Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Átha Cliath sa Pheil.
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Átha Cliath sa Pheil.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Átha Cliath sa Pheil. Bhí aghaidh gach fíor-Ghaedhil ar Bhóthar Mhic Seoin, Dia Domhnaigh, d'fhonn is an cluiche deiridh i gcomhair chraobh Chonntae Bhaile Átha Cliath sa pheil d'fheicsint. Na Céitinnigh is na Ciceamaigh a bhí i gcoinne a chéile ann. Shíl gach éinne go bhfeicfidhe éachta á ndéanamh acht chun na fírinne innsint, ar iarraidh a bhí na héachta. Bhí an lá agus an láthair ar fheabhas, mara n-áireomhthaidhe leoithne gaoithe bhí ag séideadh aniar andeas. An chéad bhabhta Thuit an crann ar na Ciceamaigh acht do thóg air na Céiteannaigh dul i gcoinnibh na gaoithe. I gcionn cúig nóimeat do bhí puinnte ar an gcrann táille n-a gcoinnibh. N-a dhiaidh-san cuireadh an liath- róid i bhfearann na gCiceameach acht d'imthigh follamh. Nuair tháinig thar n-ais, chuaidh sí os cionn an treasnáin fé cheathair de bhárr feall. Do goirtigheadh sa méir Mac Uí Iarfhlatha, duine de sna fearaibh a b'fhearr ar na Céitinnigh; agus ar shon nár stad d'imirt níor fhan aon spionnadh ann. As so go dtí deireadh an chéad leath, do bhí buadh ag na Ciceamaigh. Cuireadh síos cheithre púinti eile dhóibh.
Deireadh an chluiche Nuair deineadh malairt taobh do measadh go rithfeadh le sna Céitinnigh rud fóghanta a dhéanamh ó bhí an ghaoth leo. D'éis ana-scaithimh chuireadar puinnte isteach. Ba ghearr gur freagradh ar an dtaobh eile. Síos suas a bhí an leathar anois, agus é ag teip i gcomhnaidhe ar na Céitinnigh é chur a bhaile. Chuir gach taobh aca puinnte eile isteach agus b'in a ndeabhaidh sa scór i gcaitheamh an chluiche. Tá craobh Bhaile Átha Cliath sa pheil ag na Ciceamaigh, agus tréasluighim an gradam dóibh. Easnaimh Féadaim a rádh gurab é an dream do b'fhearr a bhuaidh. Ní mholaim imirt an Domhnaigh, ámh. Má's sompla é sin ar árd-pheil Bhaile Átha Cliath, is baoghal liom ná raghfar i bhfad i measc Conntaethe na nGailian féin, gan na cúigi eile a bhac. Do deineadh breis feall Dia Domhnaigh; bhí bruith laghar ar an gCródhach á bhfreastal. Is ba bheag fear do choinghibh a ionad féin. Bhí an dá fhuirinn lag mun lucht scríbe. San áit badh chóir a bheith láidir is ann atáthar lag. Níor thuigeadar imirt a chéile ná níor oibrigh- eadar i bpáirtidheacht. Uireasbha taithighe fé ndeara soin. Is dócha ná fuil leigheas air sin go dtéidheann an uain i bhfaid. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services