Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn-Féinear agus Mé-féinear agus Paterson's Matches
Title
Sinn-Féinear agus Mé-féinear agus Paterson's Matches
Author(s)
An Duine Beag Suarach,
Pen Name
An Duine Beag Suarach
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sinn-Féinear agus Mé-féinear agus Paterson's Matches. “Sinn-Féinear” cuibheasach maith is eadh mé, acht is “Mé-Féinear” an-mhaith mé. Tá 'fhios agam gur maith leis na Sinn-Féinidhthe go léir an oiread airgid agus is féidir leo do chimeád i nÉirinn. Badh mhaith leis an dreann so dá gcaithfeadh gach aon Éireannach uaidh tobac, té, ól, agus gach nídh eile atá ag tarraingt an airgid as pócaibh na nÉireannach agus ag near- tughadh pócaí an tSasanaigh. Géillim-se go bhfuil an ceart agus corp-lár an chirt aca, acht duine is eadh mise go bhfuil an-dhúil agam i ngailín tobac, agus ó's “Mé-Féinear” cheann- dána mé, agus nuair bhíonn mo ghal caithte agam gheobfadh bheith im' “Shinn-Féinear” arís. 'Seadh, déinim an méid sin agus tá 'fhios ag mo chroidhe go mb'fhearr do mo thír, do mo shláinte, agus gan aon dabhat do mo phóca mo phípín do chaitheamh tar an gclaidhe agus gan féachaint go deo ar thobac. Ráinig dom bheith ag gabháil trí shráidín an lá fé dheiradh, agus ar mo ghabháil dom ann chuimnigh mé ar an bpíopa, agus dubhras liom féin go mbeadh gal agam. Chuireas mo lámh im' phóca chum mo phíopa agus mo chipín d'fhághail, acht an deabhas cipín do bhí agam, acht mar an raibh, buidheachas le Dia, bhí leath-phinginn agam, agus chuaidh mé isteach chun bosga do cheannach. Acht cad ba dhóigh do leagfaidhe ar an gcúntar 'ná bosga deas “Swan.” D'fhéach mé air, agus iongantas mo chroidhe orm, “tabhair dhom bosga Ghaedhealach” arsa mise. “Dhé, muise, is beag an chiall agat,” ars' an fear istigh. “Dar ndóigh níltear ag déanamh aon match i nÉirinn anois!” “Dheara! ná fuil matcheanna Phaterson dá ndéanamh i nÉirinn?” arsa mise. “Ó 'mbása nílid!” ar sé. “Cheann- uigh dream éigin atá thall i Sasana an áit do bhí aige uaidh. B'fhéidir go bhfuil beagán aca dá ndéanamh i mBaile Átha Cliath, acht bí deimh- nitheach gur thall atá a bhfurmhór dá ndéanamh.” Ghéill mé dhó agus níor ghéill mé dhó, agus ar mh'anam ná feadar mé connus do bhí, bhí a leithéid sin d'iongantas orm, acht i ngrádh gan bheith gan gal thógas an “Swan,” agus geallaim nach ró- gheal d'fhéach sí dhom. Tá coinne agam nach fíor an chainnt seo, acht má's fíor, is ceart an sgéal do nochtadh. Tá sé dona go leor mar atá sé. An Sasanach, dár riobáil as a ghastacht féin, An Sasanach dár riobáil ar sgáth na nGaedheal. Dubhairt an fear céadna so liom go bhfeaca sé rothar agus ainm Ghaedhealach ar a fhráma agus nár bhaineadh amach as an gcás í ó'n uair d'fhág sí sean-Shasana gur leagadh ar an bport ag an stáisiún sa tsráidín seo é. Ní hamháin gur dheineadh thall é, ar sé, acht sgríobhadh “Celtic” ar a fhráma ann. Má's fíor go bhfuil rudaí mar seo dá ndéanamh is ró-bheag an mhaitheas dúinn bheith a d'iarraidh cabhrughadh le déantúisíbh na hÉireann. Is eol dom sagart, agus sagart an-Ghaedhealach is eadh é, agus ní bheadh sé fásta le Rothar Loch gCarmain nuair nach ainm Gaedhealach do bhí air, agus cheannuigh sé an “Celtic” Gaedhealach a dheineadh i Lonn- dain. Sin é mar dheintear Gaedhil do mhealladh. Curtar roth nó dhó de 'sna “Celtics” le chéile gach aon bhliadhain i nÉirinn, agus déanfaidh soin an gnó. “Nuair is Gaedhealach é a ainm is Gaedh- ealach é a phearsa.” Má's éitheach a rádh go bhfuil an obair seo ar siubhal is ceart súil ghéar do chiméad ar na hAgents, mar is iad atá dá leathadh, agus táthar dá chur 'n-a luighe ar mhuinntir na tuaithe gur fearr an rud Gallda 'ná an rud Gaedhealach. Im' thuairim-se 'siad na hAgents agus na siopadóirí eile na namhaid is mó atá ag déan- túisíbh na hÉireann. An Duine Beag Suarach. (Níorbh' fhíor do'n tsiopadóir úd a ndubhairt sé i dtaoibh lasán Mhic Pheadair. I mBaile Átha Cliath a déantar iad. Féach an cur síos ortha atá ag “Tórna” i nIrisleabhar na míosa so ghabh thorainn. — F. an Ch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services