Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh Átha Cliath

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh Átha Cliath sa bháire



Ní ró-mhaith an deallramh a bhí ar an aimsir
ar maidin Dia Domhnaigh. Bhí na Fágaigh is na
Commercials chun tabhairt fá n-a chéile, féachaint
ciaca b'fhearr d'imireochadh báire. B'é seo an
iomaidheacht cinn i gcomhair chraobh Bhaile Átha
Cliath. Díreach d'éis tosnughadh dhóibh, ámh, do
ghlan sé, agus ó bhí an ithir ar fheabhas agus gan
puth gaoithe ann do chonncathas imirt a bhí thar
na beartaibh. Pé socrughadh a dhein an Comhaltas
chun spriunnlóiri agus lucht na leisce a choimeád
amuigh, d'éirigh leo soin a dhéanamh, agus ba
mhaith é. Tá súil agam go leanfar de.



Sa chéad bhobhta ar feadh urmhór na haimsire
bhí rith an ráis le sna Fágaigh. Ar chuma éigin
do theip ortha ró-mhinic. Ní deas an rud iarr-
achta ag imtheacht follamh gur chóir go raghaidís
sa scór. Nuair bhítheas ag druidim le deireadh
an bhobhta so, do bhí an imirt ana-dhian, agus
nuair shéid an Cródhach an nóta fada bhí sé
puinntí ag na Fágaigh agus a dó ag na
Commercials.



Ní túisce cromadh ar obair arís ná bhí a fhios
ag gach n-aon go mbeadh go te eatortha. Síos
suas do ghaibh an liathróid gan sos ná suaimhneas
aici. Timcheall chúig nóimeat chun deiridh an
chluiche bhí tri puinntí sa bhreis ag na Fágaigh.
Chuir na Commercials a gcosa i dtalamh, agus
chuireadar puinnte isteach de chamán Mhic Uí
Mhurchadha. Annsoin a b'eadh d'éirigh a ngoil is
a ngaisce dhóibh. Níorbh fhéidir cosc a chur leo.
Thugadar dhá amus ar an gcúl. Do choisc Mac
Uí Chléirigh an chéad amus go hálainn acht b'éigin
dó an cúl a threigean. Sarar éirigh leis dul
ann arís do cuireadh an leathar arís fé dhéin an
chúil; do stad timcheall is seacht slata ar
aghaidh an chúil amach. Tháinig uirthi duine de
sna Commercials agus ó bhí an bogha follamh,
chuir sé féidh í go hadhsáideach. Thug soin
puinnte sa mbreis do sna Commercials. Ba
bhreagh go léir an radharc é. Sidé an scór:-
Commercials 2-4; Fágaigh 0-9.



Tá feabhas mór tagaithe ar an mbáire i
mBaile Átha Cliath. Dearbhughadh air sin is eadh
imirt an Domhnaigh. Mara mbeadh na hiarrachtai
folmha déarfainn gurb' iad na Fágaigh do
b'fhearr. Do thespeánadar Dia Domhnaigh cuid
de'n laissez faire do bhraitheas ortha cheana, agus
ba mhinic a bhí "Hairtí" i bhfad ní b'fheárr. Má
chuirid le chéile, tá ar an dá fhuirinn sin seacht
nduine dhéag a bhearfaidh craobh na hÉireann
nó raghaidh i ngoireacht dó go háirithe. Tréas-
luighim a ngradam do sna Commercials. Tá
súil agam, ámh, go gcuirfidh ainm Gaedhilge ortha
féinig.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services