Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Átha Cliath
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Átha Cliath sa bháire Ní ró-mhaith an deallramh a bhí ar an aimsir ar maidin Dia Domhnaigh. Bhí na Fágaigh is na Commercials chun tabhairt fá n-a chéile, féachaint ciaca b'fhearr d'imireochadh báire. B'é seo an iomaidheacht cinn i gcomhair chraobh Bhaile Átha Cliath. Díreach d'éis tosnughadh dhóibh, ámh, do ghlan sé, agus ó bhí an ithir ar fheabhas agus gan puth gaoithe ann do chonncathas imirt a bhí thar na beartaibh. Pé socrughadh a dhein an Comhaltas chun spriunnlóiri agus lucht na leisce a choimeád amuigh, d'éirigh leo soin a dhéanamh, agus ba mhaith é. Tá súil agam go leanfar de. Sa chéad bhobhta ar feadh urmhór na haimsire bhí rith an ráis le sna Fágaigh. Ar chuma éigin do theip ortha ró-mhinic. Ní deas an rud iarr- achta ag imtheacht follamh gur chóir go raghaidís sa scór. Nuair bhítheas ag druidim le deireadh an bhobhta so, do bhí an imirt ana-dhian, agus nuair shéid an Cródhach an nóta fada bhí sé puinntí ag na Fágaigh agus a dó ag na Commercials. Ní túisce cromadh ar obair arís ná bhí a fhios ag gach n-aon go mbeadh go te eatortha. Síos suas do ghaibh an liathróid gan sos ná suaimhneas aici. Timcheall chúig nóimeat chun deiridh an chluiche bhí tri puinntí sa bhreis ag na Fágaigh. Chuir na Commercials a gcosa i dtalamh, agus chuireadar puinnte isteach de chamán Mhic Uí Mhurchadha. Annsoin a b'eadh d'éirigh a ngoil is a ngaisce dhóibh. Níorbh fhéidir cosc a chur leo. Thugadar dhá amus ar an gcúl. Do choisc Mac Uí Chléirigh an chéad amus go hálainn acht b'éigin dó an cúl a threigean. Sarar éirigh leis dul ann arís do cuireadh an leathar arís fé dhéin an chúil; do stad timcheall is seacht slata ar aghaidh an chúil amach. Tháinig uirthi duine de sna Commercials agus ó bhí an bogha follamh, chuir sé féidh í go hadhsáideach. Thug soin puinnte sa mbreis do sna Commercials. Ba bhreagh go léir an radharc é. Sidé an scór:- Commercials 2-4; Fágaigh 0-9. Tá feabhas mór tagaithe ar an mbáire i mBaile Átha Cliath. Dearbhughadh air sin is eadh imirt an Domhnaigh. Mara mbeadh na hiarrachtai folmha déarfainn gurb' iad na Fágaigh do b'fhearr. Do thespeánadar Dia Domhnaigh cuid de'n laissez faire do bhraitheas ortha cheana, agus ba mhinic a bhí "Hairtí" i bhfad ní b'fheárr. Má chuirid le chéile, tá ar an dá fhuirinn sin seacht nduine dhéag a bhearfaidh craobh na hÉireann nó raghaidh i ngoireacht dó go háirithe. Tréas- luighim a ngradam do sna Commercials. Tá súil agam, ámh, go gcuirfidh ainm Gaedhilge ortha féinig. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services