Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe

Title
Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe
Original Title
Manual of Religious Instruction
Author(s)
Paor, Pádraig, An tAthair,
Translator
Ó Cúrnáin, Tadhg, An tAthair
Composition Date
1923
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teóranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MION-MHÍNIÚ AR AN
dTEAGASG CRÍOSTAIDHE


L. ii


MION-MHÍNIÚ AR AN
dTEAGASG CRÍOSTAIDHE


L. 3


RÉAMH-FHOCAL



Ní gadh éinídh a rádh mar gheall ar Manual an
Athar Pádraig Paor. Tá an leabhar san i lámhaibh
formhór mhúinteóirí an Teagaisg Críostaidhe ar
fuaid na hÉireann, agus teist agus moladh air,
ó easbogaibh, ó shagartaibh, agus ó mhúinteóiríbh.



Níl aon leabhar fós de'n tsórt san i nGaedhilg,
cé go bhfuil gádh géar le n-a leithéid. Mar
iarracht ar an sgéal san do leigheas 'seadh deineadh
an t-aistriú so go Gaedhilg. I gcúpla áit tá
deifir bheag idir an Béarla agus an Ghaedhilg, ach
ní mór atá.



Na h-alta ná fuil aon chómhartha rómpa níor
mhiste ar t-éolas atá le fághail ionnta do mhúineadh
da sna páistíbh a bhíonn á n-ullmhú i gcómhair a
gCéad Chomaoine. Ná h-alta go bhfuil aon
réiltín amháin (*) mar chómhartha rómpa níor mhór
do pháistíbh a bheadh ag dul Fé Láimh Easbuig an
t-eolas atá ionnta do bheith aca. Na h-alta go
bhfuil dhá réiltín (**) mar chómhartha rómpa táid
oireamhnach do pháistíbh na ngrád is uachtaraighe in
sna sgoileanaibh íochtaracha.


L. 5


MION-MHÍNIÚ AR AN
DTEAGASG CRÍOSTAIDHE



CEACHT A hAON



*Is é Dia CRUTHUIGHTHEÓIR an domhain agus
an uile nídh. Nuair adeirimíd gur CHRUTHAIGH
Dia iad cuirimíd i gcéill gur dhein Sé iad as
neamhnídh — gan bun-adhbhar a ndéanta do bheith
ann roimh-ré. 'Sé Dia amháin fhéadann rud do
chruthú. Tugtar CRÉATÚIR mar ainm ar gach
nídh d'ár cruthaigheadh, bíodh an rud san 'n-a
bheathaidh nú ná bíodh. Deir an Sgríbhinn Naomhtha
gur cruthaigheadh an domhan agus an uile nídh fé
cheann sé lá, ach b'fhéidir gur tréimhse fada gach
lá aca san i n-ionad iad a bheith cheithre h-uaire
fichead ar faid.



**Seo riarú oibre na sé lá:- I dtosach do
cruthaigheadh Neamh agus Talamh.



AN CHÉAD LÁ dubhairt Dia "Bíodh solus ann"
agus do bhí solus ann.



AN DARA LÁ do dhein Dia an fiormaiment
nú an spéir.



AN TRÍOMHADH LÁ do dheighil Sé an Talamh
Tirm agus an t-uisge ó n-a chéile agus do chuir
Sé an uile shaghas plannda ag fás ar an dtalamh.



AN CEATHRAMHADH LÁ do chruthaigh Sé an
ghrian agus an ghealach agus na réilteanna chun


L. 6


an lá agus an oidhche do riaghalú agus chun tráthana
nú saesúir na bliadhna do riar.



AN CÚIGEADH LÁ do cruthaigheadh na h-éin
agus na h-éisg.



AN SÉAMHADH LÁ do cruthaigheadh ainmhidhthe
na talmhan idir bheag agus mór agus 'n-a ndiaidh
go léir do cruthaigheadh An Duine.



*AN SEACHTMHADH LÁ do stad Dia ó obair.
Ní le tuirse do stad Sé, mar nách féidir tuirse
do theacht ar chómhacht gan teóra, ní lugha gur b'é
brigh na bhfocal gur stad Dia ar fad d'aon obair
a dhéanamh mar bíonn Dia i gcómhnuidhe gan stad
gan staonadh ag cabhrú agus ag neartú le gach
nídh d'ár chruthaigh Sé. Cialluigheann na focail
nár chruthaigh Sé aon tsaghas nú cineál nua de
chréatúiribh 'n-a dhiaidh san.



Níl ann ach aon Dia amháin "a thabharfaidh an
Bheatha Shíoruidhe do sna deagh-dhaoinibh agus
pianta síoruidhe Ifrinn do sna droch-dhaoinibh."
'Siad na deagh-dhaoine na daoine fhaghann bás i
ngrástaibh Dé — gan peaca marbhthach a bheith ar a
n-anam, agus 'siad na droch-dhaoine na daoine
faghann bás i bpeaca marbhthach.



Bíodh go bhfuil Dia ins gach uile áit — i n-aice
linn, mór-dtimcheall orainn, agus ionainn istigh —
ní féidir dúinn É fheicsint mar gur SPIORAID
É. Spioraid a thugaimíd ar neach neamh-chorpartha
go bhfuil CIALL AGUS TUIGSINT aige. Nuair
a bhíonn rud NEAMH-CHORPARTHA bhíonn sé gan
cholan, gan bhall beatha, agus ní féidir coda a
dhéanamh de. Bíonn TUIGSINT ag an té fhéadan
smaoineamh nú machtnamh a dhéanamh. Ní bhíonn
lámha, ná cosa, ná ceann ar spioraid.



Is FÍOR-SPIORAID an spioraid ná fuil


L. 7


cóimhcheangailte le colainn agus nách dual do
cóimhcheangal le colainn. Is fíor-spioraid Dia,
is fíor-spioraid aingeal nú diabhal. Ní fíor-
spioraid anam an duine mar gur dual dó corp.



Chíonn Dia an uile nídh — is cuma i bhfolach nú
i bhfollus do'n tsaoghal é. Chíonn Sé na smaointe
'bhíonn i bhfolach istigh i gcroidhe an duine chómh
maith leis na gníomharthaibh a deintear ós cómhair
an tsaoghail. Tá eólas Aige ar gach aon rud
atá ag tuitim amach anois, gach ar thuit amach
riamh, nú a thuitfidh amach go deó. Go deimhin
i bhfiadhnuise Dé níl éinnídh imthighthe ná éinnídh le
teacht; tá an uile nídh os A chómhair i n-aon
neómat amháin síor-láithreach síoruidhe. Ní raibh
aon tosnú ag Dia, agus ní bhéidh aon deire leis.
Tugaimíd neach SÍORUIDHE ar an té atá gan
túis, gan deire. Is léir gurab é Dia an t-éinne
amháin atá síoruidhe, mar, bíodh ná béidh aon deire
le h-anam an duine, ná leis na h-aingealaibh, bhí
tosnú aca.



Ní h-amháin go bhfuil Dia síoruidhe, tá sé uile-
chómhachtach leis. — Is féidir Leis an uile nídh do
dhéanamh ach amháin nídh peacamhail. Dá mb'fhéidir
le Dia aon droch-nídh, nú nídh mí-cheart, a dhéanamh
ba chómhartha é go raibh locht éigin nú neamh-iom-
láine éigin Ann, ach níl aon locht ná aon neamh-
iomláine i nDia.



Tá dhá shaghas glóire ag dul do Dhia — GLÓIRE
INMHEÁDHONACH agus GLÓIRE FHOIRIMEALLACH.
Glóire inmheádhonach fhaghann Sé ó n-A iomláine
dhiadha féin. Níor tháinig méadú ná atharú ar an
nglóire sin nuair a chruthaigh Sé an domhan. 'Sí
an ghlóire fhoirimeallach an ghlóire thugann créa-
túirí do Dhia.


L. 8


CEACHT A DÓ



Is an é an duine an ceann is uaisle agus is
iongantaighe d'á bhfuil de chréatúiríbh ar an dtalamh.
Tá dhá chuid, nú dhá phríomh-adhbhar, sa duine — an
t-anam agus an corp. Is é an corp an chuid
de'n duine go bhfuil tiúghdas ann agus atá
so-fheicsiona. Is é an t-anam an chuid spiora-
dálta do-fheicsiona. Do dhein Dia an corp de
chré na talmhan ach do dhein Sé an t-anam as
neamh-nídh. Nuair a dhein Dia an duine do chuir
Sé air, A dheilbh agus A chosmhalacht féin. Ní i
gcorp an duine atá an cosmhalacht so le Dia,
mar ná fuil aon chorp ag Dia. Connus tá an
t-anam cosmhail le Dia? Tá i dhá shlighe: (1) Is
spioraid an t-anam agus (2) tá sé do-mharbhtha.
Do chonncamair cheana cad é an nídh spioraid.
An rud atá do-mharbhtha ní féidir dó bás d'fhághail.
Ní bhfaighidh Dia bás mar nách féidir Dó bás
d'fhághail agus sa tslighe chéadna ní thiocfaidh an
bás ar anam an duine go deó. Mairfidh ár
n-anamacha i gcaitheamh na síoruidheachta — i n-aoibh-
neas nách féidir a innsint nú i gcruadhtan nách
féidir a áireamh.



Is chun na críche is áilne agus is aoibhne do
chur orainn do chruthaigh Dia sinn. Do chuir Sé
ar an saoghal sinn chun glóire 'thabhairt Dó agus
chun Ríoghacht na bhFlaitheas do shealbhú mar luach
ár saothair. Gheóbhaimíd seilbh sa ríoghacht naomhtha
san ach an rud iarrann Dia orainn do dhéanamh
agus grádh 'thabhairt Dó, agus na tabhairtaisí a


L. 9


bhronn Sé orainn ar an saoghal so a chur chun A
sheirbhíse. Chun Dia a ghrádhú, agus A sheirbhís a
dhéanamh, ní fuláir dúinn aithne a chur Air agus
na fírinní a mhúin Sé dhúinn d'fhoghluim. Gheóbh-
aimíd an t-eólas so ar Dhia, agus ar na fírinníbh
a mhúin Sé dhúinn, go spesialta i gCré na nAsbol.


L. 10


CEACHT A TRÍ



*Tugtar CRÉ mar ainm ar chur-le-chéile
aithgheárr de phríomh-airtiogalaíbh ár gCreidimh.
Ainmnightear Cré na nAsbol ó sna hAsbolaibh,
mar go bhfuil sí ag Críostaidhthibh gan puinn atharú
ó aimsir na nAsbol anuas.



**I dteannta Chré na nAsbol deineann an
Eaglais úsáid de thrí phríomh-chréibh eile — Cré
Nicéá, Cré Shan Atanásius, agus Cré an Cheathr-
mhadh Pius, Pápa. Do cuireadh Cré Nicéá le
chéile sa bhliadhain 325 nuair a bhí Cómhairle
Coitcheann ar siúbhal i gCathair Nicéá. Is uaidh
sin a tugtar an t-ainm uirthe. Deirtear an Chré
seo san Aifrionn, i ndiaidh an tSoisgéil, gach aon
Domhnach sa mbliadhain agus laetheanta féile
áirithe. Ba chun bréagnú a dhéanamh ar theagasg
an eiricigh Árius do cuireadh an chré seo le chéile.



Dubhairt Árius nár Dhia i n-aon chor Íosa
Críost, agus dá bhrigh sin deineann an Chré seo
deimhniú dhúinn gur Dia É go fírinneach agus go
bhfuil an tAthair agus an Mac comhshubstainteach.



**Tá cúpla focal i gCré Chonstantinóple ná
fuil i gCré Nicéá. Sin a bhfuil de dheifirídheacht
eatortha.



**Is sia CRÉ SHAN ATANÁSIUS ná Cré na
nAsbol agus ná Cré Nicéá. Tugadh an t-ainm
sin uirthe mar go ndeirtí gur b'é Naomh Atanásius
do chuir le n-a chéile í, an ceathrmhadh céad tar
éis ár dTighearna. 'Sa chré seo tugtar go cruinn
agus go soiléir dhúinn teagasg na hEaglaise ar


L. 11


an dTríonóid Naomhtha agus ar Ioncholnú ár
dTighearna. Léigheann na sagairt an chré seo
uaireanta sa Phortús.



**Do cuireadh le chéile CRÉ AN CHEATHRMHADH
PIUS, PÁPA, tar éis Chómhairle Choitcheann na
Treidhnte sa bhliadhain 1563. Ní fuláir do gach
éinne iompuigheann ó eiriceacht an chré seo d'aithiris
sar a nglacfar leis san Eaglais Chaitilicidhe. Tá
gach aon airtiogal d'á n-ainmnightear i gCré
Nicéá innte, agus mar aon leó tá airtiogail
áirithe a mínigheadh i gCómhairle na Treidhnte. Sa
bhliadhain 1870 tar éis Chómhairle Choitcheann an
Bhatican, do cuireadh cúpla airtiogal eile leis
an gcré seo — airtiogail a bhaineann le príomhdhacht
an Phápa agus le do-earráideacht nú do-mheall-
tacht an Phápa. Sa bhliadhain 1910 do chuir an
deicheamhadh Pius airtiogail áirithe eile léi
ag bréagnú chuid de theagasg na h-aimsire
seo.



*Tá dhá airtiogal déag i gCré na nAsbol
mar atá:-



1. Creidim i nDia, an tAthair Uile-chómhachtach,
Cruthuightheóir Neimhe agus Talmhan.



2. Agus i nÍosa Críost A Aon-Mhac san, ár
dTighearna;



3. Do gabhadh ó'n Spioraid Naomh, do rugadh ó
Mhuire óigh.



4. D'fhulaing páis fé Phointius Píoláit, do
céasadh ar an gCrois; do fuair bás,
agus do h-adhlacadh.



5. Do chuaidh síos go hIfrionn; d'eiseirigh an
treas lá ó mharbhaíbh.


L. 12


6. Do chuaidh suas ar Neamh; atá 'n-a shuidhe
ar dheas-láimh Dé, an tAthair Uile-
chómhachtach.



7. As san tiocfaidh chun breitheamhantais do
thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaíbh.



8. Creidim sa Spioraid Naomh;



9. Sa Naomh Eaglais Chaitilicidhe; i gComaoine
na Naomh;



10. I maitheamhnachas na bpeacaí;



11. I nEiseirighe na colna;



12. Agus sa Bheatha Shíoruidhe.



Tá chúig fírinní sa Chré ar a dtugtar
CINN-RÚINDIAMHARA AN CHREIDIMH. Tugtar
CINN-rúindiamhara ortha mar (1) go bhfuil dlúth-
bhaint ag fírinníbh uile an Chreidimh leó, agus
(2) nách fuláir do gach éinne a thagann chun
bliadhanta na tuigsiona fios a gcéille a bheith
aige, agus iad a chreideamhaint. (Cialluigheann
rúindiamhar rún doimhin do-thuigse.) Tugtar
rúindiamhara ar na fírinníbh seo, mar nách féidir
le íntleacht an duine iad a thuigsint. Cuireann
Dia 'fhiachaibh orainn na rúindiamhara so do
chreideamhaint, bíodh nách féidir linn iad do
thuigsint, ionnus go dtaisbeánfaimís umhlacht nú
fomós ár meabhrach agus ár réasúin Dó. (Tugtar
fomós nú umhlacht ar an onóir agus an uraim a
tugtar do Dhia nú ar an onóir a thugann duine
do'n té bhíonn mar uachtarán air.) Tugaimíd
onóir do Dhia le n-ár meabhair agus ár réasún
nuair a chreidimíd an rud a innseann Sé dúinn
agus ná tuigimíd; sa tslighe chéadna tugaimíd
onóir le n-ár dtoil Dó nuair a dheinimíd an


L. 13


rud órduigheann Sé dhúinn nuair ab' fheárr linn
go mór gan é 'dhéanamh.



Ach connus is féidir do dhuine an rud ná
tuigeann sé a chreideamhaint? Is féidir dó é
sin a dhéanamh má bhíonn ionntaoibh aige as an té
fhoillsigheann do é. Is é Dia féin d'fhoillsigh
na chúig rúindiamhara so. Ní beag dúinn sin.
Creidimíd A fhocal ró-fhírinneach bíodh nách féidir
linn an fhírinne fhoillsigheann Sé dhúinn a thuigsint.
Tá fhios againn nách féidir Leis bheith meallta É
féin ná éinne do mhealladh.



'Sé AONDACHT DÉ an chéad cheann de sna
cinn-rúindiamharaibh. Cialluigheann sé ná fuil ach
aon Dia amháin ann, agus nách féidir níos mó do
bheith. Dá mbéadh dhá Dhia ann nú níos mó ná
dhá Dhia bhéadh an chómhacht chéadna aca, nú bhéadh
ceann aca níos cómhachtaighe ná an chuid eile. Dá
mbeidís cómh-chómhachtach, ní bhéadh ceannus ná
uachtaránacht ag ceachtar aca agus níor Dhia
éinne aca Dá mbéadh ceann aca níos cómhacht-
aighe ná an chuid eile: an té ba lugha cómhacht ná
é, níor bh'fhéidir é bheith Uile-chómhachtach — níor
bh'fhéidir dó bheith 'n-a Dhia.



**Dar leis na págánaigh, bhí mórán déithe
ann, agus do chuireadar i leith na ndéithe seo
ainmhianta go léir an chine daonna Do dheinidís
aithris ar na déithibh seo dar leó, ag sásamh na
n-ainmhian ba mheasa agus ba ghráineamhla bhí 'n-a
gcroidhe féin. Sa tslighe sin d'imthigh an saoghal
go léir nách mór, ar aimhleas.


L. 14


CEACHT A CEATHAIR



Bíodh ná fuil i nDia ach aon nádúr amháin agus
aon tsubstaint diadha amháin, tá trí pearsana fé
leith ann; agus ní sine, agus ní eaganaidhe,
agus ní cómhachtaighe, pearsa aca ná a chéile.
Táid cóimhionann ins gach uile nídh. Is trí
pearsana fé leith nú eidir-dhealuighthe iad. — Ní hé
an Mac an tAthair agus ní hé an Mac ná an
tAthair an Spioraid Naomh. Ní féidir linn a
thuigsint connus tá trí pearsana fé leith i n-aon
Dia amháin.



Tamall tar éis iompáil ar a leas do Naomh
Auguistín do dhein sé iarracht ar cheist na
Tríonóide do réidhteach, ach dá mhéid é a shaothar,
ba bheag é a thairbhe. Lá d'á raibh sé ag siubhal
cois na fairrge agus é ag sgrúdú na rúin-
diamhaire seo go géar, chonnaic sé páiste beag
ag déanamh puill i ngainimh na trágha. D'fhiafruigh
an naomh de'n pháiste chad chuige dhó bheith ag
déanamh an phuill. Dubhairt an páiste 'ghá
fhreagaradh go raibh sé chun na fairrge a thaosgadh
isteach sa pholl san. "Ní féidir é sin a
dhéanamh," arsa Auguistín. "Ó," arsa an
páiste, "béidh sé déanta agam nuair a bhéidh
ceist rúindiamhaire na Tríonóide réidhtighthe
agatsa." Do thuig Auguistín ó fhocal an leinbh
gur b'amhlaidh a bhí mileán ag Dia air agus níor
dhein sé aon iarracht 'n-a dhiaidh san ar an
rúindiamhair do thuigsint.



**Tugtar SÁR-THRÉITHE DÉ nú SÁR-


L. 15


BHRÍOGHA DÉ ar A eagna, A chómhacht, A mhór-
mhaitheas, agus rl. Tá na sár-thréithe seo i ngach
Pearsain fé leith de sna trí Pearsanaibh agus
táid gan teóra i ngach Pearsain. 'Sa Sgríbhinn
Naomhtha is minic a labhartar ar oibreacha áirithe
Dé amhail is dá mbéadh A obair féin fé leith ag
gach pearsain de'n Tríonóid Naomhtha. Deirtear
gur b'é an tAthair Cruthuightheóir an domhain,
gur fé naomh-análú an Spioraid Naoimh do
sgríobhadh an Sgriptiúir. Níl annso ach nós
cainnte. — Gníomhartha Dé go léir, deineann na
Trí Pearsana i n-aonfheacht iad.



Cialluigheann an focal IONCHOLNÚ, colan a
ghlacadh. Tuigimíd le rúindiamhair AN ION-
CHOLNUIGHTHE gur ghlac an Dara Pearsa de'n
Tríonóid Naomhtha colan daonna, 'sé sin, corp
agus anam mar atá againne.



**Do gheall Dia féin d'ár gcéad athair agus
d'ár gcéad mháthair, níos mó ná cheithre míle
bliadhain roimh-ré, go bhfuasglófaí an chine daonna.
B'é sin an chéad thairgreacht ar Ioncholnú Mic Dé.
Diaidh ar ndiaidh do dhein Dia an gheallamhaint sin
d'aithnuadhchaint, mar bhí truagh Aige do'n chine
daonna agus b'é A thoil ghlórmhar misneach, a chur
ortha. Tugadh an gheallamhaint d'Ábraham, d'Ísaac,
do Iácob agus do Dháibhidh. Do chuir Dia ar an
saoghal fáidhe (Dáibhidh, Ieremias, Ísaias, agus
Daniel, agus rl.) chun go gcuirfidís an gheallamhaint
ar gcuimhne do sna daoinibh agus chun go dtabhar-
faidís eólas dóibh ar an gcuma 'n-a gcóimhlíonfaí
é. Do thairgir an fáidh Daniel an t-am a thiocfadh
an Slánuightheóir ar an saoghal.



Tá sgéal Theacht an tSlánuightheóra le fághail


L. 16


go cruinn agus go h-iomlán sa tSaoisgéal de
réir N. Lúcás. Nuair a bhí an t-am taguighthe do
chuir Dia an tÁrdaingeal Gábríél ó sna Flaithis
le teachtaireacht chun Muire, maighdean a bhí
luaidhte le fear d'ár bh'ainm Ióseph. Tháinig an
t-aingeal ag trial uirthe agus dubhairt sé léi go
raibh sí "beannuighthe idir mhnáibh" agus gurb' í
bhéadh 'n-a máthair ag Mac Dé i gcolan daonna.
Do thárla fé mar adúbhairt an t-aingeal. Do
ghlac Mac Dé colan daonna i mbruinn na
Maighdine Muire an cúigeadh lá fichead de Mhárta,
do rugadh Lá Nodlag É, agus tugadh Íosa Críost
mar ainm Air. Cialluigheann an focal Críost
ungtha nú oluighthe. I n-aimsir an tSean-Reachta
do cuirtí ola ar righthibh, ar shagartaibh agus ar
fháidhíbh. Is righ agus is sagart agus is fáidh ár
dTighearna agus d'á bhrigh sin tugtar Críost
(.i. oluighthe) air. Ní raibh ach AON NÁDÚR
AMHÁIN i n-ár dTighearna sar ar ghlac Sé colan
daonna, ach ó ghlac Sé colan daonna tá DHÁ
nádúr ann — nádúr diadha agus nádúr daonna.
Níl ach aon phearsa amháin i n-Íosa Críost —
pearsa diadha .i. an Dara Pearsa de'n Tríonóid
Naomhtha.


L. 17


CEACHT A CÚIG



Do b'iad Ádam agus Éabha an chéad fhear agus
an chéad bhean. Tar éis iad do cruthú do Dhia
do chuir Sé chun cómhnuighthe iad i ngáirdín aoibhinn
d'árb' ainm Éden. Gach nídh a chuirfeadh sonas
agus aoibhneas ortha, bhí sé le fághail sa gháirdín
sin. Bhí sásamh a mian de bhiadh agus de dhigh
ann, agus gach nídh d'á áilneacht 'n-a dtímcheall
chun aiteas a chur ar a gcroidhe agus ar a n-aigne.
Ní thiocfadh an bás ná easbaidh sláinte go deó
ortha, ní lugha ná thiocfadh buaireamh ná brón ortha.
Tar éis tamaill a thabhairt ar an saoghal so dóibh,
bhéarfaí suas ar Neamh iad gan 'fhiachaibh a bheith
ortha bás d'fhulang. Ní raibh aon cheangal ar
Dhia na tabhartaisí seo a thabhairt dóibh; bhéadh gach
nídh atá ríachtanach do'n nádúr daonna aca 'n-a
n-éaghmuis. Dá bhrigh sin, dá mbaineadh Sé gach
tabharthas aca so dhíobh gan chúis, ná trúig, ní
dhéanfaí aon éagcóir ortha mar ní bhainfaí aon
nídh dhíobh go raibh aon cheart aca chuige. Do thug
Dia an sonas go léir i n-aisge dhóibh.



Ní raibh ach aon choingheal amháin ortha. Ní raibh
cead aca toradh crainn áirithe do bhlas — toradh
"chrainn feasa an mhaitheasa agus an uilc," nú
toradh chrainn na h-aithne. Thiocfadh an bás ortha
dá mblaisfidís toradh an chrainn sin. Ach tháinig
an t-ainspioraid, fé chló athar-nimhe, agus chrom
sé ar shéideadh fé'n mnaoi. Dubhairt sé léi
toradh an chrainn d'itheadh agus i n-ionad an bás
a theacht uirthe gur b'amhlaidh a bhéadh fios an


L. 18


mhaitheasa agus an uilc aici, fé mar bhí ag Dia
féin. Do bhain Éabha an toradh agus d'ith agus
thug sí d'Ádam é agus d'ith seisean é mar an
gcéadna. Ba thapaidh a tháinig an díoghaltas ortha
agus ba throm. Do ruaig Dia amach as Éden
iad agus do chuir Sé aingeal rómpa ar an ndoras
agus claidheamh ar tarrac aige chun ná féadfaidís
filleadh go deó. B'éigean dóibh a mbeatha do
thuilleamh feasta le n-a n-obair agus a saothar
féin. Thuit mallacht ar an dtalamh, mar gheall
ar an nduine. Thuit mallacht ar an bhfear, mar
bhí 'fhiachaibh air a bheatha do thuilleamh ag obair go
dian. Thuit mallacht ar an mnaoi, mar b'éigean
di bheith umhal d'á fear, agus doilgheas agus
tinneas d'fhulang i mbreith a cuid cloinne.
Thuit mallacht ar an athair-nimhe, mar do gheall
Dia go dtiocfadh Slánuightheóir a bhrúghfadh a
cheann. Daoradh chun bháis ár gcéad athair agus
ár gcéad mháthair, bíodh ná fuaireadar bás
láithreach; agus gach pianós d'ár cuireadh ortha
do lean sé a sliocht mar dhroch-iarsma ó shin
aleith.



**Tugann diadhairí "staid na prímh-fhíréan-
tachta" ar an staid 'n-a raibh ár gcéad athair
agus ár gcéad mháthair sar ar dheineadar an
peaca, agus "staid pheaca an tsinnsir" ar an
staid 'n-a rabhdar tar éis an pheaca 'dhéanamh.



*Seo aithghiorra ar na droich-iarsmaí d'fhág
peaca ár gcéad athar agus ár gcéad mháthair
orainn:- (a) Easbaidh na prímh-fhíréantachta, nú
easbaidh grásta naomhuighthe. (b) Doircheacht ár
dtuigsiona agus laige ár dtoile, agus ár
gclaontacht agus éasgaidheacht chun uilc. (c) Bás
agus brón agus gach uile shaghas anróigh agus


L. 19


aindeise bheith i ndán dúinn. Ní raibh éinnídh
dhein an oiread díoghbhála do'n chine daonna agus
dhein easnamh ghrásta naomhuighthe Dé, ach d'fhuasganl
ár dTighearna sinn ó'n ndochar san le mór-luach
A bháis, agus tugtar grásta naomhuighthe dhúinn
nuair a baistighthear sinn. Níor leigheasadh na
dochair eile; leanann na droch-iarsmaí sin dínn
chun a chur ar gcuimhne dhúinn gur thuit an chine
daonna ó phrímh-fhíréantacht, agus chun caoi a
thabhairt dúinn ar ár luach-saothair ins na flaithis
a mhéadú — dá mhéid é ár gcruadhtan is eadh is
mó bhéidh ár luach-saothair. Níor cuireadh, d'á
bhrigh sin, an bhail chéadna ar an gcine daonna,
nuair a fuasgaladh iad ó pheaca an tsinnsir, agus
bhí ar ár gcéad athair agus ar ár gcéad mháthair,
agus iad i staid na prímh-fhíréantachta; ach is
féidir do dhaoinibh an bheatha shíoruidhe a thuilleamh,
agus ba chuige sin do cuireadh gach éinne ar an
saoghal.



Fíor-spioraidí lán d'eólus, d'áilneacht, de lúth,
agus de chómhacht, is eadh na h-aingil. Is ionann
an focal aingeal agus TEACHTAIRE. Is minic
a chuir Dia na h-aingil le teachtaireacht chun
daoine agus is mar gheall ar sin a tugadh an
t-ainm sin ortha. Cuireadh aingil ag trial ar
Ábraham, agus ar Lot, agus ar an Maighdin
Muire, agus ar Naomh Ióseph. Tugaid adhradh
agus mór-mholadh do Dhia ar Neamh, agus n-a
theannta san táid ceapaithe chun bheith ag coimh-
deacht ár n-anamacha-na. Le linn gach anam a
chruthú ceaptar AINGEAL COIMHDEACHTA dhó,
chun é a chosaint agus a threórú i gcaitheamh a
shaoghail, agus gan é thréigean chun go mbéidh an
t-anam i láthair Dé i gcomhair a bhreitheamhnais.


L. 20


Ní chuireann an t-aingeal coimhdeachta 'fhiachaibh ar
éinne rud a dhéanamh maran toil leis an duine
féin é. Ní chuireann siad isteach ar shaor-thoil
an duine.



**Tá trí hÚIRD d'aingealaibh ann agus trí
chóir nú ranga ins gach órd díobh. 'Sa chéad órd
tá Seraphím, Cerubínigh, agus Árd-chathaoireacha.
'Sa dara h-órd tá Tighearnais, Uachtaránacha,
agus Fearta. 'Sa tríomhadh h-órd tá Súbháilcí,
Árd-aingil, agus Aingil.



Bhí na h-aingil ar dtúis, tar éis a gcruthaighthe,
i staid na fíréantachta, agus ba mhór é a gcuid
sonais; ach, ar nós an duine bhí 'n-a gcumas
peaca a dhéanamh. Do thárla gur dhein mórán
aca peaca, mar do chabhruigheadar le Lúcifer (a
bhí ar na h-aingealaibh do b'áilne agus ba
chómhachtaighe ar Neamh) nuair a dhein sé méir-
leachas i n-aghaidh Dé. Mar gheall ar an uabhar do
thairing chun méirleachais iad, do díbreadh as
Flaitheas Dé iad agus do dhein deamhain ur-
ghránna díobh agus do chruthaigh Dia ifrionn chun
iad a chéasadh. Ó shin anuas tá Aingil an Uabhair
i nIfrionn d'á gcéasadh agus d'á gcrádh i ndólás
agus i ndubrón. Má thugann Dia cead dóibh,
uaireanta, bheith san aer 'n-ár dtímcheall ní
sgarann a bpianta leó — tugann siad a n-ifrionn
féin leó pé áit dá ngabhann siad. Mar sin a
bhéidh siad go deó gan súil le fuasgailt ná
faoiseamh. Tá gráin chómh mór san aca ar Dhia
gur b'é an t-aon chúram amháin atá ortha bheith a
d'iarraidh rún Dé a thabhairt chun neamh-nídh. Tá
fhios aca go bhfuil grádh ag Dia do'n chine daonna
agus gráin Aige ar an bpeaca, agus dá bhrigh
sin ní thagann stad ortha ach ag cur catha ar


L. 21


dhaoinibh a d'iarraidh iad a mhealladh chun peacadh
a dhéanamh. Pé cómhacht a bhaineann le nádúr
na n-aingeal tá sé ag na diabhail. Creidean an
Eaglais agus do chreid riamh go leigeann Dia,
uaireanta, do sna diabhail a gcómhacht uathbhásach
d'oibriú ar chréatúiribh. Is mar gheall ar sin
gur fhág ár Slánuightheóir cómhacht ag an Eaglais
chun deamhain a chaitheamh amach agus go mbaineann
an Eaglais feidhm as dheasgnáthaibh ar a dtugtar
"deamhan-dhíbirt" (chun deamhain a chaitheamh amach
as daoinibh nú as chréatúiríbh eile). 'N-a theannta
san tá úrnaighthe spesialta againn i n-aghaidh an
diabhail agus beannachtaí áirithe chun gach nídh atá
i seilbh an duine do choimeád saor ó mhaluightheacht
na n-ainspioraidí.



NEAMH, nú FLAITHEAS DÉ, nú NA FLAITHIS,
a tugtar mar ainm ar an áit 'n-a dtaisbeánann
Dia É féin i n-A mhór-ghlóire, d'á naomhaibh agus
d'á aingealaibh — áit i n-a bhfuil aoibhneas nách
féidir a innsint ná a áireamh. 'Sé aoibhneas na
bhFlaitheas radharc 'fhághail ar Ghnúis ghlórmhar Dé.
Ní bhéidh deire leis an aoibhneas san go deó. Ar
an dream beanuighthe ní thiocfaidh choidhche tart ná
ocras, tuirse ná pian ná brón. Tá Íosa Críost,
'sa mhéid gur duine É, ar Neamh 'n-A SHUIDHE
AR DHEAS-LÁIMH DÉ. Ó 'nuair gur fíor-
spioraid Dia, ná tuigtear ó sna focalaibh seo
gur b'amhlaidh atá cosa ná lámha Aige. 'Sé an
bhrigh atá leó, go bhfaigheann ár dTighearna, SA
MHÉID GUR DUINE É, an onóir is giorra do'n
onóir a tugtar do Dhia. Nuair a thugann duine
cuireadh uaidh chun fleidhe nú féasta cuireann sé
'n-a shuidhe ar a láimh dheis an té d'ár mian leis
an onóir is mó a thaisbeáint.


L. 22


'Siad na h-aingil agus na naoimh a chomhnuigheann
i bhfochair Dé ar Neamh. 'Siad na naoimh na
daoine bhí ar staid na ngrást le linn a mbás
agus atá anois i n-aoibhneas agus i nglóire na
bhFlaitheas.



**Tá sé ceangailte ar gach aon Chaitilicidhe
an dá nídh seo a chreideamhaint i dtaobh Ifrinn —
(1) go bhfuil ifrionn ann, agus (2) ná faighidh an
dream damanta atá ann fuasgailt choidhche. Is
é chreideann Caitilicidhthe go coitchianta gur le
teine a céastar an dream damanta so, bíodh
nár MHÍNIGH an Eaglais fós dúinn cad leis go
gcéastar iad.



*Tugtar an dream damanta ar an muinntir
a daortar chun ifrinn .i. gach éinne fhaghann bás
i bpeaca marbhthach. Tá dhá shaghas péine á fhulang
aca — pian an mhothuighthe agus pian an uireasbaidh.
'Sé PIAN AN UIREASBAIDH, ná fuil radharc
le fághail choidhche aca ar Ghnúis ghlórmhar Dé
("Imthighidh uaim, a dhream mhaluighthe, isteach i
dteine SHÍORUIDH"), agus ná fuil súil aca le
fuasgailt ná le dul go Flaitheas Dé go deó.
Fulaingid PIAN AN MHOTHUIGHTHE ó losgadh agus
ó chéasadh i dteine na bpian. Ní féidir linn a
thuigsint connus is féidir d'éinnídh corportha rud
spioradálta a chéasadh, ach tá fhios againn gur
féidir do Dhia a leithéid sin de chómhacht a thabhairt
do rud chorportha. Ní sa tslighe chéadna atá
ifrionn síoruidhe agus tá Dia síoruidhe. Ní raibh
aon tosnú ag Dia agus ní bhéidh deire leis. Bhí
tosnú ag ifrionn ach ní bhéidh deire leis choidhche.
Ó 'nuair go bhfuil maluightheacht gan teóra ar
shlighe áirithe sa pheaca tá déine gan teóra dá
réir sin sa díoghaltas a baintear amach mar


L. 23


gheall ar an bpeaca. Tá dhá dhream damanta
ann — (1) na diabhail a díbreadh ó Neamh agus
(2) na daoine fhaghann bás i bpeaca marbhthach.
Níor tháinig aon neach riamh amach as phríosún
ifrinn agus ní thiocfaidh go deó.


L. 24


CEACHT A SÉ



De réir Naomh Augustín 'sé an Rud peaca
"Smaoineamh nú briathar nú gníomh i n-aghaidh
dlighe Dé." Tá dhá shaghas peaca ann .i. peaca
an tsinnsir agus peaca an ghnímh. 'Sé PEACA
AN tSINNSIR an peaca dhein ár gcéad athair
agus ár gcéad mháthair i nGáirdín Éden agus a
leanann sinn go léir mar dhroich-oighreacht.
Tugtar PEACA AN GHNÍMH ar gach aon pheaca a
dheinimíd féin. An peaca a thagann orainn-ne
mar pheaca an tsinnsir, peaca an ghnímh ab eadh é
d'ár gcéad athair agus d'ár gcéad mháthair.
Bíodh nár dheineamair-na féin an peaca san
baineadh dínn, mar gheall air, gach teideal a bhí
againn chun Flaithis Dé agus a lán tabhartaisí
eile do bronnadh ar ár gcéad athair agus ar
ár gcéad mháthair sar ar dheineadar an peaca.
Mara mbéadh gur pheacuigh Ádam agus Éabha
bronnfaí na tabhartaisí sin go léir orainn-ne.
Ní tugtar teideal chun Flaithis Dé dhúinn chun go
maithtear peaca an tsinnsir dúinn i sácraimínt
an Bhaiste.



**Tar éis ár mBaiste fanann IARSMAÍ
áirithe 'pheaca an tsinnsir orainn a dheineann
mórán dochair d'ár n-anam. 'Sé an chéad dhroich-
iarsma DOIRCHEACHT NA TUIGSIONA .i. gan
eólus ceart a bheith againn i dtaobh ár staid féin
agus gan tuigsint cheart a bheith againn ins na
neithibh a théidheann chun sochair ár n-anama —
eólus a bhí go cruinn agus go h-iomlán ag ár
gcéad athair agus ag ár gcéad mháthair. An


L. 25


dara droich-iarsma, LAIGE NA TOILE .i. a
dheacaracht agus tá sé dhúinn sinn féin a
spriucadh chun an rud atá ceart a dhéanamh nuair
a bhíonn fhios againn gur ceart dúinn é 'dhéanamh.
An tríomhadh droich-iarsma, CLAONTACHT AGUS
ÉASGAIDHEACHT CHUN UILC .i. chomh tugtha agus
táimíd chun peaca nú an droich-nídh a dhéanamh
seachas an rud fóghanta. Níl éinne againn ná
caitheann cur i n-aghaidh na claontachta san.
Bíodh gur mór an dochar dúinn na trí droich-
iarsmaí sin is féidir linn iad go léir a chur
chun maitheasa agus leasa ár n-anama, mar dá
dheacaracht a bhíonn an cath mar gheall ortha 'seadh
is mó a méadófar an luach-saothair.



**Tugtar GEINEAMHAINT GAN SMÁL na
Maighdine Muire ar an mbuadh fé leith a thug
Dia do'n Mhaighdin Bheannuighthe nuair a choimeád
Sé saor í ó pheaca an tsinnsir. Bhí sí saor leis
ó pheaca an ghnímh. Do mhair sí i gcaitheamh a
saoghail gan smál dá shuaraighe de pheaca. B'é
toil Dé go mbéadh an té ó n-a dtógfadh A Aon
Mhac colan daonna fíor-ghlan gan smál gan
truailiú. Do chreid Caitilicidhthe riamh gur
geineadh an Mhaighdean Muire gan pheaca an
tsinnsir. Is airtiogal d'ár gcreideamh anois an
fhírinne sin agus an té 'dhiultóchadh do'n fhírinne
sin a chreideamhaint bhéadh sé 'n-a eiriceach.
Deineadh airtiogal de'n Chreideamh Chaitilicidhe de
an t-ochtmhadh lá de Mhí na Nodlag, 1854. Do
mhínigh an Naomhadh Pápa Píus é go solamhanta
an lá san i láthair dhá chéad easbog ó gach áird
de'n domhan. Deintear Féile Geineamhaint na
Maighdine Muire a chómhmóradh gach bliadhain an
t-ochtmhadh lá de Mhí na Nodlag mar dhil-chuimhniú
ar mhíniú an airtiogail.


L. 26


CEACHT A SEACHT



**Deirtear gur TIMCHEALL LE CHEITHRE.
MÍLE bliadhan a bhí ann ó aimsir pheaca Ádam
go Teacht ár dTighearna ar an saoghal; ach ó
'nuair ná faighmíd eólus cruinn mar gheall air
sa Sgriptiúir Naomhtha, b'fhéidir go raibh níos mó
aimsire ann abhfad ná san. D'fhág Dia an chine
daonna chómh fada san ag feitheamh leis an
bhFuasgailt a bhí geallta Aige dhóibh i dtreó is
go mbéadh fhios aca ó mhéid a n-olcais agus a
n-aindeise féin a chlaontacht is tá nádúr truai-
lighthe an duine agus an gádh géar atá le
Slánuightheóir. I gcaitheamh na h-aimsire, bíodh go
raibh na Sácraimintí agus a lán de'n chabhair a
thugann Dia do Chríostaidhthibh i n-easnamh ar an
gcine daonna, bhí sé i gcumas na ndaoine a
n-anam a shaoradh (agus do dhein mórán aca a
n-anam a shaoradh) ach creideamh a bheith aca sa
tSlánuightheóir a bhí le teacht, mar sa tslighe sin
bhíodar rann-pháirteach roimh ré i mór-luach Pháise
agus Báis Chríost.



Do ghlac ár dTighearna colan daonna Lá Féile
Muire (an cúigeadh lá ficheadh de Mhárta). An
lá san tháinig aingeal ó Neamh chun a chur i n-iúil
do'n Mhaighdin Muire gur b'í bhéadh n-a máthair
ag Mac Dé. Tugtar Lá Nodlag ar an lá rugadh
ár dTighearna.



**Tá cead ag gach sagart trí hAifrinn a
rádh Lá Nodlag. Tugtar an cead san dóibh
i n-onóir trí beirthe ár dTighearna mar atá:-


L. 27


A bhreith shíoruidhe ó'n Athair, A bhreith shaoghalta
ó'n Maighdin Muire, agus A bhreith rúindiamhrach
le creideamh i gcroidhthibh na bhfíréan. Níl cead
ag sagart trí hAifrinn a rádh aon lá eile sa
bhliadhain ach Lá Féile Anam na Marbh (an dara
lá de Mhí Shamhna). Do rugadh ár dTighearna i
stábla chun a chur i n-iúil dúinn nách ceart dúinn
dúil a bheith againn i saidhbhreas an tsaoghail seo
— gur b'amhlaidh ba cheart dúinn grádh a bheith
againn de dhealbhas. I gcaitheamh na dtrí mbliadhna
déag ar fhichid a mhair Sé do thaisbeáin Sé dhúinn
connus is ceart dúinn ár saoghal a chaitheamh — gur
ceart dúinn bheith go carthanach, go h-uiríseal, agus
an díomhaointeas a sheachaint. Cé gur bh'é Dia é bhí
Sé umhal do Mhuire agus do Naomh Ióseph chun
go bhfoghlumóchadh an aos óg a ríactanaighe atá sé
go mbéadh clann umhal d'á n-athair agus d'á
máthair. Tugtar PÁIS Chríost ar an ngéar-chrádh
agus peannaid d'fhulaing ár dTighearna le linn
A bháis. Seo cuid des na piantaibh d'fhulaing
Sé: A anfaithe agus A allus fola i nGáirdín
na nOla-chrann, A sgiúirseáil agus É ceangailte
de'n Phiolóir, an choróin spíne 'á chur ar A cheann,
Iompar na Croise, agus A Chéasadh.



**Tá Cóimhcheangal Pearsanta idir an nádúr
Diadha agus an nádúr Daonna sa Dara Pearsain
de'n Tríonóid Naomhtha ó aimsir A Ioncholnuighthe
anuas. Tré bhrigh an Chóimhcheangail sin níor sgar
A Dhiadhacht riamh ó shin le n-A Anam ná le n-A
Chorp. Fiú amháin nuair a bhí ár dTighearna
marbh, agus A Anam agus A Chorp sgartha ó
n-a chéile d'fhan A Dhiadhacht i bhfochair A Anma
agus i bhfochair A Chuirp.


L. 28


CEACHT A hOCHT



*Tar éis Bháis ár dTighearna do cuireadh A
Chorp san uaigh agus chuaidh A Anam síos go
Limbó.. B'shin é an áit 'n-a raibh anamacha na
bhfíréan a fuair bás roimh Bás Chríost 'n-a
gcómhnuidhe agus chuaidh ár dTighearna ar chuaird
chúcha chun sóláis a thabhairt dóibh agus chun a
innsint dóibh go raibh fuasgailt ó n-a bpríosún
agus glóire na bhFlaitheas buailte leó. I gCré
na nAsbol tugtar "Ifrionn" ar Limbó agus sa
Bhíobla Naomhtha tugtar "Ucht Abrahaim" air.



**Is 'mó brigh atá leis an bhfocal "ifrionn"
sa Sgriptiúir Naomhtha, ach ní tugtar mar ainm
é ar aon áit ach áit nú inead cómhnuighthe 'n-a
mbíonn buaireamh nú easnamh mór éigin.



*Tugtar Limbó mar an gcéadna ar an áit
'n-a gcomhnuigheann na leanbhaí fhaghann bás gan
baiste. Ní féidir do sna leanbhaíbh sin dul go
Flaitheas Dé toisg iad a bheith i bpeaca an
tsinnsir — níor aithgheineadh iad ó uisge agus ó'n
Spioraid Naomh; ach ó 'nuair nár dheineadar aon
pheaca iad féin, ní chuirfeadh Dia an Chirt gan
teóra go Purgadóireacht ná go hIfrionn iad.
Is cosmhail dá bhrigh sin ná fuil aon phian dh'á
fhulang aca.



**Nuair Eiseirigh ár dTighearna ó mharbhaíbh
thug Sé deimhne nách féidir a bhréagnú gur bh'é
Dia É agus gur ó Dhia tháinig an Eaglais a chuir
Sé ar bun. A leithéid sin de mhíorbhúilt níor
airigh éinne ó thosach an domhain. Chun a chur i


L. 29


n-iúil gur bh'é Dia É dubhairt Sé sar ar cuireadh
chun báis É, agus níor bh'aon uair amháin adubhairt
Sé é, go n-eireóchadh Sé ó mharbhaíbh. "Leagaidh
ar lár an teampall so," adubhairt Sé, ag tagairt
d'Á Chorp féin (mar thugadh na Iúdaigh teampall
ar an gcorp), "agus cuirfead suas é i n-aon
trí lá amháin." Do thuig na hAsboil ná raibh
éinnídh eile ab' fheárr a thaisbeánfadh fírinne ár
gCreidimh ná Eiseirighe Chríost. "Marar eirigh
Críost ó mharbhaíbh," arsa Naomh Pól, "is dío-
mhaoin é ár dteagasg-na." — (I. Cor., xv. 14.)
Do bhí Corp ár dTighearna marbh ar an gcrois.
Caithfidh gach éinne an méid sin d'admháil.
Cuireadh sleagh tré n-A chroidhe. Dhein na
saighdiúirí é sin nuair a thángadar tar éis cosa
na mbeitheamhnach a bhriseadh agus nuair a
fuaireadar Críost marbh rómpa. B'iad na
saighdiúirí céadna bhí 'n-a bhfínidhthe 'n-a n-ain-
deóin i n-A Eiseirighe. Cuireadh Corp ár
dTighearna san uaigh tráthnóna Dia hAoine agus
d'fhan sé ann an Satharn ar fad agus cuid de'n
Domhnach. Do chuir Ióseph ó Arimetéa cloch mhór
suas le béal na h-uagha, agus cuireadh saighdiúirí
ag faire na h-uagha, chun ná guidfí an Corp. Go
moch ar maidin Dia Domhnaigh tháinig luasgadh
mór talmhan. Tháinig aingeal Dé anuas agus
d'iompuigh siar an chloch mhór ó bhéal na h-uagha.
Tháinig sgannra ar na saighdiúiríbh agus ba chuma
iad nú daoine bhéadh marbh, agus chómh luath agus
bhí ionnta é dhéanamh, theicheadar chun na catharach
agus d'innseadar an sgéal. B'éigean do sna
h-árdshagartaibh iad a bhreabadh Chun a chur 'fhiachaibh
ortha éisteacht. Tar éis A Eiseirighe do thaisbeáin
ár dTighearna É féin go minic d'á dheisgiobalaibh.


L. 30


Do thaisbeáin Sé É féin aon uair amháin do bhreis
agus chúig chéad aca i n-aonfheacht. An lá
d'eiseirigh Sé do thaisbeáin Sé É féin chúig
n-uaire fé leith. Do labhair Sé lens an t-aon
Asbol déag, do chaith Sé biadh 'n-a dteannta,
do chonnacadar É, do chualadar ag cainnt É,
do chuireadar a lámha Air. Agus d'fhuiling na
h-asboil sin an bás níos túisge ná shéanfaidís
A Eiseirighe.



*Níor chuaidh ár dTighearna suas ar Neamh
láithreach tar chis A Eiseirighe. D'fhan Sé dachad
lá ar an dtalamh agus do thaisbeáin Sé É féin
go minic d'á asbolaibh chun a chur i n-iúil go
soiléir gur eiseirigh Sé. 'N-a theannta san, níor
bh'fuláir Dó iad a theagasg go h-iomlán sa
Chreideamh, agus órdú a thabhairt dóibh connus an
Eaglais a riaghalú. Nuair a bhí dachad lá caithte
thóg Sé leis na h-asboil go bárr Chnoic na
n-Ola-Chrann atá i n-aice le Ierusalem. Do
gheall Sé dhóibh go gcuirfeadh Sé chuca an Spioraid
Naomh agus go bhfanfadh Seisean i bhfochair na
hEaglaise go deire an tsaoghail chun í 'choimeád
gan tuitim i n-earráid. Annsan chuaidh Sé, le
n-A chómhacht féin, suas ar Neamh — d'árduigh Sé
É féin suas in san aer ós a gcómhair amach, agus
do chlúdaigh sgamal É ó n-a radharc. Mar sin
chuaidh Sé suas ar Neamh go caithréimeach agus na
naoimh a bhí i Limbó agus na h-aingil i n-aonfheacht
Leis.



*B'iad na hASBOIL an dáréag do thoigh ár
dTighearna chun bheith i n-aonfheacht Leis i gcaitheamh
A shaoghail phuiblidhe, agus chun bheith 'n-a bhfídhnídh-
thibh ar A mhíorbhúiltíbh ar shlighe go ndéanfaidís
an Soisgéal a chraobhsgaoileadh agus A obair


L. 31


naomhtha a chur chun cinn 'n-A dhiaidh. Cialluigheann
a focal "asbol" duine a cuirtear amach chun
obair áirithe a dhéanamh. Tugadh an t-ainm sin
ar na hAsbolaibh mar gur chuir ár dTighearna
uaidh iad chun an tSoisgéil a chraobhsgaoileadh.
Cialluigheann an focal "soisgéal" sgéal
fóghanta. Tugtar deisgiobail ar na daoinibh a
bhíodh go gnáthach i bhfochair ár dTighearna pe'aca
Asboil iad nú nár bh'eadh.


L. 32


CEACHT A NAOI



**Tar éis Deasgbhála ár dTighearna tháinig
na deisgiobail agus an Mhaighdean Muire thar
n-ais go cathair Ierusalem. D'fhanadar i seómra
uachtarach sa chathair sin ar feadh deich lá ag
déanamh úrnaighthe agus cómhrádh naomhtha, agus
iad ag feitheamh le teacht an Spioraid Naoimh
ag trial ortha, fé mar a gheall Críost dóibh
Maidean Domhnaigh Cíngcíse, agus iad ag déanamh
úrnaighthe, chualadar mar a bhéadh glór gaoithe
móire. Annsan tugadh cómhartha dhóibh a thaisbeáin
níos soiléire tíodhlaicí an Spioraid Naoimh. —
Tháinig teangacha deighilte teine anuas ar gach
nduine de sna hAsbolaibh. Le n-a linn sin
tháinig atharú iongantach ortha. Go dtí so bhíodar
eaglach mí-mhisneamhail neamh-sheasamhach; as sin
amach níor fhan sgáth ná eagla ortha — ní raibh uatha
ach an Creideamh a chraobhsgaoileadh pé nídh a bhéadh
ortha féin d'fhulang leis. Go dtí so ní raibh
eólas aca ach ar aon teangain amháin, agus ní
ró-chruinn a bhí sí sin féin aca; anois bhíodar
ábalta ar teagasg a thabhairt uatha i mórán de
theangachaibh an domhain. Chuadar amach i sráid-
eannaibh Ierusalem agus chromadar ar na daoine
do theagasg. Bhí i nIerusalem an lá san daoine
ó gach áird de'n domhan — Égiptigh, Rómhánaigh,
Médigh, Persigh, agus Gréigigh, daoine ó Mheso-
potámia, agus ó Chilicia, agus ó'n Arábia — agus
do thuigeadar so go léir a dteanga féin 'á
labhairt ag na hAsbolaibh. Tar éis Teacht an


L. 33


Spioraid Naoimh ar na h-asbolaibh tháinig dhá
shaghas atharuighthe ortha. Sa chéad áit do sgaip
an doircheacht a bhí 'n-a dtuigsint, tháinig neart
'n-a gcreideamh, agus do líon a gcroidhe le
misneach agus le díograis chun an Chreidimh a
chraobhsgaoileadh. Sa dara h-áit tugadh dóibh
eólas ar theangachaibh agus neart ar tharn-
gaireacht a dhéanamh. GLUAISEANN an Spioraid
Naomh ó'n Athair agus ó'n Mac, agus is é an Mac
Aon-ghein an Athar. Glaoidhtear an SÓLÁSUIDHE
ar an Spioraid Naomh. Uaireanta glaoidh-
tear "an Colum" Air, toisg gur thúirling Sé
ar Chríost le linn A Bhaiste i gcló coluim nú
colúir. Thúirling an Spioraid Naomh i nGNÉ
TEANGACHA ar na h-asbolaibh mar chómhartha ar
an gcómhacht a bhí Aige 'á thabhairt dóibh, chun
daoine 'theagasg, agus an Creideamh a chraobh-
sgaoileadh. Tháinig Sé i nGNÉ TEINE chun a
thaisbeáint go mbéadh a gcroidhe ar lasadh le
grádh do Dhia. Cialluigheann an focal "Cíngcís"
an caogadmhadh nú an deicheamhadh agus dachad;
B'é an deicheamhadh lá agus dachad tar éis na
Cásga do thúirling an Spioraid Naomh.



**Nuair a fuair ár dTighearna bás bhí deire
leis an Sean-Reacht nú leis an Seana-Dhlighe.
Do chuir Dia an Seana-Dhlighe ar bun mar oll-
mhúchán i gcómhair an DLIGHE NUAIDH nú Dlighe
na Críostaidheachta. Ní raibh i n-íodhbartaíbh ná
i ndeasghnáthaibh an tSeana-Dhlighe ach cómharthaí
nú samhaltaisí. Bhí samhlú aca le h-íodhbairt
agus le sácraimíntíbh an Dlighe Nuaidh. B'iad
na Iúdaigh a lean réir an tSeana-Dhlighe. Is
Críostaidhthe nú lucht leanmhana Chríost sinn-ne a
leanann réir an Dlighe Nuaidh. B'iad deisgiobail


L. 34


Naoimh Pheadar i gcathair Antioc gur tugadh
Críostaidhthe ortha ar dtúis timcheall na bliadna
a 43. Is 'mó brigh a baintear as an bhfocal
"Críostaidhe" anois. Tugtar go minic é ar
éinne atá baistighthe; is minic eile gur Caitili-
cidhthe amháin a bhíonn i gceist ag daoinibh nuair a
labhrann siad thar Chríostaidhthibh. Anois agus arís
cialluigheann an focal "Críostaidhe" duine a
dheineann aithris n-a bheatha féin ar bheatha Chríost.
Ceann de sna cómharthaíbh a chuireann i n-iúil gur
Críostaidhthe sinn Fíoghar na Croise nú Cómhartha
na Croise.



**Ba ghnáthach le Críostaidhthibh Fíoghar na
Croise a dhéanamh ortha féin ó aimsir Chríost
anuas. Seo mar a sgríobh Tertulianus, sgríobh-
nóir a mhair sa dara chéad tar éis ár dTighearna.
"Pe'ca ar suaimhneas nú ar siubhal dúinn, ag
teacht isteach nú ag dul amach dúinn, ag cur ár
gcuid éadaigh orainn nú ag caitheamh bídh, pe'ca
lá nú oidhche é, deinimíd Fíoghar na Croise ar
ár n-éadan."



*Cuireann Fíoghar na Croise ar gcuimhne
dhúinn cinn-rúindiamhara ár gCreidimh. Cuireann
sé ar gcuimhne dhúinn an Tríonóid Naomhtha, mar
nuair a dheinimíd é ainmnighmíd na Trí Pearsana
atá sa Tríonóid Naomhtha. Cuireann sé ar
gcuimhne dhúinn an Bás a fuair ár dTighearna ar
an gCrois — ní fhéadfaimís gan cuimhneamh air sin
nuair a dheinimíd cros orainn féin. Cuireann sé
A Ioncholna agus A Eiseirighe ar gcuimhne dhúinn
mar ná féadfadh Sé bás d'fhághail mara mbéadh
gur ghlac Sé colan daonna, agus is deacair
ciumhneamh ar A Bás gan cuimhneamh ar A Eis-
eirighe. Le Fíoghar na Croise díbirimíd an


L. 35


diabhal, tré Fíoghar na Croise tugann Dia neart
agus cabhair dúinn. Is ceart dúinn d'á bhrigh
sin Fíoghar na Croise a dhéanamh orainn féin,
nuair a bhímíd i n-aon chontabhairt anma nú cuirp,
sar a gcaithimíd biadh agus tar éis a chaithte
dhúinn, agus ag tosnú agus ag críochnú gach oibre
d'á ndeinimíd. Tá logha leath-chéad lá le fághail
againn gach aon uair a dheinimíd Fíoghar na Croise;
agus logha céad lá gach aon uair a dheinimíd é
le linn uisge coisreacan a thógaint.



*Ba cheart Fíoghar na Croise a dhéanamh go
h-aireach agus go diadha. Seo mar is ceart é
dhéanamh: bas na láimhe clé a leigint ar íochtar
an uchta, annsan bárra méireanna na láimhe
deise a chur ar an éadan agus "I nAinm an
Athar" a rádh, annsan ar an ucht agus "Agus
an Mhic" a rádh, annsan ar an ngualain gclé
agus "Agus an Spioraid" a rádh, agus annsan
ar an ngualain ndeis agus "Naoimh" a rádh.
Ba cheart na méireanna bheith dírighthe amach agus
dlúth le n-a chéile 'n fhaid a bhíonn duine ag
déanamh Fíoghar na Croise. Tá dhá shlighe eile
chun Fíoghar na Croise a dhéanamh:- (1) Nuair a
thosnuigheann an sagart ar an Soisgéal a léigheadh
san Aifrionn deinimíd cros bheag le h-órdóig
na láimhe deise ar ár n-éadan agus ar ár mbéal
agus ar ár n-ucht. Sa tslighe sin taisbeánaimíd
gur mian linn ár gciall agus ár gcainnt agus
ár gcroidhe a thabhairt suas feasta do Dhia.
(2) Nuair a bheannuigheann an sagart aon nídh
gearrann sé cros in san aer le n-a láimh dheis
ós cionn an ruda a bhíonn le beannú nú le
coisreacan aige.


L. 36


CEACHT A DEICH



**Do chuir ár dTighearna an Eaglais ar bun
chun A obair naomhtha a chur chun cinn agus a
choimeád ar siúbhal agus chun gur b'í amháin a
bhéadh 'n-a hAirc Slánuighthe ag an uile dhuine.
Ciallaimíd leis AN EAGLAIS lucht an fhír-
chreidimh ar fuaid an domhain pé cine gur díobh
iad nú pé tír gur b'as iad; agus an cóimhcheangal
so eatortha go léir, go bhfuil an t-aon-chreideamh
amháin aca, go bhfuil siad rann-pháirteach san
Íodhbairt bheannuighthe chéadna agus in sna
Sácraimíntíbh céadna, agus go bhfuil siad umal —
d'aon cheann amháin — an Pápa. Baintear trí
chiall eile as an bhfocal "eaglais": (1) an
teampall i n-a mbailigheann na daoine chun
adhradh agus moladh a thabhairt do Dhia agus a
n-úrnaighthe a chur suas Chuige; (2) na Caitilicidhthe
a chómhnuigheann i dtír nú i ndúthaigh áirithe, cuir
i gcás, nuair deirimíd Eaglais na Frainnce is
iad Caitilicidhthe na Frainnce a bhíonn i gceist
againn; (3) na daoine fíréanta, marbh agus beó
— ar Neamh, i bPurgadóireacht, agus ar talamh.
Tugtar AN EAGLAIS SA CHATH ar na daoinibh
fíréanta atá ar an saoghal so, AN EAGLAIS
I bPÉIN ar na h-anmnachaibh i bPurgadóireacht,
agus an EAGLAIS CHAITHRÉIMEACH ar na
h-anmnachaibh atá i bhFlaitheas Dé.



**Is mian le Críost go mbéadh an uile dhuine
san Eaglais a chuir Sé ar bun — ní féidir d'éinne
lasmuigh de'n Eaglais a anam a shaoradh. Ciall-


L. 37


uigheann na focail "éinne lasmuigh de'n eaglais"
éinne 'fhanann lasmuigh de'n Eaglais tré n-a
fhailighe chionntach féin. Ó 'nuair gur cheangail
Dia ar gach éinne bheith san Eaglais is léir gur
dhein Sé SO-FHEICSIONA í — gur chuir Sé cómharthaí
uirthe le n-a bhféadfadh gach éinne a fheicsint gur
ó Dhia a tháinig sí agus gur b'í Eaglais Chríost í.
Nuair adeirimíd go bhfuil an Eaglais so-fheicsiona
cialluighmíd leis na focalaibh sin gur féidir leis
gach éinne an Eaglais fhírinneach a dhéanamh amach
má loirgeann sé go dúthrachtach í.



**Ní dhéanfaidh creideamh sinn a shaoradh
mara ndeinimíd deagh-oibreacha ní lugha ná mar
a dhéanfaidh deagh-oibreacha sinn a shaoradh gan
creideamh a bheith againn. Má dubhairt an
Spioraid Naomh gur "marbh é creideamh gan
deagh-oibreacha" (Séamus, ii. 26), dubhairt Sé
mar an gcéadna "Gan creideamh ní féidir Dia
a shásamh" (Eabh., xi. 6). Tá dhá shaghas deagh-
oibreacha ann — deagh-oibreacha nádúrtha agus
deagh-oibreacha ós cionn nádúra. Má thagann
truagh agam do dhuine agus mar gheall ar an
truagh san amháin go dtugaim déirc dó, is
deagh-obair an gníomh a dheinim, ach is deagh-obair
nádúrtha é agus níl luach-saothair sa tsaoghal
atá le teacht tuíllte agam mar gheall air; níl
ach luach-saothair saoghalta ag dul dom. Ach i
dteannta an truagh a bheith agam do'n duine má
dheinim an déirc ar son Dé nú ar mhaithe le
m'anam is gníomh ós cionn nádúra é agus tá
luach-saothair ar an saoghal eile tuíllte agam.



**Ó 'nuair gur chuir Dia Eaglais ar bun
i gcómhair an uile dhuine níor bh'fhéidir Dó gan
cómharthaí a chur ar an Eaglais sin chun go


L. 38


bhféadfadh an uile dhuine í d'aithint. Mara
mbéadh na cómharthaí sin uirthe ní bhéadh sí so-fheicse
— níor bh'fhéidir í d'aithint ó eaglais bhréige. Is
feárr a thuigfimíd an sgéal so Chómharthaí na
hEaglaise má chuirimíd i gcompráid é le sgéal
an mháirnéalaigh a thagann go tír ná h-aithnigheann
sé. Tugann an máirnéalach tuairim fé'n áit
n-ar cheart dó bheith, féachann sé ar léir-sgáil
na h-áite sin, agus chíonn sé cómharthaí áirithe
curtha síos ann — caisleán annso, cuir i gcás,
tigh-soluis annsúd, cnoc tamall isteach ó'n
bhfairrge agus baile fé n-a bhun. Féachann sé
anois ar an dtalamh atá ós a chómhair amach agus
má chíonn sé ann an caisleán, an tigh-soluis,
an cnoc agus an baile fé n-a bhun, agus pé rud
eile atá curtha síos sa léir-sgáil béidh fhios aige
go cruinn cad é an áit é agus féadfaidh sé a
long a stiúrú de réir an eólais sin. Tá
cómharthaí na hEaglaise cosmhail leis na cómhar-
thaíbh atá curtha síos i léir-sgáil an mháirnéalaigh.
An eaglais go bhfuil na cómharthaí sin uirthe, sin
í an eaglais cheart — an eaglais fhírinneach; aon
eaglais ná fuil na cómharthaí sin le fághail uirthe
níl innti acht eaglais bhréige. Cuireann ár
réasún féin i n-iúil dúinn nách féidir do'n
Eaglais fhírinneach gan na cheithre cómharthaí seo a
bheith uirthe:- Aondacht, Naomhthacht, Caitiliceacht,
agus Asboltacht. Tá na cheithre cómharthaí seo
ainmnighthe mar an gcéadna i gCré Nicéá.



**Ní fuláir do'n Eaglais bheith aonda (a) I
gCREIDEAMH, (b) I nADHRADH, agus (c) I
RIAGHAIL.



(a) I gCREIDEAMH. Caithfid Clann na hEag-
laise an t-aon-chreideamh amháin a bheith aca go


L. 39


léir. Dá gcreidfeadh duine rud a bhréagnóchadh
an rud a chreidfeadh duine eile ní fhéadfaidís
araon an fhírinne a bheith aca. Bhéadh creideamh
bréige ag duine éigin aca agus ní fhéadfadh
creideamh bréige teacht ó Chríost.



(b) I nADHRADH. Tá ceart ag Clann na
hEaglaise bheith rann-pháirteach in sna tabharthaisibh
agus in sna tíodhlacaibh beannuighthe céadna — in
sna sácraimíntíbh céadna agus sa nÍodhbairt
céadna.



(c) I RIAGHAIL. Ní fuláir do'n Eaglais go
léir bheith umhal d'aon cheann amháin agus d'á
dhlighthibh, mar de réir Chríost féin aon tréad
amháin is eadh an eaglais fé stiúrú aon aodhaire
amháin. (Eoin, x. 16).



**An dara cómhartha atá ar an Eaglais a
NAOMHTHACHT. (a) Caithfidh a TEAGASG bheith
naomhtha mar gur ó Dhia a tháinig an teagasg san.
(b) Caithfidh sí CABHAIR a thabhairt d'á cloinn
chun beatha naomhtha a chaitheamh, mar is chun daoine
a dhéanamh naomhtha chuir Críost ar bun í. (c)
Caithfidh sí A NAOMHTHACHT A THAISBEÁINT i
mbeatha a cloinne — .i. mór-chuid d'á cloinn i
ngach aois agus i ngach áit sa domhan a bheith
naomhtha i slighe iongantach. Ní féidir a cheapadh
go gcuirfeadh Dia eaglais ar bun chun daoine a
dhéanamh naomhtha agus ná béadh mórán de sna
daoinibh sár-naomhtha.



**An tríomhadh cómhartha tá ar an Eaglais,
a CAITILICEACHT .i. í bheith ins gach uile ÁIT
agus ins gach uile AM. (a) Caithfidh Eaglais
Chríost bheith leathta ar fuaid an domhain. Mara
mbéadh sí ins gach aon áit ní bhéadh sí so-fheicsiona
do chách. (b) Tá sí 'n-a seasamh gan claochlódh


L. 40


an uile lá ó aimsir Chríost go dtí an lá indiu
agus béidh go bráth. Do gheall án dTighearna
ná buadhfadh geataí ifrinn uirthe (Mait., xxviii. 20).
Ní fuláir do'n Eaglais an teagasg céadna a
thabhairt uaithe ins gach uile áit agus a riaghail
céadna agus an adhradh céadna a bheith aici ins
gach uile áit. Gan san níor bh'í an eaglais
chéadna í ins gach uile áit.



**An ceathramhadh cómhartha atá ar an Eaglais
a hASBOLTACHT .i. gur b'í an eaglais chéadna í
a chraobhsgaoil na h-asboil, agus gur b'é an
riaghail céadna, an teagasg céadna, na h-úird
chéadna, agus an t-úghdarthás diadha céadna atá
san Eaglais indiu agus bhí i n-aimsir na n-asbol.



**Anois dála an mháirnéalaigh sgrúduighimís
gach eaglais adeir gur b'í féin Eaglais Chríost.
Aon eaglais go bhfuil na cheithre cómharthaí uirthe
sin í an eaglais fhírinneach agus is í amháin an
eaglais fhírinneach. Ag féachaint isteach ionnta
go léir — Protostúnaigh, Metodísigh, Eaglais na
nGréigeach, agus rl. — chímíd go bhfuil, b'fhéidir, aon
chómhartha amháin ar chuid aca agus b'fhéidir dhá
chómhartha ar a thuile aca agus cuid eile aca gan
oiread agus aon chómhartha amháin de sna cheithre
cómharthaíbh ortha. Níl ach aon eaglais amháin .i.
an Eaglais Chaitilicidhe go bhfuil na cheithre
cómharthaí uirthe. (1) Tá AONDACHT san Eaglais
Chaitilicidhe. Tá an creideamh céadna ag Caitili-
cidhthibh ar fuaid an domhain. Tá na Seacht
Sácraimíntí aca pé áit 'n-a bhfuil siad agus
táid go léir umhal d'aon cheann amháin — do
Phápa na Rómha. (2) Tá an Eaglais Chaitilicidhe
NAOMHTHA. Is naomhtha é a teagasg; an té a
leanann réir an teagaisg sin mar is cóir caithfidh


L. 41


sé beatha Críostamhail naomhtha — béidh sé umhal
carthanach deagh-iomchair. Is naomhtha iad a
Sácraimíntí agus Íodhbairt an Aifrinn agus
tairingid grásta Dé go líonmhar ar a cloinn go
léir. Tá toradh na naomhthachta san le feicsint
go soiléir, mar ó cuireadh an eaglais ar bun
tá daoine sár-naomhtha, nách féidir a gcómhaireamh,
le fághail innte — fir agus mná, óg agus aosta,
ó gach tír sa domhan. (3) Tá cómhartha na CAITI-
LICEACHTA ar an Eaglais Chaitilicidhe mar tá sí
leathta ar fuaid an domhain, agus ní raibh aon lá
ó chuir Críost ar bun í go dtí an lá indiu ná go
raibh sí ann. (4) Tá an Eaglais Chaitilicidhe
ASBOLTA mar go dtáinig a teagasg, a riaghail,
a h-úird, agus a h-úghdarthás diadha gan chlaochlódh
anuas chughainn ó aimsir na n-asbol, ó ghlúin go
glúin.


L. 42


CEACHT A hAON DÉAG



**Is é Íosa Críost féin CEANN DO-FHEICSE
na hEaglaise agus is é an Pápa, Fear-ionaid
nú Bhiocaire Chríost, CEANN SO-FHEICSE na
hEaglaise. Cialluigheann an focal "pápa"
athair, agus tugtar an t-ainm sin air mar gur
b'é athair spioradálta na gCríostaidhthe uile é.
Glaoidhtear an EAGLAIS RÓMHÁNACH uaireanta
ar an Eaglais mar gur b'é Easbog na Rómha
ceann so-fheicse na hEaglaise agus gur sa Róimh
a chómhnuigheann sé. B'é Naomh Peadar an chéad
Phápa; do thoigh ár dTighearna féin é; agus b'é
Easbog na Rómha é mar an gcéadna. D'á bhrigh
sin is é an Pápa Easbog na Rómha agus Cómharba
Naoimh Peadar pé áit 'n-a gcómhnuigheann sé.
Do thárla go raibh cuid de sna Pápaíbh nár
chómhnuigh sa Róimh i n-aon chor, ach do ghlaoidh gach
éinne aca "Easbog na Rómha" air féin, mar ba
cheart dó. Do chuir ár dTighearna féin Naomh
Peadar mar cheann ar an Eaglais agus ar na
hAsbolaibh eile nuair adubhairt Sé leis: "Is
Peadar (carraig) thú agus ar an gcarraig seo
cuirfead suas m'eaglais agus tabharfad duit
eochracha Ríoghachta na bhFlaitheas" (Mait., xvi).
Cialluigheann an focal "Peadar" carraig. Ó
'nuair gur b'é Fear-ionaid Chríost an Pápa tá
dualgas orainn onóir agus urraim a thabhairt dó
agus bheith umhal dó. Ó Naomh Peadar anuas tá
trí chéad pápa agus trí fichid tagaighthe i ndiaidh
a chéile i líne gan briseadh. 'Siad na h-easbuig


L. 43


cómharbaí an éinne déag asbol eile. Tugtar
FHAIRCHE nú DIÓISEAS ar an ndúthaigh atá fé
riaghail easbuig agus is gnáthach ainm phríomh-
chatharach na dúthaighe sin a thabhairt mar ainm ar
an bhfairche.



**Tugaid na CÁIRDIONAIL congnamh do'n
Phápa i riaghalú na hEaglaise. Tugtar "An
Choláiste Naomhtha" uaireanta ortha. Ní bhíonn
riamh níos mó ná deich gCairdionail agus trí fichid
san Eaglais. Tá trí gráda de Cháirdionalaibh
ann:- Cáirdionail-Easbuig, Cáirdionail-Shagairt,
agus Cáirdionail-Dheócáin. Tá fairchí áirithe ann
agus tugtar Árd-easbuig ar na h-easbogaibh a
riaghaluigheann iad, agus tá deich bhfairchí ársa
ann agus tugtar ÁRD-ATHARACHA ar na h-árd-
easbogaibh a riaghaluigheann iad. Bíonn úghdarthás
áirithe ag Árd-easbog in sna fairchibh a bhíonn
'n-a chómharsanacht. Tugtar CÚIGE an Árd-
easbuig ar an ndúthaigh sin go léir a bhíonn fé
ughdarthás an Árd-easbuig. Tugtar ÁRD-
FHAIRCHE ar a fhairche féin agus FO-FHAIRCHE ar
gach fairche eile sa "chúige." Tá dhá chómhartha le
n-a n-aithnightear Árd-easbog seachas easbog eile
(1) an chros dúbalta a chaitheann sé agus a beir-
tear roimis amach agus (2) an paillium — ruainne
beag caol d'éadach bhán déanta d'olann uan
agus cheithre chros chorcara órnáidthe air. Tagann
sé tar dhá ghualainn an Árd-easbuig. Is fé'n
Easbog atá riaghalú fairche. Is aige atá cómhacht
chun daoine a chur "Fé Láimh Easbuig" agus
Órd Beannuighthe a bhronnadh.



**Ní féidir do'n Eaglais tuitim i n-earráid
ná bheith meallta i n-a creideamh, ná i gcraobh-
sgaoileadh an Chreidimh sin. Buadh spesialta é


L. 44


sin a thagann chúiche ó'n Spioraid Naomh atá i
gcómhnuidhe 'n-a fochair 'á stiúrú. Tugtar DO-
MHEALLTACHT na hEaglaise nú DO-EARRÁID-
EACHT na hEaglaise ar an mbuadh san.



**Tá eólas iomlán ar an gCreideamh le
fághail i bhfocalaibh Dé de réir mar mhínigheann
an Eaglais iad fé stiúrú an Spioraid Naoimh.
Is é seo Riaghail Chreidimh na gCaitilicidhthe. Tá
focail sgríobhtha Dé ann agus focal Dé ná fuil
sgríobhtha. 'Sé an SGRIPTIÚIR NAOMHTHA nú
an BÍOBLA focail sgríobhtha Dé agus tá focail
Dé ná fuil sgríobhtha le fághail sa BHÉAL-OIDEAS
a tháinig chughainn anuas ó aimsir na nAsbol ó
ghlúin go glúin. Deir na Protostúnaigh gur
b'as an mBíobla amháin atá eólas ar an
gCreideamh le fághail, ach ní féidir an ceart a
bheith aca mar: (1) Dá mba sa Bhíobla amháin ba
mhian le n-ár dTighearna go bhfaghadh Críostaidhthe
eólas ar a gCreideamh níor mhór an Bíobla a
bheith ann i n-iomlán ó'n gcéad lá chuir Sé an
Creideamh ar bun. Ní mar sin a bhí an sgéal;
níor sgríobhadh an Tiomna Nua go dtí suas le
trí fichid bliadhan tar éis ár dTighearna 'fhághail
bháis. (2) Ní dubhairt ár dTighearna le n-a
mhuinntir go bhfaighdís eólas a gcreidimh sa
Bhíobla. Is amhlaidh adubhairt Sé leó é 'fhoghluim
ó sna hAsbolaibh — ní i n-aon leabhar a gheóbhaidís
é ach ó bhéal-oideas. "An té éisteann libh-se,"
ar Seisean leis na hAsbolaibh, "éisteann sé
liomsa." (Lúcás. x, 16.) Le béal-oideas a
theagaisg Sé féin na daoine, níor sgríobh Sé aon
leabhar. (3) Go dtí timcheall le míle agus cheithre
chéad bliadhan tar éis ár dTighearna a theacht ar an
saoghal níor cló-bhuaileadh aon leabhar — ní raibh le


L. 45


fághail ach láimh-sgríbhne, agus d'á bhrigh sin bhí
leabhair an-dhaor, an-ghann. Dá mbéadh daoine
ag brath ar leabhraibh an uair sin chun a gcreidimh
d'fhoghluim ní bhéadh an creideamh ach ag fíor-
bheagán daoine. Ach ní gádh dhúinn dul thar an
lá indiu; má's as an mBíobla amháin atá eólas
ar an gCreideamh le fághail cad mar gheall ar na
daoinibh ná féadann leabhar a léigheadh? Cá
bhfuil eólas a gCreidimh le fághail aca? (4) 'N-a
theannta san leabhar an-dheacair le tuigsint is
eadh an Bíobla, agus as an méid daoine a
léigheann é níl ach beagán 'fhéadann é sgrúdú ná
é thuigsint gan congnamh. Tá a rian san ar na
daoinibh a bhíonn ag brath ar an mBíobla amháin,
tá na céadta creideamh aca agus iad bun ós
cionn le n-a chéile, agus lucht leanmhana gach cinn
aca ag bréagnú a chéile, agus iad go léir 'á rádh
gur b'as an mBíobla gheibheann siad a gcreideamh.



**Tugtar FOCAL DÉ ar an mBíobla mar
gur sgríobhadh é fé Dhia-análú an Spioraid Naoimh.
Tugtar DIA-ANÁLÚ ar an gcómhacht spioradálta
d'oibrigh Dia ar fhearaibh áirithe, le n-ar shoillsigh
Sé a dtuigsint agus le n-ar chorruigh Sé chun
sgríobhtha iad agus le n-ar stiúraigh Sé iad agus
iad ag sgríobhadh, i dtreó gur sgríobhadar an
rud ba mhian le Dia go sgríobhfaidís. Ciall-
uigheann an focal "Bíobla" leabhar, agus
cialluigheann an focal "Sgriptiúir" rud atá
sgríobhtha. Is é an Bíobla an leabhar thar
leabharaibh agus an sgríobhnóireacht thar a bhfuil
sgríobhtha. Tá dhá chuid nú dhá rann sa Bhíobla -
An Tiomna Nua agus an Sean Thiomna. Tugtar
dúinn sa tSean Thiomna tuairisg ar chruthú an
domhain ar sgéal na nÁrd-athar agus ar sgéal


L. 46


Chlann Ísrael — na daoine thoigh Dia Chuige féin.
Tá trí saghas leabhar sa tSean Thiomna: leabhair
staireamhla, leabhair morála nú leabhair teagaisg,
agus leabhair tarngaireachta. Ar na leabhraibh
staireamhla tá an Pentateúc nú na chúig leabhair
a sgríobh Maoise: Genesis, Ecsodus, Lebhiticus,
Uimhreacha, agus Deúteronomí. Cuid de sna
leabhraibh staireamhla leis is eadh Leabhair na
Ríogh agus Leabhar na mBreitheamhan. Is é
Leabhar na Salm an leabhar is mó tábhacht de sna
leabhraibh morála. B'é Dáibhidh Rí do sgríobh
furmhór na Salm. De leabhraibh na tarngaireachta
is eadh Leabhar Ísaias agus Leabhar Ieremias agus
Leabhar Dhaniél. In sna leabhraibh seo tá tarn-
gaireacht ar theacht an tSlánuightheóra, ar A
bheatha, agus A mhór-fhulang. 'Sa Tiomna Nua
tá tuairisg ar bheatha ár dTighearna agus ar
shaothar na nAsbol. 'Siad so na leabhair atá
sa Tiomna Nua: Na Cheithre Soisgéal (Beatha ár
dTighearna mar a sgríobh Naomh Maitiú agus
Naomh Marcus agus Naomh Lúcás agus Naomh
Eóin é); "Gníomhartha na nAsbol," na hEpistilí
nú na leitreacha do sgríobh Naomh Peadar agus
Naomh Pól agus Naomh Eóin agus Naomh Séamus
agus Naomh Iúdas; agus Leabhar an Taisbeántais
nú an "Apocalipsis" do sgríobh Naomh Eóin.



**Tugtar an CHANÓIN ar liosta nú clár go
dtugann an Eaglais deimhne dhúinn ar iad a bheith
sgríobhtha fé Dhia-análú an Spioraid Naoimh.
Tugtar LEABHAR CANÓNDA ar gach leabhar aca
san. 'Sa tSean Thiomna tá sé leabhair agus
dachad atá canónda agus sa Tiomna Nua na
Cheithre Soisgéal, Gníomhartha na nAsbol, Epistil
agus fiche, agus an Apocalipsis. Tugtar


L. 47


leabhair PRÍOMH-CHANÓNDA ar na leabhraibh a
ghlac an Eaglais chúiche ó thosach mar fhíor-
sgriptiúir sgríobhtha fé análú an Spioraid Naoimh,
agus leabhair IAR-CHANÓNDA ar na leabhraibh
nár ghlac an Eaglais go léir mar fhíor-sgriptiúir
ar feadh tamaill. De sna leabhraibh iar-chanónda
sa tSean Thiomna 'seadh Leabhar Tóbiais, Leabhar
Iúdit, agus Leabhar na Macaibíteach. Sa Tiomna
Nua is leabhair iar-chanónda Epistil Naoimh Pól
chun na nEabhrach, agus Epistil Naoimh Séamus.
Is cuma príomh-chanónda nú iar-chanónda aon
leabhar sa Bhíobla, fíor-sgriptiúir is eadh iad go
léir. Do léirigh an Eaglais dúinn cad iad na
leabhair atá sa Chanóin in sna Cómhairlíbh Coit-
cheanna a bhí i bhFlorentia agus i dTreidhnt.



**Tá an Eaglais Chaitilicidhe do-mheallta
.i. ní féidir di tuitim i n-earráid i n-a creideamh
ná 'n-a teagasg. (1) nuair a labharann sí i
gCómhairle Choitcheann, (2) nuair a labharann an
Pápa ex cathedra, (3) nuair a bhíonn easbuig an
domhain ar aon-fhocal agus iad ag teagasg an
phobuil Chaitilicidhe. Tugtar CÓMHAIRLE COIT-
CHEANN ar chómhchruinniú dhlisteanach de easbogaibh
uile na hEaglaise agus an Pápa, nú leagáid
uaidh, mar cheann cómhairle ortha. An Chómhairle
Choitcheann is déanaighe a tháinig le chéile b'é an
Naomhadh Pápa Píus do chómh-chruinnigh í sa
Bhatichan sa bhliadhain 1869. Tar éis bheith i ndáil
ar feadh geall le bliadhain do cuireadh an
Chómhairle ar ath-lá agus níor cómh-chruinnigheadh í
riamh ó shin cé nár cuireadh deire léi fós. I
Nicéá do cómh-chruinnigheadh an Chéad Chómhairle
Choitcheann sa bhliadhain 325. Ó sin anuas níor
cómh-chruinnigheadh ach Cómhairle Choitcheann agus


L. 48


fiche. Do léirigheadh go solamhanta i gCómhairle
an Bhatican sa bhliadhain 1870 go bhfuil an Pápa
do-mheallta nú do-earráideach.



**Is ceann d'airtiogalaibh ár gcreidimh go
bhfuil an Pápa do-mheallta. Tá an buadh san
aige nuair a labharann sé ex cathedra .i. nuair
labharann le cómhacht Chinn na hEaglaise agus é
ag tabhairt bhreith ar cheisteanaibh creidimh nú a
cheisteanaibh morála i gcómhair na hEaglaise go
léir. Cialluigheann na focail "ex cathedra"
ó'n gcathaoir .i. ó chathaoir Pheadair Naomhtha — le
h-úghdarthás Naoimh Peadar nú mar CHÓMHARBA
Naoimh Peadar. Nuair adeirimíd go bhfuil an
Pápa do-mheallta ní mheasaimíd a rádh nách
féidir dó peaca a dhéanamh ná nách féidir dó
dearmhad a dhéanamh i gceisteanaibh shaoghalta.
Fiú amháin d'fhéadfadh an Pápa dearmhad a
dhéanamh i gceisteanaibh a bhaineann leis an
gCreideamh dá mba breith dhuine léigheanta a
thabharfadh sé agus gan labhairt mar Phápa.



**B'é Naomh Pádraig d'iompuigh muinntir
na hÉireann ó phágántacht, breis agus cheithre
chéad bliadhain tar éis teacht ár dTighearna.
Fuair sé úghdarthás ó Naomh Celestín, an Pápa,
chun teacht go hÉirinn agus an Creideamh a chraobh-
sgaoileadh. Tar éis an Chreidimh a ghlacadh do
mhuinntir na hÉireann chuaidh cáil chómh mór san
amach ortha i dtaobh a léighin agus a ndeigh-
thréithe gur glaoidheadh "Oileán na Naomh agus
na n-Ollamh" ar an dtír.



*Is 'mó buadh atá ag Caitilicidhthibh seachas lucht
leanmhana aon chreidimh eile. Tá na Sácraimíntí
aca agus Íodhbairt an Aifrinn. Níl na daoine
atá lasmuigh de'n Eaglais páirteach in sna


L. 49


tíodhlacaibh sin. I Sácraimínt na hAithrighe
tugtar maitheamhnas a pheacaí do'n Chaitilicidhe.
Nuair ná fuil an tSácraimínt sin ag an
muinntir atá lasmuigh de'n Eaglais níl maith-
eamhnas le fághail aca ach tré ghníomh Chroidhe-bhrú
iomlán. Ach ó 'nuair gur minic ná múintear
dóibh a ríachtanaighe agus tá croidhe-bhrú iomlán
ná connus gníomh chroidhe-bhrú iomlán a dhéanamh,
'sé an rud is dóichighe, ná bacfaidh siad leis i
n-aon chor agus go mbéidh a bpeacaí gan
maitheamh.



*Buadh eile do Chaitilicidhthibh is eadh iad a
bheith rann-pháirteach i gComaoine na Naomh.
Cialluighmíd le Comaoine na Naomh, an ceangal
rúindiamhara, spioradálta, atá idir an mhuinntir
a bhaineann leis an Eaglais ar thalamh agus na
naoimh ar Neamh agus na h-anamacha i bPurga-
dóireacht. Tré bhrigh an chóimhcheangail sin táid
go léir páirteach i n-úrnaighthibh a chéile. Cuirimíd-
na ár n-impighe chun na naomh ar Neamh ag iarraidh
a gcabhartha agus iarraimíd ar Dhia fuasgailt ag
saor-bhraighdeanas do sna h-anamachaibh i bPur-
gadóireacht. Guidhmíd mar an gcéadna ar son
ár gcómharsan ar an saoghal so. Deinid na
naoimh ar Neamh agus na h-anamacha i bPurga-
dóireacht guidhe ar ár son-na. 'N-a theannta
san táimíd go léir páirteach i n-úrnaighthibh na
hEaglaise d'á cloinn go léir agus páirteach in
sna h-úrnaighthibh adeireann ár gcómharsain ar ár
son.



*Ach dá mhéid é an buadh atá ag an gCaitilicidhe
ó bheith sa bhfíor-eaglais ní leór dó gur Caitilicidhe
é — ní shaorfaidh an méid sin amháin é. Is amhlaidh
a tabharfar breith níos géire agus níos déine air


L. 50


de réir mar a méaduightear na grásta dhó agus
go dtugann sé failighe ionnta.



**Is 'mó tairbhe anma a thagann chun an
Chaitilicidhe ó chuallachtaibh agus ó chumanaibh
diadha. Tugtar cuallacht nú cuman diadha ar
dream daoine a chuireann iad féin fé riaghlachaibh
so-chóimhlíonta, mar mhaithe le n-a n-anam féin nú
chun gníomhartha carthanachta a chur chun cinn. Seo
cuid de sna cuallachtaibh diadha is mó go bhfuil
aithne ortha: Cuallacht an Teaghlaigh Naomhtha,
Cuallacht Chroidhe Íosa, Cuallacht na Croise i
n-aghaidh an Ólacháin, Cuman an Phaidirín Pháirtigh,
agus Cuallacht Naomh Bhincint de Pól.


L. 51


CEACHT A DÓ DHÉAG



*Tugaimíd peaca AN GHNÍMH ar aon pheaca a
dheinimíd féin. Tá dhá shórt peaca ghnímh ann:
peaca marbhthach agus peaca so-loghthach. Ní bhéidh
duine cionntach i bpeaca marbhthach (1) maran
droich-nídh mór ann féin an smaoineamh a bhíonn
i n-a aigne nú an briathar a labharann sé nú
an gníomh nú an fhailighe dheineann sé; agus
(2) mara mbéidh fhios go cruinn aige i n-a aigne
a olcas is tá sé; agus (3) mara dtugaidh sé a
thoil go h-iomlán leis. Mara gcóimhlíontar na
trí coinghealacha so níl sa pheaca ach peaca so-
loghthach. Cuir i gcás go bhfuil adhbhar an pheaca
(an smaoineamh nú an briathar nú an gníomh nú
an fhailighe) go h-an-olc agus go bhfuil fhios ag
an nduine go dian-mhaith a olcas is tá sé, mara
dtuga sé toil go h-iomlán leis níl ach peaca
so-loghthach ann. Nú cuir i gcás go dtugann
duine a thoil go h-iomlán le droich-nídh ach ná
fuil fhios go cruinn aige gur peaca marbhthach an
rud san a dhéanamh, ní bhéidh ach peaca so-loghthach
ann.



**Tugtar peaca marbhthach ar an bpeaca san
mar go gcuireann sé deire le beatha spioradálta
an anma .i. marbhuigheann sé grásta Dé ann.
Nuair a bhíonn an corp marbh ní féidir dó na
gníomhartha úd a dhéanamh do dheineadh sé nuair a
bhí sé 'n-a bheathaidh. Nuair a bhíonn an t-anam
marbh go spioradálta ní fhéadann sé aon ghníomh
spioradálta a dhéanamh — aon ghníomh a thuillfeadh


L. 52


luach-saothair dó i láthair Dé. Nuair a bhíonn an
t-anam 'n-a bheathaidh go spioradálta — nuair a
bhíonn sé ar staid na ngrást — tuilleann sé
méadú ar a ghlóire i bhFlaitheas Dé le gach deagh-
ghníomh d'á ndeineann sé. Ní mar sin do'n anam
a bhíonn marbh go spioradálta. I n-ionad luach-
saothair a thuilleamh le deagh-ghníomharthaibh is
amhlaidh a chailleann sé pé luach-saothair a bhí
tuillte cheana aige. Ach bíodh ná tuilleann na
deagh-ghníomhartha a deintear i staid pheaca mharbh-
thaigh aon luach-saothair spioradálta ní h-ionann é
sin agus a rádh go bhfuil siad gan tairbhe. Is
deagh-ghníomhartha iad pé uair a deintear iad
agus bíodh ná fuil aon mhéadú glóire le fághail
d'á mbárr i bhFlaitheas Dé b'fhéidir mar gheall
ortha gur bh'é toil Dé tré n-A mhór-thrócaire
grásta a bhronnadh ar an bpeacach a thabharfadh é
arís go staid na ngrást. Nuair a dheineann
duine aithrighe gheóbhaidh sé thar n-ais an luach-
saothair a chaill sé mar gheall ar an bpeaca
marbhthach.



Má bhíonn sé de mhí-ádh ar dhuine é a thuitim
i bpeaca marbhthach ba cheart dó dul chun Faoistine
gan mhoill agus maitheamhnas d'fhághail. Maran
féidir leis dul chun Faoistine ba cheart dó é
féin a spriuchadh chun gníomh croidhe-bhrú iomlán
a dhéanamh. Cialluigheann an focal "so-loghthach"
so-mhaithte, agus tugtar an t-ainm sin air mar
gur furaiste é a mhaitheamh seachas an peaca
marbhthach. Ní ghearrann an peaca so-loghthach sinn
amach ó Flaitheas Dé fé mar dheineann an peaca
marbhthach, ach i n-a aindeóin sin is uile is coir
chómh mór san peaca so-loghthach, ná béadh sé
dleaghthach againn é dhéanamh chun an domhain go
léir a shaoradh ó dhíthiú.


L. 53


Tá dhá shaghas ócáid nú cionnfáth peaca ann -
(1) DLÚTH-ócáid nú DLÚTH-chionnfáth, agus (2)
CIAN-ócáid nú CIAN-chionnfáth. Bíonn sé 'n-a
dhlúth-ócáid nú 'n-a dhlúth-chionnfáth do dhuine
nuair a bhíonn contabhairt mhór go dtairingeóchaidh
sé an duine sin chun peaca. Bíonn sé 'n-a
chian-ócáid nuair a bhíonn contabhairt go dtairin-
geóchaidh sé an duine chun peaca ach gur suarach
an chontabhairt í. Is dlúth-ócáid peaca do dhuine
dul isteach i dtigh óil má's gnáthach leis dul ar
meisge ann; ach an té ná béadh aon dúil san ól
aige dá raghadh sé isteach sa tigh óil chéadna ní
bhéadh ach cian-ócáid dó ann, nú b'fhéidir ná béadh
aon ócáid pheaca dó i n-aon chor ann. Tá an
oiread de ócáidíbh peaca ann agus tá de
dhaoiníbh ar an saoghal. Is minic gur ÁIT éigin
áirithe a thairgeann daoine chun peaca, cuir i
gcás tigh óil nú áit 'n-a mbíonn droch-chainnt ar
siúbhal. Uaireanta is DUINE éigin an ócáid
pheaca, cuir i gcás duine a chleachtann cainnt
mí-bhanamhail nú cainnt neamh-charthanach. Uair-
eanta is RUD éigin a thairgeann duine chun
peaca — airgead nú éadach aoibhinn, agus rl. An rud
a bhéidh 'n-a ócáid pheaca do dhuine b'fhéidir nár
bh'aon ócáid pheaca do dhuine eile é, agus an rud
á bhéadh 'n-a dhlúth-ócáid do dhuine b'fhéidir ná
béadh do dhuine eile ann ach cian-ócáid. Aith-
neóchaidh duine go minic ó n-a bheatha féin cia'ca
saghas ócáide dó féin a bhíonn ann. Tá rudaí
áirithe, ámhthach, atá 'n-a n-ócáidíbh peaca do gach
éinne beagnach, mar atá droch-chuideachta, droich-
leabhair, siúbhal-oidhche, ólachán, agus léir-dhío-
mhaointeas. Is peaca do dhuine é féin a chur
gan ríachtanas i ndlúth-ócáid an pheaca. Is


L. 54


peaca marbhthach dó é féin a chur i ndlúth-ócáid
pheaca marbhthaigh agus peaca so-loghthach dó é féin
a chur i ndlúth-ócáid pheaca so-loghthaigh.



**Tugaimíd GRÁSTA ar gach aon chabhair a
thugann Dia dhúinn chun sinn a chur ar leas ár
n-anma. Is grásta ó Dhia dhúinn seanmóin
éisteacht nú caoi 'fhághail ar na Sácraimíntí a
ghlacadh. Is grásta do dhuine sompla deagh-
athar agus deagh-mháthar. Is grásta do dhuine
má thagann glaodhach nú gairm ó Dhia chuige 'á
spriocadh chun a shaoghal a chaitheamh fé riaghail
choisricthe nú i nÓrd Bheannuighthe. Cialluigheann
an focal "grásta" tabhartas nú rud a tugtar
i n-aisge do dhuine. Tugtar GRÁSTA NA NAOMH-
UIGHTHE nú GRÁSTA CÓMHNUIGHTHE ar an
ngrásta a tugtar dúinn nuair a maithtear peaca
an tsinnsir nú peaca marbhthach dúinn. Is
grásta naomhuighthe a bhíonn i gceist againn de
ghnáth nuair a labhraimíd ar "staid na ngrást"
nú ar grásta Dé a chailleamhaint. Tugtar
GRÁSTA GNÍOMHACH ar gach cabhair spioradálta
a thugann Dia dhúinn de réir mar a bhíonn gádh
againn leis, chun olc a sheachaint nú chun maith a
dhéanamh. Is é nádúr an ghrásta naomhuighthe nú
an ghrásta chómhnuighthe go bhfanann sé i n-ár
n-anam nó go ruagtar é le peaca marbhthach.
Ní mar sin do'n ghrásta ghníomhach, ní tugtar
dúinn é ach de réir mar a bhíonn gádh leis.
Tugtar grásta gníomhach do'n anam a bhíonn i
bpeaca marbhthach chómh maith agus tugtar é do'n
anam gan pheaca, ach ní féidir grásta naomhuighthe
agus peaca marbhthach a bheith i n-anam duine i
dteannta a chéile.



**Gach aon nídh a dheinimíd agus a théidheann


L. 55


chun sochair anma dhúinn — pe'ca smaoineamh nú
briathar nú gníomh é — ní féidir dúinn é thosnú
ná leanmhaint air gan grásta ó Dhia. Sin é an
bhrigh atá le foclaibh ár dTighearna: "Gan mise
ní féidir daoibh aon nídh a dhéanamh." Tugann
Dia dos gach éinne grásta a dhóthain chun a anam
a shaoradh agus an té chómh-obruigheann leis na
grástaibh sin tugtar líonmhaireacht grásta dhó-
breis agus a dhóthain grásta. Is contabharthach
an rud cur suas do ghrástaibh Dé. Chímíd ó'n
léirsgrios a deineadh ar Ierusalem agus ó'n
ndroich-chrích a bhí ar Iúdás connus a bhaineann
Dia díoghaltas as an dream a thugann failighe
'n-A ghrástaibh.



**Is féidir labhairt ar dá shórt grásta
naomhuighthe — an chéad ghrásta agus an dara
grásta. 'Sé an CHÉAD GHRÁSTA an grásta
naomhuighthe gheibheann duine nuair a glantar a
anam ó pheaca an tsinnsir nú ó pheaca marbhthach.
Aon mhéadú a thagann ar an ngrásta san, nuair
a dheineann an duine deagh-ghníomh tugtar an
DARA GRÁSTA air. Cuir i gcás go bhfuil
duine i bpeaca marbhthach. Má théidheann sé chun
Faoistine maithtear an peaca san dó agus
tugtar grásta naomhuighthe dhó. Sin é an chéad
ghrásta. Má ghlacann sé Comaoine Naomhtha
méaduightear an grásta naomhuighthe atá 'n-a
anam. Tugtar an DARA GRÁSTA ar an
méadú grásta san.



*Is contabharthach an rud d'éinne fanmhaint i
staid peaca marbhthaigh agus níl aon leath-sgéal
ag an té a dheineann é. Dá mbéadh dhá anam
againn b'fhéidir go mbéadh leath-sgéal éigin
againn dá gcuirimís ceann aca i gcontabhairt,


L. 56


nú dá dtiocfadh an bás dá uair orainn bhéadh
leath-sgéal againn dá dtugaimís failighe ann an
chéad uair. Ach ó 'nuair ná fuil ach aon anam
amháin againn agus ná tiocfaidh an bás ach aon
uair amháin orainn níl éinne ach duine buile a
raghadh i gcontabhairt báis 'fhághail agus peaca
marbhthach ar a anam. D'á bhrigh sin má bhíonn sé
de mhí-ádh orainn peaca marbhthach a dhéanamh ba
cheart dúinn dul chun Faoistine nú gníomh chroidhe-
bhrú iomlán a dhéanamh chómh luath agus is féidir
linn é. (Féach Ceacht a 28.)



*Tugtar cinn-pheacaí marbhthacha ar na seacht
bprímh-pheacaí marbhthacha mar gur gaol agus cine
do cheann éigin aca gach aon pheaca d'á ndeintear.
Cuir i gcás, is gaol do'n Uabhar mór-chúis, árd-
mhiangus, mustar, maoidheamh asainn féin, andóchas
agus easumhlacht, agus rl.


L. 57


CEACHT A TRÍ DÉAG



*Cialluigheann an focal "purgadóireacht"
GLANADH agus tugtar Purgadóireacht ar an
bpianós fhuilingeann anamacha áirithe ar an
saoghal eile, mar go nglantar iad tré bhrigh an
phianóis sin ó gach smál peaca. Is é an Creideamh
Caitilicidhe i dtaobh na Purgadóireachta, de réir
teagasg na n-athar i gCómhairle na Treidhnte
(1) go bhfanann go minic pianós aimsire le
cúiteamh i ndiaidh an pheaca tar éis maitheamhnas
d'fhághail i gcoir an pheaca; (2) mara ndeintear
leór-ghníomh ar an saoghal so le gníomharthaibh
aithrighe ar son gach aon fhuigheal peaca go gcaith-
fear é 'chúiteamh ar an saoghal eile i bPurga-
dóireacht; (3) go dtéidheann úrnaighthe agus
deagh-oibreacha na ndaoine atá ar an saoghal so,
agus go mórmhór an tAifrionn, chun sochair na
n-anam atá i bPurgadóireacht.



**Is mó téacs sa Bhíobla a thaisbeánann
dúinn go bhfuil Purgadóireacht ann, ach ní dócha
go bhfuil aon chuid de'n Bhíobla 'n-ar cruinne
gheibhmíd an teagasg san ná sa dara leabhar de
Leabhraibh na Macaibíteach (xii. 46). Tá sgríobhtha
ann san gur chuir Iúdás Macabéus 12,000
drachma airgid go Ierusalem chun go gcuirfí
íodhbairtí le h-anamachaibh na ndaoine a marbh-
uigheadh sa chogadh. Seo mar a labharann an
Bíobla i dtaobh an deagh-ghnímh sin: "Is naomhtha
agus is tairbheach an smaoineamh guidhe ar son
na marbh ionnus go bhfuasglófaí iad ó n-a


L. 58


bpeacaíbh." Cuireann na focail seo i n-iúil
dúinn go bhfuil Purgadóireacht ann agus go
dtugann ár n-úrnaighthe-na fuasgailt ar na
h-anamachaibh a bhíonn ann.



*Níor léirigh an Eaglais dúinn cá bhfuil an
áit 'n-a bhfuilingeann na h-anamacha, ná cad é
an saghas pianóis 'fhuilingeann siad, ach is é
tuairim coitcheann na bhfíréan gur le teine
céastar iad agus gur cosmhail an teine sin le
teine ifrinn. Is mór an sólás dúinn a fhios a
bheith againn gur féidir linn fuasgailt a thabhairt
ar na h-anamachaibh sin le n-ár n-úrnaighthíbh. Is
dúthrachtaighe a bheimíd chun cabhrach a thabhairt do
sna h-anamachaibh i bPurgadóireacht má chuimh-
níghimíd (1) gur mór an glóire a thugaimíd do Dhia
nuair a chuirimíd anamacha 'Á adhradh in sna
Flaithis; (2) gur féidir linn giorrú agus bogadh
thabhairt ar phiantaibh na n-anam san; (3) go
mb'fhéidir gur mar gheall orainn-ne atá mórán
aca ag fulang; agus (4) ná fuil aon bhaoghal
ná go gcúiteóchaidh siad-san linn-ne ár ndaonacht,
agus go mórmhór nuair a thiocfaidh an t-am
nuair a chaithfimíd féin pianta Phurgadóireachta
d'fhulang.



*Téidheann dá shaghas daoine go Purgadóir-
eacht: (1) an mhuinntir fhaghann bás agus peaca
so-loghthach ar a n-anam, agus (2) an mhuinntir
gur maitheadh a bpeacaí marbhthacha dhóibh ar an
saoghal so agus nár chúitigh go h-iomlán an
pianós aimsire a bhí ortha mar gheall ar a bpeacaíbh.
(1) Téidheann an mhuinntir 'fhaghann bás i bpeaca
so-loghthachaí ei P sadóireacht mar (a) go dtruail-
gheann annpiné gouo-loghthach an t-anam agus nách
féidir d'acrgdh truailighthe dul go Flaitheas Dé,


L. 59


agus (b) ná fuil sé de réir trócaire agus mór-
mhaitheas Dé aon anam a chur go h-ifrionn i
gcaitheamh na síoruidheachta marar chaill an t-anam
san cáirdeas Dé tré pheaca marbhthach. (2)
Téidheann an mhuinntir nár chúitigh go h-iomlán
a bpianós aimsire go Purgadóireacht mar, ar a
shon gur mhaith Dia coir an pheaca mharbhthaigh dóibh
agus an pianós síoruidhe a leanann é ní fuláir
leór-ghníomh a dhéanamh le Dia as an easumhlacht
a tugadh Dó nuair a deineadh an peaca marbhthach.
Is féidir an leór-ghníomh san a dhéanamh ar an
saoghal so má dheinimíd oibreacha aithrighe (trosgadh
nú déirc, agus rl.), nú má ghlacaimíd logha.



**Innstear dúinn sa Sgriptiúir Naomhtha gur
éilimh Dia, agus ní aon uair amháin é, pianós
aimsire mar leór-ghníomh i bpeacaíbh tar éis na
bpeacaí a mhaitheamh. Do pheacuigh Dáibhidh, ach
tar éis aithrighe a dhéanamh agus nuair a bhí an
peaca maithte dhó d'éilimh Dia pianós aimsire air
mar leór-ghníomh — d'éilimh sé bás a mhic air. —
(II. Ríogh., xii.) Do chuir Clann Israel fearg
ar Dhia le n-a gcuid gearáin sa bhfásach. Do
dheineadar aithrighe agus do mhaith Dia dhóibh é, ach
do chuir Sé pianós aimsire ortha — níor leigeadh
dóibh cosa chur ar an dTír Tarngaire.


L. 60


CEACHT A CEATHAR DÉAG



Do thug Dia na deich n-aitheanta do Mhaoise
an chéad uair agus iad sgríobhtha ar dhá chlár
cloiche. Ar an gcéad chlár bhí an chéad tri aithne
— na h-aitheanta a chuireann i n-iúil do dhaoinibh
a ndualgas do Dhia. Bhí na seacht n-aitheanta
eile — na h-aitheanta a chuireann i n-iúil do
dhaoinibh a ndualgas d'á gcómharsain — sgríobhtha
ar an dara clár cloiche. Léirigheann an chéad
aithne dhúinn an dualgas atá orainn Dia d'adhradh
agus tiormasgann sí orainn éinnídh a dhéanamh a
bhéadh i n-aghaidh an chreidimh is cóir dhúinn a bheith
i nDia againn, ná i n-aghaidh an dóchais is ceart
dúinn a bheith againn Ann, ná i n-aghaidh an ghrádha
is ceart dúinn a thabhairt Dó. Is ionann grádh
agus carthanacht.



*Tugtar na trí súbháilcí DIADHA ar Chreideamh,
Dóchas, agus Carthanacht, mar go mbaineann bun-
adhbhar na súbháilcí seo le Dia féin. 'Sé seo an
chéad aithne i n-iomlán: "IS Mise an Tighearna
Dia, do thug amach tú as talamh na hÉigipte agus
as tigh na daoirse, ná bíodh déithe coigcríche agat
im' láthair. Ná déin duit féin aon nídh dealbh-
uighthe, ná cosmhalacht roda ar bith d'á bhfuil ar
Neamh thuas ná ar talamh thíos ná d'á bhfuil in sna
h-uisgíbh atá fé'n dtalamh. Ná déin iad d'adhradh,
ná umhlú dhóibh." Tugaimíd SUBHÁILCE ar chumas
nú éasgaidheacht anama chun maitheas a dhéanamh
nú chun uilc a sheachaint, agus DUBHÁILCE ar
éasgaidheacht anma chun uilc a dhéanamh.


L. 61


**Is é bun-adhbhar na subháilcí MORÁLA,
duine a stiúrú chun an roda a dhéanamh atá ceart
do réir réasúin deagh-riaghalta. Tá cheithre subh-
áilcí morála ann ar a dtugtar na subháilcí
bunúdhsacha: CRÍONNACHT (nú GLIOCAS),
CEART, NEART, agus MEASARACHT. Tugtar
subháilcí bunúdhsacha ortha mar gur b'iad bun nú
préamh na subháilcí uile iad. Cuid de sna subháilcí
morála is eadh na subháilcí atá i n-aghaidh na
seacht gcinn-pheacaí marbhthacha mar atá: umhlacht,
féile, geanmnuidheacht, ceannsacht, measaracht,
carthanacht, agus caoin-dúthracht.



**Ní fuláir ár gCreideamh a bheith DAINGEAN
agus IOMLÁN. É bheith daingean: gach nídh
'fhoillsigheann Dia dhúinn a chreideamhaint gan aon
dabht a chur ann ná aon locht d'fhághail air, de
bhrigh gur b'é Dia d'foillsigh é. É bheith iomlán:
gach nídh d'ár fhoillsigh Dia dhúinn agus a mhúin-
eann an Eaglais (pe'ca rud beag nú rud mór é)
a chreideamhaint. Ní gádh dhúinn eólas CRUINN
a bheith againn ar gach nídh a bhaineann leis na
fírinníbh seo. Ní beag dúinn gach nídh a mhúineann
an Eaglais dúinn a chreideamhaint go DOILÉIR
agus cuid de sna prímh-fhírinníbh a chreideamhaint
go SOILÉIR. Creidimíd go SOILÉIR nuair a
bhíonn eólas cruinn againn ar an bhfírinne a
chreidimíd; creidimíd rud go DOILÉIR nuair
nách í an fhírinne sin fé leith a chreidimíd, ach
fírinne éigin eile 'n-a bhfuil sí le fághail. Cuir
i gcás má chreidimíd na fírinní a mhúineann an
Eaglais bíonn creideamh doiléir againn i ngach
fírinne aca san ná bíonn eólas againn air. Ní
fuláir ár nDóchas a bheith (1) láidir, agus (2)
iomlán. (1) Ní fuláir é 'bheith LÁIDIR mar gur


L. 62


b'iad geallamhna Dé agus A Mhór-mhaitheas agus
A Chómhacht fáth ár nDóchais, (2) Ní fuláir ár
nDóchas a bheith IOMLÁN .i. dóchas a bheith againn
go bhfaighmíd gach aon nídh a gheall Dia dhúinn.
Ní fuláir ár gCarthanacht a bheith (1) ós cionn
gach uile nídh, agus (2) éifeachtach nú torthamhail,
(1) É 'bheith ÓS CIONN GACH UILE NÍDH: go
bhfuil 'fhiachaibh orainn gan leigint d'éinnídh teacht
idir sinn agus ár ngrádh do Dhia. (2) É 'bheith
ÉIFEACHTACH nú TORAMHAIL: nách fuláir dúinn
ár ngrádh do Dhia a thaisbeáint leis an slighe
órduighmíd ár mbeatha agus ár ngníomhartha.
Tar éis grádh a thabhairt do Dhia ba cheart dúinn
grádh a thabhairt d'ár n-anam féin, 'n-a dhiaidh sin
féachaint chun anma ár gcómharsan, agus 'n-a
dhiaidh sin féachaint chun ár maoin shaoghalta féin
agus chun maoine ár gcómharsan.



**Caithfidh ár gCreideamh agus ár nDóchas
agus ár gCarthanacht bheith ÓS-CIONN-NÁDÚRA.
Cialluigheann sé sin go bhfuil 'fhiachaibh orainn
creideamhaint mar gur b'é Dia d'fhoillsigh fírinní
ár gCreidimh dúinn; Dóchas a bheith againn mar
gur ar Dhia atá ár seasamh; agus Grádh a
thabhairt do Dhia ar A shon féin. Tá ceangailte
ar gach éinne gníomhartha Creidimh agus Dóchais
agus Grádha nú Carthanachta a dhéanamh, ach má
dheinimíd aon úrnaighthe 'n-a bhfuil na subháilcí sin
le fághail cóimhlíonfaimíd an dualgas san.


L. 63


CEACHT A CÚIG DÉAG



*Tá trí dhreamh daoine ann a pheacuigheann i
n-aghaidh subháilce an Chreidimh. (1) An mhuinntir
ná deineann iarracht ar eólas d'fhághail ar na
fírinníbh a mhúin Dia dhúinn; (2) an mhuinntir ná
creideann na fírinní a mhúin Dia dhúinn; agus
(3) an mhuinntir ná h-admhuigheann go gcreideann
siad na fírinní mhúin Dia dhúinn. (1) 'Siad an
mhuinntir ná deineann iarracht ar eólas d'fhághail
ar na fírinníbh a mhúin Dia dhúinn: an mhuinntir
a thuigeann go maith go bhfuil siad gan eólas ar
fhírinníbh atá ríachtanach chun ár slánuighthe, nú ar
dhualgaisíbh a bhaineann le n-a slighe bheatha, agus
ná deineann iarracht ar an eólas sin d'fhághail -
rud a fhéadfaidís a dhéanamh ach an Teagasg
Críostaidhe d'fhoghluim, nú iarraidh ar dhuine
éigin iad a theagasg. (2) 'Siad na h-eiricigh
agus na díth-chreideamhaigh a shéanann na fírinní a
mhúin Dia dhúinn. EIRICEACH is eadh éinne a
shéanann aon airtiogal de'n Chreideamh atá léir
ighthe ag an Eaglais: cuir i gcás, go bhfuil Íosa
Críost sa Naomh-Shácraimínt nú go bhfuil ifrionn
síoruidhe. SIOSMAIRE is eadh duine ná
séanann aon airtiogal de'n Chreideamh, ach ná
h-admhuigheann gur b'é an Pápa Ceann so-fheicse
na hEaglaise. DÍTH-CHREIDEAMHACH is eadh
éinne a shéanann go bhfuil Dia ann nú gur
fhoillsigh Sé fírinní an Chreidimh. PÁGANACH is
eadh duine a thugann adhradh do dhéithibh bréige.
(3) An mhuinntir ná h-admhuigheann go gcreideann


L. 64


siad fírinní an Chreidimh, sin iad an mhuinntir go
bhfuil an Creideamh fírinneach aca ach a shéanann
é. Deineann cuid aca é tré eagla (cuir i gcás,
nuair a bhíonn Caitilicidhthe 'á gcur chun báis).
Deineann a thuile aca tré náire é, a thuile aca
chun feabhas a chur ar a slighe bheatha ar an saoghal
so, agus mar sin dóibh. Ní bhíonn coir chómh
trom ar chuid aca agus a bhíonn ar chuid eile aca.
Is measa go mór an CÚIL-SHLEAMHNUIDHE a
thugann suas a Chreideamh ar fad ná an té ná
deineann Fíoghar na Croise air féin tré náire.



*Éadóchas agus andóchas an dá pheaca i
n-aghaidh shubháilce an Dóchais. Tugtar ÉADÓCHAS
ar pheaca an té ná bíonn muinghin as Dia
aige agus a cheapann nách féidir dó an Bheatha
Shíoruidhe d'fhághail agus d'á bhrigh sin go bhfuil sé
díomhaoin aige aithrighe a dhéanamh. Is mór an
peaca é an t-éadóchas mar taisbeánann an té
bhíonn cionntach ann go gcreideann sé ná cóimh-
líonfaidh Dia A gheallamhna. B'é sin peaca Cháin
agus peaca Iúdáis. Tugtar ANDÓCHAS ar
pheaca an té a cheapann go dtabharfaidh Dia an
Bheatha Shíoruidhe dó, ach ná deineann aon iarracht
ar dhlighe Dé a choimeád ná ar aithrighe a dhéanamh
i n-a pheacaíbh. An té bhíonn cionntach sa pheaca
san taisbeánann sé ná fuil aon bheann aige ar
Dhia agus ná cuireann sé aon spéis 'n-A fhocal
ná 'n-A bhagairt. D'á bhrigh sin is peaca an-mhór
go léir é.



**Baineann subháilce na Carthanachta le Dia
agus leis an gcómharsain. 'Sé Grádh na Cómharsan
an rud is giorra do Ghrádh Dé, agus is é cómhartha
an Chríostaidhe fhóghanta é thar éinnídh eile.



**Cuireann Grádh na Cómharsan de dhualgas


L. 65


orainn fóirithint ar ár gcómharsain nuair a bhíonn
sé i gcruadhtan. B'fhéidir gur cruadhtan ANMA
a bhéadh air nú cruadhtan CUIRP; agus b'fhéidir
gur gnáth-chruadhtan, nú mór-chruadhtan, nú fíor-
ghéar-chruadhtan a béadh air. Ma's i nGNÁTH-
CHRUADHTAN a bhíonn sé — pe'ca cruadhtan anma
nú cuirp é — níl de dhualgas de ghnáth orainn ach
guidhe ar a shon. Nuair a bhíonn ár gcómharsa
i MÓR-CHRUADHTAN anma nú cuirp — gan baoghal
RÓ-MHÓR a bheith air bás d'fhághail, ná 'bheith
damanta — tá dualgas orainn teacht chun fóirithint
air, ach níl 'fhiachaibh orainn sinn féin a chur i n-aon
chonntabhairt mhór. Má bhíonn sé i bhFÍOR-GHÉAR-
CHRUADHTAN ANMA — má bhíonn sé i mbaoghal
damanta — tá 'fhiachaibh orainn dul i gconntabhairt
an bháis má's éigean dúinn é chun fóirithint air-
cuir i gcás, chun sagart a thabhairt chuige chun
asbolóid a thabhairt dó nú chun an Ola Dhéannach
a chur air. Má's FÍOR-GHÉAR-CHRUADHTAN
CUIRP a bhíonn air — má bhíonn baoghal báis air
— tá 'fhiachaibh orainn an méid sin d'ár gcuid
agus tá ríachtanach a riar leis nú aon chabhair
eile a thabhairt dó ná cuirfidh sinn féin i mbaoghal
báis. Níl 'fhiachaibh orainn na neithe tá ríachtanach
chun sinn féin a choimeád i n-ár mbeathaidh a
thabhairt dó. Nuair a bhíonn duine i mbaoghal
báis de'n ghorta ní peaca dhó an oiread san de
chuid a chómharsan agus shaorfaidh ó'n mbás é a
thógaint.



Ó 'nuair go bhfuil dualgas orainn Creideamh a
bheith againn i nDia agus Dóchas a bheith againn
Ann agus Grádh a thabhairt Dó, tá sé de réir
réasúin go bhfuil dualgas orainn guidhe Chuige,
mar gan guidhe chun Dé ní féidir dúinn ár


L. 66


gCreideamh ná ár nDóchas ná ár nGrádh a
thaisbeáint. Is peaca i 'i-aghaidh an chéad aithne,
d'á bhrigh sin, failighe a thabhairt i n-ár n-úrnaighthibh.
Ba cheart dúinn úrnaighthe a chur suas chun Dé
gach maidean agus tráthnóna an chuid is lugha dhe.


L. 67


CEACHT A SÉ DÉAG



*Seo aithghiorra ar theagasg na hEaglaise i
dtaobh na naomh: (1) Go ndeineann na naoimh
guidhe chun Dé ar ár son-na, (2) go bhfuil 'fhiachaibh
orainn-ne onóir a thabhairt dóibh, agus (3) gur
tairbheach an rud dúinn-ne iarraidh ortha guidhe ar
ár son. Nuair a ghuidhmíd chun na naomh ní mar
a chéile an ghuidhe sin agus an ghuidhe a chuirimíd
chun Dé. Nuair a ghuidhmíd chun Dé, grásta agus
trócaire is mó iarraimíd Air, ach nuair a ghuidh-
míd chun na naomh is amhlaidh iarraimíd ortha
impidhe a chur chun Dé ar ár son. Sa tslighe
chéadna ní mar a chéile an onóir a thugaimíd do
Dhia agus an onóir a thugaimíd do sna naomhaibh.
Tugaimíd adhradh agus árd-mholadh do Dhia mar
gur b'é Cruthaightheóir agus Árd-Thighearna an
uile nídh é, ach tugaimíd onóir do sna naomhaibh
mar gur b'iad cáirde Dé iad. An saghas céadna
onóra thugaimíd do'n Mhaighdin Muire agus
thugaimíd do sna naoimhibh eile, ach gur mó de'n
onóir sin a thugaimíd di.



**Tugtar LATRÍA (.i. adhradh, an onóir is
aoirde agus is uaisle) ar an onóir a thugaimíd
do Dhia. Tugtar DÚLÍA (onóir níos lugha ná
Latría) ar an onóir a tugtar do sna naomhaibh,
agus Huperdúlía (an onóir is mó is féidir a
thabhairt do chréatúir) ar an onóir a tugtar do'n
Mhaighdin Muire.



*Chun onóir a thabhairt do sna naomhaibh agus
chun a ndeagh-ghníomhartha a chur ar gcuimhne dhúinn


L. 68


do chuir an Eaglais ar bun LAETHANTA FÉILE.
Níl aon lá sa mbliadhain ná go ndeintear cómh-
móradh nú díl-chuimhneamh ar naomh éigin nú
b'fhéidir ar mórán naomh a fuair bás an lá san
de'n bhliadhain. Cuirimíd beatha agus gníomhartha
na naomh ar gcuimhne dhúinn féin mar an gcéadna
nuair a bhíonn a n-íomháigí nú a bpictiúirí fé
onóir agus fé mheas againn i n-ár dtighthibh.



**Bhí eiricigh áirithe ann san ochtmhadh céad
tar éis Chríost, agus íconoclaistigh nú lucht briste
na n-íomháigh a tugtaí ortha, mar dubhradar ná
raibh sé dleaghthach ag éinne íomháigh a dhéanamh ná
a bheith aige, agus pé áit go bhfaighdís íomháigh do
bhrisidís í.



*Tugtar an CHROS nú CROS AN CHÉASTA
ar dheilbh nú íomháigh ár dTighearna agus É
táirngeálta ar an gcrois. Tugtar TAISE ar
aon chuid de chorp naoimh, nú d'á chuid éadaigh,
nú d'éinnídh go raibh dlúth-bhaint ag an naomh
leis. Nuair a taisbeántar taisí na naomh do'n
phobal chun onóra phuiblidhe a thabhairt dóibh cuir-
tear ar an altóir iad i n-a gcúmhdaighibh agus
Coinnle ar lasadh 'n-a dtímcheall. Chun go
mbéadh sé dleaghthach taisí a chur fé onóir an
phobail ní fuláir do'n Easbog baránta a thabhairt
gur b'iad na taisí fírinneacha iad.



**Nuair a tugtar onóir do dhealbhaíbh na
naomh nú d'á dtaisíbh, agus rl., is léir nách mar gheall
ortha féin a tugtar dóibh é, ach mar gheall ar an
naomh go bhfuil baint aca leis. Nuair a phógann
daoine taisí nú íomháigí na naomh, nú nuair a
shléachtann siad rómpa, ní do'n íomháigh ná do'n
taise a tugtar an onóir ach do'n naomh féin tré
n-a íomháigh.


L. 69


*I measg Chríostaidhthe is beag an baoghal atá
ann go ndéanfar ÍODHAL-ADHRADH, 'sé sin déithe
bréige a chur suas chun a n-adhartha, ach anois
agus airís bíonn Críostaidhthe cionntach i bpeaca
atá cómhangarach i ngaol leis an bpeaca san.
Peacaí de'n tsórt san a dheineann: (1) an
mhuinntir a iarrann cabhair ar an ndiabhal nú a
dheineann margadh leis, (2) lucht piseóg, (3) an
mhuinntir a bhíonn cionntach i naomh-thruailiú nú i
síomanacht. (1) Ní gádh éinnídh a rádh i dtaobh
na ndaoine a iarrann cabhair ar an ndiabhal.
(2) Tugtar piseógacht ar bheith ag éileamh ar aon
rud nú ar aon fhoclaibh brigh ná buadh ná cabhair
nách dual dóibh ó n-a nádúr féin agus nár thug
Dia ná an Eaglais dóibh. Is 'mó saghas piseóg
ann agus iad go léir peacamhail.



**Is piseógacht géilleadh a thabhairt do
thaidhbhreidhthibh, nú do lucht feasa nú draoidheachta,
nú spéis a chur i n-arthaibh nú i gcómharthaibh baotha.
Tugtar DRAOIDHEACHT ar an gcómhacht mí-
nádúrtha gheibhtear ó'n ndiabhal le n-a ndeintear
neithe nách féidir do dhuine a dhéanamh le n-a
chómhacht nádúrtha féin. Le draoidheacht is eadh
dhein lucht piseóg Pharaóth gníomhartha iongantacha
mar aithris ar na míorbhúiltíbh a dhein Maoise.
Le draoidheacht is eadh gheibhtear fios le cómhacht
an diabhail ar neithibh a bhíonn foluighthe ó radharc
daoine nú ar neithibh a bhíonn le tuitim amach i
gceann tamaill. Is minic gur le cómhacht ó'n
ndiabhal gheibheann "lucht feasa," lucht "caithte
sgalaí," lucht cártaí a léigheadh, agus deárnadóirí
an t-eólus a thugann siad uatha — uaireanta i
gan-fhios dóibh féin. Is minic, ámhthach, gur claidhrí
na daoine sin, a leigeann ortha go bhfuil cómhacht


L. 70


thar nádúr aca mar go bhfuil siad géar-chúiseach
agus go maith chun buile-fé-thuairim a thabhairt.
Má's claidhrí iad is amadán éinne a raghadh ag
lorg feasa ortha; agus marab' eadh, is ó'n ndiabhal
a bhíonn an fios aca agus ba chóir d'éinne
sgannradh a bheith air dul ag lorg eólais ortha.
Piseógacht is eadh "arthaí" a chur. Tugtar arthaí
ar oibreacha a deintear nú ar fhoclachaibh a
labhartar i slighe áirithe nú ar uair áirithe le
ionchas go dtiocfadh asta sláinte nú leigheas ar
dhuine nú ar bheithidheach. Is minic a thiocfadh an
leigheas gan na h-arthaí a bhac. Go deimhin is
minic a bhíonn buidheachas nú milleán ar phiseógaibh
nuair a thuiteann an rud amach de réir nádúra.
Saghas piseóg is eadh géilleadh do chómharthaíbh
baotha — cuir i gcás, laetheanta crosta, dortadh
salainn le linn bídh a chaitheamh, agus rudaí dith-
céille de'n tsórt san.



*(3) Tugtar NAOMH-THRUAILIÚ nú naomh-
aithis ar dhroich-íde a thabhairt ar dhuine, nú ar
áit, nú ar rud ar bith, a bhíonn coisricthe i gcómhair
Dé. D'á bhrigh sin, is féidir an naomh-thruailiú
a bheith PEARSANTA, nú ÁITEAMHAIL, nú
NEITHEAMHAIL. SÍOMANACHT is eadh aon rud
naomhtha a dhíol nú a cheannach ar airgead.
Tugtar an t-ainm sin air i ndiaidh Síoman an
Draoi, fear a thairing airgead do Sna hAsbolaibh
ar a gcómhacht naomhtha (Gníomh., viii.).


L. 71


CEACHT A SEACHT DÉAG



Toirmeasgann an Dara hAithne easonóir a
thabhairt d'Ainm Naomhtha Dé. Ceanglann an
aithne seo orainn: (1) labhairt le h-onóir agus
le h-umhlacht ar Ainm Dé, ar A naomhaibh, agus
ar gach nídh a bhaineann le seirbhís Dé; agus
(2) ár móide agus ár ngeallmhana dlisteanacha a
thugaimíd fé cheangal leabhair, a chóimhlíonadh.
(1) Taisbeánann ár gciall féin dúinn gur cóir
dúinn onóir a thabhairt do'n mhuinntir go dtug-
aimíd grádh dhóibh, agus urraim agus meas a bheith
againn ar a n-ainmeacha mar an gcéadna. Bhí
an oiread san de mheas agus d'urraim ag na
Giúdachaibh d'Ainm Dé ná leigfeadh eagla dhóibh
an tAinm Naomhtha san a labhairt i n-aon chor.
Deir an Spioraid Naoimh linn go gclaonfaidh
d'ainm Íosa "glúin gach n-aon d'á bhfuil ar
Neamh agus ar talamh agus i n-ifrionn" (Philip,
ii. 10). Aon uair a chloisimíd an tAinm Sár-
naomhtha san 'á labhairt ba cheart dúinn ár hata
d'árdú nú ár gceann d'umhlú.



**(2) Ceanglann an Dara hAithne orainn ár
móide agus na geallmhanacha dlisteanacha a
thugaimíd fé cheangal leabhair a chóimhlíonadh. Is
'mó uair gur gádh do dhuine an urradhas is feárr
agus is treise a bheith aige gur b'í an fhírinne
bhíonn aige 'á labhairt nú go gcóimhlíonfaidh sé a
gheallmhanacha. Ó 'nuair gur b'é Dia an fhírinne
gan teóra, do thuig daoine riamh ná raibh aon
tslighe ab fheárr chun 'fhiachaibh a chur ar fhídhnéidh


L. 72


an fhírinne d'innsint ná le fhiachaibh a chur air, Dia,
moladh go deó Leis, a bheith mar urradh aige. Is
"leabhar" glaodhach ar Dhia mar fhídhnéidh sa
tslighe sin. Tugtar an t-ainm sin air mar go
ndearbhuigheann an duine de ghnáth dar fírinne an
Bhíobla — fírinne Focail Dé — go bhfuil an fhírinne
'á innsint aige. Tógann sé an Bíobla 'n-a láimh
nú pógann sé é, agus rl., de réir nós na tíre.



*Ní peaca leabhar a thabhairt má's gádh é chun
maitheasa a dhéanamh do'n choitchiantacht nú do
dhuine féin nú d'á chómharsain, ach ní fuláir an
leabhar a thabhairt le rud a bhíonn fírinneach, agus
gan éagcóir a dhéanamh leis. 'Siad so na
coinghealacha a bhaineann le leabhar dleaghthach: é
a thabhairt (1) le fírinne, (2) le ceart, agus (3)
le breitheamhnas. (1) Le FÍRINNE: gan dearbhú
le h-éinnídh ach leis an rud atá fíor, nú leis an
rud is dóigh linn a bheith fíor. (2) Le CEART,
gan éagcóir a dhéanamh ar an gcómharsain leis
an rud a dhearbhuighmíd. (3) Le BREITHEAMHNAS,
gan leabhar a thabhairt gan ríachtanas ná gan
machtnamh air. Tugaimíd LEABHAR ÉITHIGH ar
dhearbhú a deintear le rud ná bíonn fíor,
LEABHAR ÉAGCÓRACH ar an leabhar a dheineann
éagcóir ar an gcómharsain, agus LEABHAR OBAN
ar an leabhar a tugtar gan ríachtanas nú gan
machtnamh a dhéanamh air. Má thugaimíd geall-
mhaint fé cheangal leabhair is peaca marbhthach gan
an gheallmhaint sin a chóimhlíonadh. Aon uair nách
féidir an gheallmhaint a chóimhlíonadh imthigheann an
ceangal a chuir an duine air féin le n-a leabhar.
Uaireanta nuair a bhíonn an rud a gealltar fé
cheangal leabhair ró-dheacair le déanamh, tugann
an Eaglais FAOISIÚ do'n té thug an leabhar -


L. 73


fuasglann sí ó n-a dhualgas é. Dá dtugadh
duine leabhar go ndéanfadh sé rud éigin
peacamhail, cuir i gcás, éagcóir a dhéanamh ar a
chómharsain, ní chuirfeadh an leabhar san aon
dualgas air an rud peacamhail sin a dhéanamh.
Ba pheaca a leithéid sin de leabhar a thabhairt,
agus ba pheaca eile dó é a chóimhlíonadh.



**Tugtar MÓID ar gheallmhaint dá ríribh a
tugtar do Dhia maitheas éigin spioradálta a
dhéanamh. Tá dhá shaghas móide ann — móid SHOL-
AMHANTA agus móid shímplidhe. Tugtar móid
sholamhanta ar mhóid a ghlacann an Eaglais 'n-a
mhóid sholamhanta. Aon mhóid eile níl innte ach
móid neamh-sholamhanta nú móid shímplidhe. Ní
thugann éinne móid sholamhanta ach cuid de sna
mnáibh riaghalta agus cuid de sna fearaibh
riaghalta. Chun go mbéadh an mhóid buan-
tseasamhach ní fuláir: (1) an gheallmhaint a
thabhairt do Dhia, (2) a chiall a bheith i gceart ag
an thé thugann an gheallmhaint sin, (3) go mbéadh
fhios ag an té mhóidigheann cad é an rud atá 'á
dhéanamh aige agus go dtabharfadh sé an mhóid le
n-a thoil féin, (4) agus ná cuirfeadh an rud a
móidighthear cosg le h-aon rud is uaisle ná é
féin. Nuair a deintear deagh-obair fé cheangal
móide is luachmhaire i láthair Dé é ná dá ndéantaí
an obair chéadna i n-éaghmuis na móide, mar de
bhrigh na móide deineann duine íodhbairt d'á thoil
féin chun Dé agus bíonn luach na h-íodhbarta san
aige i dteannta luach an deagh-ghnímh. Ní mar a
chéile ceangal móide agus ceangal deagh-rúin.
Ní peaca deagh-rún a bhriseadh, ach ní féidir móid
a bhriseadh gan pheaca. Is peaca marbhthach nú
peaca so-loghthach é de réir an ceangail a chuir-


L. 74


eann an móididhe air féin nuair a thugann sé an
mhóid. Is díthcéille an rud do dhuine móid a
thabhairt gan chómhairle a ghlacadh roimh-ré. Go
deimhin, níor cheart do dhuine móid a thabhairt i
n-aon chor gan cead ó n-a oide-faoistine.



Coisgeann an Dara hAithne easgainí, mionnaí-
móra, leabhair-éithigh, agus dia-aithis nú dia-
mhasladh. Tugtar EASGAINE nú MALLACHT ar
aon droch-ghuidhe a thugann duine dó féin nú
d'éinne eile. Is é nádúr na h-easgaine gur
peaca marbhthach í, ach is minic ná bíonn innte ach
peaca so-loghthach mar ná deintear machtnamh ar
an olc a bhíonn san easgaine nú nách ó'n gcroidhe
deintear an droch-ghuidhe. Is minic, leis, go
mbíonn an t-olc a guidhtear ró-shuarach do pheaca
marbhthach. MIONN-MÓR is eadh glaodhach ar
Dhia gan ríachtanas gan onóir d'Á Ainm mar
fiadhnaise go bhfuil an fhírinne 'á innsint againn.
Is mionnaí móra mór-chuid de sna focalaibh gan
adhbhar a thugann daoine mar dheimhniú ar a gcuid
cainnte, mar atá: "Nár fheicead-sa Dia," agus rl.
Má bhíonn baint ag an mionn le Dia féin nú le
Flaitheas Dé nú le Crois Chríost (cuir i gcás,
"Dar an Pháis,") is dearbhú nú leabhar dá ríribh
é. Is peaca ró-sgannramhail go léir LEABHAR
ÉITHIGH mar go ndeineann an té thugann é Dia
féin cionntach i mbréig an oiread agus is féidir
leis. DIA-MHASLADH nú dia-aithis is eadh aon
fhocal a thugann easonóir do Dhia — ba dhia-mhasladh
a rádh ná fuil Dia cóir ná ceart. Is peaca
marbhthach I gCÓMHNUIDHE dia-mhasladh má thuigeann
an té bhíonn cionntach ann, i gceart, an rud
adeir sé agus má thugann sé a thoil leis. Mar
chúiteamh le Dia san easonóir a tugtar Dó le


L. 75


h-easgainíbh, le mionnaíbh móra, le leabhraibh
éithigh, agus le dia-mhasladh cómhairlighthear dúinn
"Na Molta Diadha" (Moladh le Dia, Moladh le
n-A Ainm Naomhtha, agus rl.) a rádh. Tá logha
bliadhna le fághail gach uair adeirtear "Na
Molta Diadha."



Ceanglann an Tríomhadh hAithne orainn (1) an
tsaoire nú an tSabóid a choimeád go naomhtha,
agus (2) gan oibreacha saotharacha a dhéanamh gan
ríachtanas. Deir an Eaglais linn gur b'é an
Domhnach an tSabóid, agus go bhfuil 'fhiachaibh
orainn Aifrionn d'éisteacht chun an lá san a
naomhú. Chun an dualgais sin a chóimhlíonadh tá
ceangailte orainn bheith láithreach an fhaid a bhíonn
aon Aifrionn amháin 'á rádh.



*Deineann duine "Aifrionn d'éisteacht"
nuair a bhíonn sé láithreach agus an tAifrionn 'á
léigheadh (1) le h-intinn an Aifrinn d'éisteacht,
agus (2) nuair is féidir leis fhios a bheith aige
cad tá ar siubhal ar an altóir. Dá ráineóchadh
ná béadh radharc ag duine ar an altóir (dá
mbéadh sé i n-eaglais mhór agus go mbéadh
piollóir idir é agus an sagart nú dá mbéadh
sé i n-eaglais a bhéadh ró-bheag do'n phobal agus
go gcaithfeadh sé fanmhaint lasmuigh de'n doras)
ní chuirfeadh san gan an tAifrionn é dá
bhféadfadh sé gach cuid de'n Aifrionn a dhéanamh
amach — rud nách deacair a dhéanamh ach éisteacht
le cloigín na h-altóra nú na daoine 'fhaire
nuair a théidheann siad ar a nglúinibh nú nuair
éirigheann siad. Tá 'fhiachaibh orainn Aifrionn -
iomlán d'éisteacht. Is peaca aon chuid de'n
Aifrionn a chailleamhaint go toilteanach. Is
peaca marbhthach do dhuine gan teacht chun an


L. 76


Aifrinn go dtí tar éis an Offertórium nú an
Ofráil — má's le n-a thoil féin a bhíonn sé déannach.
Tosnuigheann an Ofráil láithreach tar éis an
tSoisgéil agus an Chré a rádh. Níor pheaca do
dhuine an tAifrionn a chailleamhaint tré ríachtanas
— cuir i gcás dá mbéadh breóidhteacht air, nú
dá mbéadh sé ag tabhairt aire do dhuine bhreóidhte,
nú dá mbéadh aistear ró-fhada air ag dul go
dtí an tAifrionn, nú dá mbéadh an aimsir
ró-olc. Nuair a chailleann duine an tAifrionn
agus ná bíonn leigheas aige air ní peaca dhó i
n-aon chor é agus ní gádh dhó é 'ínnsint i
bhFaoistin. I dteannta an dualgais atá orainn
Aifrionn d'éisteacht CÓMHAIRLIGHEANN an
Eaglais dúinn cuid de'n Domhnach a chaitheamh ag
déanamh úrnaighthe agus oibreacha diadha, cuir i
gcás oibreacha na trócaire (corpordha agus
spioradálta).



**'Siad so Seacht n-oibreacha SPIORADÁLTA
na Trócaire:-



1. Deagh-chómhairle a thabhairt do'n té atá 'n-a
easnamh.



2. Eólas a thabhairt do'n ainbhfhiosach.



3. Teagasg a leasa a thabhairt do'n pheacach.



4. Sólás a thabhairt do dhaoinibh dubrónacha.



5. Olc a mhaitheamh.



6. Éagcóir d'fhulang go foidhneach.



7. Guidhe ar bheóibh agus ar mharbhaíbh.



**'Siad so Seacht n-oibreacha CHORPORDHA
na Trócaire:-



1. Biadh a thabhairt do'n ocrach.



2. Deoch a thabhairt do'n tartmhar.


L. 77


3. Éadach a thabhairt do'n nocht.



4. Óstaidheacht a thabhairt do'n deóraidhe.



5. Dul ag fiosrú na n-easlán.



6. Dul ag fiosrú na ndaoine atá i mbraigh-
deanas.



7. Adhlacadh na marbh.



**Tugtar EASBAIRT ar an tráth san de'n
Oifig Naomhtha nú de'n Phortús a léightear nú a
cantar um thráthnóna. I n-eaglaisíbh áirithe
léightear an easbairt ós cómhair an phobail, agus
is tairbheach an rud bheith láithreach le linn na
h-easbairte a léigheadh nú a chanadh tráthnóna
Dia Dómhnaigh. I n-a lán des na h-eaglaisibh,
i n-ionad na h-easbairte deirtear an Choróin
Mhuire agus tugtar Beannachadh na Sácraimínte
Naomhtha



**I dteannta a bheith ceangailte orainn an
tAifrionn d'éisteacht gach Domhnach, tá coisgighthe
orainn oibreacha saotharacha a dhéanamh gan
ríachtanas. Ní coisgightear aon obair orainn
Dia Domhnaigh ach obair a bhíonn SAOTHARACH
agus GAN RÍACHTANAS i dteannta a chéile.
Bíonn obair "saotharach" nuair nách féidir é
dhéanamh gan a lán duaidh agus saothair cuirp
agus gur le neart an chuirp agus nách le meabhair
chínn is mó a deintear é. Bíonn obair "gan
ríachtanas" nuair ná bíonn gádh leis.



Seo cuid des na h-oibreachaibh is féidir a
dhéanamh Dia Domhnaigh gan pheaca: (a) Aon obair
GO mBÉADH GÁDH CRUAIDH LEIS, cuir i gcás
aon obair a dhéanfadh duine chun a chuid a shaoradh
ó lot nú ó chailleamhaint. (b) Aon obair a
déanfaí tré CHARTHANACHT — congnamh a thabhairt


L. 78


do dhuine bhocht chun a thorthaí a shábháil nú chun a
thigh a cheartú dhó. (c) Aon obair a déanfaí le
CRÁBHTHACHT nú le DIADHACHT — slacht nú maise
do chur ar altóiríbh na h-eaglaise, agus rl. (d) Gnáth-
oibreacha an tighe. (e) Oibreacha NEAMH-SHAO-
THARACHA — oibreacha iarrann meabhair cínn níos
mó ná neart an chuirp chun a ndéanta, mar atá,
ceól a chleachtadh, nú sgríobhnóireacht a dhéanamh,
iasgaireacht, bádóireacht, agus rl. Nuair a deintear
aon obair shaotharach tré ríachtanas níor chóir a
dhéanamh de ach an oiread agus bhéadh ríachtanach.



*Tá ceangal ó'n gceathramha h-aithne ar
athrachaibh agus ar mháithreachaibh i dtaobh a gcuid
cloinne chómh maith agus tá ar an gcloinn i dtaobh
a n-athar agus a máthar. (1) 'Sé DUALGAS
NA dTÚISMIGHTHEÓIRÍ (a) a gclann do theagasg,
(b) oileamhaint a thabhairt dóibh agus iad a chur
chun cinn. (a) Cialluigheann an focal TEAGASG
oideachas do thabhairt dóibh de réir a gcumais
agus a slighe-bheatha. Tugtar oideachas ar an
tabhairt suas agus foghluim a théidheann chun
sochair anma agus cuirp dóibh. Is peaca marbh-
thach d'athair nú do mháthair failighe a thabhairt i
n-oideachas spioradálta a gcuid cloinne nú
droch-shampla a thabhairt dóibh. (b) Tugtar
OILEAMHAINT do'n chloinn nuair a tugtar
dóibh biadh agus deoch agus éadach agus gach
éinnídh éile atá ríachtanach dóibh de réir maoine
agus slighe-bheatha na dtúismightheóirí.



**Seo mar a labharann Naomh Pól i dtaobh
na n-atharacha agus na máithreacha a thugann
failighe i n-a gcloinn: "Éinne ná fuil suím aige
'n-a chuid féin agus go mor-mhór i lucht a theagh-
laigh féin is duine é atá tar éis an Chreidimh


L. 79


a shéanadh agus is measa é ná díthchreideamhach."
(1. Timot., v. 8.)



(2) Tá 'fhiachaibh ar an gcloinn grádh, onóir,
agus umhlaigheacht a thabhairt d'á n-athair agus
d'á máthair, mar (a) gur b'é Dia chuir ós a
Gcionn iad, agus (b) gur chóir dóibh bheith buidheach
díobh i dtaobh a bhfuil déanta aca ar a son.



*Chun umhlaigheacht cheart a thabhairt d'á n-athair
agus d'á máthair, ní mór do'n chloinn rud a dhéanamh
ortha go toilteannach, go h-imnídheach, agus go
cruinn. Ní'l 'fhiachaibh ortha, ámhthach, rud a dhéanamh
ortha má's rud peacamhail iarrtar ortha a dhéanamh.
An leanbh go n-iarrfaí air rud de'n tsaghas san
a dhéanamh, ba cheart dó a thaisbeáint d'á athair
nú d'á mháthair gur pheaca dhó é dhéanamh agus go
mbéadh 'fhiachaibh air rud a dhéanamh ar Dhia níos
túisge ná mar a dhéanfadh sé ar dhuine é. Ach
ba cheart é sin a dhéanamh go cneasta. Is
cosmhail le dualgas na dtúismightheóirí, an
dualgas atá ar mháighistiríbh agus ar uachtaránaibh
i dtaobh na muinntire atá fé n-a smacht nú fé
n-a stiúrú; agus ar an gcuma gcéadna is
cosmhail an dualgas atá ar an muinntir atá fé
uachtarán leis an dualgas atá ar chloinn i dtaobh
a n-athar agus a máthar.



**Is iongantach an rud é nár gheall Dia
luach-saothair ar an saoghal so de bhárr aon
tsubháilce eile ach de bhárr an onóra agus an
umhlaigheachta a tugtar do'n athair agus do'n
mháthair. "Tabhair onóir dot' athair agus dod'
mháthair ionnus go bhfaighidh tú saoghal fada ar an
dtalamh." — (Ecsod., xx. 12.)


L. 80


CEACHT A hOCHT DÉAG



Toirmisgeann an cúigeadh h-aithne orainn (1)
dúnmharbhú toileamhail, 'sé sin, ár n-anam féin
nú anam ár gcómharsan do thógaint go h-éag-
córach, (2) troid agus imreas, (3) meisge,
(4) fuath, (5) fearg, (6) anchainnt tharcuisneach,
agus (7) sgannal.



**Níl ach trí h-ócáidí 'n-a bhfuil cead ag
éinne anam duine do thógaint. Tá cead aige é
dhéanamh (1) i gcogadh cheart dhleaghthach, (2) nuair
a daortar duine chun báis go ceart agus go
dleaghthach i dtaobh coir mór a dhéanamh, agus
(3) nuair ná bíonn aon tslighe eile ag duine chun
a anam féin nú anam a chomharsan a chosaint.
Ceann des na peacaí éigheann ar Dhia ag iarraidh
díoghaltais is eadh dúnmharbhú. Ní hé amháin an
té a mharbhuigheann an duine a bhíonn cionntach i
ndúnmharbhú; bíonn an mhuinntir a thugann órdú,
cómhairle, nú congnamh dó cionntach sa pheaca
mar an gcéad a. Bíonn dúine cionntach i
ndúnmharbhú má thógann sé a anam féin, agus is
peaca ró-sgannramhail é sin, mar ní linn féin
ár n-anam ach le Dia. Thug Sé ár n-anam dúinn
ar feadh tamaill — tamall chun sinn a thriail -
agus is mór an choir d'éinne an aimsir sin a
ghiorrú gan úghdarthás ó Dhia. Tá gráin chómh mór
san ag an Eaglais ar an bpeaca san ná tugann
sí cead a adhlactha i dtalamh choisricthe d'éinne a
mharbhuigheann é féin. Ní h-aon pheaca do dhuine
dúil a bheith aige i mbás d'fhághail d'fhonn is go


L. 81


mbéadh sé i bhfochair Dé nú ar eagla go
ndéanfadh sé peaca, ach is peaca do dhuine dúil
a chur i mbás d'fhághail tré mhí-fhoidhne nú tré
éadóchas.



Peaca eile i n-aghaidh na h-aithne seo is eadh
cómhrac aonair a throid, nú a iarraidh, nú a ghlacadh.
Tugtar CÉIDIL nú CÓMHRAC AONAIR ar
chómhrac a deintear le h-airm fola, ar uair agus
i n-áit socruighthe roimh-ré, agus gan ag cómhrac
ar gach taobh ach éinne amháin. Cuireann an
Eaglais fé choineall-bháthadh an bheirt a dheineann
an cómhrac, an mhuinntir a thugann cómhairle nú
congnamh dóibh, agus gach éinne a thagann chun an
chómhraic d'fheicsint. Ceanglann an cúigeadh
h-aithne orainn gan aon díoghbháil a dhéanamh d'ár
gcómharsain i n-a bhallaibh beatha, agus gan fuath
ná fearg a bheith againn chuige, mar is tré fhuath
agus tré fheirg is gnáthach díoghbháil na cómharsan
a dhéanamh.



**(3) Tugtar MEISGE ar ólachán le n-a gcail-
leann duine a chiall nú a chéadfadh. Is peaca
marbhthach do dhuine bheith ar meisge le n-a thoil
féin. An té go mbíonn fhios aige ná stadfaidh
sé nó go mbéidh sé ar meisge má thosnuigheann
sé ar an ól, bíonn sé sin cionntach i bpeaca
marbhthach chómh luath agus a THOSNUIGHEANN sé.
Bíonn lucht díolta an óil cionntach i bpeaca
marbhthach má leanann siad ar an ól a thabhairt
go toilteannach do dhuine nó go mbíonn sé ar
meisge.



**Ní amháin gur peaca meisge: is minic gur
ócáid, nú cionnfáth, peacaí eile é. Is 'mó
duine a thugann taithighe ar ólachán dó féin, 'á
cheapadh, go díthcéillidhe, gur congnamh é chun obair


L. 82


throm a dhéanamh, nú gur leigheas é ar ghalaraibh
áirithe, nú go ndeineann sé maitheas do'n
tsláinte, nú go gcosnuigheann sé duine ó fhuacht.
Ach i n-ionad an mhaitheasa san go léir a dhéanamh
is amhlaidh a dheineann an t-ól díoghbháil mhór do
dhuine de réir na ndaoine is feárr a chuir eólas
ar an gceist seo. Luigheaduigheann sé an neart
i n-ionad é mhéadú, tairgeann sé galar ar an
nduine i n-ionad é leigheas, loiteann sé an goile
agus sgaipeann sé teas an chuirp.



**(4) Tugtar FUATH ar olc láidir buan-
tseasamhach do'n chómharsain. Peaca an-mhíchríos-
tamhail is eadh fuath — peaca atá bun-ós-cionn ar
fad le teagasg Chríost. (5) Tugtar FEARG
ar chorruighe lasánta díombuan a thagann
i n-ár gcroidhe i n-aghaidh éinnídh ná taithneann
linn. Nuair a bhíonn an fhearg an-dhian is minic
gur peaca marbhthach é. Acht má thagann fearg
ar dhuine i dtaobh maitheas a bheith 'á chosg, nú
i dtaobh olc a bheith 'á dhéanamh, agus gan an
fhearg a bheith ró-dhian, ní peaca i n-aon chor é.
(6) Tugtar ANCHAINNT-THARCUISNEACH ar aon
mhíochlú nú masladh a tugtar do dhuine, cuir
i gcás aghaidh-bhéil aithiseach, baisteachán, agus rl.
(7) Tugtar SGANNAL nú droch-shampla ar aon
fhocal mí-cheart nú aon ghníomh mí-cheart is cúis
peaca do dhuine eile.



**Is 'mó saghas sgannail atá ann. Tá
(1) an ghnáth-sgannal, (2) sgannal na bhfann,
(3) sgannal na bhFairisíneach. (1) Tá dhá shaghas
GNÁTH-sgannaile ann, sgannal dhíreach nú sgannal
mhailíseach, agus sgannal mhí-dhíreach. Bíonn sí
DÍREACH nú mailíseach nuair a deirtear nú a
deintear aon rud d'aon-ghnó chun duine eile do


L. 83


tharrac chun peaca. Bíonn an sgannal MÍ-
DHÍREACH nuair a dheineann duine rud éigin agus
a fhios aige go dtabharfaidh a ghníomh duine éigin
eile chun peaca, ach nách chuige sin i n-aon chor a
dheineann sé é. (2) Bíonn sgannal NA bhFANN
ann nuair a deintear rud éigin a rádh nú a
dhéanamh ná fuil go h-olc ann féin ach go
mb'fhéidir go dtabharfadh sé chun peaca daoine
ná tuigeann an sgéal nú daoine tugtha do
pheaca. (3) Tugtar sgannal NA bhFAIRISÍNEACH
ar an mbrigh olc a baintear as deagh-ghníomh, fé mar
a dhein na Fairisínigh le míorbhúiltíbh ár dTighearna.
Is é droch-aigne an duine a ghlacann an sgannal
fé ndeara an sgannal san. Is peaca ró-uathmhar
go léir sgannal a thabhairt do'n óige. Deir ár
dTighearna go mb'fhearra do'n té thugann sgannal
do dhuine gan pheaca go gcrochfaí bró mhuilinn
le n-a mhuineál agus é chaitheamh isteach sa
bhfairrge. — (Mait., xviii. 6.) Níl aon tsaghas
peaca a deintear go puiblidhe nách féidir sgannal
a thabhairt leis.



Coisgeann an séimheadh h-aithne orainn gach aon
tsaghas peaca mígheanamnaidhe ach amháin smaointe
mígheanamnaidhe. 'Sí an naomhadh h-aithne a
choisgeann iad san orainn.



*Is gráineamhail go léir iad na peacaí neamh-
ghlana i bhfiadhnaise Dé. Is uraiste é sin aithint
ó'n léir-sgrios a dhein Dia ar lucht na drúise ar
an saoghal so. 'N-a theannta san deir sgríobh-
nóirí diadha linn gur mar gheall ar pheacaíbh dhe'n
tsórt san a deineadh formhór na ndaoine atá
i nIfrionn a dhamaint. Mar gheall ar pheacaíbh
neamh-ghlana 'seadh bháthaidh Dia sa Dílinn an chine
daonna go léir, ach amháin Nóá agus a líon-tighe;


L. 84


mar gheall ar na peacaíbh sin do loisg Dia
Sodom agus Gómorrath agus na daoine bhí
ionnta; agus mar gheall ar na peacaíbh sin
d'órduigh Sé 24,000 de Chlann Israel a chur chun
báis. Coisgeann an séimheadh h-aithne orainn
amharca agus focail mígheanamnaidhe agus gach
aon ócáid nú cionnfáth peaca mígheanamnaidhe chómh
maith agus choisgeann sí gníomhartha drúiseamhla.
Is AMHARC mígheanamnaidhe gach aon fhéachaint
mhíonáireach mhíobhanamhail a tugtar le taithneamh
ar rud nách cóir a fheicsint. Dá bhfeiceadh duine
rud de'n tsaghas san gan coinne leis ba cheart
dó a shúile a tógaint uaidh láithreach. Tugtar
FOCAIL mígheanamnaidhe ar chómhrádh neamh-ghlan,
míobhanamhail; focail shalacha, cainnt dúbalta,
sgéalta agus focail grinn, agus amhráin, a bhíonn
míobhanamhail barbra. Is feárr a dheineann fear
an droch-chómhráidh obair an diabhail ná mar
fhéadfadh an diabhal féin é dhéanamh, b'fhéidir. Ní
féidir a áireamh cad é an méid daoine chuirfeadh
a leithéid sin de dhuine ar aimhleas. Ní gádh a
rádh go mbíonn fear na cainnte mígheanamnaidhe
cionntach i bpeaca marbhthach. Ach ní hé sin amháin
a bhíonn cionntach. Éinne éisteann leis, nú ná
cuireann cosg leis má's féidir é, nú maran
féidir, ná fágann a chuideachta, bíonn sé cionntach
i bpeaca marbhthach leis. Tugtar ÓCÁID nú
CIONN-FÁTH peaca mígheanamnaidhe ar aon nídh
lasmuigh dhínn féin a thairgeann sinn chun peaca
neamh-ghlan a dhéanamh, mar atá droch-chuideachta,
droich-leabhair, agus rl. Is peaca marbhthach do dhuine
dul gan chúis san áit gur gnáth leis tuitim i
bpeaca neamh-ghlan. Is annamh a deintear peaca
mígheanamnaidhe nách peaca marbhthach é. Tá sé


L. 85


cosmhail le peaca an dia-mhasladh sa tslighe sin.
Má deintear go toilteannach é agus le lán-fhios
is peaca marbhthach i gcómhnuidhe é.



Bristear an seachtmhadh h-aithne nuair a tógtar
nú nuair a coimeádtar rud ar bith de chuid na
cómharsan go h-éagcórach, 'sé sin, gan chead ó'n
gcómharsain. Coisgeann an aithne seo orainn
(a) foghail agus guid, (b) calaois, (c) díoghbháil
mailíseach do chuid na cómharsan agus (d) usúireacht
nú airleacadh.



(a) Is FOGHAIL nú fuadach cuid na cómharsan
do thógaint uaidh 'n-a aindeóin, le lámh-láidir.
Is GUID nú gaduidheacht cuid na cómharsan do
thógaint gan chead uaidh, i gan-fhios dó. (b) Is
calaois cuid na cómharsan do thógaint uaidh le
ceilg. An ceannuidhe ná tugann an tómhas
ceart uaidh, an té a dhiúltuigheann a fhiacha do
dhíol, an té a mheallann airgead nú earraí ó
dhuine le h-éitheach, an fear tuarastail a chaitheann
a aimsir go díomhaoin, bíd go léir cionntach i
gcalaois, agus d'á bhrigh sin brisid an Seachtmhadh
hAithne. (d) Is úsúireacht nú airleacadh fághaltas
éagcorach d'éileamh ar airgead a tugtar ar
iasacht.



An té fhaghann rud amúgha tá 'fhiachaibh air é
thabhairt do'n té gur leis é. Mara bhfuil fhios
aige cé'r leis é, tá 'fhiachaibh air é lorg go
macánta. Annsan mara n-eirigheann leis é
aimsiú is féidir leis a rogha rud a dhéanamh leis
an rud a fuair sé amúgha. Éinnídh de chuid na
cómharsan a bhíonn go h-aindleaghthach nú go
h-éagcórach ag duine caithfear é thabhairt do'n
ta gur leis é, agus aon díoghbháil a deintear go


L. 86


toilteannach do'n chómharsain 'n-a chuid, caithfear
an díoghbháil a leigheas. Is air sin a tugtar
AISIOG coda na cómharsan. Gan aisiog a
dhéanamh, nú go h-áirithe gan rún daingean é
dhéanamh, ní bhfaighfear maitheamhnachas. Ní cóimh-
líonadh ar an ndualgas san luach na h-earradh
nú luach na díoghbhála a thabhairt i ndéirc nú é
thabhairt do'n tsagart chun Aifrinn a rádh ar son
an duine gur deineadh a dhíoghbháil. Caithfear an
t-aisiog nú an díoluidheacht a dhéanamh leis an
duine gur deineadh a dhíoghbháil nú leis an
mhuinntir atá i n-a oighreacht, agus Caithfear an
oiread san a thabhairt i n-aisiog dó agus ná béidh
sé éinnídh chun deiridh i dtaobh bheith i n-easbaidh
a choda 'n fhaid a coimeádadh uaidh é. Maran
féidir do'n té dhein an díoghbháil aisiog a dhéanamh
LOM-LÁITHREACH, caithfidh sé rún daingean a
bheith aige é dhéanamh chómh luath agus is féidir é;
agus maran féidir dó an t-aisiog a dhéanamh
i n-iomlán tá 'fhiachaibh air an oiread agus is
féidir dó a thabhairt uaidh. Ba pheaca eile dhó
an t-aisiog a chur ar gcúl nú a mhoilliú.



**Nuair a dheineann dream daoine réidhteach
le n-a chéile chun díoghbháil a dhéanamh do chuid a
gcómharsan, tá ceangal ortha GO LÉIR díoluidh-
eacht a thabhairt eatorra sa díoghbháil. Má
dhiúltuigheann éinne aca do'n díoluidheacht a
dhéanamh tá 'fhiachaibh ar an gcuid eile féachaint
chuige ná béidh an duine gur deineadh a dhíoghbháil
éinnídh chun deiridh leis. Is peaca marbhthach guid
a dhéanamh nú díoghbháil a dhéanamh do chuid na
cómharsan má deintear MÓRÁN díoghbhála dhó.
Dá nguideadh duine sgilling ó dhuine bhocht badh
mhinic gur pheaca marbhthach é. B'uraiste do


L. 87


dhuine peaca marbhthach a dhéanamh, leis, dá leanadh
sé ar mhion-rudaí a ghuid ó am go h-am nó go
mbéadh an t-iomlán mór go maith.



Fé mar a choisgeann an seachtmhadh h-aithne
orainn aon díoghbháil a dhéanamh do chuid ár
gcómharsan, agus fé mar choisgeann an cúigeadh
h-aithne orainn díoghbháil a dhéanamh dó in a
phearsain, coisgeann an t-ochtmhadh h-aithne
orainn aon díoghbháil a dhéanamh d'ár gcómharsain
'n-a chlú ná 'n-a cháil.



Coisgeann an t-ochtmhadh h-aithne orainn na
peacaí seo go léir: (a) bréaga nú éitheach,
(b) breitheamhnas anoban, (c) gach aon tsaghas
cúl-chainnte agus tromuidheachta, agus (d) sgéi-
theadh rún. (a) Is BRÉAG nú éitheach éinnídh
bun-ós-cionn leis an rud a bhíonn san aigne do
rádh nú do chur i n-iúil d'fhonn duine éigin eile
a mhealladh nú a chur amúgha. Ní bréag i n-aon
chor é mara mbíonn fonn ar an té innseann é
duine eile a mhealladh. (b) Is BREITHEAMHNAS
ANOBAN duine do dhaoradh i n-ár n-aigne i
n-aon droich-nídh gan chúis. Dá bhfeiceadh duine
fear ag dul isteach i dtigh tábhairne agus go
gcreidfeadh sé ó'n méid sin gur meisgeóir é
bhéadh sé cionntach i mbreitheamhnas anoban, mar
ná béadh cúis a dhóthain aige chun na breithe sin
a thabhairt air. (c) Coisgeann an t-ochtmhadh
h-aithne orainn aon díoghbháil a dhéanamh do chlú
ár gcómharsan le h-aon tsaghas CÚL-CHAINNTE
nú TROMUIDHEACHTA — éitheach a chur air nú a
dhroich-bhearta fholluighthe do nochtadh gan chúis.
Tá daoine ann agus is dóigh leó nách aon díogh-
bháil rud a rádh i gcoinnibh a gcómharsan má
bhíonn an fhírinne aca chuige! Ní h-amhlaidh atá


L. 88


ámhthach. Dá chionntaighe an chómharsa níl cead
againne a chlú ná a cháil a mhilleadh gan chúis
an-mhór. Níor bh'aon pheaca droich-bhearta na
cómharsan a chur i n-iúil d'á uachtarán dá gceap-
faimís go gcuirfeadh an t-uachtarán ar a leas é;
agus níor bh'aon pheaca labhairt i dtaobh droich-
ghníomhartha ár gcómharsan dá mbéadh fhios ag an
gcoitchiantacht cheana ortha agus ná déanfaimís
aon díoghbháil dó. Ó 'nuair go ndeineann an
chúl-chainnt díoghbháil do chlú na cómharsan fé
mar a dheineann guid díoghbháil d'á mhaoin, tá
'fhiachaibh ar an té a mhilleann a chlú aisiog a
dhéanamh ann mar an gcéadna. Ní leór dó dul
chun faoistine agus croidhe-bhrú agus cathú a bheith
air — tá 'fhiachaibh air 'n-a theannta san clú agus
cáil a chómharsan a leigheas chómh maith agus is
féidir é. Má chuir sé éitheach air caithfidh sé an
fhírinne a chur i n-ionad an éithigh, agus má's leis
an fhírinne do mhill sé a chlú caithfidh sé rud
éigin fóghanta a rádh i n-a thaobh mar leigheas ar
an ndíoghbháil. Ní h-iad lucht na tromuidheachta
amháin a bhíonn cionntach. Bíonn an mhuinntir
éisteann leó nú a shéideann fútha cionntach chómh
maith leó. Uime sin deir Naomh Bearnárd gur
cosmhail teanga an chúl-chainnteóra le claidheamh
na dtrí bhfaobhar, mar gearrann sé an t-anam
sa duine a labharann, sa duine bhíonn ag éisteacht,
agus sa chómharsain ná bíonn láithreach. (d) Peaca
eile i n-aghaidh na h-aithne seo is eadh RÚN DO
SGÉITHEADH. Is minic fhaghann dochtúirí, fir
dlighe, agus a leithéidí fios rúin ó'n muinntir a
thagann ag lorg eólais ortha. Ba mhór an peaca
dhóibh aon rún de'n tsórt san a fhoillsiú. Agus
dá ráineóchadh go gcloisfeadh duine éinnídh bhíonn


L. 89


'á innsint i bhfaoistin ag duine eile, ba mhór go
léir an peaca dhó tagairt d'éinnídh a chloisfeadh sé.



Tá trí shaghas bréige nú éithigh ann: bréag
shultmhar, bréag chabharthach nú bréag mhaitheasach,
agus bréag dhíoghbhálach. Tugtar BRÉAG SHULT-
MHAR ar an mbréig innstear mar chaitheamh-
aimsire. Is í an BHRÉAG CHABHARTHACH an bhréag
innstear chun maitheas a dhéanamh do dhuine féin
nú do dhuine eile. Is í an bhréag dhíoghbhálach an
bhréag innstear chun díoghbhála a dhéanamh do
dhuine eile. Is peaca aon tsórt bréige innsint,
ach is í an bhréag dhíoghbhálach an bhréag is measa.
Is peaca marbhthach bréag innsint a dheineann
díoghbháil mhór do dhuine 'n-a chlú nú 'n-a chuid.


L. 90


CEACHT A NAOI DÉAG



Coisgeann an naomhadh agus an deichmhadh h-aithne
orainn smaoineamh go toilteanach le dúil nú le
taithneamh ar na neithibh atá coisgighthe ag an
sémhadh agus ag an seachtmhadh h-aithne. Coisgtear
smaointe agus mianta peacamhla orainn chómh
maith agus a coisgtear an droich-ghníomh, mar
chíonn Dia an droch-aigne chómh maith agus chíonn
Sé an droich-ghníomh, agus 'n-a theannta san dá
mbéadh cead ag daoinibh bheith ag smaoineamh ar
dhroich-ghníomh agus taithneamh a thógaint ann ba
ghairid go mbrostóchadh na smaointe sin iad chun
droich-ghníomh a dhéanamh. Coisgeann an naomhadh
h-aithne (1) smaointe mígheanamnaidhe, agus (2)
ócáidí fogais nú dlúth-ócáidí chun smaointe
mí-gheanamnaidhe.



**(1) Is féidir an naomhadh h-aithne a bhriseadh
le smaoineamh gan aon dúil ná mian, chómh maith
agus bristear í le smaoineamh agus le mian i
n-aonfheacht, ach is é an smaoineamh go mbíonn
an mhian leis, an smaoineamh is measa. Ní miste
dhúinn na céimeana, le n-a dtagann duine chun
peaca a dhéanamh le droch-smaoineamh, a sgrúdú
go géar. Ar dtúis tagann samhail an droich-
nídh ós cómhair na h-aigne. Ní bhíonn leigheas
air sin agus ní h-aon pheaca é. 'N-a dhiaidh sin
brathann an duine taithneamh ag teacht aige sa
droich-nídh. Mara gcuirtear chun siúbhail an
taithneamh san láithreach chómh luath agus braithtear
é is peaca so-loghthach é. Ach i n-ionad an ruaig


L. 91


a chur ar an droich-nídh, má thugann an duine a
thoil leis — má ghlacann sé taithneamh go toilteanach
ann, is peaca marbhthach é. Nuair a pheacuigheann
duine le smaoineamh gan mian tugann sé a thoil
leis an dtaithneamh 'fhaghann sé sa droch-shamhail
a bhíonn ós cómhair a aigne, ach má's le droich-
mhian a pheacuigheann sé i dteannta an droch-
smaoinimh, cuireann sé dúil sa droich-nídh féin
agus sanntuigheann sé é bheith aige. Deineann
duine an saghas céadna peaca le droich-mhian
agus dá ndeineadh sé an droich-ghníomh féin. Ní
h-aon díoghbháil do dhuine droch-smaointe a theacht
'n-a aigne, dá fháid a bheidís ann, nú dá ghéire a
chuirfidís air, nú dá ghráineamhla iad, an fhaid
agus ná tabharfadh sé a thoil leó. (2) Coisgeann
an naomhadh h-aithne orainn ÓCÁIDÍ chun DROCH-
SMAOINTE mar an gcéadna. 'Siad na h-ócáidí
is gnáthaighe a thairgeann daoine chun droch-smaoine,
ól nú meisge, droich-leabhair, droch-chuideachta,
siúbhal oidhche, rinnce, agus díomhaointeas.



*Is maith an béas é glaodhach ar Íosa, ar
Mhuire, agus ar Naomh Ióseph, ag iarraidh cabharach
ortha chómh luath agus thagann aon droch-smaoineamh
i n-ár n-aigne, agus annsan cuimhneamh ar rud
éigin eile ar fad — rud éigin a bhí 'á léigheadh le
déannaighe againn, nú rud éigin a chonnacamair
nú a chualamair.



**Is féidir aithghearradh a dhéanamh ar an
chéad trí aithne — na h-aitheanta a bhaineann le
Dia agus le n-ár ndualgaisíbh 'n-A thaobh — i
bhfocalaibh ár dTighearna: "Grádhfaidh tú do
Thighearna Dia ód' chroidhe go h-iomlán agus ót'
anam go h-iomlán agus ót' aigne go h-iomlán."
— (Mait. xxii. 37.) An té thugann grádh mar


L. 92


sin do Dhia níl baoghal ná go gcoimeádfaidh sé
an chéad aithne, mar tabharfaidh sé adhradh do
Dhia mar is cóir; coimeádfaidh sé an dara
h-aithne, mar tabharfaidh sé urraim agus onóir
d'Ainm Naomhtha an Tighearna; agus coimeádfaidh
sé an tríomhadh h-aithne, mar geárrfaidh sé cuid
d'á aimsir (an Domhnach) amach i gcómhair seirbhís
Dé. Is féidir aithghearradh a dhéanamh ar na
h-aitheantaibh eile i bhfoclaibh ár dTighearna:
"Grádhfaidh tú do chómharsa mar thú féin." —
(Mait., xxii. 39.) An té thugann grádh d'á
chómharsain ar son Dé de réir na bhfocal so
tabharfaidh sé an onóir is ceart do'n mhuinntir
a bhíonn ós a chionn, agus ceart agus cothrom
do'n mhuinntir a bhíonn fé n-a chómhacht; ní
dhéanfaidh sé díoghbháil anama ná cuirp d'á
chómharsain, agus ní mhillfidh sé a chuid ná a chlú.
Nuair adeirimíd go bhfuil 'fhiachaibh ar dhuine
grádh a thabhairt d'á chómharsain mar a thugann
sé grádh dhó féin ní deirimíd go bhfuil 'fhiachaibh
air an méid céadna nú an oiread céadna de
ghrádh a thabhairt dó, ach an SAGHAS céadna de
ghrádh. Má bhíonn grádh de'n tsórt san againn
d'ár gcómharsain, béidh an meas céadna againn
air gur mhaith linn go mbéadh ag eisean orainne;
labharfaimíd 'n-a thaobh fé mar ba mhaith linn go
labharfadh seisean orainne; agus taisbeán-
faimíd cáirdeas dó fé mar ba mhaith linn go
dtaisbeánfadh seisean cáirdeas dúinne. Tá
ceangal orainn grádh a bheith d'ár namhaidibh chómh
maith agus bhéadh againn d'ár gcáirdibh. Ceann
de sna cómharthaibh gur Críostaidhe duine 'seadh
go ngrádhann sé a namhaide. Tá trí réasúin nú
fáthana againn chun grádh a thabhairt d'ár namhaidibh,


L. 93


agus do'n mhuinntir a dheineann éagcóir orainn:
(a) D'órduigh ár dTighearna dhúinn é — "Tugaidh
grádh d'bhúr namhaidibh" — (Lúcás, vi. 27); (b) Thug
ár dTighearna féin sampla dhúinn, agus (c) Is
ar an gcoingheal san a maithfear ár bpeacaí
dhúinn féin — "Maith dhúinn ár gcionnta mar a
mhaithimíd-ne do chách a chionntuigheann 'n-ár n-aghaidh."


L. 94


CEACHT A FICHE



*I dteannta na deich n-aitheanta thug Dia
féin dúinn tá aitheanta eile ann a thagann uaidh
tríd an Eaglais chughainn. Dubhairt Críost leis
an Eaglais: "An té éisteann leat-sa éisteann
sé liom-sa." D'á bhrigh sin is ó Dhia a thagann
aitheanta na hEaglaise chómh maith le deich
n-aitheanta Dé ach nách sa tslighe chéadna a tugadh
dúinn iad. Deir ár dTighearna i dtaobh an té
a dhiúltaigheann éisteacht leis an Eaglais gur
cuma é nú págánach nú puibliocánach. — (Mait.,
xviii. 17.) Tugtaí PUIBLIOCÁNAIGH ar an
muinntir a bhailigheadh an cháin Rómhánach ó sna
Giúdachaibh. Bhí gráin agus fuath ag na Giúdachaibh
dóibh, mar go ndeinidís lomadh agus creachadh
agus éagcóir ar na daoinibh. Tugann an
Eaglais mórán aitheanta dhúinn, ach tá sé
h-aitheanta is mó tábhacht ná an chuid eile:-



*An chéad aithne "Aifrionn d'éisteacht gach
Domhnach agus lá saoire." Do mínigheadh an
aithne sin cheana nuair a deineadh trácht ar an
tríomhadh aithne d'Aitheantaibh Dé. Tá Domhantaí
ann is solamhanta ná a chéile. 'Siad Domhnach na
Páise, Domhnach na Failme, Domh ach Cásga, An
Mhion-Cháisg, Domhnach Cingcíghse, agus Domhnach na
Tríonóide na Domhantaí is solamhanta ortha. 'Sé
DOMHNACH NA PÁISE an cúigeadh Domhnach de'n
Charghas. Tugtar an t-ainm sin air mar gheall
ar an gcuimhniú a deintear ar Pháis Chríost
tamall gairid 'n-a dhiaidh sin. Is é Domhnach na


L. 95


FAILME an Domhnach a thagann i ndiaidh Dhomhnach
na Páise. Tugtar an t-ainm sin air i gcuimhniú
ar theacht ár dTighearna, go caithréimeach, isteach
i gcathair Ierusalem nuair a bhailigh na daoine ag
fáiltiú roimis agus nuair a leathadar géaga
failme ar an mbóthar fé n-A chosaibh. Mar
chuimhniú ar sin deintear failm a choisreacan
agus a riar ar an bpobal an Domhnach so gach
bliadhain. Is é Domhnach CÁSGA an Domhnach
'n-a ndeintear cuimhniú ar Eiseirighe ghlórmhar
ár dTighearna ó mharbhaíbh. Tugtar an MHION-
CHÁISG ar an Domhnach tar éis Domhnach Cásga.
Fadó, an mhuinntir a bhíodh tar éis Baiste do
ghlacadh go solamhanta um Cháisg chuiridís díobh,
an Domhnach so, na brait bhána a cuirtí ortha lá
a mbaistí. Sin é an fáth go dtugtar Dominica
in Albis, nú Domhnach na mbán-bhrat, air.



*Naomhuightear an lá saoire sa tslighe chéadna
go naomhuightear an Domhnach. Ní bhíonn an
oiread céadna de laetheantaibh saoire i gcuid de
sna tíortaibh agus bhíonn i dtíorthaibh eile. Deich
gcinn de laetheantaibh saoire fógartha a bhíonn
againn i nÉirinn: (1) Lá Nodlag, (2) Lá Féile
an Timcheallgheárrtha, (3) An tEpiphaní nú Lá
Nodlag Beag, (4) Lá Féile Pádraig, (5) Dar-
daoin Deasgabhála, (6) Lá Féile Cuirp Críost,
(7) La Féile Pheadair agus Phóil, (8) Lá Gabhála
na Maighdine Muire suas ar Neamh, (9) Lá na
Naomh Uile, (10) Lá Geineamhaint na Maighdine
Muire gan Smál. (1) Is é LÁ NODLAG an chéad
lá saoire fógartha de bhliadhain na hEaglaise,
mar tosnuigheann bliadhain na hEaglaise leis an
gcéad lá de'n Adbhent — an Domhnach is giorra
de'n deichmhadh lá fichead de Shamhain — agus is é


L. 96


an cúigeadh lá fichead de Mhí na Nodlag Lá
Nodlag. Deintear cuimhniú an lá san ar theacht
ár dTighearna ar an saoghal i mBetlehem.
(2) An chéad lá d'Eanair deintear cuimhniú ar
TIMCHILL-GHEARRADH ár dTighearna, óir do
deineadh Timchill-ghearradh Air de réir gnás na
nGiúdach an t-ochtmhadh lá tar éis É theacht ar an
saoghal. (3) Bíonn féile an EPIPHANÍ nú an
Nodlaig Bheag againn an 6adh lá d'Eanair.
Deintear cuimhniú an lá san ar fhoillsiú ár
dTighearna do sna geintibh nuair a chuir Sé É
féin i n-iúil do sna fearaibh eólais nú Máigí.
Focal Gréigis is eadh Epiphaní agus cialluigheann
sé "foillsiú." (4) Bíonn LÁ FÉILE PÁDRAIG
againn an 17adh lá de Mhárta. Deintear cuimhniu
ar Naomh Pádraig, Asbol na hÉireann, d'iompuigh
muinntir na tíre seo fadó ó phágántacht go
Creideamh Chríost. Deirtear gur i nAlbhain a
rugadh é. Tugadh go hÉirinn é nuair a bhí sé
'n-a bhuachaill óg. Fé cheann seacht mbliadhan
d'éaluigh sé ó bhraighdeanas. Tamall 'n-a dhiaidh
sin do chuir an Pápa, Naomh Celestín, go hÉirinn
é chun an chreidimh a chraobhsgaoileadh i measg
phágánach na tíre. (5) Tagann DARDAOIN
DEASGABHÁLA dachad lá tar éis Domhnach
Cásga. Deintear cuimhniú an lá san ar ár
dTighearna a dhul suas ar Neamh ó Chnoc Olibhet
agus A shuidhe ar dheas-láimh Dé. (6) Is é
DARDAOIN CHORP CHRÍOST an Dardaoin i
ndiaidh an chéad Domhnach tar éis Cingcíghse. Is
i n-onóir Chríost i Sácraimínt Bheannuighthe na
hAltóra bhíonn an fhéile seo againn. Tugtar
laetheanta féile so-aistrighthe ar an dá fhéile seo
mar nách ar an lá céadna de'n bhliadhain a thuit-


L. 97


eann siad gach aon bhliadhain marab ionann is na
laetheanta féile eile — na laetheanta féile do-
aistrighthe. (7) Is é an naomhadh lá fichead de
Mheitheamh LÁ FHÉILE PEADAIR AGUS PÓIL.
Bíonn an fhéile sin againn i n-onóir an dá
Asbol san a cuireadh chun báis an lá san de'n
bhliadhain nuair a bhí Néró i gceannas Ímpreachta
na Rómha. (8) Is é an cúigeadh lá déag de
Lughnasa LÁ GABHÁLA NA MAIGHDINE MUIRE
suas ar Neamh. Deintear cuimhniú an lá san
ar thógaint na Maighdine Muire suas go flaitheas
Dé tar éis a báis. Is é gnáth-thuairim na
starthaidhe Caitilicidhe gur i nIerusalem a fuair
sí bás. Tar éis a báis níor leig Dia d'á corp
beannuighthe dreóghadh san uaigh, ach thóg Sé suas
ar neamh é i dteannta a h-anma. (9) Is é Lá
Samhna LÁ FHÉILE NA NAOMH UILE — lá fhéile
na ndaoine go léir a bhí ar an saoghal so agus
atá anois i seilbh na glóire i bhflaitheas Dé.
(10) Bíonn Féile GHEINEAMHAINT NA MAIGH-
DINE MUIRE GAN SMÁL againn an t-ochtmhadh
lá de Mhí na Nodlag. Deinimíd cuimhniú an lá
san ar an mbuadh thug Dia do'n Mhaighdin Mhuire
thar gach éinne de chlann Ádham nuair nár leig
Sé aon smál ná timheal de pheaca an tsinnsir
ar a h-anam.



*I dteannta na laetheanta saoire fógartha
cuireann an Eaglais ós ár gcómhair laetheanta
féile eile. Ní laetheanta saoire fógartha iad,
ámhthach. Is amhlaidh a chuireann siad ar gcuimhne
dhúinn neithe do thuit amach i saoghal ár dTighearna,
nú i mbeatha na naomh, nú i stair na hEaglaise.
Bíonn Lá Fhéile Muire na gCoinneall ann an
dara lá de Mhí Feabhra chun toirbheirte ár


L. 98


dTighearna sa Teampall a chur ar gcuimhne
dhúinn; bíonn Féile Naoimh Ioseph, pátrún na
hEaglaise, ann an 19adh lá de Mhártha; bíonn
Féile Anam na. Marbh an dara lá de Shamhain,
chun go nguidhfí go spesialta ar na h-anmnachaibh
i bPurgadóireacht. Bíonn Féile Theachtaireacht
an Aingil ann an 25adh lá de Mhárta. Is gairid
ó bhí an lá san 'n a lá shaoire fógartha. Deintear
cuimhniú an lá san ar an sgéal a thug an tÁrd-
aingeal Gábríél chun na Maighdine Muire — gur
b'í a bhí toghtha chun bheith 'n-a máthair ag Mac Dé.
Bíonn Féile Seacht nDólás na Maighdine Muire
ar an Aoine roimh Dhomhnach na Failme. Bíonn
féile eile i n-onóir Seacht nDólás na Maighdine
Muire an cúigeadh lá déag de Mheitheamh an
Fhóghmhair. Cialluigheann na Seacht nDólás so na
seacht ndubhróin uathbhásacha a bhí ar Máthair Dé,
agus is mar gheall ar an mbriseadh croidhe do
chuir na seacht ndubhróin seo uirthe go bhfeicimíd
go minic a pictiúirí agus seacht gcloidhmhte tré
n-a croidhe. I dteannta na bhféilte seo ainmnighthe
bíonn féile speisialta i ngach fairche agus
paróiste agus eaglais i n-onóir an naoimh a
bhíonn 'n-a phátrún ar an áit.



**An dara h-aithne "trosgadh agus tréadhnas
do dhéanamh na laetheanta órduighthe." Chun an
dualgais atá orainn aithrighe agus leór-ghníomh do
dhéanamh i n-ár bpeacaíbh d'ainmnigh an Eaglais
tráthana áirithe de'n bhliadhain chun aithrighe -
Adbhent agus an Carghas. Tugtar Adbhent ar
an aimsir ó'n Domhnach is giorra do'n 30adh lá
de Shamhain (lá fhéile Naoimh Aindriais) go dtí
an Nodlaig. Ba mhian leis an Eaglais go
ndéanfaimís sinn féin d'ollamhú i gcaitheamh na


L. 99


h-aimsire seo chun féile na Nodlag do chaitheamh
mar is cóir. 'Sé an Carghas an dachad lá roimh
Cháisg (gan aon Domhnach a chóimhreamh). An té
a chaitheann an Adbhent agus an Carghas mar is
cóir gheóbhaidh sé mórán grásta ó Dhia, béidh sé
ag déanamh leór-ghníomh 'n-a pheacaíbh agus ag
cur sriain le n-a ainmhiantaibh. Leanann dhá
thráth gáirdeachais agus lúthgháire spioradálta (an
Nodlag agus an Cháisg) an dá thráth a tugtar
d'aithrighe agus do leór-ghníomh. Tá cuid de
mhíosaibh na bliadhna a tugtar suas d'oibreachaibh
éigin crábhthachta. Um Bealtaine deintear onóir
fé leith a thabhairt do'n Mhaighdin Muire. Is é
mí Dheire an Fhóghmhair mí na Coróineach Mhuire,
is é Mí an Mheithimh mí Chroidhe Neamhdha Íosa,
agus is í an tSamhain mí na nAnam i bPurga-
dóireacht.



**Tugtar "na Rógáide" nú "Laetheanta
na hAthchuinghí" ar an Luan, an Mhárt, agus an
Chéadaoin roimh Dardaoin Deasgabhála. Cuirtear
suas úrnaighthe speisialta na trí laetheanta so 'á
iarraidh ar Dhia an rath a chur ar shíoltaibh agus
ar thorthaíbh na talmhan agus síothcháin agus séan
a thabhairt do sna daoinibh.



*LÁ TROSGAIDH is eadh aon lá ná ceaduigh-
tear dúinn a chaitheamh ach aon bhéile amháin
iomlán. Is LÁ TRÉIDHNIS lá 'n-a gcoisgtear
orainn feóil d'itheadh. LÁ TROSGAIDH AGUS
TRÉIDHNIS is eadh aon lá ná ceaduightear
dúinn a chaitheamh ach aon bhéile amháin agus go
gcoisgtear orainn feóil d'itheadh 'n-a theannta
san. Níl aon lá sa mbliadhain ná fuil cead
againn im, uibhe, agus bainne do chaitheamh. Tá
cead againn lá trosgaidh i dteannta an éin-


L. 100


bhéile iomláin MION-BHÉILE do chaitheamh ar
maidin agus istoidhche ach gan ós cionn ocht
n-únsa bídh a bheith i mion-bhéile na maidne ná
ós cionn dá únsa istoidhche. Níl 'fhiachaibh ar
éinne fé bhun bhliadhain agus fiche d'aois, ná ar
éinne ós cionn trí fichid bliadhan d'aois, trosgadh
do dhéanamh. Níl ceangal trosgaidh (1) ar an
muinntir a bhíonn ag obair go dian, ná (2) ar
éinne ná fuil ar fóghnamh 'n-a shláinte nú go
ndéanfadh an trosgadh aon díoghbháil d'á shláinte,
ná (3) ar dhaoinibh bochta nách féidir leó béile
ceart bídh d'fhághail. Tá 'fhiachaibh orainn tréadhnas
a dhéanamh ó aois seacht mbliadhan amach. Is
féidir faoisiú d'fhághail i ndlighe an trosgaidh
agus an tréidhnis ó'n Easbog nú ó'n sagart
paróiste nú ó dhuine éigin go bhfuil cómhacht aige
chuige ach gan é iarraidh gan chúis.



**Lá TRÉIDHNIS is eadh gach Aoine sa
mbliadhain ach amháin Aoine lasmuigh de'n Charghas
ar a dtuiteann lá saoire. I nÉirinn má
thuiteann Lá Fhéile Pádraig ar An Aoine ní bhíonn
trosgadh ná tréadhnas ann. Lá TROSGAIDH
AGUS TRÉIDHNIS I nAONFHEACHT is eadh: (1)
Gach Céadaoin agus Aoine sa Charghas, (2) Gach
Céadaoin agus Aoine agus Satharn de sna
Cheithre Tráthana Trosgaidh, (3) Figil na Cingcíghse,
Figil Lae Gabhála Muire suas ar Neamh, Figil
Lae Féile na Naomh Uile, agus Figil na Nodlag.
Tá trosgadh GAN tréadhnas ar na laetheantaibh
eile de'n Charghas. Tá cead ag Muinntir na
hÉireann feóil d'itheadh gach Satharn trosgaidh
lasmuigh de'n Charghas. Níl trosgadh ná tréadh-
nas ar aon Domhnach sa mbliadhain ná ar aon lá
saoire lasmuigh de'n Charghas.


L. 101


**Tugtar na Cheithre Tráthana Trosgaidh ar
an gCéadaoin, an Aoine, agus an Satharn tar
éis na laetheanta so: (a) an Chéad Domhnach de'n
Charghas, (b) Domhnach Cingcíghse, (c) an ceathramha
lá déag de Mheitheamh an Fhóghmhair, agus (d) an
tríomhadh lá déag de Mhí na Nodlag. Bíonn na
laetheanta san mar aimsir aithrighe agus trosgaidh
againn chun a iarraidh ar Dhia an rath a chur ar
thorthaíbh na talmhan agus sagairt naomhtha a
thabhairt do'n Eaglais. Cuireann an Eaglais
'fhiachaibh orainn trosgadh agus tréadhnas a dhéanamh
mar leór-ghníomh i n-ár bpeacaíbh agus chun go
bhféadfaimís buadh d'fhághail ar chathaibh an diabhail.
'N-a theannta san d'órduigh Críost dúinn trosgadh
do dhéanamh agus do dhein Sé féin trosgadh.


L. 102


CEACHT A hAON AGUS FICHE



*Cuireann an tríomhadh h-aithne d'aitheantaibh
na hEaglaise 'fhiachaibh ar Chaitilicidhthibh dul chun
Faoistine uair sa mbliadhain, agus cuireann
an ceathramhadh h-aithne 'fhiachaibh ortha dul chun
Comaoine um Cháisg. Éinne ná glacann Comaoine
um Cháisg tagann sé fé choinneal-bháthadh na
hEaglaise. Cialluigheann sé sin go bhféadfaí é
dhíbirt as thigh Dé agus dá bhfaigheadh sé bás ar
an staid sin ná féadfaí é adhlacan i dtalamh
choisricthe. Ní gádh do dhuine Comaoine na
Cásga do ghlacadh 'n-a pharóiste féin, ach caithfidh
sé a chur i n-iúil d'á shagart paróiste go raibh
sé ag Comaoine. I dtosach saoghail na hEaglaise
do théidheadh gach éinne a bhíodh ag an Aifrionn
chun Comaoine. Ach tar éis tamaill do chuaidh
na daoine i bpatfhuaire, agus b'éigean an dlighe
seo a dhéanamh, go gcaithfeadh gach éinne Comaoine
do ghlacadh um Cháisg gach bliadhain. Do cuireadh
an dlighe seo ar bun i gCómhairle an Latarain
sa bhliadhain 1215 i n-aimsir an tríomhadh
hInnocentius Pápa. Is sia an t-am chun
Comaoine na Cásga a ghlacadh a bhíonn i n-áitean-
aibh ná a chéile. Is féidir an dlighe a chóimhlíonadh
i nÉirinn anois má glactar Comaoine aon lá ó
thosach an Charghais (Céadaoin an Luaithridh) go
dtí Domhnach na Tríonóide (an chéad Domhnach
tar éis Cingcíghse).



**Tá dhá shaghas col pósta ann: (a) an col
a dheineann neamh-dhleaghthach an pósadh, agus


L. 103


(b) an col a dheineann neamh-nídh de'n phósadh.
Má phósann daoine agus col eatorra a dheineann
neamh-dhleaghthach an pósadh is peaca marbhthach
dóibh é, ach seasuigheann an pósadh. Má dheineann
daoine iarracht ar phósadh agus col eatorra a
dheineann neamh-nídh de'n phósadh ní pósadh i n-aon
chor é agus bíd cionntach i bpeaca marbhthach ró-
throm go léir.



**Níl puinn col anois ann ná deineann ach
an pósadh a dhéanamh neamh-dhleaghthach. Is iad an
dá cheann so is mó tábhacht ortha: (1) Móid neamh-
sholamhanta geanamnuidheachta, agus (2) pósadh le
h-eiriceach. Is féidir do dhaoinibh pósadh anois
aon uair de'n bhliadhain is maith leó, ach
ná fuil beannachadh na hEaglaise le fághail
aca um Adbhent ná um Charghas. Tá an
Eaglais go h-an-mhór i gcoinn pósadh idir
Chaitilicidhe agus duine nách Caitilicidhe. Má
bhíonn an té ná fuil 'n-a Chaitilicidhe gan
Baiste, deineann an col a bhíonn eatorra an
pósadh do chur ar neamh-nídh. Tá cúis a dóthain
ag an Eaglais chun bheith chómh dian agus tá sí i
gcoinnibh pósadh idir Chaitilicidhe agus duine nách
Caitilicidhe: (a) mar gur minic a chailleann an
Caitilicidhe an Creideamh, nú go dtéidheann a
Chreideamh i bhfuaire, mar gheall ar a leithéid sin
de phósadh; (b) mar go bhfuil sé an-dheacair do'n
Chaitilicidhe an chlann a thabhairt suas mar ba
chóir; agus (c) mar ná fuil éinnídh is mó is
tugtha chun lánamha a chur ag achrann agus ag
coimheasgar ná gan iad araon a bheith ar aon
chreideamh amháin. Tá cheithre chol déag ann a
dheineann neamh-nídh de'n phósadh. Seo cuid


L. 104


aca: (1) Móid Gheanamnuidheachta. (2) Gaol.
(3) Cómhgus nú Cóimhléaras. (4) Cáirdeas Críost.
(5) An pósadh a bheith fé cheilt. (6) Ceangal
pósta a bheith cheana ar an nduine le duine
éigin a mhaireann fós. (7) An pósadh a bheith le
duine gan Baiste. Deineann col an GHAOIL
neamh-nídh de phósadh idir an mhuinntir a bhíonn a
trí is a trí de ghaol le n-a chéile nú aon ghaol
is athchumaire ná a trí is a trí. Bíonn daoine
a trí is a trí de ghaol le n-a chéile má's iad an
tríomhadh glúin gaoil iad, ag cómhaireamh ó'n
bPRÉIMH, nú ó'n lánamhain ó'r shíolruigh na
glúine gaoil. Dritháir agus dribhshúr an chéad
ghlúin. Clann an drithár agus an dribhshéar,
nú clann na beirte drithár nú clann na
beirte dribhshéar, an dara glúin, agus
mar sin dóibh. Coisgeann col an CHÓMHGAIS
nú an chóimhléarais ar fhear, má gheibheann a bhean
bás, gaolta na mná go dtí an dara glúin a
phósadh agus coisgeann sé ar an mnaoi gaolta a
fir go dtí an dara glúin a phósadh. An té
sheasuigheann le leanbh mar athair nú máthair
baistidhe tá CÁIRDEAS CRÍOST nú cómhgas
spioradálta idir an duine sin agus an leanbh,
agus idir an té dheineann an baiste agus
an leanbh. Is PÓSADH FÉ CHEILT aon phósadh a
dheineann Caitilicidhe i n-aon áit eile ach i láthair
sagairt paróiste na h-áite (nú i láthair shagairt
éigin eile go bhfuil cead ó'n sagart paróiste
nú ó'n Easbog aige) agus beirt fídhnidhthe. Is
féidir leis an sagart paróiste, i n-a pharóiste
féin, aon daoine a thagann chuige chun go bpósfaí
iad do phósadh, pé áit gur b'as iad. Má's ó


L. 105


áit lathsmuigh d'á pharóiste féin an bheirt aca níl
sé dleaghthach aige iad a phósadh gan cead ó'n
Easbog nú ó shagart paróiste dhuine aca, ach
má phósann sé iad béidh an pósadh 'n-a fhíor-
phósadh. Má's ó n-a pharóiste féin éinne de'n
bheirt nú má gheibheann sé cead ó shagart paróiste
ceachtair aca béidh an pósadh dleaghthach agus
buan-tseasamhach. Is gnáthach gur i bparóiste na
mná a bhíonn an pósadh, agus d'á bhrigh sin is ó
shagart paróiste na mná is ceart cead d'fhághail
má's lathsmuigh de pharóiste na mná a bhíonn
an pósadh. Tugann an Eaglais FAOISIÚ, nú
sgaoileadh ó cheangal na dlighe, i bhfor-mhór na
gcol má bhíonn cúis a dóthain aice chuige sin, ach
tá a dhó nú a thrí dhíobh ná tugann sí faoisiú i
n-aon chor ionnta. Is gnáthach FÓGAIRT nú
gairm a dhéanamh ar an bpósadh ós cómhair an
phobail aimsir Aifrinn na trí Domhantaí roimh-ré.
Deintear é sin chun go bhfaighfí eólas ar aon chol
pósta a bhéadh ann; mar dá mbéadh col ann i
gan-fhios a chuirfeadh an pósadh ar neamh-nídh ní
bheidís pósta i n-aon chor, agus níor bh'fhéidir
dóibh pósadh nó go bhfaighfí faoisiú ó'n gcol san.
I mórán áiteanna i nÉirinn ní gnáthach pósadh
d'fhógairt, ach ní mór cead chuige sin d'fhághail
ó'n Easbog.


L. 106


CEACHT A DÓ AGUS FICHE



Deintear úrnaighthe chun Dé (a) chun É d'adhradh,
(b) chun buidheachais a bhreith Leis i dtaobh A
thabhartaisí, (c) chun leór-ghníomh nú cúiteamh do
dhéanamh i n-ár bpeacaíbh, agus (d) chun tabhartaisí
Dé d'iarraidh.



*Tá dhá shaghas úrnaighthe ann: (a) ÚRNAIGHE
BÉIL, nú an úrnaighe a dheinimíd go coitchianta
i bhfocalaibh, agus (b) MÍDHEAMHAIN, nú an
úrnaighe a dheinimíd istigh sa chroidhe agus san
aigne. Níl éinnídh a dheinimíd i rith an lae — ár
ngnó, ár gcómhrádh, ár mbeannú d'á chéile, ár
gcaitheamh aimsire, caitheamh ár mbídh — níl aon
cheann aca san nách féidir úrnaighe a dhéanamh
leis, agus onóir a thabhairt do Dhia leis, má
thugaimíd suas do Dhia é ar an intinn sin. Ba
cheart dúinn, gach maidean, gníomhartha an lae
atá rómhainn a thabhairt suas do Dhia agus an
íodhbairt sin d'athnuadhchaint i gcaitheamh an lae.
Má dheinimíd é sin béidhmíd go coitchianta ag
guidhe chun Dé fé mar órduigh ár dTighearna
dhúinn, agus gach éinnídh a dhéanfaimíd i gcaitheamh
ár saoghail tabharfaidh sé onóir agus moladh do
Dhia, béidh ár saoghal go léir 'n-a ghuidhe chun
Dé ó thosach go deire. Ó 'nuair go bhfuil an
DOMHNACH agus an LÁ SAOIRE geárrtha amach
ag Dia féin chun úrnaighthe ba cheart dúinn ár
nguidhe a chur suas Chuige na laetheanta san thar
aon lá eile. Ba cheart dúinn guidhe Chuige AR
MAIDIN chun A chabhartha d'iarraidh i gcómhair an


L. 107


lae rómhainn, agus ISTOIDHCHE, chun buidheachais
a bhreith Leis i dtaobh A thabhartaisí dhúinn i rith
an lae. Ba cheart dúinn guidhe Chuige nuair a
bhímíd i n-aon BHAOGHAL anma nú cuirp, chun go
dtabharfadh Sé saor ó'n gcontabhairt sinn. Ba
cheart dúinn guidhe Chuige i n-aimsir BUAIDHRIMH
AGUS CRUADHTAIN, chun go dtabharfadh Sé
neart dúinn fulang go foidhneach, agus luach-
saothair sa tsaoghal atá le teacht do thuilleamh
leis an bhfulang san.



*Ní dócha go raibh aon daoine ar thalamh an
domhain do b'fheárr a chuir i bhfeidhm cómhairle ár
dTighearna, gur cheart dúinn bheith go coitchianta
ag guidhe chun Dé, ná mar a thuig muinntir na
hÉireann. Taisbeánann na focail adeiridís
agus iad ag beannú d'á chéile gur chuimhnigheadar
i gcómhnuidhe go rabhadar i láthair Dé. Bhíodh
focail mar seo i gcómhnuidhe 'n-a mbéal agus
bíonn fós san áit go labhartar an Ghaedhilg:
Dia dhuit. — Dia is Muire dhuit. — Dia do bheatha.
— Bail ó Dhia oraibh. — Bail ó Dhia ar an obair. —
Dia beatha grásta Dé. — Dia linn. — Go bhfóiridh
Dia orainn. — Go réidhidh Dia dhúinn. — Go bhféachaidh
Dia orainn. — Go bhfágaidh Dia do shláinte agat.
Nách leamh neamh-milis an beannú a thugann Béar-
lóirí d'á chéile i gcompráid leis na focalaibh seo
a bhíonn go coitchianta i mbéal an Ghaedhilgeóra.



*Gheóbhfar i leabhraibh úrnaighthe na h-úrnaighthe béil
a mholann an Eaglais dhúinn. Níor cheart d'aon
Chaitilicidhe gan An Phaidir (Ár nAthair atá ar
Neamh), An tÁbhé (Go mbeannuighthear duit, a
Mhuire), an Chré, an Fhaoistin Choitchiann, agus
Gníomhartha Creidimh, Dóchais, agus Grádha is
Croidhe-bhrú do bheith de ghlan-mheabhair aige. Ba


L. 108


cheart dó eólas éigin a bheith aige ar na
h-úrnaighthibh adeirtear le linn Aifrinn, ar na
h-úrnaighthibh adeirtear roimh Chomaoine agus
Faoistin, agus tar éis Chomaoine agus Faoistine,
ar an gCoróin Mhuire, agus rl.



*Is áluinn go léir an tslighe chun ár nguidhe
a chur suas an Choróin Mhuire nú an Paidirín
Páirteach a rádh. Deirtear gur bh'í an Mhaighdean
Muire féin a mhúin do Naomh Dominic connus
an Choróin a rádh. Roinntear an Choróin 'n-a
trí codaibh, ara dtugtar, na h-Áthais, na Dóláis,
agus na Buadha. Tá chúig deichneabhair ins gach
roinn aca san. Seo mar deirtear deichneabhar:
Deirtear an Phaidir aon uair amháin, annsan an
tÁbhé (Go mbeannuighthear duit) deich n-uaire,
agus annsan, Glóire do'n Athair, agus rl., aon uair
amháin. Sar a dtosnuightear ar an gcéad deich-
neabhar, is gnáthach na h-úrnaighthe seo a rádh:
"A Thighearna, osglóchair mo bheóla," "Agus
labharfaidh mo bhéal moladh dhuit." "Crom
chugham le congnamh, a Dhia," "Brostuigh, a
Thighearna, agus cabhraigh liom." "Glóire do'n
Athair, agus rl." Annsan deirtear an Chré ar chrois
an "phaidirín" agus "Ár nAthair, agus rl.," ar an
gcloich mhóir, agus "Go mbeannuighthear duit,
agus rl.," ar gach ceann de sna trí clochaibh miona,
agus annsan "Glóire do'n Athair, agus rl." Ní
gádh na h-úrnaighthe seo a rádh, ní cuid de'n
Choróin iad, ach is maith an rud iad a rádh.



*Ní mór machtnamh geárr a dhéanamh le linn
gach deichneabhair a rádh ar an Áthas nú ar an
nDólás nú ar an mBuadh le n-a mbaineann sé,
agus d'á bhrigh sin is ceart an tÁthas nú an
Dólás nú an Buadh san d'ainmniú sar a ndeirtear


L. 109


an deichneabhar. 'Siad so na chúig Áthais: (1)
Teachtaireacht an Aingil, (2) Cuairt na Maighdine
Muire ag triall ar Naomh Elisabet, (3) Teacht
ár dTighearna ar an saoghal, (4) Toirbheart an
Leinbh Íosa sa Teampall, (5) Íosa i lár na
n-ollamh sa Teampall. 'Siad so na chúig Dóláis:
(1) Allus Fola ár dTighearna sa Gháirdín,
(2) Ár dTighearna 'á sgiúirseáil, (3) An choróin
spíne 'á chur ar Cheann ár dTighearna, (4) Íosa
ag iompar na Croise, (5) Céasadh Íosa. 'Siad
so na chúig Buadha: (1) Eiseirighe ár dTighearna,
(2) Deasgabháil ár dTighearna, (3) Teacht an
spioraid Naoimh ar na hAsbolaibh, (4) Tógáilt
na Maighdine Muire suas ar Neamh, (5) Coróiniú
na Maighdine Muire thuas ar Neamh.



*Tá mórán logha le fághail ag éinne a thugann
TURAS NA CROISE. Chuige sin níl le déanamh
ach machtnamh gairid ós cómhair gach ceann de
sna cheithre pictiúiríbh déag a bhíonn i bhfor-mhór
na n-eaglaisí agus na séipéal — na pictiúirí a
thaisbeánann dúinn turas ár dTighearna ó thigh
Phontius Píaláit go Cnoc Chalbherí lá A Chéasta.
Ó fhíor-thosach na Críostaidheachta ba ghnáthach le
daoine dul ag tabhairt turais go dtí an áit do
shiúbhail ár dTighearna nuair a bhí Sé ag dul chun
A Chéasta. Do leanadar do'n nós san go dtí
an t-aonmhadh h-aos déag. Ach san am san
fuair na Turcacha greim ar an dTalamh Naomhtha
agus ar feadh a bhfad ní fhéadfadh éinne an turas
a thabhairt gan bheith i gcontabhairt a mharbhuighthe.
Mar gheall ar sin do thug an Pápa an logha a
bhí le fághail ag an muinntir a thugadh an turas
san do sna daoinibh a dhéanfadh oibreacha áirithe
eile. Is féidir anois an logha céadna d'fhághail
ach Turas na Croise do thabhairt i n-aon eaglais.


L. 110


**Má's maith linn neart a bheith i n-ár nguidhe
i láthair Dé ní fuláir dúinn guidhe Chuige go
crábhthach, go h-umhal, agus go dúthrachtach; ár
muinghin a bheith go láidir as Dia againn; agus
gan éirighe as ár nguidhe, mara bhfreagarann Sé
láithreach é. 'N-a theannta san ní fuláir dúinn
an rud iarraimíd ar Dhia d'iarraidh ar choinghil
gur b'é toil Dé é 'thabhairt dúinn agus go raghaidh
sé chun leasa anama dhúinn. Níl aon rud is
feárr a choimeádfaidh ár n-aigne ar ár n-úrnaigh-
thibh ná a chuimhneamh go bhfuilimíd i láthair Dé,
agus go bhfuil Sé ag féachaint orainn agus ag
éisteacht linn. Má chuimhníghimíd gur le Dia féin
a bhímíd ag cainnt nuair a bhímíd ag úrnaighe ní
baoghal ná go ndéanfaimíd ár nguidhe mar is
cóir.



*Is minic nuair a bhíonn daoine ag guidhe chun
Dé go mbíonn siad ag cuimhneamh ar rud éigin
eile. Má's le n-a dtoil a dheineann siad é sin
is peaca é. Ní h-aon pheaca é má's i n-aindeóin
an duine a thagann an cuimhneamh san 'n-a
n-aigne, ach ba cheart do gach éinne a dhícheall a
dhéanamh i gcómhnuidhe ar a aigne a choimeád ar a
ghuidhe.


L. 111


CEACHT A TRÍ AGUS FICHE



'Sé ár dTighearna féin do chúm an "Phaidir,"
nú "Ár nAthair atá ar Neamh, agus rl." Tá sa
Phaidir réamh-fhocal agus seacht n-athchuinghí.
Baineann trí h-athchuinghí aca le Dia agus cheithre
h-athchuinghí linn féin agus le gach nídh a theas-
tuigheann uainn i gcómhair anma agus chuirp. 'Sí
seo an Phaidir, roinnte i réamh-fhocal agus
athchuinghí:-



Réamh-fhocal: Ar nAthair atá ar neamh.
Athchuinghí:



1. Go naomhuighthear T'Ainm



2. Go dtagaidh Do Ríoghacht.



3. Go ndeintear Do thoil ar an dtalamh mar a
deintear ar neamh.



4. Ár n-arán laetheamhail tabhair dúinn indiu.



5. Maith dhúinn ár gcionnta mar mhaithimíd-ne
do chách a chionntuigheann 'n-ár n-aghaidh.



6. Ná leig sinn i gcaithíbh.



7. Saor sinn ó olc.



*I dtosach na Paidre árduighmíd ár gcroidhe
chun ár nAthair síoruidhe atá ins na Flaithis.
Tugaimíd "athair" Air mar a dhéanfadh leanbh
le n-a athair chun a chur ar gcuimhne dhúinn féin
gur cheart dúinn cion a bheith againn Air agus
grádh againn Dó agus muinghín a bheith againn As
fé mar a bhéadh ag leanbh as a athair. Tugaimíd
ÁR nAthair Air, mar nách orainn féin amháin atá


L. 112


'fhiachaibh orainn guidhe ach ar an gcine daonna
go léir fara sin. Deirimíd "atá ar neamh"
chun go mbéadh ár smaointe ar an oighreacht
ghlórmhar atá geallta ag ár nAthair síoruidhe
dhúinn agus chun ná béimís ag smaoineamh ar
neithibh saoghalta. Annsan iarraimíd (1) go
dtabharfaí uraim agus moladh d'Á Ainm Naomhtha,
(2) go dtiocfadh A Ríoghacht, 'sé sin, go mbéadh
A ghrásta i gcroidhthibh an chine daonna 'á riaghalú
agus 'á gcoimeád ó'n bpeacadh ar an saoghal so
agus go bhfaighmís go léir Ríoghacht na bhFlaitheas
Uaidh ar an saoghal atá le teacht; agus (3) go
ndéanfadh gach éinne ar an saoghal so an rud
is toil le Dia fé mar a dheineann na h-aingil
agus na naoimh é ar neamh. Tar éis na neithe
sin go léir d'iarraidh ar son Dé iarraimíd
annsan, ar Dhia, dúinn féin (1) grásta d'ár n-anam
agus biadh d'ár gcorp, (2) maitheamhnas i n-ár
bpeacaíbh, (3) neart agus cabhair, i dtreó ná
géillfimís do chlaontaibh an tsaoghail, ná d'ár
n-ainmhiantaibh féin, ná do chalaois an diabhail,
agus (4) go ndéanfadh Dia sinn a shaoradh ó gach
contabhairt anma agus chuirp. Is focal Eabhra
"Amen" agus cialluigheann sé "Is fíor" nú
"Go deimhin." I ndeire na Paidre agus i
ndeire gach athchuinghe a chuirimíd chun Dé tais-
beánann sé gur b'é ár mian an rud a bhíonn 'á
iarraidh againn d'fhághail agus d'á bhrigh sin is
cuma é nú dá ndéarfaimís "Bíodh sé mar sin."



*Lathsmuigh de'n "Phaidir" níl aon cheann eile
de sna h-úrnaighthibh a bhíonn i mbéal na ndaoine
is tairbhighe ná an "tÁbhé," nú "Go mbeannuigh-
thear duit, a Mhuire." Tá sé 'n-a thrí chodaibh.
B'iad an t-Árdaingeal Gábríél agus Elisabet


L. 113


Naomhtha do chúm an chéad chuid de fé naomh-
análú Dé. An Eaglais féin do chúm an tríomhadh
cuid de. 'Siad so na trí coda:-



1. Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh.
Tá an Tighearna i t'fhochair; is beannuighthe thú
idir mhnáibh.



[Focail an Árdaingil nuair d'innis sé do'n
Mhaighdin Mhuire gur b'í bhéadh 'n-a máthair ag
Mac Dé.]



2. Is beannuighthe thú idir mhnáibh,
Is beannuighthe toradh do bhruinne, Íosa.



[Focail Elisabet Naomhtha nuair a chuaidh sí
ar cuairt ag triall ar an Maighdin Muire.
An Eaglais a chuir an focal "Íosa" isteach.]



3. A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, agus rl.



[An Eaglais do chúm an chuid seo dhe i Mór-
chómhairle Ephesus sa bhliadhain 431.]



*Is iad Liodán na Maighdine Muire agus
Beannachadh an Aingil na h-úrnaighthe eile is
coitchianta adeirtear i n-onóir na Maighdine
Muire. Tá Liodáin eile, ann, leis, a mholann
an Eaglais dúinn: Liodán Íosa, Liodán Chroidhe
Naomhtha Íosa, Liodán na Naomh, agus an Liodán
a léightear do'n mhuinntir a bhíonn ag fághail bháis.
Tugtar liodán ar an saghas úrnaighthe adeireann
mórán daoine i n-aonfheacht. Deireann éinne
amháin an chéad chuid de'n ghuidhe, agus deireann
an chuid eile dhíobh an dara cuid mar fhreagra.
Tugtar Liodán Lorettó, leis, mar ainm ar
Liodán na Maighdine Muire, mar is i Lorettó -
an áit 'n-a bhfuil Tigh Beannuighthe Mhuire -


L. 114


adeirtí ar dtúis é. Na daoine théidheadh ar
oilithre go dtí Lorettó, thugaidís leó abhaile an
Liodán, agus mar sin do leath sé ar fuaid an
domhain Chríostaidhe. Deirtear Beannachadh an
Aingil i n-onóir Ioncholnú ár dTighearna, chun a
thaisbeáint cad é an lúthgháir agus an t-áthas a
bhíonn ar Chríostaidhthibh i dtaobh teacht ár
dTighearna i gcolan daonna. Deirtear trí
h-uaire sa ló é: ar maidin, i meádhon-lae, agus
um thráthnóna. Buailtear clog na h-eaglaise
trí h-uaire sa ló chun a chur i n-iúil do sna
daoinibh gur b'é an t-am é chun Beannachadh an
Aingil a rádh.


L. 115


CEACHT A CEATHAIR AGUS FICHE



*Tá trí neithe RÍACHTANACH do gach sácraimínt
chun í bheith 'n-a sácraimínt i n-aon chor. Ní
fuláir (1) cómhartha so fheicse, (2) agus cómhacht
chun grásta do bhronnadh a bheith ag an gcómhartha
san, agus (3) Críost féin a bheith mar úghdar ar
an gcómhartha san, agus ar an gcómhacht a bhíonn
ann. Ní bronntar aon tsácraimínt gan ADHBHAR
na sácraimínte agus FOIRM na sácraimínte a
bheith ann i dteannta a cheile agus MINISTIR
na sácraimínte. 'Sé ADHBHAR na sácraimínte
an nídh go mbaintear úsáid as i mbronnadh na
sácraimínte agus pé rud a deintear leis an
nídh sin. ('Sé adhbhair sácraimínte na Baiste
an t-uisge, agus dortadh an uisge ar an té a
baistear.) Tugtar FOIRM na sácraimínte ar
na foclaibh adeirtear le linn na sácraimínte a
bhronnadh. Deineann an t-adhbhar agus an fhoirm
i dteannta a chéile CÓMHARTHA SO-FHEICSE na
sácraimínte. Is é an MINISTIR an té a cheap
Críost chun na sácraimínte a bhronnadh. Tugtar
GRÁSTA ar an sochar anma a thugann gach
sácraimínt dúinn. Tugann gach sácraimínt dhá
shaghas grásta dhúinn: (1) grásta naomhuighthe nú
cómhnuighthe — an chéad ghrásta nú an dara grásta
(féach Ceacht a Dó Dhéag), agus (2) grásta
sácraimínteamhail. Tugtar GRÁSTA SÁCRAI-
MÍNTEAMHAIL ar an mbuadh fé leith a bronntar
orainn le linn gach sácraimínte do ghlacadh dhúinn,
a thugann teideal dúinn ar ghrástaibh áirithe


L. 116


d'fhághail ó Dhia nuair a bhíonn gádh againn leó.
Nuair a baistear duine tugann Dia an buadh fé
leith seo dhó go bhfaighidh sé grásta chun ná
géillfidh sé do'n diabhal, d'á ghníomharthaibh ná
d'á phuimp nuair a cuirfear cath air. Nuair a
théidheann duine Fé Láimh Easbuig tugtar an
buadh so dhó go bhfaighidh sé grásta, aon uair a
bhéidh gádh aige leis, chun a chreideamh d'admháil
gan sgáth ná eagla. Tugtar Sácraimíntí NA
MARBH ar na sácraimíntíbh a bhronnann an chéad
ghrásta orainn, mar tógann siad an duine ó
bhás an pheaca, agus tugann siad beatha ghrásta
Dé dhó. Baiste agus Aithrighe na sácraimíntí
sin, agus ráinigheann go ndeineann an Ola
Dhéadhnach, agus anois agus airís sácraimínt
Chorp Chríost, peaca marbhthach a mhaitheamh mar an
gcéadna. Tugtar Sácraimíntí NA mBEÓ ar
na sácraimíntíbh a thugann dúinn an dara grásta
nú méadú ar ghrásta naomhuighthe. Tá trí
sácraimíntí a chuireann séala nú cómhartha
spioradálta ar an anam nách féidir a bhaint de:
Baiste, Dul Fé Láimh Easbuig, agus Órd
Beannuighthe. Ní féidir d'á bhrigh sin na trí
sácraimíntí sin a ghlacadh ach aon uair amháin.



**Tá deasgnátha áirithe, agus úrnaighthe, agus
neithe coisricthe, do chuir an Eaglais ar bun, go
bhfuil cosmhalacht aca le sácraimíntíbh, agus
tugtar NEITHE SÁCRAIMÍNTEAMHLA ortha. Ní
thugann siad grásta dhúinn, ach músglann siad
i n-ár n-anam Creideamh agus Dóchas agus
Carthanacht agus Aithrighe tré n-a bhfaighmíd
maitheamhnas i n-ár bpeacaíbh so-loghthacha, agus
sa tslighe sin deinid ár n-anam níos taith-
neamhaighe i láthair Dé. Seo cuid de sna neithibh


L. 117


sácraimínteamhla is gnáithighe a cuirtear i bhfeidhm
san Eaglais: na h-úrnaighthe atá órduighthe ag
an Eaglais (cuir i gcás, úrnaighthe an Phortúis-
agus an Phaidir), Beannachadh an Easbuig, na
neithe a choisriceann an Eaglais di féin nú i
gcómhair an phobail, cuir i gcás, uisge coisreacan,
coínnle, luaithreadh, pailm, sgabaill, boinn,
paidiríní, agus rl. Tagann an focal sgaball chughainn
ó'n bhfocal Laidne scapula (guala). Ní tugtaí
an t-ainm sgaball fadó ach ar an chuid sin
d'aibíd an mhanaigh a thagadh trasna na gualan;
ach anois, tugann Caitilicidhthe de ghnáth an t-ainm
sin ar dhá ruaine beag éadaigh, ceangailte le
n-a chéile le dhá ribín bheaga. Nuair a bhíonn an
sgaball 'á chaitheamh tagann an dá ribín trasna
na ngualan agus bíonn ceann de sna ruainíbh
beaga éadaigh leis an ucht agus an ceann eile
leis an ndrom. Tá chúig shaghas sgaball 'á
gcaitheamh go coitchianta ag Caitilicidhthibh, le
cead ó'n Eaglais: an sgaball donn, an sgaball
bán, an sgaball dubh, an sgaball gorm, agus
an sgaball dearg. 'Sé an sgaball DONN -
sgaball Úird na gCáirmilíteach — an sgaball is
mó bhíonn 'á chaitheamh ag Caitilicidhthibh. Éinne a
chaitheann é béidh sé páirteach i dtoradh na
n-úrnaighthe agus na ndeagh-ghníomhartha a dheineann
manaigh agus mná riaghalta Úird na gCáirmilíteach.
'Sé an sgaball BÁN sgaball na Tríonóide,
agus is iad na sagairt atá i nÓrd na Tríonóide,
nú sagart éigin gheibheann cead uatha, thugann an
sgaball san do sna daoinibh. Caithtear an
sgaball DUBH i n-onóir Seacht nDólás na
Maighdine Muire; tá sé le fághail ó sna
sagartaibh a bhaineann le hÓrd Sheirbhíseach na


L. 118


Maighdine Muire. I n-onóir Geineamhna na
Maighdine Muire gan Smál a caithtear an
sgaball GORM; tá sé le fághail ó shagartaibh
Úird na dTéatíneach. 'Sé an sgaball DEARG,
sgaball Páise ár dTighearna; tá sé le fághail
ó shagartaibh Úird Naoimh Bhincint de Pól.
Tugtar Agnus Dei ar ruainne beag céireach
agus deilbh uain geárrtha air, a choisreacann an
Pápa go solamhanta. Cuirtear an Agnus Dei
isteach i gcúmhdach éadaigh agus cuireann daoine
ar crocadh le n-a muineál é.



**Nuair a bronntar na Sácraimíntí orainn
nú nuair a deintear rud éigin a bheannú nú a
choisreacan cuireann an Eaglais i bhfeidhm mórán
DEASGNÁTHA. Deineann sí é sin chun brigh na
sácraimínte, nú brigh na coisreacan, a dhéanamh
soiléir dúinn, mar mhaithe le smaointe crábhthacha,
diadha, do mhúsgailt ionainn. Tá cuid de sna
deasgnáthaibh chómh ríachtanach san do shácraimíntibh
áirithe ná béadh sa tsácraimínt ach neamh-nídh
mara ndéanfaí i gceart iad, 'Siad san na
deasgnátha a bhaineann le h-adhbhar agus le foirm
na sácraimínte. Tá deasgnátha eile ann agus
is féidir an tsácraimínt a bhronnadh 'n-a
n-éaghmuis. Deasgnátha de'n tsórt san an ola
a cuirtear ar cheann agus ar ucht an té a
baistear, agus coisreacan fháinne an phósta, agus rl.



*Is iad so na trí neithe atá ríachtanach i
mBaiste:-



CÓMHARTHA SO-FHEICSE:



ADHBHAR — Uisge 'á dhortadh ar an nduine.



FOIRM — "Baistim thú i n-ainin an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh."


L. 119


GRÁSTA:



Maitheamhnas (1) ó pheaca an tsinnsir, (2) ó
gach peaca eile bhíonn ar an anam, (3) agus
ó'n bpianós aimsire a leanann an peaca.



CRÍOST A ÚGHDAR:



Níl fhios againn i gceart cathain a cuireadh
an tsácraimínt seo ar bun, ach tá fhios againn
gur b'é Críost a chuir ar bun í, mar dubhairt
Sé: "Imthighidh d'á bhrigh sin agus múinidh na
geinte go léir agus BAISTIDH IAD i nAinm
an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh."
— Mait., xxviii. 19.



Níl aon tsácraimínt chómh ríachtanach dúinn
agus tá Baiste, mar nách féidir do dhuine gan
Baiste dul go Flaitheas Dé. 'N-a theannta san,
ní féidir do dhuine aon tsácraimínt eile a
ghlacadh mara bhfuil sé baistighthe. D'á bhrigh sin
thug ár dTighearna cead d'aon fhear nú d'aon
mhnaoi Baiste do dhéanamh i n-am ríachtanais.
Ní gádh do'n té dheineann an Baiste bheith 'n-a
Chaitilicidhe, ná amháin bheith baistighthe é féin. Is
leór dó má chuireann sé roimis an rud san a
dhéanamh gur mian leis an Eaglais a dhéanfaí.
Ní fuláir an Baiste do dhéanamh le h-uisge
nádúrtha — uisge mar fachtar é ó thobar nú ó
abhainn nú ó'n bhfairrge, agus rl. Ní dhéanfadh bainne
ná té ná uisge-beatha an gnó. Nuair a dheineann
an Eaglais Baiste go solamhanta, deineann sí
úsáid de'n uisge a coisrictear Satharn Cásga,
agus Figil Cíngcíghse. Tá trí saghas Baiste ann:
Baiste le h-uisge, Baiste tré Mhian nú tré
Dhúil, agus Baiste fola. An duine gan Baiste
go mbíonn grádh aige do Dhia ós cionn gach uile
nídh (nú croidhe-bhrú iomlán) agus go mbíonn


L. 120


mian díograiseach air Baiste do ghlacadh, nú go
h-áirithe rún daingean aige gach aon rud do
dhéanamh d'iarrfadh Dia air; maithfear peaca an
tsinnsir dó agus gach peaca eile. Deirtear go
mbíonn BAISTE LE MIAN ag an nduine sin.
Tugtar Baiste FOLA ar mhairtíreacht, nú bás ar
son an Chreidimh, d'fhuilingeann duine gan Baiste.
Is ionann an bás san agus Baiste 'n-a chuid
fola féin. Tá trí shlighe chun Baiste do bhronnadh
le h-uisge: (1) an duine do THOMADH san
uisge, nú (2) uisge do CHROTHADH air, nú (3)
uisge do DHORTADH air. Is le dortadh an uisge
is gnáthaighe a baistighthear daoine anois. Ní
fuláir do'n té a dheineann an Baiste an t-uisge
a dhortadh ar an nduine a bhíonn le baisteadh,
agus na focail "Baistim thú, agus rl.," a rádh, SAN
AM CHÉADNA. Má dhoirteann duine an
t-uisge, agus go bhfágann sé rádh na bhfocal fé
dhuine eile, ní h-aon Bhaiste é. Ní fuláir na
focail a rádh i gceart agus iad go léir a rádh.
Cuir i gcás, dá ndeineadh duine tré anfhaithe nú
tré easbaidh cuimhne na focail "baistim thú"
d'fhágaint gan rádh níor Bhaiste i n-aon chor é.



*Nuair a bronntar an tsácraimínt seo go
solamhanta san eaglais, is 'mó deasgnáth a
cuirtear i bhfeidhm i dteannta dortadh an uisge.
Bíonn brigh áirithe leis na deasgnáthaibh seo go
léir. Cuireann an sagart a anál, trí h-uaire,
ar aghaidh an leinbh, mar chómhartha ar an anál-
bheatha spioradálta a thugann an tsácraimínt seo
dhúinn. Cuirtear ola choisricthe ar an ucht, agus
ar an ndrom, idir an dá ghualainn, chun a chur
i n-iúil go dtugann Baiste lúth agus acfuinn
spioradálta dhúinn i gcómhair an chatha le namh-


L. 121


aidibh ár n-anma. Tar éis an leinbh a bhaisteadh
cuirtear an ola ar a nglaoidhtear CRIOSMA ar
a bhathas. Leantar de'n nós so ó'n aimsir a
cuirtí daoine Fé Láimh Easbuig láithreach tar éis
a mbaiste. Cuirtear brat bán anuas ar an
leanbh nua-bhaistighthe, mar chómhartha ar ghileacht
agus áilneacht an anma tar éis Baiste do ghlacadh.
Cuirtear coinneal ar lasadh 'n-a láimh chun a chur
i n-iúil go bhfuil solus an Chreidimh ar lasadh
'n-a anam anois. Is minic a bhíonn duine ann
agus nách fios d'éinne ar baisteadh riamh é, nú
má baisteadh nách fios ar baisteadh i gceart é.
Nuair a bhíonn an sgéal mar sin baistighthear é
FÉ CHOINGHILL. Deirtear focail na foirme
mar seo: "Mara bhfuil tú baistighthe cheana
Baistim thú i nAinm an Athar agus an Mhic agus
an Spioraid Naoimh." Sin mar a Baistighthear
Protostúnaigh nuair iompuigheann siad 'n-a
gCaitilicidhthibh, agus ná bíonn deimhne gur bais-
teadh i gceart cheana iad. Tugtar ATHAIR
BAISTIDHE agus MÁTHAIR BHAISTIDHE ar an
mbeirt a sheasuigheann le leanbh nuair a bhaistigh-
thear é, agus a fhreagarann thar a cheann na
ceisteanna a cuirtear chuige. Tá sé de dhualgas
ar an athair Baistidhe agus ar an máthair Bhaistidhe
féachaint chuige go bhfaighidh an leanbh oideachas
ceart i bhfírinníbh an Chreidimh, má thugann a athair
agus a mháthair féin failighe ann, nú má's rud é
nách féidir dóibh an t-oideachas san a thabhairt dó.



**Nuair a baistighthear duine fásta ní fuláir
dó: (1) Creideamh Chríost a ghlacadh, (2) croidhe-
bhrú a bheith air mar gheall ar a pheacaíbh (ní gádh
dhó croidhe-bhrú iomlán), (3) bheith toiltheanach
Baiste do ghlacadh, agus (4) diúltú do'n diabhal
agus d'á oibreachaibh.


L. 122


CEACHT A CÚIG AGUS FICHE



*Is iad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt
Dul Fé Láimh Easbuig:-



CÓMHARTHA SO-FHEICSE:



ADHBHAR — Criosma nú ola choisricthe, agus
lámha an Easbuig. (Árduigheann an tEasbog
a lámha ós cionn na muinntire a bhíonn ag
glacadh na sácraimínte, agus cuireann sé
Criosma ar a n-éadan.)



FOIRM — "Cuirim Fíoghar na Croise mar
chómhartha ort agus neartuighim thú le Criosma
an tSlánuighthe i nAinm an Athar agus an Mhic
agus an Spioraid Naoimh."



GRÁSTA:



(1) Méaduightear grásta Naomhuighthe i n-ár
n-anam agus tugtar Seacht dTíodhlaicí an
Spioraid Naoimh go h-iomadamhail dúinn.



(2) Tugtar teideal dúinn chun gach grásta
agus tíodhlaice a bhéidh ríachtanach dúinn chun an
Chreidimh a choimeád agus a admháil gan náire
gan eagla.



CRÍOST A ÚGHDAR:



Níl fhios i gceart againn cathain a chuir
Críost an tsácraimínt seo ar bun, ach léighmíd
i "nGníomhartha na nAsbol" gur cuireadh
Naomh Peadar agus Naomh Eóin ag triall ar
Mhuinntir Shamaria chun iad a chur fé Láimh
Easbuig gur "Chuireadar a lámha ortha agus
gur ghlacadar an Spioraid Naomh." — Gníomh.,
viii. 17.


L. 123


*Tugtar CRIOSMA ar ola measguighthe le
balsam, a choisriceann an tEasbog Dardaoin
Páise.



**Deintear úsáid de Chriosma, leis, nuair a
bhítear ag coisreacan eaglaisí, nú altóireacha,
nú clocha altóra, nú cailíseacha, nú uisge-chun-
baiste.



*'Sé an tEasbog an GNÁTH-mhinistir atá
ceapaighthe chun na sácraimínte seo a bhronnadh,
ach nuair a bhíonn ríachtanas nú gádh mór leis,
tugann an Pápa cead do shagart an tsácraimínt
a bhronnadh. 'Sé an tEasbog amháin, ámhthach, a
choisriceann an Criosma.



*Bíodh go bhféadfadh duine a anam a shaoradh
gan Dul Fé Láimh Easbuig i n-aon chor, ba mhór an
díthcéile failighe a thabhairt ann; mar, sa tsaoghal
atá anois ann, is 'mó rud a bhíonn ag tarrac
daoine chun aimhleasa, agus 'á gcur i gcontabhairt
a gCreideamh a thréigean, agus an té ná glacann
an tsácraimínt seo bíonn sé i n-easnamh na
ngrásta atá ceapaighthe chun é thabhairt saor ó'n
gcontabhairt sin. Ó 'nuair gur cheann de
"Shácraimíntíbh na mBeó" Dul Fé Láimh Easbuig
ní fuláir chun í ghlacadh mar is cóir bheith ar staid
na ngrást, i dteannta bheith Baistighthe. 'N-a
theannta san ba chóir do'n té théidheann Fé Láimh
Easbuig eólas a bheith aige ar an dTeagasg
Críostaidhe, agus go mórmhór ar gach nídh a
bhaineann leis an sácraimínt sin. Tugann an
tsácraimínt seo mar ghrásta sácraimínteamhail
dúinn neart chun ár gCreidimh d'admháil ós
cómhair an tsaoghail, agus ár mbeatha do chaitheamh
do réir teagaisg an Chreidimh. Taisbeánann na
DEASGNÁTHA a bhaineann leis an sácraimínt


L. 124


seo an sochar anam a dheineann sí dhúinn. Síneann
an tEasbog a lámha amach ós cionn na ndaoine
a bhíonn ag dul Fé Láimh Easbuig, agus guidheann
sé an Spioraid Naomh do theacht ortha. Annsan
cuireann sé Criosma ar chlár an éadain ar gach
éinne aca, chun a chur i n-iúil dóibh go bhfuil
dualgas ortha feasta a gCreideamh d'admháil gan
náire, gan eagla, amhail is dá mbéadh sé sgríobhtha
ar a n-éadan. Annsan tugann sé buile beag
éadtrom ar an leacain do gach nduine aca, chun
a chur i n-iúil dóibh gur saighdiúirí feasta i n-arm
Chríost iad, agus nách mór dóibh bheith ullamh chun
pian d'fhulang, nú an bás féin má's éigean é,
níos túisge ná shéanfaidís a gCreideamh. Tógann
daoine ainm eile i dteannta a n-ainm baistidhe
nuair a théidheann siad fé Láimh Easbuig. Is
féidir leis gach éinne ainm aon naoimh is maith
leis a thoghadh, agus an naomh san a bheith mar
phátrún aige.


L. 125


CEACHT A SÉ AGUS FICHE



*Is iad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt
Chorp Chríost:-



CÓMHARTHA SO-FHEICSE:



ADHBHAR — Arán cruithneachtan, agus fíon na
fíneamhna.



FOIRM — "Is é Mo Chorp-sa é seo."



"Cailís Mo chuid Fola í seo."



GRÁSTA:



Tugtar dúinn sa Naomh-Shácraimínt seo Íosa
Críost féin, Úghdar gach grásta.



CRÍOST A UGHDAR:



Chuir Ár dTighearna an tSácraimínt seo ar
bun an oidhche sar ar céasadh É, nuair a bhí Sé
ag caitheamh A Shuipéir dheireannaigh.



Tá deifridheacht mhór idir an tSácraimínt
ghlórmhar so agus na sácraimíntíbh eile. (a)
Tugann na sácraimíntí eile grásta dhúinn, ach
tugann Sácraimínt Chorp Chríost dúinn Úghdar
gach grásta. (b) Ní féidir na sácraimíntí eile
a bheith ann i n-aon chor gan duine éigin 'á
nglacadh, ach is sácraimínt Corp Chríost nuair a
bhíonn Sé ar an altóir nú sa tabarnacul, agus
gan éinne 'Á ghlacadh. (c) I dteannta bheith 'n-a
shácraimínt is íodhbhairt mar an gcéadna Corp
Chríost.



Is Sácraimínt é 'n fhaid fhanann Sé sa tabar-
nacul, nú nuair a ghlacaimíd é. Is íodhbairt é
nuair ofráltar suas é san Aifrionn. Le linn


L. 126


a Shuipéir Dheirinnigh a chaitheamh thug ár dTighearna
cómhacht do shagartaibh na hEaglaise arán agus
fíon d'atharú 'n-A Fhuil agus 'n-A Fheóil, fé mar
a bhí déanta Aige féin, nuair adubhairt Sé leó:
"Deinidh an nídh seo mar chuímhneamh orm-sa."
Tugtar transubstantiátíó nú BRÍOGHAISTRIÚ
ar an atharú a deintear ar bhunadhas nú substaint
an aráin agus an fhíona i bhFuil agus i bhFeóil
ár dTighearna. Chómh luath agus deirtear focail
na Coisreacan ós cionn an aráin agus an fhíona
ní fhanann ach GNÉITHE (.i. blas agus dath agus
cumadh) an aráin agus an fhíona.



*Tá FUIL agus FEÓIL ár dTighearna láithreach
sa Naomh-Shácraimínt seo tré bhrigh na bhfocal:
"Is é mo Chorp é seo," "Is í cailís Mo chuid
Fola í seo." Tá a ANAM láithreach mar an
gcéadna, mar go bhfuil Críost 'n-A bheathaidh sa
tsácraimínt seo agus nách féidir corp a bheith
'n-a bheathaidh gan an t-anam a bheith ann. Tá A
DHIADHACHT láithreach mar go bhfuil cóimh-cheangal
do-sgaoilte i bpearsain Chríost idir A Dhiadhacht
agus A Chorp agus A Anam, ó'n lá a ghlac Sé
Chuige nádúr daonna. Uime sin nuair a glactar
ár dTighearna sa tSácraimínt Naomhtha fé ghnéithibh
an aráin amháin glactar É go h-iomlán chómh
maith agus dá nglactaí É fé ghnéithibh aráin agus
fíona.



*Níl aon ghníomh d'ár bh'fhéidir le duine a
dhéanamh is luachmhaire ná is uaisle ná ÍODHBAIRT.
'Sé an rud íodhbairt, ofráil a dheineann sagart
dlistionach chun Dé de rud éigin chorportha -
rud a marbhuightear nú athruightear ar chuma
éigin — chun adhradh a thabhairt Dó, chun buidheachais
a bhreith Leis, chun maitheamhnais peacaí d'fhághail


L. 127


Uaidh, agus chun gach aon tabhartas eile d'iarraidh
Air. Tá cheithre fáthana le n-a ofráltar íodhbairt:
(1) Chun adhradh agus mór-mholadh a thabhairt do
Dhia, (2) chun buidheachais a bhreith Leis i dtaobh a
thabhartaisí, (3) chun cúitimh a dhéanamh Leis i n-ár
bpeacaíbh, ar shlighe go bhfaighmís grásta na
h-aithrighe Uaidh agus maitheamhnas ionnta, agus
(4) chun gach grásta agus tabharthas eile d'fhághail
Uaidh. Nuair a marbhuightear, nú nuair athruigh-
tear, rud, mar íodhbairt do Dhia, deintear é
chun mór-chómhacht Dé d'admháil, agus go mór-
mhór, chun a chur i n-iúil gur le Dia a bhaineann
bás nú beatha a thabhairt dúinn. Ní raibh riamh
aon chine daoine dá uaisle nú dá ísle iad ná
deineadh íodhbairt d'ofráil chun Dé. D'á bhrigh
sin ba dhóigh le duine gur dhual do'n chine daonna
— go mbaineann sé le nádúr an duine — onóir a
thabhairt do Dhia le h-íodhbairt. I n-aimsir an
tSean-Reachta nú an tSean-Dhlighe d'órduigh Dia
féin do dhaoinibh íodhbairtí do dhéanamh. Bhí cuid
de sna h-íodhbairtíbh sin fuilteach agus cuid aca
neamh-fhuilteach; ach ní raibh i n-aon íodhbairt aca
ach SAMHALTAS íodhbairte an Dlighe Nua .i. sgáil
nú cosmhalacht na h-íodhbairte do h-ofráladh go
fuilteach ar Chrann na Croise agus a h-ofráltar
go neamh-fhuilteach nuair adeirtear an tAifrionn.
Is é ár dTighearna féin íodhbartar san Aifrionn.
Is é Críost féin, ár nÁrd-Shagart síoruidhe, a
dheineann an íodhbairt. In sna sean-íodhbairtíbh
do marbhuightí, nú do cuirtí ar neamh-nídh, an
rud d'íodhbairtí. San Aifrionn deintear é sin
go SAMHALTASACH, mar bíonn cosmhalacht an
bháis ar ár dTighearna de bhrigh go ndeintear
coisreacan fé leith, chun an fhíona d'atharú i n-A
Fhuil, agus chun an aráin d'atharú i n-A Fheóil.


L. 128


**Gach nídh a bhaineann le Naomh-Íodhbairt an
Aifrinn, éide an tsagairt, an altóir, agus gach
nídh a bhíonn de ghnáth ar an altóir, tá brigh fé
leith leis. 'Siad so príomh-ranna nú príomh-choda
an Aifrinn: (1) An Epistil agus an Saoisgéal.
(2) An tOffertórium nú an Toirbheirt. (3)
Préafáid na Canóine. (4) An Chanóin. (1) Cuid
de'n Sgriptiúir Naomhtha is eadh an Epistil agus
an Saoisgéal. Bíonn Epistil agus Saoisgéal fé
leith i n-aghaidh gach lae. (2) Tugtar an tOffer-
tórium nú an Toirbhirt ar na focalaibh a léigheann
an sagart nuair ofrálann sé an t-arán agus an
fíon. (3) Tagann an Phréafáid tamall geárr i
ndiaidh an Offertórium. Ní mar a chéile bhíonn
an Phréafáid i ngach Aifrionn. Bíonn atharú
uirthe anois agus airís de réir na féile nú tráth
na bliadna. Is é an Sanctus críochnú na
Préafáide. Láithreach 'n-a dhiaidh san deirtear
an Chanóin. (4) An Chanóin an chuid is solamhanta
de'n Aifrionn. Ní deintear aon atharú ar
fhoclaibh na Canóine i rith na bliadna ach i gcómhair
cúpla féile. Deirtear an chuid is mó dhi ós
íseal. Cuid de'n Chanóin is eadh an Choisreacan,
an Pater Noster (Ár nAthair atá ar Neamh),
agus an Chomaoine. Nuair adeir an sagart
focail na Coisreacan aistrightear an t-arán agus
an fíon i bhFeóil agus i bhFuil ár dTighearna.
Deirtear an Pater Noster ós árd. Ag an
gComaoine glacann an sagart ár dTighearna fé
ghnéithibh aráin agus fíona.



**Is i Laidean adeirtear an tAifrionn. Tá
cúpla focal Gréigise ann, mar atá "Kyrie
Eleison" (A Thighearna, déin trócaire orainn)
adeirtear sé h-uaire, agus "Christe Eleison"
A Chríost, déin trócaire orainn) adeirtear trí


L. 129


h-uaire. B'í an Laidean an teanga ba choit-
chianta a labhartaí i n-aimsir na nAsbol agus
ar feadh na céadta bliadhan 'n-a dhiaidh, agus
d'á bhrigh sin do thoigh an Eaglais í mar theanga
ofigeamhail. Bíodh gur teanga MHARBH anois í
tuigid lucht léighinn i ngach tír í. Go deimhin is
mó an mhaitheas ná an díoghbháil í bheith 'n-a
teangain mhairbh mar níl aon bhaoghal aon atharú
ná claochlú a theacht uirthe fé mar a thagann ar
theangachaibh beó, agus d'á bhrigh sin is innti is
fhusa úrnaighthe agus teagasg na hEaglaise a
choimeád ó thruailiú nú ó atharú bríogh. Ní h-aon
cheataighe do Chaitilicidhthibh an tAifrionn d'éis-
teacht i dteangain ná tuigid mar (1) bíonn
'fhios aca cad a dheineann an sagart ar an
altóir gan focal d'á ndeireann sé a thuigsint;
(2) agus tá níos mó san Aifrionn ná úrnaighthe -
is íodhbairt é, agus ní gádh an teanga a labharann
an sagart a thuigsint chun bheith rann-pháirteach
san íodhbairt; agus (3) is féidir leis an bpobal
brigh na bhfocal adeir an sagart a léigheadh i
leabharaibh úrnaighthe 'n-a dteangain féin. Is í
an Laidean a labharann an sagart agus é ag
bronnadh na sácraimíntí, agus is i Laidean a
léigheann sé na Tráthana nú an Portús. Tugtar
na TRÁTHANA ar na sailmeacha, na h-úrnaighthe,
na giotaí ó'n Sgriptiúir agus beatha na naomh a
léigheann an sagart gach lá. Tugtar an PORTÚS
ar an leabhar i n-a bhfuil na sailmeacha, agus rl., le
fághail.



**'Siad so baill an éide a chaitheann an
sagart nuair a bhíonn sé ag léigheadh an Aifrinn:
(1) An MÍOCHT: brat beag bán línéadaigh a
chlúdaigheann a dhá ghualain agus a dhá shlineán.
Tá dhá shranng as agus cuireann an sagart iad
san thar a ucht agus ceangalann sé tímcheall a


L. 130


chuim iad. (2) BÁN-CHULAITH an Aifrinn nú
léine an Aifrinn, brat fada bán línéadaigh agus
muinchilí air, a thagann anuas go sálaibh ar an
sagart. (3) AN CHRIOS, a cheangalann an sagart
tímcheall a chuim chun an bhán-chulaith a dhaingeanú
air. (4) An MAINIPIL, éadach a cheangalann
an sagart ar a chuislinn chlé. (5) An STÓIL,
píosa éadaigh fada, caol, a thagann thar ghuailnibh
an tsagairt. Tagann a dhá cheann thar a chéile
i bhfoirm croise ar a ucht. (6) An casal, an
brat mór a chlúdaigheann drom agus brághaid an
tsagairt. Bíonn an mainipil, an stóil, agus
an casal, bán, dearg, corcura, uaithne, nú dubh
de réir na féile. Bíonn dath BÁN ortha nuair
adeirtear an tAifrionn i n-onóir ár dTighearna
(ach amháin nuair adeirtear é i n-onóir a Pháise),
nuair adeirtear é i n-onóir na Maighdine Muire,
nú i n-onóir na naomh nár fhulaing bás ar son
an Chreidimh. Bíonn dath DEARG ortha nuair
adeirtear an tAifrionn chun an Spioraid Naoimh,
nú i n-onóir Páise ár dTighearna, nú i n-onóir
na nAsbol, nú na Martar. Bíonn siad
CORCURA um Adbhent agus um Charghas nuair
nách i n-onóir féile áirithe adeirtear an tAifrionn.
Bíonn dath UAITHNE ortha nuair adeirtear
Aifrionn an Domhnaigh ó'n Epiphaní go dtí an
tríomhadh Domhnach roimh Charghas, agus ó Dhomhnach
na Tríonóide go hAdbhent; agus aon lá seacht-
mhaine i rith na h-aimsire sin ná bíonn Aifrionn
'á rádh i n-onóir féile éigin. Bíonn dath DUBH
ortha nuair adeirtear Aifrionn na Marbh agus
Aifrionn Aoine an Chéasta. Ní h-é an déanamh
céadna a bhíonn ar chasal an tsagairt agus an
éide cosmhail leis a chaitheann an deocán agus
an fo-dheocán nuair adeirtear Árd-Aifrionn.


L. 131


**Tá cosmhalacht rúindiamhara idir éide an
Aifrinn, agus an t-éadach a bhí ar ár dTighearna,
agus na cuibhreacha le n-ar ceangaladh É, aimsir
A Pháise. Is cosmhail an míocht leis an mbrat
a bhí ar A shúilibh nuair a bhí na saighdiúirí 'Á
bhualadh agus iad 'á rádh Leis innsint cé bhuail É.
Is cosmhail an bán-chulaith leis an gculaith bhán
amadáin a chuir Heróid Air. Is cosmhail an
chrios leis na sgiúirsíbh le n-ar buaileadh É. Is
cosmhail an mainipil leis an gcuibhreach a cuireadh
ar A lámhaibh. Is cosmhail an stóil leis an
gcuibhreach le n-ar ceangaladh leis an bpiolóir É.
Is cosmhail an casal leis an mbrat corcura do
chuir na saighdiúirí Air nuair a bhíodar ag magadh
fé, amhail is gur rígh bréige É.



**Tugtar an ALTÓIR ar an mbord ar a
ndeintear an Íodhbairt Naomhtha. Is féidir an
altóir a dhéanamh de chloich nú d'adhmad, ach
má's d'adhmad a deintear é ní mór LEAC NA
hALTÓRA (leac beag ceathair-chúinneach) a bheith
leigthe isteach i lár chláir na h-altóra chun gur
anuas air a bhéadh an chailís agus an Corp Naomhtha
i n-aimsir an Aifrinn. Bíonn poll beag ins
gach aon leac altóra ar a dtugtar an UAIGH,
agus ní mór taisí martar a bheith foluighthe sa
pholl san. Tugtar an TABARNACUL ar an
dtaisge daingean i n-a gcoimeádtar an Naomh-
Shácraimínt fé ghlas. Bíonn lampa i gcómhnuidhe
ar lasadh i n-onóir ár dTighearna ós cómhair an
tabarnacuil nuair a bhíonn an Naomh-Shácraimínt
ann. Tugtar LAMPA AN tSANCTÓRA ar an
lampa san. Tugtar an SANCTÓIR ar an áit
mórdtímcheall na h-altóra, laithstigh de'n chrann-
ghall. Nuair a téidheann duine isteach i n-aon
eaglais i n-a mbíonn an Naomh-Shácraimínt, agus


L. 132


gach aon uair a ghabhann sé thar an tabarnacul,
is cóir dó a ghlúin a chromadh i n-onóir ár
dTighearna. Tugtar LEABHAR AN AIFRINN ar
an leabhar go léigheann an sagart an tAifrionn
as. Bíonn coínnle céireach ar lasadh ar an
altóir i gcómhnuidhe nuair a bhíonn an tAifrionn
'á rádh mar cómhartha gur b'é Críost an solus
fíor a shoillsigheann gach duine d'á dtagann ar
an saoghal. — (Eóin, i. 9.) Cuireann na coínnle
ar gcuimhne dhúinn, leis, laetheanta an ghéir-
leanmhana, nuair ab éigean do sna Críostaidhthibh
dul i n-uamhaibh fé'n dtalamh chun Aifrinn d'éis-
teacht i gan-fhios. — Ní bhíodh aon tsolus eile aca
ach solus coinneal. Seinntear an CLOIGÍN
nuair adeireann an sagart an Sanctus, chun
foráileamh a thabhairt do'n phobal go bhfuil an
sagart ag tosnú ar an gCanóin a rádh. Seinn-
tear airís é nuair a bhíonn an Coisreacan d'á
dhéanamh. Rudaí eile a bhaineann leis an altóir
cairteacha na h-altóra, línéadach na h-altóra, na
mion-chrúsgaí, an chros, agus na h-árthraí bean-
nuighthe, agus rl. Bíonn trí CAIRTEACHA ar an
altóir; ionnta san bíonn cuid de sna h-úr-
naighthibh nách caoitheamhail do'n tsagart a léigheadh
as Leabhar an Aifrinn. Ní fuláir clár na
h-altóra a bheith clúdaighthe i gcómhnuidhe le trí
brait de LÍNÉADACH. In sna MION-CHRÚSGAÍBH
bíonn an fíon agus an t-uisge i gcómhair an
Aifrinn. Níl sé dleaghthach Aifrionn a rádh gan
íomháigh ár dTighearna ar CHROIS AN CHÉASTA a
bheith ós cionn na h-altóra. Tugtar na h-árthraí
beannuighthe ar an gcailís, an mhullóg, nú an
paiteana, an cóifrín, agus an t-oisteansóir.
'Sí an CHAILIS an corn i n-a deintear an fíon a


L. 133


choisreacan .i. a aistriú i bhFuil ár dTighearna.
Bíonn an chailís déanta d'ór nú d'airgead, ach
má's d'airgead a bhíonn sí déanta ní fuláir
í bheith óruighthe ar an dtaobh istigh. 'Sí an
MHULLÓG, nú an paiteana, an pláta beag,
déanta d'ór nú d'airgead, ar a gcuirtear an
Corp Naomhtha. Tugtar an CÓIFRÍN ar an
árthrach i n-a gcoimeádtar an Corp Naomhtha sa
tabarnacul. Tá dhá shaghas cóifrín ann, ceann
go bhfuil déanamh na cailíse air agus ceann eile
a bhíonn an-bheag agus é déanta i bhfoirm bosga.
'Sa chóifrín beag is eadh beirtear an Corp
Naomhtha chun na n-easlán. San OISTEANSÓIR
a cuirtear an Corp Naomhtha nuair a tugtar an
Beannachadh ó'n Naomh-Shácraimínt. Tá dhá dheas-
gnáith a bhaineann leis an Sácraimínt Bheannuighthe
ná deintí a chleachtadh san Eaglais fadó: an
Beannachadh ó'n Naomh-Shácraimínt agus an Dachad
Uaire an Chloig d'Adhradh. Nuair a tugtar an
BEANNACHADH cuirtear an Corp Naomhtha san
Oisteansóir ar an altóir, ar feadh tamaill bhig,
chun É d'adhradh, agus annsan árduightear É chun
an phobail a bheannú. Nuair a bhíonn an DACHAD
UAIRE AN CHLOIG D'ADHRADH ann bíonn an
Naomh-Shácraimínt ar an altóir san oisteansóir
chun A adhartha, ar feadh dachad uaire an chloig
as a chéile. Bíonn Árd-Aifrionn mar thosnú
agus mar chríochnú air. Árd-Aifrionn is eadh
an tAifrionn go gcantar cuid de agus go
mbíonn deocán agus fo-dheocán ag cabharú leis
an sagart 'á rádh. Má chanann an sagart féin
an tAifrionn, gan deocán ná fo-dheocán, tugtar
MISSA CANTÁTA air.


L. 134


CEACHT A SEACHT AGUS FICHE



Chun Comaoine do ghlacadh mar is cóir ní fuláir
dúinn bheith (1) ar staid na ngrást, agus (2) bheith
ar céalacan. (1) An té ná bíonn ar staid na
ngrást caithfidh sé dul chun Faoistine. Má
ráinigheann le duine, le linn dul chun Comaoine
dhó, cuimhneamh ar pheaca marbhthach éigin a dhear-
mhaid sé agus é ag Faoistin is féidir leis dul
chun Comaoine agus an peaca san d'innsint an
chéad uair eile a théidheann sé chun Faoistine.
Bíonn fonn ar a leithéid sin de dhuine a pheacaí
go léir d'innsint, agus bíonn croidhe-bhrú air
'n-a dtaobh go léir; d'á bhrigh sin gheibheann sé
maitheamhnas tré asbolóid an tsagairt, ach ó
'nuair go gcaithtear gach aon pheaca marbhthach a
chur ós cómhair an oide faoistine ní fuláir aon
peaca a dearmhadtar d'innsint sa chéad fhaoistin
eile. (2) Bíonn duine ar céalacan nuair ná
caitheann sé biadh ná deoch ó mheádhon-oidhche
roimh-ré. Bristear an céalacan má caithtear
biadh nú deoch tré dhearmhad chómh maith agus dá
gcaithtí le lán-toil é; agus is cuma cia'ca beag
nú mór de a caithtear — briseann an braon dighe
is lugha nú an ruainne bídh is lugha an céalacan.
Nuair a bhíonn daoine i mbaoghal báis, tugtar
Comaoine dhóibh agus iad gan bheith ar céalacan,
agus uaireanta is féidir do dhuine dhonaidhe ná
bíonn i n-aon bhaoghal báis Comaoine a ghlacadh
tar éis deoch d'ól. Tugtar LÓN ANMA nú
LÓN SPIORADÁLTA ar an gCorp Naomhtha


L. 135


nuair a ghlacann duine É agus é i gcontabhairt
báis Tugtar an t-ainm sin Air mar gur b'é
biadh an anma É i gcómhair an turais go dtí an
saoghal eile.



An tráthnóna roimh dul chun Comaoine ba chóir
dúinn bheith ag machtnamh go dúthrachtach ar an
gComaoine Naomhtha agus an iomad baoth-chainnte
do sheachaint. Ba mhaith an rud leabhar diadha
a léigheadh roimh dul a chodladh dhúinn, go mór-
mhór leabhar a thráchtann ar an Naomh-Shácraimínt
seo. An té ná fuil leabhar de'n tsórt san aige
is féidir leis na h-úrnaighthe roimh Comaoine a
léigheadh as leabhar úrnaighthe. An mhaidean a
ghlacann duine Comaoine ba cheart dó bheith san
eaglais roimh Aifrionn agus na h-úrnaighthe roimh
Comaoine do rádh le dúthracht agus le lán-
chroidhe. Dá fheabhas a dheineann duine ulla-
mhúchán roimh Comaoine, agus buidheachas a bhreith
le Dia tar éis Comaoine, is eadh is mó gheóbhaidh
sé toradh na Comaoine. Nuair a thiocfaidh an
t-am chun Comaoine a ghlacadh téidheadh sé suas
chun crannghail na h-altóra go modhmhail agus go
h-umhal, a dhá láimh le n-a chéile aige agus a
shúile ar an dtalamh aige. Tagadh sé ar a ghlúinibh
ag an gcrannghal agus tógadh sé an t-éadach 'n-a
dhá láimh agus cuireadh sé fé n-a ghiall é i dtreó
is dá dtuitfeadh an Abhlann Choisricthe tré aon
tonóisg go bhfanfadh Sé ar an éadach agus ná
tuitfeadh Sé ar an dtalamh. Nuair a thiocfaidh
an sagart chuige leis an gComaoine Naomhtha
árduigheadh sé a cheann agus cuireadh sé a theanga
amach, chun deise a thabhairt do'n tsagart ar an
Naomh-Abhlainn a chur ar a theangain. Ní ceart
do dhuine a bhéal a dhúnadh nó go dtógann an


L. 136


sagart a lámh siar uaidh. Annsan dúnadh sé a
bhéal agus sloigeadh sé an Naomh-Abhlainn go
crábhthach. Dá ráineóchadh go gceanglóchadh an
Naomh-Abhlainn d'á charball níor cheart dó a
mhéar a chur i n-aice Leis. Deineadh sé É 'fhliuchadh
agus É 'fhuasgailt go réidh le n-a theangain.
Féachadh sé chuige ná fanann an Naomh-Abhlainn ar
a theangain gan slogadh nó go leigheann Sé.
Caithfear É 'shlogadh.



Tar éis Comaoine filleadh sé go dtí n-a áit
féin agus tugadh sé tamall ag cur fáilte roimh
ár dTighearna atá anois 'n-a fhochair. Tar éis
tamaillín, má's maith leis é, is féidir leis na
"Úrnaighthe tar éis Comaoine" a léigheadh. Ní
h-é an fhaid chéadna fhanann gach éinne ag breith
bhuidheachais le n-ár dTighearna tar éis Comaoine,
mar nách í an chaoi chéadna a bhíonn ag gach éinne
chuige, ach níor chóir d'éinne gan ceathramha uaire
an chloig, an chuid is lugha dhe, do thabhairt ag
cómhrádh le n-ár dTighearna. Nuair a bhíonn ár
dTighearna i n-ár bhfochair sa Chomaoine Naomhtha
sin é an uair is fialmhaire É ag bronnadh A
ghrásta. Is mór an cosg é ar na grástaibh sin
má bhímíd ag smaoineamh go toilteanach ar neithibh
éigin eile. Tá logha iomlán le fághail as an
úrnaighe, "Ó a Íosa ró-mhaith, ró-mhilis, féach
mise, agus rl.," a rádh ós cómhair íomháighe nú
pictiúire Chríost ar Chrois an Chéasta. Ó 'nuair
gurb' ó'n gComaoine Naomhtha gheibhimíd na grásta
is luachmhaire agus is iomláine ba chóir dúinn
dul chun Comaoine chómh minic agus is féidir
linn. Éinne bhíonn ós cionn bliadhna gan dul
chun Comaoine bíonn sé cionntach i bpeaca
marbhthach. Deir Naomh Liguórí gur deacair


L. 137


d'éinne ná téidheann chun Comaoine uair sa mhí
peaca marbhthach a sheachaint, agus éinne gur mian
leis é féin a thabhairt suas ar fad do Dhia agus
dul chun cinn i bhfíréantacht ní mór dó dul chun
Comaoine uair sa tseachtmhain nú níos minicí.
Tugtar COMAOINE SPIORADÁLTA ar mian
dul chun Comaoine nuair nách féidir an Naomh-
Shácraimínt a ghlacadh dá ríribh. Is féidir do
dhuine gníomh Comaoine Spioradálta a dhéanamh
aon uair is maith leis agus i n-aon áit is maith
leis.



'Siad so na neithe atá ríachtanach i Sácraimínt
na hAithrighe:-



CÓMHARTHA SO-FHEICSE:



ADHBHAR — Na peacaí ínnstear go dólásach
i bhFaoistin, an croidhe-bhrú bhíonn ar an
aithrigheach, agus an breitheamhnas aithrighe a
ghlacann sé.



FOIRM — Asbolóid an tsagairt.



GRÁSTA.



Maitheamhnas pheacaí an ghnímh.



CRÍOST A UGHDAR:



Is léir gur b'é Críost do chuir an tsácraimínt
seo ar bun, ó sna focalaibh a labhair Sé leis
na hAsbolaibh lá A Eiseirighe: "Na daoine go
maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, tá siad maithte
dhóibh." — (Eóin, xx. 23.)



**Tugtar CIAN-ADHBHAR Sácraimínte na
hAithrighe ar na PEACAÍBH a bhíonn le h-innsint
sa bhFaoistin, agus DLÚTH-ADHBHAR na sácrai-
mínte sin ar ghníomharthaibh an pheacaigh nuair a


L. 138


théidheann sé chun faoistine. Ó 'nuair go bhfuil
'fhiachaibh ar dhuine peaca marbhthach innsint i
bhfaoistin, má bhíonn sé ar a anam, tugtar
ADHBHAR RÍACHTANACH ar an bpeaca san. Ní
gádh peaca so-loghthach ná aon pheaca marbhthach a
h-innseadh cheana d'innsint, ach má innstear is
LEÓR D'ADHBHAR é.



Tá dhá bhrigh leis an bhfocal AITHRIGHE. Ciall-
uigheann sé (1) an SÁCRAIMÍNT le n-a maith-
tear na peacaí a deintear tar éis Baiste, agus
(2) an SUBHÁILCE a chorruigheann croidhe dhuine
chun gráin a bheith aige ar a pheacaíbh. Tá cheithre
coda nú cheithre ranna i Sácraimínt na hAithrighe:
(1) Faoistin, (2) Croidhe-bhrú, (3) Leór-ghníomh,
agus (4) Asbolóid an tsagairt.


L. 139


CEACHT A hOCHT AGUS FICHE



FAOISTIN an chéad roinn de Shácraimínt na
haithrighe. Tugtar Faoistin ar fhoillsiú na
bpeacaí do'n tsagart. Is léir ó fhocalaibh ár
dTighearna go bhfuil 'fhiachaibh orainn ár bpeacaí
d'innsint do'n tsagart má's maith linn maith-
eamhnas d'fhághail ionnta. Dubhairt Sé le n-a
Asbolaibh: "Na daoine go maithfidh sibh a
bpeacaí dhóibh táid siad maithte dhóibh agus na
daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan
maitheamh dóibh táid siad gan maitheamh dóibh."
Nuair a labhair Sé na focail seo do dhein Sé
breitheamh de'n Oide Faoistine. Is fé sin d'fhág
Sé breith a thabhairt ar cad iad na peacaí is cóir
a mhaitheamh agus cad iad na peacaí is cóir
d'fhágaint gan maitheamh. Ní féidir do'n Oide
Faoistine an bhreith sin a thabhairt mara n-innstear
na peacaí dhó. Ní fuláir dúinn ár bpeacaí
innsint: (1) go FÍRINNEACH, MACÁNTA .i. iad
innsint go h-osgailte, gan cur leó ná baint
uatha, ná leath-sgéal a thabhairt ionnta; (2) iad
innsint go hUMHAL .i. 'fhios a bheith againn nách
fiú sinn go maithfeadh Dia ár bpeacaí dhúinn;
agus (3) iad innsint go hIOMLÁN .i. gach peaca
marbhthach a dheineamair ó'n uair dheireannach a
dheineamair deagh-Fhaoistin a chur ós cómhair an
tsagairt. An té a cheile-ann oiread agus aon
pheaca marbhthach amháin go toilteanach i bhFaoistin
ní maithtear aon pheaca dhó — ní maithtear na
peacaí admhuigheann sé ach chómh beag agus maith-


L. 140


tear na peacaí a cheileann sé. Tá 'fhiachaibh
orainn, fara sin, innsint cad é an méid uaire
a dheineamair gach peaca marbhthach; agus má bhí
aon bhaint aige le duine, nú le h-áit, nú le rud
ar bith eile, a mhéadóchadh nú a luigheadóchadh coir
nú mailís an pheaca, caithfear é innsint. Níl
aon cheangal ar dhuine a pheacaí so-loghthacha
d'innsint, ach ba mhaith an rud iad-san d'innsint
leis. Má dhearmhadann duine peaca marbhthach
d'innsint ní h-aon díoghbháil é; innseadh sé é an
chéad uair eile a théidheann sé chun Faoistine.



Níl aon chuid de'n tSácraimínt seo is ríach-
tanaighe ná an CHROIDHE-BHRÚ, mar gan croidhe-
bhrú ní féidir peaca do mhaitheamh i n-aon chor.
Tá dhá shaghas croidhe-bhrú ann — croidhe-bhrú
IOMLÁN agus croidhe-bhrú NEAMH-IOMLÁN. Is
é FÁTH ár gcroidhe-bhrú (.i. an rud fé ndeara
dhúinn an croidhe-bhrú a bheith orainn) an rud a
dheineann an deifiridheacht idir croidhe-bhrú iomlán
agus croidhe-bhrú neamh-iomlán. Bíonn croidhe-
bhrú iomlán ar dhuine nuair a bhíonn brón agus
tuirse air i dtaobh feirge a chur ar Dhia toisg
grádh a bheith aige do Dhia ós cionn gach uile nídh.
Bíonn croidhe-bhrú neamh-iomlán ar dhuine nuair a
bhíonn fáth éigin spioradálta, níos ísle ná grádh
Dé, leis an mbrón agus an tuirse a chuireann a
pheacaí air; cuir i gcás, eagla go gcuirfeadh
Dia go h-ifrionn é, nú ná tabharfadh Sé radharc
na bhFlaitheas go bráth dhó. An té go mbíonn
croidhe-bhrú iomlán air maithtear a pheacaí marbh-
thacha dhó lasmuigh de Shácraimínt na hAithrighe, ach
an té ná bíonn ach croidhe-bhrú neamh-iomlán air
ní maithfear a pheacaí marbhthacha dó gan dul chun
Faoistine. Agus fiú amháin nuair a théidheann


L. 141


duine chun Faoistine is fearra dhó croidhe-bhrú
iomlán a bheith air ná croidhe-bhrú neamh-iomlán,
mar is mó de'n phianós aimsire a bhíonn tuillte
ag an bpeaca a maithfear de bhárr an chroidhe-bhrú
iomlán ná de bhárr an chroidhe-bhrú neamh-iomlán.
Téidheann dá rud chun croidhe-bhrú do dhéanamh:
(a) fuath agus gráin do'n pheaca agus brón agus
tuirse i dtaobh é dhéanamh, agus (b) rún daingean
gan tuitim sa pheaca airís. (a) Is cuma cia'ca
croidhe-bhrú iomlán nú croidhe-bhrú neamh-iomlán
a bhíonn i gceist againn; agus má's croidhe-bhrú
iomlán a bhíonn i gceist, is cuma cia'ca i
bhFaoistin é nú lasmuigh de'n bhFaoistin: má's
croidhe-bhrú fírinneach é ní fuláir an doilgheas
(1) a theacht ó'n gcroidhe, (2) bheith ós cionn nádúra,
(3) bheith i n-árd-chéim nú ós cionn gach doilghis
eilc, agus (4) bheith coitchiann. (1) Caithfidh sé
TEACHT Ó'N gCROIDHE. Is ionann é sin nú a
rádh go gcaithfidh an croidhe-bhrú bheith dá ríribh.
Ní h-aon mhaitheas focail an Ghním Chroidhe-Bhrú a
labhairt maran dá ríribh a labhartar iad. (2)
Caithfidh sé bheith ÓS CIONN NÁDÚRA. Is ionann
é sin nú a rádh go gcaithfidh sé teacht ó ghrástaibh
Dé agus go gcaithfidh fírinne éigin d'ár
gCreideamh bheith mar bhun nú mar fháth leis. Dá
mbéadh an croidhe-bhrú orainn tré n-ár ngrádh do
Dhia nú tré eagla go gcuirfeadh Dia pianós
orainn, bhéadh sé ós cionn nádúra. Ach dá mba
díoghbháil éigin saoghalta ba fháth le n-ár gcroidhe-
bhrú — an droch-cháil a thug an peaca orainn i
measg na gcómharsan, nú an teinneas cuirp, a
thairing sé orainn, cuir i gcás, nú aon rud de'n
tsaghas san — ní bhéadh ann ach croidhe-bhrú de réir
nádúra agus ní bhéadh maith ná brigh ann chun


L. 142


peaca do mhaitheamh. (3) Caithfidh sé bheith i
nÁRD-CHÉIM. Is ionann é sin nú a rádh go
gcaithfimíd níos mó de ghráin agus d'fhuath a
bheith againn do'n pheaca ná d'aon droich-nídh
eile ar an saoghal. Ní gádh dhúinn an brón a
bhíonn orainn mar gheall ar an bpeaca do
mhothú go corportha, ní lugha ná mar is gádh
dhúinn deóra a shileadh, ná tocht guil a theacht
orainn. Má bhíonn an oiread san de ghráin
againn ar an bpeaca, ná fuil nídh ar domhan a
chuirfeadh 'fhiachaibh orainn peaca marbhthach do
dhéanamh go bráth airís, ní baoghal ná go mbéidh
ár gcroidhe-bhrú i n-árd-chéim. (4) Caithfidh ár
gcroidhe-bhrú bheith COITCHIANN. Is ionann é sin
nú a rádh go gcaithfimíd croidhe-bhrú a bheith
orainn mar gheall ar gach aon pheaca marbhthach
d'ár dheineamair ó'n uair dheireannach a dhein-
eamair deagh-Fhaoistin. Dá mbéadh dhá pheaca
marbhthach ar anam duine agus ná béadh croidhe-
bhrú air ach mar gheall ar cheann aca ní maithfí
aon cheann aca dhó. (b) An rún a dheinimíd an
peaca do sheachaint ní fuláir é bheith (1) daingean,
(2) dúthrachtach, agus (3) i n-aghaidh gach uile pheaca
marbhthach. (1) Ní fuláir é bheith DAINGEAN.
Is ionann san nú a rádh go gcaithfimíd aigne a
bheith againn, le congnamh grásta Dé, an peaca
do sheachaint feasta pé rud imtheóchaidh orainn.
(2) Ní fuláir é bheith DÚTHRACHTACH. Is ionann
é sin nú a rádh go gcaithfimíd ár ndíthcheall a
dhéanamh ar ár rún do chur i bhfeidhm agus go
mórmhór caithfimíd ócáidí an pheaca do sheachaint.
(3) Ní fuláir an rún a bheith I nAGHAIDH AN UILE
PHEACA MARBHTHACH. Is ionann é sin nú a rádh
go gcaithfimíd rún a bheith againn na peacaí


L. 143


marbhthacha dheineamair cheana agus gach aon pheaca
marbhthach eile do sheachaint feasta.



An LEÓR-GHNÍOMH an tríomhadh cuid de Shác-
raimínt na hAithrighe. Tugtar leór-gníomh ar an
gcúiteamh a thugaimíd do Dhia san easonóir a
thugann an peaca Dhó. Is leis an mBREITH-
EAMHNAS AITHRIGHE a chuireann an sagart
orainn i bhFaoistin agus le deagh-ghníomarthaibh
eile a dheinimíd an leór-ghníomh a chúiteamh.
Nuair a théidhmíd chun Faoistine caithfimíd an
breitheamhnas aithrighe a ghlacadh ó'n oide faoistine
le h-intinn é 'chóimhlíonadh. Má thugaimíd failighe
ann 'n-a dhiaidh san ní dhéanfaidh san droch-
Fhaoistine de'n Fhaoistine sin, mar nuair a
maithtear peaca fanann sé maithte. Ar a shon
san is uile bhéimís Cionntach i bpeacadh dá bhfág-
aimís an breitheamhnas aithrighe gan cóimlíonadh.
Dá gcuirfí breitheamhnas aithrighe trom ar dhuine
mar gheall ar pheaca marbhthach béadh sé cionntac
i bpeaca marbhthach dá bhfágadh sé é gan cóimh-
líonadh tré fhailighe thoilteanach. Dá mba mar
gheall ar pheacaíbh so-loghthacha amháin a cuirfí an
breitheamhnas aithrighe air, ba pheaca sho-loghthach
failighe thabhairt ann. Is annamh a dheineann an
breitheamhnas aithrighe cúiteamh iomlán a thabhairt
do Dhia i n-ár bpeacaíbh, ach an méid a bhíonn i
n-easnamh air is féidir é dhéanamh suas le
gníomharthaibh aithrighe uainn féin (úrnaighthe, déirc,
trosgadh, agus rl.), nú le toradh logha. Mara
ndeintear caithfear é chúiteamh i bPurgadóireacht.



ASBOLÓID an tSAGAIRT an ceathramhadh cuid
de'n tSácraimínt seo. Ní gádh puinn a rádh mar
gheall air. Nuair a labharann an sagart focail
na h-asbolóide, i n-ionad Chríost féin is eadh


L. 144


labharann sé. Tar éis focail na hAsbolóide a
rádh as Laidean guidheann sé go raghadh Páis
Chríost, toradh saothair na naomh agus deagh-
oibreacha an pheacaigh féin chun sochair dó agus
chun maitheamhnais a pheacaí.



Tá trí neithe gur cheart do dhuine a dhéanamh
mar ullmhú air féin i gcómhair Faoistine. Ní
mór dó (1) cabhair d'iarraidh ar Dhia, (2) a choinn-
sias a sgrúdú, agus (3) é féin a spriucadh chun
croidhe-bhrú i dtaobh a pheacaí. (1) Ní mór dó
grásta d'iarraidh ar Dhia, mar gan grásta Dé ní
féidir dúinn éinnídh a dhéanamh ar mhaithe le n-ár
n-anam. (2) Ní mór dó a choinnsias a sgrúdú.
Tugaimíd COINNSIAS ar an gcómhacht san atá i
n-ár n-anam, le n-a dtugaimíd breith ar cia'ca
olc nú maith a bhíonn aon ghníomh a dheinimíd.
Deineann duine a choinnsias a SGRÚDÚ nuair a
thugann sé iarracht ar a fhios 'fhághail cad é an
méid peacaí a bhíonn déanta aige. Éinne ná
téidheann ach go h-annamh chun Faoistine, níor
mhisde dhó é féin a cheistiú i dtaobh gach aithne de
sna Deich nAitheantaibh i ndiaidh a chéile; agus de
réir mar thagann sé chun gach aithne fé leith aca,
a fhiafraighe dhe féin ar bhris sé an aithne sin,
agus (má bhris) an minic a bhris sé í. Tosnuigheadh
sé mar seo, cuir i gcás, leis an gcéad aithne:
Ar léigheas aon leabhair a chuirfeadh mé i gcon-
tabhairt mo Chreidimh a chailleamhaint? Ar thugas
d'éinne eile le léigheadh iad? An minic a dheineas
é sin? agus rl. Annsan tagadh sé chun an dara
h-aithne agus fiafruigheadh sé dhe féin: Ar thugas
masladh d'ainm Dé le h-easgainíbh? agus rl. Leanadh
sé air mar sin chun go mbéidh ceistiú déanta
aige air féin i dtaobh Deich nAitheanta Dé.


L. 145


Ceistigheadh sé é féin ar an gcuma gcéadna i
dtaobh Aitheanta na hEaglaise, agus annsan
deineadh sé é féin a sgrúdú i dtaobh na neithe a
bhaineann le n-a shlighe-bheatha féin. Má théidheann
duine go minic chun Faoistine, ní gádh dhó an
mion-sgrúdú so go léir a dhéanamh. (3) Tar éis
a choinnsias a sgrúdú is cóir do dhuine é féin a
spriucadh chun doilgheasa nú croidhe-bhrú i dtaobh
fearg a chur ar Dhia. Ní h-aon mhaith do dhuine
dul chun Faoistine gan croidhe-bhrú nú doilgheas
a bheith air. Ní fuláir dúinn, d'á bhrigh sin, gan
failighe a thabhairt sa chuid sin de'n ullmhúchán.
Chun sinn féin a spriucadh chun croidhe-bhrú deini-
mís machtnamh go dúthrachtach ar fháthanaibh an
doilghís nú an chroidhe-bhrú: gur chuir ár bpeacaí
fearg ar Dhia atá ró-ghrádhmhar, ró-mhaith, agus
ró-iomlán ann féin; nú gur chuireamair fearg
ar Dhia le n-ár bpeacaíbh, tar éis ar thaisbeáin
Sé de cheanamhlacht agus de ghrádh dhúinn; nú,
gur rud ró-ghráineamhail agus ró-uathmhar ann
féin an peaca; nú, gur bh'é an peaca ba bhun
le Páis agus Bás ár dTighearna; nú, go
gcaillimíd gach aon teideal a bhí againn chun
flaitheas Dé nuair a dheinimíd peaca marbhthach,
agus go gcuirimíd sinn féin i gcontabhairt ár
ndamanta i n-ifrionn i gcaitheamh na síoruidheachta.
Toghadh gach éinne an fáth, nú na fáthana, is feárr
a dhéanfaidh é spriucadh chun croidhe-bhrú.



Tar éis é féin a spriucadh chun croidhe-bhrú
(agus ní bhíonn aon mhaith sa chroidhe-bhrú gan rún
daingean an peaca do sheachaint feasta) bíonn
duine ullamh chun dul chun Faoistine. Ba cheart
dó teacht ar a ghlúinibh, Fíoghar na Croise a
dhéanamh air féin, agus beannacht an tsagairt


L. 146


d'iarraidh mar seo: "Beannuigh mé, 'Athair, de
bhrigh gur pheacuigheas." Annsan abradh sé an
Fhaoistin Choitchiann (Admhuighim do Dhia Uile-
Chómhachtach, agus rl.) chómh fada síos leis na focalaibh
"tré m' choir féin, agus rl." Annsan innseadh sé
do'n tsagart cathain roimhe sin a bhí sé ag
faoistin, cia'ca tugadh asbolóid dó nú nár
tugadh, cia'ca chúitigh sé a bhreitheamhnas aithrighe
nú nár chúitigh. Annsan deineadh sé, a pheacaí
d'innsint, gan feitheamh le ceisteachán ó'n sagart,
gan bheith ró-leadaránach, agus gan ainm éinne
eile a luadh. Is malluighthe agus is ró-sgann-
ramhail an rud d'éinne peaca marbhthach a cheilt i
bhfaoistin. Ní gádh dhó eagla ná náire a bheith
air. Ní baoghal dó go sgéithfear rún air, mar
tá 'fhiachaibh ar an oide faoistine bás d'fhulang
níos túisge ná labharfadh sé lasmuigh de'n
fhaoistin aon fhocal i dtaobh éinnídh go bhfuair sé
eólas air i bhfaoistin. Nuair ná bíonn le
h-innsint ag duine ach peacaí so-loghthacha agus
go mbíonn eagla air ná fuil croidhe-bhrú a dhóthain
air mar gheall ortha, ba chóir dó peaca éigin, a
dhéin sé i gcaitheamh a shaoghail, d'innsint — peaca
éigin a maitheadh dó cheana, agus go bhfuil
croidhe-bhrú a dhóthain air 'n-a thaobh. An té ná
h-innseann i bhfaoistin ach peacaí so-loghthacha
agus ná bíonn croidhe-bhrú air mar gheall ar aon
cheann aca deineann sé droch-faoistine, mar
cuireann sé an tsácraimínt ar neamh-nídh. Tar
éis a pheacaí d'innsint do'n tsagart ba chóir do
dhuine éisteacht go h-umhal agus go h-aireach le
n-a chómhairle, agus Gníomh Croidhe-Bhrú do rádh,
go dúthrachtach, le linn asbolóide d'fhághail. Dá
mbéadh sé de mhí-ádh ar dhuine go gceilfeadh sé


L. 147


peaca marbhthach i bhfaoistin, nú dá ndeineadh sé
faoistin naomh-aithiseach ar aon tslighe eile, bhéadh
'fhiachaibh air innsint do'n oide faoistine go raibh
sé Cionntach sa naomh-aithis sin, agus a mhinicí a
bhí sé cionntach ann, agus innsint dó fairis-sin
gach aon pheaca marbhthach a dhein sé ó'n uair
dheireannach a dhein sé faoistin mar ba chóir. Dá
ráineóchadh le duine peaca do dhearmhad, agus é
ag déanamh faoistine, ní h-aon díoghbháil é, mar
nár deineadh go toilteanach é, agus ní gádh dhó
aon chathú a bheith air 'n-a thaobh. Do maitheadh an
peaca san i dteannta na bpeacaí eile. Tá
'fhiachaibh air, ámhthach, an peaca san d'innsint an
chéad uair eile a théidheann sé chun faoistine.



*I measg na ndaoine ná baineann leis an
Eaglais Chaitilicidhe ní maith a tuigtear cad is
logha ann. Is dóigh le cuid aca gur maitheamhnas
peacaí é. Is dóigh le n-a thuilleadh aca gur cead
é, a tugtar do dhaoinibh áirithe, peacaí éigin a
dhéanamh. Tá 'fhios ag Caitilicidhthibh, dar ndóigh,
nách aon rud de'n tsórt san logha. Is minic
fhanann pianós aimsire le fulang de bhárr pheaca
marbhthaigh tar éis maitheamhnas d'fhághail i gcoir an
pheaca, agus sa phianós shíoruidhe i n-ifrionn do
thuill sé. Tá trí shlighe 'n-ar féidir an pianós
aimsire sin do chúiteamh: (1) Is féidir le duine
oibreacha aithrighe a dhéanamh uaidh féin — trosgadh
a dhéanamh, nú déirc a thabhairt do bhochtaibh, nú
pianta d'fhulang ar son Dé; nú, (2) is féidir
leis logha d'fhághail. (3) Mara gcúitighthear mar
sin é ar an saoghal so, caithfear é chúiteamh
i bPurgadóireacht ar an saoghal eile. D'á bhrigh
sin, nuair gheibheann duine logha ní h-é an peaca
maithtear dó i n-aon chor, ach an pianós aimsire,


L. 148


nú cuid de'n phianós aimsire, fhanann i ndiaidh
an pheaca. Tugtar LÁN-LOGHA nú LOGHA
IOMLÁN ar an logha 'fhuasgalann duine ó'n
bpianós aimsire GO LÉIR, agus LOGHA NEAMH-
IOMLÁN ar an logha 'fhuasgalann duine ó CHUID
de'n phianós aimsire.



**Is le cómhacht na hEaglaise a tugtar
réidhteach an phianóis aimsire dhúinn nuair a
gheibhmíd logha; mar cuireann an Eaglais chun
sochair agus tairbhe ár n-anma, cuid de mhór-
chúiteamh agus mór-luach Páise agus Báis Chríost,
agus de luach-saothair na naomh, fhanann san
Eaglais ar a dtugtar CISTE na hEaglaise nú
SAIDHBHREAS na hEaglaise. Thug ár dTighearna
Íosa Críost cúiteamh gan teóra d'Á Athair
Síoruidhe i bpeacaíbh an chine daonna nuair a
fuair Sé bás ar ár son. Ó 'nuair gur bh'é Dia
É níor ghádh Dhó ach an teinneas ba lugha ar domhan
d'fhulang, chun ceart Dé a chúiteamh thar cheann
an chine daonna, agus chun níos mó grásta do
thuilleamh ná mar theastóchadh chun an chine daonna
go léir a shaoradh; mar bhí luach gan teóra ins
gach aon rud d'ár dhein Sé. D'fhág ár Slánuigh-
theóir ag an Eaglais le riar an chuid sin de
thoradh a Pháise ná raibh gádh leis chun ceart Dé
a chúiteamh. Do dhein an Mhaighdean Muire agus
na naoimh eile tré chabhair ó ghrástaibh Dé níos
mó de chúiteamh le Dia ná mar ba ghádh dhóibh
féin. Fanann san san Eaglais mar an gcéadna
i dteannta mór-luach Pháise agus Báis ár
dTighearna. Is as an stór san de luach-saothair
Chríost agus na naomh íocann an Eaglais thar ár
gceann nuair a thugann sí logha dhúinn. Do
chuireadh an Eaglais fadó breitheamhnas CANÓNDA


L. 149


aithrighe ar dhaoinibh mar gheall ar pheacaíbh móra.
Cialluigheann an focal canóin TUISE nú
RIAGHAIL, agus tugtar breitheamhnas "canónda"
aithrighe ar an mbreitheamhnas aithrighe seo, mar go
raibh a phianós aithrighe féin ceapaighthe i gcómhair
gach aon tsaghas peaca marbhthaigh. Bhíodh an
pianós san an-dhian agus an-dheacair le cúiteamh,
agus is minic a thógadh sé aimsir an-fhada é
'chúiteamh. Ba mhinic a cuirtí mar bhreitheamhnas
aithrighe ar dhuine é bheith ag déanamh roda áirithe
ar feadh seacht mbliadhan agus seacht ndachad lá,
Nuair a thugann an Eaglais anois logha seacht
mbliadhan agus seacht ndachad lá, nú logha céad
lá, agus rl., tugann sí réidhteach dúinn san oiread
san de'n phianós aimsire agus réidhteóchadh pianós
seacht mbliadhan agus seacht ndachad lá, agus rl., de
réir an bhreitheamhnais chanónda aithrighe. Tá
cómhacht ag Easbogaibh agus ag Cáirdenéalaibh
logha áirithe a bhronnadh, ach is ag an bPápa amháin
atá lán-chómhacht an uile logha a bhronnadh.



*Tugtar logha NEITHEAMHAIL ar an logha a
gheibhtear mar gheall ar nídh éigin, cuir i gcás,
paidirín coisricthe. Tugtar logha PEARSANTA
ar an logha a tugtar fé leith do dhaoinibh áirithe,
mar atá, na daoine a bhaineann le cuallacht
éigin spioradálta. Bíonn an logha ÁITEAMHAIL
nuair a caithtear turas a thabhairt ar áit éigin
áirithe, eaglais cuir i gcás, chun é thuilleamh. Tá
logha an Iúbail, agus an logha a tugtar do
dhaoinibh a bhíonn ar bhruach bháis, agus an logha a
tugtar le Beannachadh an Phápa, ar na loghaibh is
iomláine agus is mó tábhacht d'á dtugtar dúinn.
Chun logha d'fhághail ní fuláir do dhuine: (1) bheith
'n-a Chaitilicidhe, (2) a chur roimis an logha


L. 150


d'fhághail, (3) na deagh-oibreacha órduightear a
dhéanamh, agus (4) bheith ar staid na ngrást (go
h-áirithe le linn na ndeagh-oibreacha a chríochnú).
Chun logha iomláin d'fhághail ní fuláir do dhuine
fuath a bheith aige d'á pheacaíbh so-loghthacha, agus
is annamh a bhíonn sé le fághail gan duine a dhul
chun Faoistine agus chun Comaoine. Is féidir
geall leis gach aon logha a gheibhmíd a bhronnadh ar
anamachaibh na marbh i bPurgadóireacht. Tugaid
fuasgailt ortha ó n-a bpiantaibh de réir mar
is toil le Dia tré n-A Mhór-Cheart agus A
Mhór-Thrócaire fuasgailt a thabhairt ortha.


L. 151


CEACHT A NAOI AGUS FICHE



**Tugtar OLA DHÉANNACH ar an gcúigeadh
sácraimínt, mar gur gnáthach gur b'í an tsácrai-
mínt í is déannaighe a ghlacann duine de sna
sácraimíntibh go mbaineann ola choisricthe leó.



'Siad so na neithe atá ríachtanach i nOla
Dhéannach:-



CÓMHARTHA SO-FHEICSE:



ADHBHAR — Ola choisricthe — ola na n-easlán.



FOIRM — "Tríd an ungadh naomhtha so, agus
tré n-A thrócaire ró-ghrádhmhar féin, go dtuga
Dia maitheamhnas duit i ngach peaca d'ár
dheinis le d' radharc," agus rl.



GRÁSTA:



Tugann sí neart agus furtacht do'n anam
le linn báis agus tugann sí grásta chun bás
naomhtha d'fhághail. Fuasglann sí ó chuid de'n
pianós aimsire nú uaidh go léir uaireanta.



CRÍOST A hÚGHDAR:



Ní fios cathain a chuir Críost an tsácraimínt
seo ar bun, ach is cinnte ó fhocalaibh Shéamuis
Naomhtha gur b'é Críost a chuir ar bun í, mar
bhí sí 'n-a Sácraimínt ag na hAsbolaibh, rud ná
béadh gan Críost 'á cur ar bun. 'Siad so
focail an Asboil, Naomh Séamus: "A' bhfuil
éinne i nbhúr measg atá breóidhte? Cuireadh
sé fios ar shagartaibh na hEaglaise agus


L. 152


deinidís guidhe ós a chionn, 'á iongadh le h-ola
i n-ainm an Tighearna, agus tabharfaidh guidhe an
chreidimh saor an duine easlán agus tógfaidh
an Tighearna suas é, agus má bhíonn peaca air
gheóbhaidh sé maitheamhnas ann." — Séamus, v. 14,
15.



**I dteannta na ngrásta atá ainmnighthe
againn is minic a thugann an Ola Dhéannach grásta
eile dhúinn; is minic a thugann sí maitheamhnas
do dhuine i bpeacaí an ghnímh, ná bíonn maithte
dhó, agus fós sláinte cuirp má's é toil Dé é. Ní
tugtar an tsácraimínt seo d'éinne ach do dhuine
a bhíonn i mbaoghal báis tré bhreóidhteacht. D'á
bhrigh sin ní féidir do shaighdiúir a bhíonn ag dul
isteach sa chath, ná do dhaoinibh a bhíonn le cur
chun báis, í 'ghlacadh. Ach dá mbéadh saighdiúir ag
fághail bháis ar pháirc an buailte d'fhéadfaí an
Ola Dhéannach a chur air. Is é an sagart ministir
na sácraimínte seo. Cuireann sé Ola Choisricthe
ar na súilibh, ar na cluasaibh, ar pholáiríbh na
sróna, ar an mbéal, ar chroidhe an dá dheárnan,
agus ar bhonn an dá chos. Ungtar na baill
beatha so mar gur leó is gnáthaighe do dhuine
peaca marbhthach a dhéanamh. Oleum Infirmorum
nú OLA NA nEASLÁN an t-ainm a tugtar ar
an ola le n-a bronntar an tsácraimínt seo
Coisriceann an t-Easbog í an Dardaoin roimh
Cháisg. Coisriceann sé dhá shaghas ola eile an
lá céadna — CRIOSMA, agus Ola na gCAITE-
CIÚMNACH, an ola a cuirtear i bhfeidhm in sna
deasgnáithibh a bhaineann le Baiste, ag coisreacan
uisge baistidhe, agus ag cur Órd Beannuighthe ar
shagartaibh.


L. 153


**Ba chóir fios a chur ar an sagart gan
mhoill chómh luath agus chítear go bhfuil baoghal
báis ar dhuine. B'olc go léir an rud é gan fios
a chur air nó go mbéadh an duine ag fághail bháis.
Nuair a bhíonn súil leis an sagart ba cheart
seómra an duine bhreóidhte d'ullmhú 'n-a chómhair.
Bíodh bórd cómhgarach do'n leabaidh agus é
clúdaighthe le línéadach bán glan. Ar an mbórd
san bíodh cros, dhá choinneal céireach, fíor-uisge
agus uisge coisreacan, agus tubháile glan.
Tugann an sagart an Naomh-Shácraimínt leis,
chun Comaoine 'thabhairt mar Lón Anma do'n
duine bhreóidhte, agus ba cheart do mhuinntir an
tighe gan dearmhad a dhéanamh air sin. Chómh luath
agus bhíonn Faoistin an duine bhreóidhte éistighthe
is ceart do mhuinntir an tighe teacht ar a
nglúinibh mórdtímcheall na leabtha agus bheith ag
guidhe go dúthrachtach ar a shon 'n fhaid a bhíonn
an sagart ag tabhairt Chomaoine dó, agus ag
cur na hOla air. Má's féidir leis an nduine
bhreóidhte féin é, ba cheart dó é féin a chorruighe
chun croidhe-bhrú le linn Ola Dhéannach a ghlacadh
dhó. Tar éis na hOla a chur ar dhuine, is gnáthach
leis an sagart an Bheannachadh Dhéannach a thabhairt
dó. Tá logha iomlán le fághail ag an té gheibheann
an Bheannachadh so.



'Siad so na neithe atá ríachtanach sa nÓrd
Beannuighthe:-



CÓMHARTHA SO-FHEICSE:



ADHBHAR — Lámha an Easbuig 'á gcur ar an
té a ghlacann an tsácraimínt, agus a lámha
féin 'á gcur ar na h-árthraighibh beannuighthe.



FOIRM — Guidhe an easbuig.


L. 154


GRÁSTA:



Cómhacht agus grásta chun obair an tsagairt
a dhéanamh.



CRÍOST A ÚGHDAR:



Is léir gur chuir ár dTighearna an tsácraimínt
seo ar bun, óir dubhairt Sé le n-A Asbolaibh:
"Fé mar a sheól an tAthair mise seólaim-se
sibh-se." — (Eóin, xx. 22, 23.) Taisbeántar é
mar an gcéadna ó Eipistilibh Naoimh Pól chun
Timoteuis. Deireann an tAsbol le n-a
dheisgiobal gan failighe a thabhairt ins na
grástaibh a fuair sé tré lámhaibh an Asboil
féin, ach iad do chorruighe suas 'n-a anam.



**Bronntar cómhacht na sácraimínte seo, céim
i ndiaidh céime — seacht gcéimeana nú seacht
n-úird ar fad. Sin é an fáth go dtugtar Órd
Beannuighthe uirthe. Tugtar na MION-ÚIRD
ar na cheithre-h-órdaibh aca is túisge a ghlactar,
agus na hÚIRD BHEANNUIGHTHE ar na trí
h-órdaibh eile. 'Siad so na cheithre Mion-Úird:
(1) Dóirseóir, (2) Léightheóir, (3) Togharmach, (4)
Acalaidhe. 'Siad so na trí hÚird Beannuighthe:
Órd Fó-Dheocáin, Órd Deocáin, agus Órd
Sagairt. Ní fuláir BEARADH BAITHIS a ghlacadh
sar a nglactar aon órd. Ní h-órd i n-aon chor
an Bearadh Baithis, ach ullmhú ar dhuine i gcómhair
na n-órd. Is duine de'n chléir an té go
ndeintear Bearadh Baithis air. 'Sé an tEasbog
amháin is ministir na sácraimínte seo. Níor
chóir d'éinne Órd Beannuighthe a ghlacadh gan
GAIRM Ó DHIA nú glaodhach ó Dhia. Tá an
ghairm chéadna ríachtanach do'n duine a chuireann


L. 155


roimis a bheatha do chaitheamh fé riaghail coisricthe
i seirbhís Dé. Tá cómharthaí áirithe ann le n-a
n-aithnightear de ghnáth an Ghairm sin. Cómhartha
aca is eadh fonn agus mian a bheith ar an duine
a shaoghal a thabhairt i seirbhís Dé, agus a bheatha
a bheith diadha, deagh-shomplach. Cómharthaí eile is
eadh é bheith foghlumtha a dhóthain, agus deagh-
shláinteach a dhóthain, chun oibre Dé a chur chun
cinn mar is cóir; agus cead a bheith aige ó n-a
oide faoistine. An té ghlacann Órd Beannuighthe
nú a théidheann fé riaghail choisricthe gan gairm
ó Dhia cuireann sé é féin i gcontabhairt a
dhamanta. Is mór go léir an peaca a dheineann
na h-aithreacha agus na máithreacha a chuireann
'fhiachaibh ar a gcloinn Órd Beannuighthe a ghlacadh
'n-a n-aindeóin, nú dul fé riaghail choisricthe 'n-a
n-aindeóin. Mar an gcéadna, is mór an peaca
d'aithreachaibh agus do mháithreachaibh a chuireann
cosg le n-a gcloinn nuair is mian leó a saoghal
do thabhairt i seirbhís Dé.



**'Siad so na neithe ríachtanacha i sácraimínt
an Phósta:-



CÓMHARTHA SO-FHEICSE:



ADHBHAR — An toil a thugann gach duine de'n
lánamhain bheith mar chéile pósta ag an nduine
eile.



FOIRM — An toil a thugann gach duine de'n
lánamhain, i bhfocalaibh nú i gcómharthaibh, an
duine eile a ghlacadh mar chéile pósta.



GRÁSTA.



Tugann sé grásta do'n lánamhain, grádh a
thabhairt d'á chéile, bheith dílis d'á chéile, agus a
ndualgaisí d'á gcloinn a chóimhlíonadh.


L. 156


CRÍOST A ÚGHDAR.



Ní fios cathain a chuir ár dTighearna an
tsácraimínt seo ar bun, ach tá fhios againn
gur chuir Sé ar bun í ó n-A fhocalaibh féin:
"An nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine
é." — (Maitiú, xix. 6.) Do chuir Naomh Pól
ceangal an phósta i gcompráid leis an
gceangal atá idir Chríost agus an Eaglais. —
(Ephes., v. 31, 32.)



**Is féidir pósadh a bheith NEAMH-DHLIS-
TEANACH (.i. i n-aghaidh dlighe Dé) agus, 'n-a
aindeóin sin is uile, é bheith SEASAMHACH (.i. é
bheith 'n-a fhíor-phósadh i láthair Dé). Dá bpósadh
duine agus é i bpeaca marbhthach do phósadh sé
go neamh-dhlisteanach, ach ní fhágfadh san é gan
pósadh go fírinneach. Dá ndeineadh daoine, a
bhéadh a trí is a trí dhe ghaol le n-a chéile, iarracht
ar phósadh gan faoisiú d'fhághail, ní bhéadh an
pósadh seasamhach ná dlisteanach. Is mór an
peaca é sácraimínt an phósta do ghlacadh go
neamh-dhlisteanach. Ní leanann beannacht Dé é,
agus tugann sé mí-ádh agus mallacht ar an
lánamhain a bhíonn cionntach. Ní féidir ceangal
an phósta do bhriseadh nó go bhfaighidh duine de'n
lánamhain bás. — "An nídh a cheangail Dia ná
sgaoileadh duine é." Lasmuigh de'n Eaglais
Chaitilicidhe deintear iarracht go minic ar cheangal
an phósta do sgaoileadh le cómhacht dlighe an
stáit, ach i n-aindeóin díthchill an dlighe fanann
cuing an phósta. Tá 'fhiachaibh ar an lánamhain
pósta maireachtaint i bhfochair a chéile. Ba
pheaca marbhthach dóibh sgarmhaint ó n-a chéile gan
chúis an-mhór go léir. Nuair a bhíonn an chúis sin


L. 157


ann, agus go mbíonn 'fhiachaibh ortha sgarmhaint ó
n-a chéile, níl aon chead ag ceachtar aca pósadh,
nó go bhfaighidh an duine eile bás. Má gheibheann
lánamha "sgaoile pósta" ó dhlighe na tíre agus
má dheineann éinne aca iarracht ar phósadh le
duine éigin eile, de bhrigh an sgaoile bréige sin,
ní pósadh i n-aon chor an t-éintigheas nua, ach
peaca ró-ghráineamhail. 'Siad an bheirt a bhíonn
'á bpósadh ministrí na sácraimínte seo. Bíonn
an sagart mar fhídhnéidh ar an bpósadh agus
tugann sé beannachadh na hEaglaise do'n
lánamhain.



Tá trí sácraimíntí nách féidir a ghlacadh ach aon
uair amhain: Baiste, Dul Fé Láimh Easbuig, agus
Órd Beannuighthe. Ní féidir iad a ghlacadh ach
aon uair amháin, mar go gcuireann siad SÉALA
spioradálta ar an anam nách féidir a bhaint de.
Fanfaidh an séala san ar an anam i gcaitheamh na
síoruidheachta pé áit go mbéidh sé. Fanfaidh sé
air 'n fhaid a mhairfidh an duine; agus ar an
saoghal eile fanfaidh sé ar na h-anamnachaibh
beannuighthe i bhFlaitheas Dé mar mhéadú ar a
nglóire, agus ar na h-anamnachaibh damanta i
nIfrionn mar mhéadú ar a gcruadhtan. Má bhíonn
eagla ar éinne gur ghlac sé go neamh-sheasamhach
aon cheann de sna trí sácraimíntíbh seo is féidir
an tsácraimínt sin a bhronnadh ath-uair air fé'n
gcoinghiol nár ghlac sé roimhe sin í.


L. 158


CEACHT A TRÍOCHA



'Sé an rud an Breitheamhnas, an bhreith a thabhar-
faidh Dia, thar éis báis, ar anam gach éinne de'n
chine daonna, 'á sheóladh chun aoibhnis na bhFlaitheas
nú chun pianta Ifrinn. Tá dhá bhreitheamhnas i
gcómhair gach éinne — an Breitheamhnas FÉ LEITH
agus an Breitheamhnas COITCHIANN nú GINEA-
RÁLTA. Tabharfar an breitheamhnas fé leith ar
anam gach éinne láithreach tar éis a bháis, nuair a
chaithfidh gach anam seasamh 'na aonar i bhfiadhnaise
Dé. Tabharfar an breitheamhnas coitchiann nú
ginearálta ar an gcine daonna go léir i bhfochair
a chéile nuair a thiocfaidh deire an tsaoghail.
Tugtar Lá an Bhreitheamhnais agus Lá an Luain ar
an lá san.



**Sar a dtiocfaidh an lá san béidh a chómharthaí
sa ghréin, agus sa ghealaigh, agus i réaltaibh na
spéire. Béidh cogaí, agus ráflaí ar chogaíbh;
gorta agus pláigh, anfhaithe fairrge agus luasgacha
talmhan. Tar éis na neithe seo go léir cuirfear
deire le gach nídh saoghalta. Annsan tiocfaidh
an tÁrdaingeal chun an chine daonna a chruinniú.
Béidh cos leis ar muir agus cos leis ar tír agus
é ag séideadh a bhuabhail. Ní túisge cloisfear
glór an bhuabhail ná eireóchaidh na mairbh go léir.
Raghaidh gach corp i bhfochair an anma a bhí aige
ar an saoghal so, agus ní sgarfar ó n-a chéile
iad as san amach. Béidh cuirp na bhfíréan go
glórmhar, 'sé sin, go mbéidh siad go soillseach,
lúthmhar, do-choisgthe, do-ghortuighthe. De bhárr


L. 159


iad a bheith SOILLSEACH béidh siad ag lonnradh
ar nós na réaltanna i gcaitheamh na síoruidheachta;
de bhárr iad a bheith LÚTHMHAR béidh sé ar a
gcumas turas a thabhairt ó áit go h-áit is cuma
cad é an fhaid é, gan aon aimsir a thógaint chuige
ach chómh tapaidh is cuimhneófaí air; de bhárr iad
a bheith DO-CHOISGTHE béidh sé ar a gcumas dul
gan duadh tré gach nídh corportha; agus de bhárr
iad a bheith DO-GHORTUIGHTHE ní baoghal dóibh
pian ná doilgheas, dochar ná díoghbháil d'fhulang.
Béidh a mhalairt de chruth ar an dream damanta.
Béidh cuma uathmhar ar a gcorpaibh sin, agus
caithfidh siad dul i dteannta a n-anam uathmhar
urghránna. Tiocfaidh ár dTighearna féin "i
sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le
gradam" chun breithe a thabhairt ar an gcine
daonna. Béidh gach éinne bailighthe i n-A láthair;
na deagh-dhaoine ar A láimh dheis, agus na droch-
dhaoine ar A láimh chlé. Annsan déarfaidh Sé
leis an muínntir a bhéidh ar A láimh dheis:
"Téanaidh, a dhaoine bheannuighthe mh'Athar, agus
sealbhuighidh an rígheacht atá ullamh daoibh ó chruthú
an domhain, mar bhí ocras orm, agus thugabhair
rud le n-ithe dom; bhí tart orm agus thugabhair
rud le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair
bheith istigh dom." — (Maitiú, xxv. 34, agus rl.) Annsan
tabharfaidh Sé A bhreith ar an dream damanta ar
A láimh chlé — breith ró-chóir agus breith ná fuil
dul uaidh. "Imthighidh uaim," adearfaidh Sé, "a
dhream mhalluighthe, isteach sa teine shíoruidhe, do
h-ullamhuigheadh do'n diabhal agus d'á aingealaibh,
mar bhí ocras orm agus níor thugabhair rud le
n-ithe dom; bhí tart orm agus níor thugabhair
rud le n-ól dom; bhíos ar fán agus níor


L. 160


thugabhair bheith istigh dom." — (Maitiú, xxv. 41,
agus rl.) Agus déarfaidh siad san 'á fhreagaradh:
"A Thighearna, cathain a chonnacamair-na thú fé
ocras, ná fé thart, ná ar fán, agus nár dhein-
eamair furtacht ort?" — (Mait., xxv. 44), agus
déarfaidh ár dTighearna 'á bhfreagaradh: "Ó
'nuair nár dheineabhair d'éinne de'n mhuínntir
shuaraigh so é níor dheineabhair dómh-sa é." — (Mait.,
xxv. 45.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services