Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn-Féinear agus Mé-féinear agus Paterson's Matches

Title
Sinn-Féinear agus Mé-féinear agus Paterson's Matches
Author(s)
An Duine Beag Suarach,
Pen Name
An Duine Beag Suarach
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sinn-Féinear agus Mé-féinear
agus
Paterson's Matches.



“Sinn-Féinear” cuibheasach maith is eadh mé,
acht is “Mé-Féinear” an-mhaith mé. Tá 'fhios
agam gur maith leis na Sinn-Féinidhthe go léir
an oiread airgid agus is féidir leo do chimeád
i nÉirinn. Badh mhaith leis an dreann so dá
gcaithfeadh gach aon Éireannach uaidh tobac, té,
ól, agus gach nídh eile atá ag tarraingt an
airgid as pócaibh na nÉireannach agus ag near-
tughadh pócaí an tSasanaigh. Géillim-se go
bhfuil an ceart agus corp-lár an chirt aca, acht
duine is eadh mise go bhfuil an-dhúil agam i
ngailín tobac, agus ó's “Mé-Féinear” cheann-
dána mé, agus nuair bhíonn mo ghal caithte agam
gheobfadh bheith im' “Shinn-Féinear” arís. 'Seadh,
déinim an méid sin agus tá 'fhios ag mo chroidhe
go mb'fhearr do mo thír, do mo shláinte, agus
gan aon dabhat do mo phóca mo phípín do
chaitheamh tar an gclaidhe agus gan féachaint go
deo ar thobac. Ráinig dom bheith ag gabháil trí
shráidín an lá fé dheiradh, agus ar mo ghabháil
dom ann chuimnigh mé ar an bpíopa, agus dubhras
liom féin go mbeadh gal agam. Chuireas mo
lámh im' phóca chum mo phíopa agus mo chipín
d'fhághail, acht an deabhas cipín do bhí agam, acht
mar an raibh, buidheachas le Dia, bhí leath-phinginn
agam, agus chuaidh mé isteach chun bosga do
cheannach. Acht cad ba dhóigh do leagfaidhe ar
an gcúntar 'ná bosga deas “Swan.” D'fhéach
mé air, agus iongantas mo chroidhe orm, “tabhair
dhom bosga Ghaedhealach” arsa mise. “Dhé,
muise, is beag an chiall agat,” ars' an fear
istigh. “Dar ndóigh níltear ag déanamh aon
match i nÉirinn anois!” “Dheara! ná fuil
matcheanna Phaterson dá ndéanamh i nÉirinn?”
arsa mise. “Ó 'mbása nílid!” ar sé. “Cheann-
uigh dream éigin atá thall i Sasana an áit do
bhí aige uaidh. B'fhéidir go bhfuil beagán aca
dá ndéanamh i mBaile Átha Cliath, acht bí deimh-
nitheach gur thall atá a bhfurmhór dá ndéanamh.”
Ghéill mé dhó agus níor ghéill mé dhó, agus ar
mh'anam ná feadar mé connus do bhí, bhí a leithéid
sin d'iongantas orm, acht i ngrádh gan bheith gan
gal thógas an “Swan,” agus geallaim nach ró-
gheal d'fhéach sí dhom. Tá coinne agam nach
fíor an chainnt seo, acht má's fíor, is ceart an
sgéal do nochtadh. Tá sé dona go leor mar
atá sé.



An Sasanach, dár riobáil as a ghastacht féin,
An Sasanach dár riobáil ar sgáth na nGaedheal.



Dubhairt an fear céadna so liom go bhfeaca
sé rothar agus ainm Ghaedhealach ar a fhráma
agus nár bhaineadh amach as an gcás í ó'n uair
d'fhág sí sean-Shasana gur leagadh ar an bport
ag an stáisiún sa tsráidín seo é. Ní hamháin
gur dheineadh thall é, ar sé, acht sgríobhadh
“Celtic” ar a fhráma ann. Má's fíor go bhfuil
rudaí mar seo dá ndéanamh is ró-bheag an
mhaitheas dúinn bheith a d'iarraidh cabhrughadh le
déantúisíbh na hÉireann. Is eol dom sagart,
agus sagart an-Ghaedhealach is eadh é, agus ní
bheadh sé fásta le Rothar Loch gCarmain nuair
nach ainm Gaedhealach do bhí air, agus cheannuigh
sé an “Celtic” Gaedhealach a dheineadh i Lonn-
dain. Sin é mar dheintear Gaedhil do mhealladh.
Curtar roth nó dhó de 'sna “Celtics” le chéile gach
aon bhliadhain i nÉirinn, agus déanfaidh soin an
gnó. “Nuair is Gaedhealach é a ainm is Gaedh-
ealach é a phearsa.”



Má's éitheach a rádh go bhfuil an obair seo ar
siubhal is ceart súil ghéar do chiméad ar na
hAgents, mar is iad atá dá leathadh, agus táthar
dá chur 'n-a luighe ar mhuinntir na tuaithe gur
fearr an rud Gallda 'ná an rud Gaedhealach.
Im' thuairim-se 'siad na hAgents agus na
siopadóirí eile na namhaid is mó atá ag déan-
túisíbh na hÉireann.



An Duine Beag Suarach.



(Níorbh' fhíor do'n tsiopadóir úd a ndubhairt
sé i dtaoibh lasán Mhic Pheadair. I mBaile
Átha Cliath a déantar iad. Féach an cur síos
ortha atá ag “Tórna” i nIrisleabhar na
míosa so ghabh thorainn. — F. an Ch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services