir an altóir a dhéanamh de chloich nú d'adhmad, ach má's d'adhmad a deintear é ní mór LEAC NA hALTÓRA (leac beag ceathair-chúinneach) a bheith leigthe isteach i lár chláir na h-altóra chun gur anuas air a bhéadh an chailís agus an Corp Naomhtha i n-aimsir an Aifrinn. Bíonn poll beag ins gach aon leac altóra ar a dtugtar an UAIGH, agus ní mór taisí martar a bheith foluighthe sa pholl san. Tugtar an TABARNACUL ar an dtaisge daingean i n-a gcoimeádtar an Naomh- Shácraimínt fé ghlas. Bíonn lampa i gcómhnuidhe ar lasadh i n-onóir ár dTighearna ós cómhair an tabarnacuil nuair a bhíonn an Naomh-Shácraimínt ann. Tugtar LAMPA AN tSANCTÓRA ar an lampa san. Tugtar an SANCTÓIR ar an áit mórdtímcheall na h-altóra, laithstigh de'n chrann- ghall. Nuair a téidheann duine isteach i n-aon eaglais i n-a mbíonn an Naomh-Shácraimínt, agus
gach aon uair a ghabhann sé thar an tabarnacul, is cóir dó a ghlúin a chromadh i n-onóir ár dTighearna. Tugtar LEABHAR AN AIFRINN ar an leabhar go léigheann an sagart an tAifrionn as. Bíonn coínnle céireach ar lasadh ar an altóir i gcómhnuidhe nuair a bhíonn an tAifrionn 'á rádh mar cómhartha gur b'é Críost an solus fíor a shoillsigheann gach duine d'á dtagann ar an saoghal. — (Eóin, i. 9.) Cuireann na coínnle ar gcuimhne dhúinn, leis, laetheanta an ghéir- leanmhana, nuair ab éigean do sna Críostaidhthibh dul i n-uamhaibh fé'n dtalamh chun Aifrinn d'éis- teacht i gan-fhios. — Ní bhíodh aon tsolus eile aca ach solus coinneal. Seinntear an CLOIGÍN nuair adeireann an sagart an Sanctus, chun foráileamh a thabhairt do'n phobal go bhfuil an sagart ag tosnú ar an gCanóin a rádh. Seinn- tear airís é nuair a bhíonn an Coisreacan d'á dhéanamh. Rudaí eile a bhaineann leis an altóir cairteacha na h-altóra, línéadach na h-altóra, na mion-chrúsgaí, an chros, agus na h-árthraí bean- nuighthe, agus rl. Bíonn trí CAIRTEACHA ar an altóir; ionnta san bíonn cuid de sna h-úr- naighthibh nách caoitheamhail do'n tsagart a léigheadh as Leabhar an Aifrinn. Ní fuláir clár na h-altóra a bheith clúdaighthe i gcómhnuidhe le trí brait de LÍNÉADACH. In sna MION-CHRÚSGAÍBH bíonn an fíon agus an t-uisge i gcómhair an Aifrinn. Níl sé dleaghthach Aifrionn a rádh gan íomháigh ár dTighearna ar CHROIS AN CHÉASTA a bheith ós cionn na h-altóra. Tugtar na h-árthraí beannuighthe ar an gcailís, an mhullóg, nú an paiteana, an cóifrín, agus an t-oisteansóir. 'Sí an CHAILIS an corn i n-a deintear an fíon a
choisreacan .i. a aistriú i bhFuil ár dTighearna. Bíonn an chailís déanta d'ór nú d'airgead, ach má's d'airgead a bhíonn sí déanta ní fuláir í bheith óruighthe ar an dtaobh istigh. 'Sí an MHULLÓG, nú an paiteana, an pláta beag, déanta d'ór nú d'airgead, ar a gcuirtear an Corp Naomhtha. Tugtar an CÓIFRÍN ar an árthrach i n-a gcoimeádtar an Corp Naomhtha sa tabarnacul. Tá dhá shaghas cóifrín ann, ceann go bhfuil déanamh na cailíse air agus ceann eile a bhíonn an-bheag agus é déanta i bhfoirm bosga. 'Sa chóifrín beag is eadh beirtear an Corp Naomhtha chun na n-easlán. San OISTEANSÓIR a cuirtear an Corp Naomhtha nuair a tugtar an Beannachadh ó'n Naomh-Shácraimínt. Tá dhá dheas- gnáith a bhaineann leis an Sácraimínt Bheannuighthe ná deintí a chleachtadh san Eaglais fadó: an Beannachadh ó'n Naomh-Shácraimínt agus an Dachad Uaire an Chloig d'Adhradh. Nuair a tugtar an BEANNACHADH cuirtear an Corp Naomhtha san Oisteansóir ar an altóir, ar feadh tamaill bhig, chun É d'adhradh, agus annsan árduightear É chun an phobail a bheannú. Nuair a bhíonn an DACHAD UAIRE AN CHLOIG D'ADHRADH ann bíonn an Naomh-Shácraimínt ar an altóir san oisteansóir chun A adhartha, ar feadh dachad uaire an chloig as a chéile. Bíonn Árd-Aifrionn mar thosnú agus mar chríochnú air. Árd-Aifrionn is eadh an tAifrionn go gcantar cuid de agus go mbíonn deocán agus fo-dheocán ag cabharú leis an sagart 'á rádh. Má chanann an sagart féin an tAifrionn, gan deocán ná fo-dheocán, tugtar MISSA CANTÁTA air.
CEACHT A SEACHT AGUS FICHE Chun Comaoine do ghlacadh mar is cóir ní fuláir dúinn bheith (1) ar staid na ngrást, agus (2) bheith ar céalacan. (1) An té ná bíonn ar staid na ngrást caithfidh sé dul chun Faoistine. Má ráinigheann le duine, le linn dul chun Comaoine dhó, cuimhneamh ar pheaca marbhthach éigin a dhear- mhaid sé agus é ag Faoistin is féidir leis dul chun Comaoine agus an peaca san d'innsint an chéad uair eile a théidheann sé chun Faoistine. Bíonn fonn ar a leithéid sin de dhuine a pheacaí go léir d'innsint, agus bíonn croidhe-bhrú air 'n-a dtaobh go léir; d'á bhrigh sin gheibheann sé maitheamhnas tré asbolóid an tsagairt, ach ó 'nuair go gcaithtear gach aon pheaca marbhthach a chur ós cómhair an oide faoistine ní fuláir aon peaca a dearmhadtar d'innsint sa chéad fhaoistin eile. (2) Bíonn duine ar céalacan nuair ná caitheann sé biadh ná deoch ó mheádhon-oidhche roimh-ré. Bristear an céalacan má caithtear biadh nú deoch tré dhearmhad chómh maith agus dá gcaithtí le lán-toil é; agus is cuma cia'ca beag nú mór de a caithtear — briseann an braon dighe is lugha nú an ruainne bídh is lugha an céalacan. Nuair a bhíonn daoine i mbaoghal báis, tugtar Comaoine dhóibh agus iad gan bheith ar céalacan, agus uaireanta is féidir do dhuine dhonaidhe ná bíonn i n-aon bhaoghal báis Comaoine a ghlacadh tar éis deoch d'ól. Tugtar LÓN ANMA nú LÓN SPIORADÁLTA ar an gCorp Naomhtha
nuair a ghlacann duine É agus é i gcontabhairt báis Tugtar an t-ainm sin Air mar gur b'é biadh an anma É i gcómhair an turais go dtí an saoghal eile. An tráthnóna roimh dul chun Comaoine ba chóir dúinn bheith ag machtnamh go dúthrachtach ar an gComaoine Naomhtha agus an iomad baoth-chainnte do sheachaint. Ba mhaith an rud leabhar diadha a léigheadh roimh dul a chodladh dhúinn, go mór- mhór leabhar a thráchtann ar an Naomh-Shácraimínt seo. An té ná fuil leabhar de'n tsórt san aige is féidir leis na h-úrnaighthe roimh Comaoine a léigheadh as leabhar úrnaighthe. An mhaidean a ghlacann duine Comaoine ba cheart dó bheith san eaglais roimh Aifrionn agus na h-úrnaighthe roimh Comaoine do rádh le dúthracht agus le lán- chroidhe. Dá fheabhas a dheineann duine ulla- mhúchán roimh Comaoine, agus buidheachas a bhreith le Dia tar éis Comaoine, is eadh is mó gheóbhaidh sé toradh na Comaoine. Nuair a thiocfaidh an t-am chun Comaoine a ghlacadh téidheadh sé suas chun crannghail na h-altóra go modhmhail agus go h-umhal, a dhá láimh le n-a chéile aige agus a shúile ar an dtalamh aige. Tagadh sé ar a ghlúinibh ag an gcrannghal agus tógadh sé an t-éadach 'n-a dhá láimh agus cuireadh sé fé n-a ghiall é i dtreó is dá dtuitfeadh an Abhlann Choisricthe tré aon tonóisg go bhfanfadh Sé ar an éadach agus ná tuitfeadh Sé ar an dtalamh. Nuair a thiocfaidh an sagart chuige leis an gComaoine Naomhtha árduigheadh sé a cheann agus cuireadh sé a theanga amach, chun deise a thabhairt do'n tsagart ar an Naomh-Abhlainn a chur ar a theangain. Ní ceart do dhuine a bhéal a dhúnadh nó go dtógann an
sagart a lámh siar uaidh. Annsan dúnadh sé a bhéal agus sloigeadh sé an Naomh-Abhlainn go crábhthach. Dá ráineóchadh go gceanglóchadh an Naomh-Abhlainn d'á charball níor cheart dó a mhéar a chur i n-aice Leis. Deineadh sé É 'fhliuchadh agus É 'fhuasgailt go réidh le n-a theangain. Féachadh sé chuige ná fanann an Naomh-Abhlainn ar a theangain gan slogadh nó go leigheann Sé. Caithfear É 'shlogadh. Tar éis Comaoine filleadh sé go dtí n-a áit féin agus tugadh sé tamall ag cur fáilte roimh ár dTighearna atá anois 'n-a fhochair. Tar éis tamaillín, má's maith leis é, is féidir leis na "Úrnaighthe tar éis Comaoine" a léigheadh. Ní h-é an fhaid chéadna fhanann gach éinne ag breith bhuidheachais le n-ár dTighearna tar éis Comaoine, mar nách í an chaoi chéadna a bhíonn ag gach éinne chuige, ach níor chóir d'éinne gan ceathramha uaire an chloig, an chuid is lugha dhe, do thabhairt ag cómhrádh le n-ár dTighearna. Nuair a bhíonn ár dTighearna i n-ár bhfochair sa Chomaoine Naomhtha sin é an uair is fialmhaire É ag bronnadh A ghrásta. Is mór an cosg é ar na grástaibh sin má bhímíd ag smaoineamh go toilteanach ar neithibh éigin eile. Tá logha iomlán le fághail as an úrnaighe, "Ó a Íosa ró-mhaith, ró-mhilis, féach mise, agus rl.," a rádh ós cómhair íomháighe nú pictiúire Chríost ar Chrois an Chéasta. Ó 'nuair gurb' ó'n gComaoine Naomhtha gheibhimíd na grásta is luachmhaire agus is iomláine ba chóir dúinn dul chun Comaoine chómh minic agus is féidir linn. Éinne bhíonn ós cionn bliadhna gan dul chun Comaoine bíonn sé cionntach i bpeaca marbhthach. Deir Naomh Liguórí gur deacair
d'éinne ná téidheann chun Comaoine uair sa mhí peaca marbhthach a sheachaint, agus éinne gur mian leis é féin a thabhairt suas ar fad do Dhia agus dul chun cinn i bhfíréantacht ní mór dó dul chun Comaoine uair sa tseachtmhain nú níos minicí. Tugtar COMAOINE SPIORADÁLTA ar mian dul chun Comaoine nuair nách féidir an Naomh- Shácraimínt a ghlacadh dá ríribh. Is féidir do dhuine gníomh Comaoine Spioradálta a dhéanamh aon uair is maith leis agus i n-aon áit is maith leis. 'Siad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt na hAithrighe:- CÓMHARTHA SO-FHEICSE: ADHBHAR — Na peacaí ínnstear go dólásach i bhFaoistin, an croidhe-bhrú bhíonn ar an aithrigheach, agus an breitheamhnas aithrighe a ghlacann sé. FOIRM — Asbolóid an tsagairt. GRÁSTA. Maitheamhnas pheacaí an ghnímh. CRÍOST A UGHDAR: Is léir gur b'é Críost do chuir an tsácraimínt seo ar bun, ó sna focalaibh a labhair Sé leis na hAsbolaibh lá A Eiseirighe: "Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, tá siad maithte dhóibh." — (Eóin, xx. 23.) **Tugtar CIAN-ADHBHAR Sácraimínte na hAithrighe ar na PEACAÍBH a bhíonn le h-innsint sa bhFaoistin, agus DLÚTH-ADHBHAR na sácrai- mínte sin ar ghníomharthaibh an pheacaigh nuair a
théidheann sé chun faoistine. Ó 'nuair go bhfuil 'fhiachaibh ar dhuine peaca marbhthach innsint i bhfaoistin, má bhíonn sé ar a anam, tugtar ADHBHAR RÍACHTANACH ar an bpeaca san. Ní gádh peaca so-loghthach ná aon pheaca marbhthach a h-innseadh cheana d'innsint, ach má innstear is LEÓR D'ADHBHAR é. Tá dhá bhrigh leis an bhfocal AITHRIGHE. Ciall- uigheann sé (1) an SÁCRAIMÍNT le n-a maith- tear na peacaí a deintear tar éis Baiste, agus (2) an SUBHÁILCE a chorruigheann croidhe dhuine chun gráin a bheith aige ar a pheacaíbh. Tá cheithre coda nú cheithre ranna i Sácraimínt na hAithrighe: (1) Faoistin, (2) Croidhe-bhrú, (3) Leór-ghníomh, agus (4) Asbolóid an tsagairt.
CEACHT A hOCHT AGUS FICHE FAOISTIN an chéad roinn de Shácraimínt na haithrighe. Tugtar Faoistin ar fhoillsiú na bpeacaí do'n tsagart. Is léir ó fhocalaibh ár dTighearna go bhfuil 'fhiachaibh orainn ár bpeacaí d'innsint do'n tsagart má's maith linn maith- eamhnas d'fhághail ionnta. Dubhairt Sé le n-a Asbolaibh: "Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh táid siad maithte dhóibh agus na daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan maitheamh dóibh táid siad gan maitheamh dóibh." Nuair a labhair Sé na focail seo do dhein Sé breitheamh de'n Oide Faoistine. Is fé sin d'fhág Sé breith a thabhairt ar cad iad na peacaí is cóir a mhaitheamh agus cad iad na peacaí is cóir d'fhágaint gan maitheamh. Ní féidir do'n Oide Faoistine an bhreith sin a thabhairt mara n-innstear na peacaí dhó. Ní fuláir dúinn ár bpeacaí innsint: (1) go FÍRINNEACH, MACÁNTA .i. iad innsint go h-osgailte, gan cur leó ná baint uatha, ná leath-sgéal a thabhairt ionnta; (2) iad innsint go hUMHAL .i. 'fhios a bheith againn nách fiú sinn go maithfeadh Dia ár bpeacaí dhúinn; agus (3) iad innsint go hIOMLÁN .i. gach peaca marbhthach a dheineamair ó'n uair dheireannach a dheineamair deagh-Fhaoistin a chur ós cómhair an tsagairt. An té a cheile-ann oiread agus aon pheaca marbhthach amháin go toilteanach i bhFaoistin ní maithtear aon pheaca dhó — ní maithtear na peacaí admhuigheann sé ach chómh beag agus maith-
tear na peacaí a cheileann sé. Tá 'fhiachaibh orainn, fara sin, innsint cad é an méid uaire a dheineamair gach peaca marbhthach; agus má bhí aon bhaint aige le duine, nú le h-áit, nú le rud ar bith eile, a mhéadóchadh nú a luigheadóchadh coir nú mailís an pheaca, caithfear é innsint. Níl aon cheangal ar dhuine a pheacaí so-loghthacha d'innsint, ach ba mhaith an rud iad-san d'innsint leis. Má dhearmhadann duine peaca marbhthach d'innsint ní h-aon díoghbháil é; innseadh sé é an chéad uair eile a théidheann sé chun Faoistine. Níl aon chuid de'n tSácraimínt seo is ríach- tanaighe ná an CHROIDHE-BHRÚ, mar gan croidhe- bhrú ní féidir peaca do mhaitheamh i n-aon chor. Tá dhá shaghas croidhe-bhrú ann — croidhe-bhrú IOMLÁN agus croidhe-bhrú NEAMH-IOMLÁN. Is é FÁTH ár gcroidhe-bhrú (.i. an rud fé ndeara dhúinn an croidhe-bhrú a bheith orainn) an rud a dheineann an deifiridheacht idir croidhe-bhrú iomlán agus croidhe-bhrú neamh-iomlán. Bíonn croidhe- bhrú iomlán ar dhuine nuair a bhíonn brón agus tuirse air i dtaobh feirge a chur ar Dhia toisg grádh a bheith aige do Dhia ós cionn gach uile nídh. Bíonn croidhe-bhrú neamh-iomlán ar dhuine nuair a bhíonn fáth éigin spioradálta, níos ísle ná grádh Dé, leis an mbrón agus an tuirse a chuireann a pheacaí air; cuir i gcás, eagla go gcuirfeadh Dia go h-ifrionn é, nú ná tabharfadh Sé radharc na bhFlaitheas go bráth dhó. An té go mbíonn croidhe-bhrú iomlán air maithtear a pheacaí marbh- thacha dhó lasmuigh de Shácraimínt na hAithrighe, ach an té ná bíonn ach croidhe-bhrú neamh-iomlán air ní maithfear a pheacaí marbhthacha dó gan dul chun Faoistine. Agus fiú amháin nuair a théidheann
duine chun Faoistine is fearra dhó croidhe-bhrú iomlán a bheith air ná croidhe-bhrú neamh-iomlán, mar is mó de'n phianós aimsire a bhíonn tuillte ag an bpeaca a maithfear de bhárr an chroidhe-bhrú iomlán ná de bhárr an chroidhe-bhrú neamh-iomlán. Téidheann dá rud chun croidhe-bhrú do dhéanamh: (a) fuath agus gráin do'n pheaca agus brón agus tuirse i dtaobh é dhéanamh, agus (b) rún daingean gan tuitim sa pheaca airís. (a) Is cuma cia'ca croidhe-bhrú iomlán nú croidhe-bhrú neamh-iomlán a bhíonn i gceist againn; agus má's croidhe-bhrú iomlán a bhíonn i gceist, is cuma cia'ca i bhFaoistin é nú lasmuigh de'n bhFaoistin: má's croidhe-bhrú fírinneach é ní fuláir an doilgheas (1) a theacht ó'n gcroidhe, (2) bheith ós cionn nádúra, (3) bheith i n-árd-chéim nú ós cionn gach doilghis eilc, agus (4) bheith coitchiann. (1) Caithfidh sé TEACHT Ó'N gCROIDHE. Is ionann é sin nú a rádh go gcaithfidh an croidhe-bhrú bheith dá ríribh. Ní h-aon mhaitheas focail an Ghním Chroidhe-Bhrú a labhairt maran dá ríribh a labhartar iad. (2) Caithfidh sé bheith ÓS CIONN NÁDÚRA. Is ionann é sin nú a rádh go gcaithfidh sé teacht ó ghrástaibh Dé agus go gcaithfidh fírinne éigin d'ár gCreideamh bheith mar bhun nú mar fháth leis. Dá mbéadh an croidhe-bhrú orainn tré n-ár ngrádh do Dhia nú tré eagla go gcuirfeadh Dia pianós orainn, bhéadh sé ós cionn nádúra. Ach dá mba díoghbháil éigin saoghalta ba fháth le n-ár gcroidhe- bhrú — an droch-cháil a thug an peaca orainn i measg na gcómharsan, nú an teinneas cuirp, a thairing sé orainn, cuir i gcás, nú aon rud de'n tsaghas san — ní bhéadh ann ach croidhe-bhrú de réir nádúra agus ní bhéadh maith ná brigh ann chun
peaca do mhaitheamh. (3) Caithfidh sé bheith i nÁRD-CHÉIM. Is ionann é sin nú a rádh go gcaithfimíd níos mó de ghráin agus d'fhuath a bheith againn do'n pheaca ná d'aon droich-nídh eile ar an saoghal. Ní gádh dhúinn an brón a bhíonn orainn mar gheall ar an bpeaca do mhothú go corportha, ní lugha ná mar is gádh dhúinn deóra a shileadh, ná tocht guil a theacht orainn. Má bhíonn an oiread san de ghráin againn ar an bpeaca, ná fuil nídh ar domhan a chuirfeadh 'fhiachaibh orainn peaca marbhthach do dhéanamh go bráth airís, ní baoghal ná go mbéidh ár gcroidhe-bhrú i n-árd-chéim. (4) Caithfidh ár gcroidhe-bhrú bheith COITCHIANN. Is ionann é sin nú a rádh go gcaithfimíd croidhe-bhrú a bheith orainn mar gheall ar gach aon pheaca marbhthach d'ár dheineamair ó'n uair dheireannach a dhein- eamair deagh-Fhaoistin. Dá mbéadh dhá pheaca marbhthach ar anam duine agus ná béadh croidhe- bhrú air ach mar gheall ar cheann aca ní maithfí aon cheann aca dhó. (b) An rún a dheinimíd an peaca do sheachaint ní fuláir é bheith (1) daingean, (2) dúthrachtach, agus (3) i n-aghaidh gach uile pheaca marbhthach. (1) Ní fuláir é bheith DAINGEAN. Is ionann san nú a rádh go gcaithfimíd aigne a bheith againn, le congnamh grásta Dé, an peaca do sheachaint feasta pé rud imtheóchaidh orainn. (2) Ní fuláir é bheith DÚTHRACHTACH. Is ionann é sin nú a rádh go gcaithfimíd ár ndíthcheall a dhéanamh ar ár rún do chur i bhfeidhm agus go mórmhór caithfimíd ócáidí an pheaca do sheachaint. (3) Ní fuláir an rún a bheith I nAGHAIDH AN UILE PHEACA MARBHTHACH. Is ionann é sin nú a rádh go gcaithfimíd rún a bheith againn na peacaí
marbhthacha dheineamair cheana agus gach aon pheaca marbhthach eile do sheachaint feasta. An LEÓR-GHNÍOMH an tríomhadh cuid de Shác- raimínt na hAithrighe. Tugtar leór-gníomh ar an gcúiteamh a thugaimíd do Dhia san easonóir a thugann an peaca Dhó. Is leis an mBREITH- EAMHNAS AITHRIGHE a chuireann an sagart orainn i bhFaoistin agus le deagh-ghníomarthaibh eile a dheinimíd an leór-ghníomh a chúiteamh. Nuair a théidhmíd chun Faoistine caithfimíd an breitheamhnas aithrighe a ghlacadh ó'n oide faoistine le h-intinn é 'chóimhlíonadh. Má thugaimíd failighe ann 'n-a dhiaidh san ní dhéanfaidh san droch- Fhaoistine de'n Fhaoistine sin, mar nuair a maithtear peaca fanann sé maithte. Ar a shon san is uile bhéimís Cionntach i bpeacadh dá bhfág- aimís an breitheamhnas aithrighe gan cóimlíonadh. Dá gcuirfí breitheamhnas aithrighe trom ar dhuine mar gheall ar pheaca marbhthach béadh sé cionntac i bpeaca marbhthach dá bhfágadh sé é gan cóimh- líonadh tré fhailighe thoilteanach. Dá mba mar gheall ar pheacaíbh so-loghthacha amháin a cuirfí an breitheamhnas aithrighe air, ba pheaca sho-loghthach failighe thabhairt ann. Is annamh a dheineann an breitheamhnas aithrighe cúiteamh iomlán a thabhairt do Dhia i n-ár bpeacaíbh, ach an méid a bhíonn i n-easnamh air is féidir é dhéanamh suas le gníomharthaibh aithrighe uainn féin (úrnaighthe, déirc, trosgadh, agus rl.), nú le toradh logha. Mara ndeintear caithfear é chúiteamh i bPurgadóireacht. ASBOLÓID an tSAGAIRT an ceathramhadh cuid de'n tSácraimínt seo. Ní gádh puinn a rádh mar gheall air. Nuair a labharann an sagart focail na h-asbolóide, i n-ionad Chríost féin is eadh
labharann sé. Tar éis focail na hAsbolóide a rádh as Laidean guidheann sé go raghadh Páis Chríost, toradh saothair na naomh agus deagh- oibreacha an pheacaigh féin chun sochair dó agus chun maitheamhnais a pheacaí. Tá trí neithe gur cheart do dhuine a dhéanamh mar ullmhú air féin i gcómhair Faoistine. Ní mór dó (1) cabhair d'iarraidh ar Dhia, (2) a choinn- sias a sgrúdú, agus (3) é féin a spriucadh chun croidhe-bhrú i dtaobh a pheacaí. (1) Ní mór dó grásta d'iarraidh ar Dhia, mar gan grásta Dé ní féidir dúinn éinnídh a dhéanamh ar mhaithe le n-ár n-anam. (2) Ní mór dó a choinnsias a sgrúdú. Tugaimíd COINNSIAS ar an gcómhacht san atá i n-ár n-anam, le n-a dtugaimíd breith ar cia'ca olc nú maith a bhíonn aon ghníomh a dheinimíd. Deineann duine a choinnsias a SGRÚDÚ nuair a thugann sé iarracht ar a fhios 'fhághail cad é an méid peacaí a bhíonn déanta aige. Éinne ná téidheann ach go h-annamh chun Faoistine, níor mhisde dhó é féin a cheistiú i dtaobh gach aithne de sna Deich nAitheantaibh i ndiaidh a chéile; agus de réir mar thagann sé chun gach aithne fé leith aca, a fhiafraighe dhe féin ar bhris sé an aithne sin, agus (má bhris) an minic a bhris sé í. Tosnuigheadh sé mar seo, cuir i gcás, leis an gcéad aithne: Ar léigheas aon leabhair a chuirfeadh mé i gcon- tabhairt mo Chreidimh a chailleamhaint? Ar thugas d'éinne eile le léigheadh iad? An minic a dheineas é sin? agus rl. Annsan tagadh sé chun an dara h-aithne agus fiafruigheadh sé dhe féin: Ar thugas masladh d'ainm Dé le h-easgainíbh? agus rl. Leanadh sé air mar sin chun go mbéidh ceistiú déanta aige air féin i dtaobh Deich nAitheanta Dé.
Ceistigheadh sé é féin ar an gcuma gcéadna i dtaobh Aitheanta na hEaglaise, agus annsan deineadh sé é féin a sgrúdú i dtaobh na neithe a bhaineann le n-a shlighe-bheatha féin. Má théidheann duine go minic chun Faoistine, ní gádh dhó an mion-sgrúdú so go léir a dhéanamh. (3) Tar éis a choinnsias a sgrúdú is cóir do dhuine é féin a spriucadh chun doilgheasa nú croidhe-bhrú i dtaobh fearg a chur ar Dhia. Ní h-aon mhaith do dhuine dul chun Faoistine gan croidhe-bhrú nú doilgheas a bheith air. Ní fuláir dúinn, d'á bhrigh sin, gan failighe a thabhairt sa chuid sin de'n ullmhúchán. Chun sinn féin a spriucadh chun croidhe-bhrú deini- mís machtnamh go dúthrachtach ar fháthanaibh an doilghís nú an chroidhe-bhrú: gur chuir ár bpeacaí fearg ar Dhia atá ró-ghrádhmhar, ró-mhaith, agus ró-iomlán ann féin; nú gur chuireamair fearg ar Dhia le n-ár bpeacaíbh, tar éis ar thaisbeáin Sé de cheanamhlacht agus de ghrádh dhúinn; nú, gur rud ró-ghráineamhail agus ró-uathmhar ann féin an peaca; nú, gur bh'é an peaca ba bhun le Páis agus Bás ár dTighearna; nú, go gcaillimíd gach aon teideal a bhí againn chun flaitheas Dé nuair a dheinimíd peaca marbhthach, agus go gcuirimíd sinn féin i gcontabhairt ár ndamanta i n-ifrionn i gcaitheamh na síoruidheachta. Toghadh gach éinne an fáth, nú na fáthana, is feárr a dhéanfaidh é spriucadh chun croidhe-bhrú. Tar éis é féin a spriucadh chun croidhe-bhrú (agus ní bhíonn aon mhaith sa chroidhe-bhrú gan rún daingean an peaca do sheachaint feasta) bíonn duine ullamh chun dul chun Faoistine. Ba cheart dó teacht ar a ghlúinibh, Fíoghar na Croise a dhéanamh air féin, agus beannacht an tsagairt
d'iarraidh mar seo: "Beannuigh mé, 'Athair, de bhrigh gur pheacuigheas." Annsan abradh sé an Fhaoistin Choitchiann (Admhuighim do Dhia Uile- Chómhachtach, agus rl.) chómh fada síos leis na focalaibh "tré m' choir féin, agus rl." Annsan innseadh sé do'n tsagart cathain roimhe sin a bhí sé ag faoistin, cia'ca tugadh asbolóid dó nú nár tugadh, cia'ca chúitigh sé a bhreitheamhnas aithrighe nú nár chúitigh. Annsan deineadh sé, a pheacaí d'innsint, gan feitheamh le ceisteachán ó'n sagart, gan bheith ró-leadaránach, agus gan ainm éinne eile a luadh. Is malluighthe agus is ró-sgann- ramhail an rud d'éinne peaca marbhthach a cheilt i bhfaoistin. Ní gádh dhó eagla ná náire a bheith air. Ní baoghal dó go sgéithfear rún air, mar tá 'fhiachaibh ar an oide faoistine bás d'fhulang níos túisge ná labharfadh sé lasmuigh de'n fhaoistin aon fhocal i dtaobh éinnídh go bhfuair sé eólas air i bhfaoistin. Nuair ná bíonn le h-innsint ag duine ach peacaí so-loghthacha agus go mbíonn eagla air ná fuil croidhe-bhrú a dhóthain air mar gheall ortha, ba chóir dó peaca éigin, a dhéin sé i gcaitheamh a shaoghail, d'innsint — peaca éigin a maitheadh dó cheana, agus go bhfuil croidhe-bhrú a dhóthain air 'n-a thaobh. An té ná h-innseann i bhfaoistin ach peacaí so-loghthacha agus ná bíonn croidhe-bhrú air mar gheall ar aon cheann aca deineann sé droch-faoistine, mar cuireann sé an tsácraimínt ar neamh-nídh. Tar éis a pheacaí d'innsint do'n tsagart ba chóir do dhuine éisteacht go h-umhal agus go h-aireach le n-a chómhairle, agus Gníomh Croidhe-Bhrú do rádh, go dúthrachtach, le linn asbolóide d'fhághail. Dá mbéadh sé de mhí-ádh ar dhuine go gceilfeadh sé
peaca marbhthach i bhfaoistin, nú dá ndeineadh sé faoistin naomh-aithiseach ar aon tslighe eile, bhéadh 'fhiachaibh air innsint do'n oide faoistine go raibh sé Cionntach sa naomh-aithis sin, agus a mhinicí a bhí sé cionntach ann, agus innsint dó fairis-sin gach aon pheaca marbhthach a dhein sé ó'n uair dheireannach a dhein sé faoistin mar ba chóir. Dá ráineóchadh le duine peaca do dhearmhad, agus é ag déanamh faoistine, ní h-aon díoghbháil é, mar nár deineadh go toilteanach é, agus ní gádh dhó aon chathú a bheith air 'n-a thaobh. Do maitheadh an peaca san i dteannta na bpeacaí eile. Tá 'fhiachaibh air, ámhthach, an peaca san d'innsint an chéad uair eile a théidheann sé chun faoistine. *I measg na ndaoine ná baineann leis an Eaglais Chaitilicidhe ní maith a tuigtear cad is logha ann. Is dóigh le cuid aca gur maitheamhnas peacaí é. Is dóigh le n-a thuilleadh aca gur cead é, a tugtar do dhaoinibh áirithe, peacaí éigin a dhéanamh. Tá 'fhios ag Caitilicidhthibh, dar ndóigh, nách aon rud de'n tsórt san logha. Is minic fhanann pianós aimsire le fulang de bhárr pheaca marbhthaigh tar éis maitheamhnas d'fhághail i gcoir an pheaca, agus sa phianós shíoruidhe i n-ifrionn do thuill sé. Tá trí shlighe 'n-ar féidir an pianós aimsire sin do chúiteamh: (1) Is féidir le duine oibreacha aithrighe a dhéanamh uaidh féin — trosgadh a dhéanamh, nú déirc a thabhairt do bhochtaibh, nú pianta d'fhulang ar son Dé; nú, (2) is féidir leis logha d'fhághail. (3) Mara gcúitighthear mar sin é ar an saoghal so, caithfear é chúiteamh i bPurgadóireacht ar an saoghal eile. D'á bhrigh sin, nuair gheibheann duine logha ní h-é an peaca maithtear dó i n-aon chor, ach an pianós aimsire,
nú cuid de'n phianós aimsire, fhanann i ndiaidh an pheaca. Tugtar LÁN-LOGHA nú LOGHA IOMLÁN ar an logha 'fhuasgalann duine ó'n bpianós aimsire GO LÉIR, agus LOGHA NEAMH- IOMLÁN ar an logha 'fhuasgalann duine ó CHUID de'n phianós aimsire. **Is le cómhacht na hEaglaise a tugtar réidhteach an phianóis aimsire dhúinn nuair a gheibhmíd logha; mar cuireann an Eaglais chun sochair agus tairbhe ár n-anma, cuid de mhór- chúiteamh agus mór-luach Páise agus Báis Chríost, agus de luach-saothair na naomh, fhanann san Eaglais ar a dtugtar CISTE na hEaglaise nú SAIDHBHREAS na hEaglaise. Thug ár dTighearna Íosa Críost cúiteamh gan teóra d'Á Athair Síoruidhe i bpeacaíbh an chine daonna nuair a fuair Sé bás ar ár son. Ó 'nuair gur bh'é Dia É níor ghádh Dhó ach an teinneas ba lugha ar domhan d'fhulang, chun ceart Dé a chúiteamh thar cheann an chine daonna, agus chun níos mó grásta do thuilleamh ná mar theastóchadh chun an chine daonna go léir a shaoradh; mar bhí luach gan teóra ins gach aon rud d'ár dhein Sé. D'fhág ár Slánuigh- theóir ag an Eaglais le riar an chuid sin de thoradh a Pháise ná raibh gádh leis chun ceart Dé a chúiteamh. Do dhein an Mhaighdean Muire agus na naoimh eile tré chabhair ó ghrástaibh Dé níos mó de chúiteamh le Dia ná mar ba ghádh dhóibh féin. Fanann san san Eaglais mar an gcéadna i dteannta mór-luach Pháise agus Báis ár dTighearna. Is as an stór san de luach-saothair Chríost agus na naomh íocann an Eaglais thar ár gceann nuair a thugann sí logha dhúinn. Do chuireadh an Eaglais fadó breitheamhnas CANÓNDA
aithrighe ar dhaoinibh mar gheall ar pheacaíbh móra. Cialluigheann an focal canóin TUISE nú RIAGHAIL, agus tugtar breitheamhnas "canónda" aithrighe ar an mbreitheamhnas aithrighe seo, mar go raibh a phianós aithrighe féin ceapaighthe i gcómhair gach aon tsaghas peaca marbhthaigh. Bhíodh an pianós san an-dhian agus an-dheacair le cúiteamh, agus is minic a thógadh sé aimsir an-fhada é 'chúiteamh. Ba mhinic a cuirtí mar bhreitheamhnas aithrighe ar dhuine é bheith ag déanamh roda áirithe ar feadh seacht mbliadhan agus seacht ndachad lá, Nuair a thugann an Eaglais anois logha seacht mbliadhan agus seacht ndachad lá, nú logha céad lá, agus rl., tugann sí réidhteach dúinn san oiread san de'n phianós aimsire agus réidhteóchadh pianós seacht mbliadhan agus seacht ndachad lá, agus rl., de réir an bhreitheamhnais chanónda aithrighe. Tá cómhacht ag Easbogaibh agus ag Cáirdenéalaibh logha áirithe a bhronnadh, ach is ag an bPápa amháin atá lán-chómhacht an uile logha a bhronnadh. *Tugtar logha NEITHEAMHAIL ar an logha a gheibhtear mar gheall ar nídh éigin, cuir i gcás, paidirín coisricthe. Tugtar logha PEARSANTA ar an logha a tugtar fé leith do dhaoinibh áirithe, mar atá, na daoine a bhaineann le cuallacht éigin spioradálta. Bíonn an logha ÁITEAMHAIL nuair a caithtear turas a thabhairt ar áit éigin áirithe, eaglais cuir i gcás, chun é thuilleamh. Tá logha an Iúbail, agus an logha a tugtar do dhaoinibh a bhíonn ar bhruach bháis, agus an logha a tugtar le Beannachadh an Phápa, ar na loghaibh is iomláine agus is mó tábhacht d'á dtugtar dúinn. Chun logha d'fhághail ní fuláir do dhuine: (1) bheith 'n-a Chaitilicidhe, (2) a chur roimis an logha
d'fhághail, (3) na deagh-oibreacha órduightear a dhéanamh, agus (4) bheith ar staid na ngrást (go h-áirithe le linn na ndeagh-oibreacha a chríochnú). Chun logha iomláin d'fhághail ní fuláir do dhuine fuath a bheith aige d'á pheacaíbh so-loghthacha, agus is annamh a bhíonn sé le fághail gan duine a dhul chun Faoistine agus chun Comaoine. Is féidir geall leis gach aon logha a gheibhmíd a bhronnadh ar anamachaibh na marbh i bPurgadóireacht. Tugaid fuasgailt ortha ó n-a bpiantaibh de réir mar is toil le Dia tré n-A Mhór-Cheart agus A Mhór-Thrócaire fuasgailt a thabhairt ortha.
CEACHT A NAOI AGUS FICHE **Tugtar OLA DHÉANNACH ar an gcúigeadh sácraimínt, mar gur gnáthach gur b'í an tsácrai- mínt í is déannaighe a ghlacann duine de sna sácraimíntibh go mbaineann ola choisricthe leó. 'Siad so na neithe atá ríachtanach i nOla Dhéannach:- CÓMHARTHA SO-FHEICSE: ADHBHAR — Ola choisricthe — ola na n-easlán. FOIRM — "Tríd an ungadh naomhtha so, agus tré n-A thrócaire ró-ghrádhmhar féin, go dtuga Dia maitheamhnas duit i ngach peaca d'ár dheinis le d' radharc," agus rl. GRÁSTA: Tugann sí neart agus furtacht do'n anam le linn báis agus tugann sí grásta chun bás naomhtha d'fhághail. Fuasglann sí ó chuid de'n pianós aimsire nú uaidh go léir uaireanta. CRÍOST A hÚGHDAR: Ní fios cathain a chuir Críost an tsácraimínt seo ar bun, ach is cinnte ó fhocalaibh Shéamuis Naomhtha gur b'é Críost a chuir ar bun í, mar bhí sí 'n-a Sácraimínt ag na hAsbolaibh, rud ná béadh gan Críost 'á cur ar bun. 'Siad so focail an Asboil, Naomh Séamus: "A' bhfuil éinne i nbhúr measg atá breóidhte? Cuireadh sé fios ar shagartaibh na hEaglaise agus
deinidís guidhe ós a chionn, 'á iongadh le h-ola i n-ainm an Tighearna, agus tabharfaidh guidhe an chreidimh saor an duine easlán agus tógfaidh an Tighearna suas é, agus má bhíonn peaca air gheóbhaidh sé maitheamhnas ann." — Séamus, v. 14, 15. **I dteannta na ngrásta atá ainmnighthe againn is minic a thugann an Ola Dhéannach grásta eile dhúinn; is minic a thugann sí maitheamhnas do dhuine i bpeacaí an ghnímh, ná bíonn maithte dhó, agus fós sláinte cuirp má's é toil Dé é. Ní tugtar an tsácraimínt seo d'éinne ach do dhuine a bhíonn i mbaoghal báis tré bhreóidhteacht. D'á bhrigh sin ní féidir do shaighdiúir a bhíonn ag dul isteach sa chath, ná do dhaoinibh a bhíonn le cur chun báis, í 'ghlacadh. Ach dá mbéadh saighdiúir ag fághail bháis ar pháirc an buailte d'fhéadfaí an Ola Dhéannach a chur air. Is é an sagart ministir na sácraimínte seo. Cuireann sé Ola Choisricthe ar na súilibh, ar na cluasaibh, ar pholáiríbh na sróna, ar an mbéal, ar chroidhe an dá dheárnan, agus ar bhonn an dá chos. Ungtar na baill beatha so mar gur leó is gnáthaighe do dhuine peaca marbhthach a dhéanamh. Oleum Infirmorum nú OLA NA nEASLÁN an t-ainm a tugtar ar an ola le n-a bronntar an tsácraimínt seo Coisriceann an t-Easbog í an Dardaoin roimh Cháisg. Coisriceann sé dhá shaghas ola eile an lá céadna — CRIOSMA, agus Ola na gCAITE- CIÚMNACH, an ola a cuirtear i bhfeidhm in sna deasgnáithibh a bhaineann le Baiste, ag coisreacan uisge baistidhe, agus ag cur Órd Beannuighthe ar shagartaibh.
**Ba chóir fios a chur ar an sagart gan mhoill chómh luath agus chítear go bhfuil baoghal báis ar dhuine. B'olc go léir an rud é gan fios a chur air nó go mbéadh an duine ag fághail bháis. Nuair a bhíonn súil leis an sagart ba cheart seómra an duine bhreóidhte d'ullmhú 'n-a chómhair. Bíodh bórd cómhgarach do'n leabaidh agus é clúdaighthe le línéadach bán glan. Ar an mbórd san bíodh cros, dhá choinneal céireach, fíor-uisge agus uisge coisreacan, agus tubháile glan. Tugann an sagart an Naomh-Shácraimínt leis, chun Comaoine 'thabhairt mar Lón Anma do'n duine bhreóidhte, agus ba cheart do mhuinntir an tighe gan dearmhad a dhéanamh air sin. Chómh luath agus bhíonn Faoistin an duine bhreóidhte éistighthe is ceart do mhuinntir an tighe teacht ar a nglúinibh mórdtímcheall na leabtha agus bheith ag guidhe go dúthrachtach ar a shon 'n fhaid a bhíonn an sagart ag tabhairt Chomaoine dó, agus ag cur na hOla air. Má's féidir leis an nduine bhreóidhte féin é, ba cheart dó é féin a chorruighe chun croidhe-bhrú le linn Ola Dhéannach a ghlacadh dhó. Tar éis na hOla a chur ar dhuine, is gnáthach leis an sagart an Bheannachadh Dhéannach a thabhairt dó. Tá logha iomlán le fághail ag an té gheibheann an Bheannachadh so. 'Siad so na neithe atá ríachtanach sa nÓrd Beannuighthe:- CÓMHARTHA SO-FHEICSE: ADHBHAR — Lámha an Easbuig 'á gcur ar an té a ghlacann an tsácraimínt, agus a lámha féin 'á gcur ar na h-árthraighibh beannuighthe. FOIRM — Guidhe an easbuig.
GRÁSTA: Cómhacht agus grásta chun obair an tsagairt a dhéanamh. CRÍOST A ÚGHDAR: Is léir gur chuir ár dTighearna an tsácraimínt seo ar bun, óir dubhairt Sé le n-A Asbolaibh: "Fé mar a sheól an tAthair mise seólaim-se sibh-se." — (Eóin, xx. 22, 23.) Taisbeántar é mar an gcéadna ó Eipistilibh Naoimh Pól chun Timoteuis. Deireann an tAsbol le n-a dheisgiobal gan failighe a thabhairt ins na grástaibh a fuair sé tré lámhaibh an Asboil féin, ach iad do chorruighe suas 'n-a anam. **Bronntar cómhacht na sácraimínte seo, céim i ndiaidh céime — seacht gcéimeana nú seacht n-úird ar fad. Sin é an fáth go dtugtar Órd Beannuighthe uirthe. Tugtar na MION-ÚIRD ar na cheithre-h-órdaibh aca is túisge a ghlactar, agus na hÚIRD BHEANNUIGHTHE ar na trí h-órdaibh eile. 'Siad so na cheithre Mion-Úird: (1) Dóirseóir, (2) Léightheóir, (3) Togharmach, (4) Acalaidhe. 'Siad so na trí hÚird Beannuighthe: Órd Fó-Dheocáin, Órd Deocáin, agus Órd Sagairt. Ní fuláir BEARADH BAITHIS a ghlacadh sar a nglactar aon órd. Ní h-órd i n-aon chor an Bearadh Baithis, ach ullmhú ar dhuine i gcómhair na n-órd. Is duine de'n chléir an té go ndeintear Bearadh Baithis air. 'Sé an tEasbog amháin is ministir na sácraimínte seo. Níor chóir d'éinne Órd Beannuighthe a ghlacadh gan GAIRM Ó DHIA nú glaodhach ó Dhia. Tá an ghairm chéadna ríachtanach do'n duine a chuireann
roimis a bheatha do chaitheamh fé riaghail coisricthe i seirbhís Dé. Tá cómharthaí áirithe ann le n-a n-aithnightear de ghnáth an Ghairm sin. Cómhartha aca is eadh fonn agus mian a bheith ar an duine a shaoghal a thabhairt i seirbhís Dé, agus a bheatha a bheith diadha, deagh-shomplach. Cómharthaí eile is eadh é bheith foghlumtha a dhóthain, agus deagh- shláinteach a dhóthain, chun oibre Dé a chur chun cinn mar is cóir; agus cead a bheith aige ó n-a oide faoistine. An té ghlacann Órd Beannuighthe nú a théidheann fé riaghail choisricthe gan gairm ó Dhia cuireann sé é féin i gcontabhairt a dhamanta. Is mór go léir an peaca a dheineann na h-aithreacha agus na máithreacha a chuireann 'fhiachaibh ar a gcloinn Órd Beannuighthe a ghlacadh 'n-a n-aindeóin, nú dul fé riaghail choisricthe 'n-a n-aindeóin. Mar an gcéadna, is mór an peaca d'aithreachaibh agus do mháithreachaibh a chuireann cosg le n-a gcloinn nuair is mian leó a saoghal do thabhairt i seirbhís Dé. **'Siad so na neithe ríachtanacha i sácraimínt an Phósta:- CÓMHARTHA SO-FHEICSE: ADHBHAR — An toil a thugann gach duine de'n lánamhain bheith mar chéile pósta ag an nduine eile. FOIRM — An toil a thugann gach duine de'n lánamhain, i bhfocalaibh nú i gcómharthaibh, an duine eile a ghlacadh mar chéile pósta. GRÁSTA. Tugann sé grásta do'n lánamhain, grádh a thabhairt d'á chéile, bheith dílis d'á chéile, agus a ndualgaisí d'á gcloinn a chóimhlíonadh.
CRÍOST A ÚGHDAR. Ní fios cathain a chuir ár dTighearna an tsácraimínt seo ar bun, ach tá fhios againn gur chuir Sé ar bun í ó n-A fhocalaibh féin: "An nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é." — (Maitiú, xix. 6.) Do chuir Naomh Pól ceangal an phósta i gcompráid leis an gceangal atá idir Chríost agus an Eaglais. — (Ephes., v. 31, 32.) **Is féidir pósadh a bheith NEAMH-DHLIS- TEANACH (.i. i n-aghaidh dlighe Dé) agus, 'n-a aindeóin sin is uile, é bheith SEASAMHACH (.i. é bheith 'n-a fhíor-phósadh i láthair Dé). Dá bpósadh duine agus é i bpeaca marbhthach do phósadh sé go neamh-dhlisteanach, ach ní fhágfadh san é gan pósadh go fírinneach. Dá ndeineadh daoine, a bhéadh a trí is a trí dhe ghaol le n-a chéile, iarracht ar phósadh gan faoisiú d'fhághail, ní bhéadh an pósadh seasamhach ná dlisteanach. Is mór an peaca é sácraimínt an phósta do ghlacadh go neamh-dhlisteanach. Ní leanann beannacht Dé é, agus tugann sé mí-ádh agus mallacht ar an lánamhain a bhíonn cionntach. Ní féidir ceangal an phósta do bhriseadh nó go bhfaighidh duine de'n lánamhain bás. — "An nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é." Lasmuigh de'n Eaglais Chaitilicidhe deintear iarracht go minic ar cheangal an phósta do sgaoileadh le cómhacht dlighe an stáit, ach i n-aindeóin díthchill an dlighe fanann cuing an phósta. Tá 'fhiachaibh ar an lánamhain pósta maireachtaint i bhfochair a chéile. Ba pheaca marbhthach dóibh sgarmhaint ó n-a chéile gan chúis an-mhór go léir. Nuair a bhíonn an chúis sin
ann, agus go mbíonn 'fhiachaibh ortha sgarmhaint ó n-a chéile, níl aon chead ag ceachtar aca pósadh, nó go bhfaighidh an duine eile bás. Má gheibheann lánamha "sgaoile pósta" ó dhlighe na tíre agus má dheineann éinne aca iarracht ar phósadh le duine éigin eile, de bhrigh an sgaoile bréige sin, ní pósadh i n-aon chor an t-éintigheas nua, ach peaca ró-ghráineamhail. 'Siad an bheirt a bhíonn 'á bpósadh ministrí na sácraimínte seo. Bíonn an sagart mar fhídhnéidh ar an bpósadh agus tugann sé beannachadh na hEaglaise do'n lánamhain. Tá trí sácraimíntí nách féidir a ghlacadh ach aon uair amhain: Baiste, Dul Fé Láimh Easbuig, agus Órd Beannuighthe. Ní féidir iad a ghlacadh ach aon uair amháin, mar go gcuireann siad SÉALA spioradálta ar an anam nách féidir a bhaint de. Fanfaidh an séala san ar an anam i gcaitheamh na síoruidheachta pé áit go mbéidh sé. Fanfaidh sé air 'n fhaid a mhairfidh an duine; agus ar an saoghal eile fanfaidh sé ar na h-anamnachaibh beannuighthe i bhFlaitheas Dé mar mhéadú ar a nglóire, agus ar na h-anamnachaibh damanta i nIfrionn mar mhéadú ar a gcruadhtan. Má bhíonn eagla ar éinne gur ghlac sé go neamh-sheasamhach aon cheann de sna trí sácraimíntíbh seo is féidir an tsácraimínt sin a bhronnadh ath-uair air fé'n gcoinghiol nár ghlac sé roimhe sin í.
CEACHT A TRÍOCHA 'Sé an rud an Breitheamhnas, an bhreith a thabhar- faidh Dia, thar éis báis, ar anam gach éinne de'n chine daonna, 'á sheóladh chun aoibhnis na bhFlaitheas nú chun pianta Ifrinn. Tá dhá bhreitheamhnas i gcómhair gach éinne — an Breitheamhnas FÉ LEITH agus an Breitheamhnas COITCHIANN nú GINEA- RÁLTA. Tabharfar an breitheamhnas fé leith ar anam gach éinne láithreach tar éis a bháis, nuair a chaithfidh gach anam seasamh 'na aonar i bhfiadhnaise Dé. Tabharfar an breitheamhnas coitchiann nú ginearálta ar an gcine daonna go léir i bhfochair a chéile nuair a thiocfaidh deire an tsaoghail. Tugtar Lá an Bhreitheamhnais agus Lá an Luain ar an lá san. **Sar a dtiocfaidh an lá san béidh a chómharthaí sa ghréin, agus sa ghealaigh, agus i réaltaibh na spéire. Béidh cogaí, agus ráflaí ar chogaíbh; gorta agus pláigh, anfhaithe fairrge agus luasgacha talmhan. Tar éis na neithe seo go léir cuirfear deire le gach nídh saoghalta. Annsan tiocfaidh an tÁrdaingeal chun an chine daonna a chruinniú. Béidh cos leis ar muir agus cos leis ar tír agus é ag séideadh a bhuabhail. Ní túisge cloisfear glór an bhuabhail ná eireóchaidh na mairbh go léir. Raghaidh gach corp i bhfochair an anma a bhí aige ar an saoghal so, agus ní sgarfar ó n-a chéile iad as san amach. Béidh cuirp na bhfíréan go glórmhar, 'sé sin, go mbéidh siad go soillseach, lúthmhar, do-choisgthe, do-ghortuighthe. De bhárr
iad a bheith SOILLSEACH béidh siad ag lonnradh ar nós na réaltanna i gcaitheamh na síoruidheachta; de bhárr iad a bheith LÚTHMHAR béidh sé ar a gcumas turas a thabhairt ó áit go h-áit is cuma cad é an fhaid é, gan aon aimsir a thógaint chuige ach chómh tapaidh is cuimhneófaí air; de bhárr iad a bheith DO-CHOISGTHE béidh sé ar a gcumas dul gan duadh tré gach nídh corportha; agus de bhárr iad a bheith DO-GHORTUIGHTHE ní baoghal dóibh pian ná doilgheas, dochar ná díoghbháil d'fhulang. Béidh a mhalairt de chruth ar an dream damanta. Béidh cuma uathmhar ar a gcorpaibh sin, agus caithfidh siad dul i dteannta a n-anam uathmhar urghránna. Tiocfaidh ár dTighearna féin "i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam" chun breithe a thabhairt ar an gcine daonna. Béidh gach éinne bailighthe i n-A láthair; na deagh-dhaoine ar A láimh dheis, agus na droch- dhaoine ar A láimh chlé. Annsan déarfaidh Sé leis an muínntir a bhéidh ar A láimh dheis: "Téanaidh, a dhaoine bheannuighthe mh'Athar, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ullamh daoibh ó chruthú an domhain, mar bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n-ithe dom; bhí tart orm agus thugabhair rud le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair bheith istigh dom." — (Maitiú, xxv. 34, agus rl.) Annsan tabharfaidh Sé A bhreith ar an dream damanta ar A láimh chlé — breith ró-chóir agus breith ná fuil dul uaidh. "Imthighidh uaim," adearfaidh Sé, "a dhream mhalluighthe, isteach sa teine shíoruidhe, do h-ullamhuigheadh do'n diabhal agus d'á aingealaibh, mar bhí ocras orm agus níor thugabhair rud le n-ithe dom; bhí tart orm agus níor thugabhair rud le n-ól dom; bhíos ar fán agus níor
thugabhair bheith istigh dom." — (Maitiú, xxv. 41, agus rl.) Agus déarfaidh siad san 'á fhreagaradh: "A Thighearna, cathain a chonnacamair-na thú fé ocras, ná fé thart, ná ar fán, agus nár dhein- eamair furtacht ort?" — (Mait., xxv. 44), agus déarfaidh ár dTighearna 'á bhfreagaradh: "Ó 'nuair nár dheineabhair d'éinne de'n mhuínntir shuaraigh so é níor dheineabhair dómh-sa é." — (Mait., xxv. 45.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services