Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh Átha Cliath sa Pheil.

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Átha Cliath sa Pheil.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh Átha Cliath sa Pheil.



Bhí aghaidh gach fíor-Ghaedhil ar Bhóthar Mhic
Seoin, Dia Domhnaigh, d'fhonn is an cluiche deiridh
i gcomhair chraobh Chonntae Bhaile Átha Cliath sa
pheil d'fheicsint. Na Céitinnigh is na Ciceamaigh
a bhí i gcoinne a chéile ann. Shíl gach éinne go
bhfeicfidhe éachta á ndéanamh acht chun na fírinne
innsint, ar iarraidh a bhí na héachta. Bhí an lá
agus an láthair ar fheabhas, mara n-áireomhthaidhe
leoithne gaoithe bhí ag séideadh aniar andeas.



An chéad bhabhta



Thuit an crann ar na Ciceamaigh acht do thóg air
na Céiteannaigh dul i gcoinnibh na gaoithe. I gcionn
cúig nóimeat do bhí puinnte ar an gcrann táille
n-a gcoinnibh. N-a dhiaidh-san cuireadh an liath-
róid i bhfearann na gCiceameach acht d'imthigh
follamh. Nuair tháinig thar n-ais, chuaidh sí os
cionn an treasnáin fé cheathair de bhárr feall.
Do goirtigheadh sa méir Mac Uí Iarfhlatha, duine
de sna fearaibh a b'fhearr ar na Céitinnigh; agus
ar shon nár stad d'imirt níor fhan aon spionnadh
ann. As so go dtí deireadh an chéad leath, do
bhí buadh ag na Ciceamaigh. Cuireadh síos cheithre
púinti eile dhóibh.


L. 6


Deireadh an chluiche



Nuair deineadh malairt taobh do measadh go
rithfeadh le sna Céitinnigh rud fóghanta a dhéanamh
ó bhí an ghaoth leo. D'éis ana-scaithimh chuireadar
puinnte isteach. Ba ghearr gur freagradh ar
an dtaobh eile. Síos suas a bhí an leathar anois,
agus é ag teip i gcomhnaidhe ar na Céitinnigh é
chur a bhaile. Chuir gach taobh aca puinnte eile
isteach agus b'in a ndeabhaidh sa scór i gcaitheamh
an chluiche. Tá craobh Bhaile Átha Cliath sa pheil
ag na Ciceamaigh, agus tréasluighim an gradam
dóibh.



Easnaimh



Féadaim a rádh gurab é an dream do b'fhearr
a bhuaidh. Ní mholaim imirt an Domhnaigh, ámh.
Má's sompla é sin ar árd-pheil Bhaile Átha
Cliath, is baoghal liom ná raghfar i bhfad i measc
Conntaethe na nGailian féin, gan na cúigi eile
a bhac. Do deineadh breis feall Dia Domhnaigh;
bhí bruith laghar ar an gCródhach á bhfreastal.
Is ba bheag fear do choinghibh a ionad féin. Bhí
an dá fhuirinn lag mun lucht scríbe. San áit
badh chóir a bheith láidir is ann atáthar lag.
Níor thuigeadar imirt a chéile ná níor oibrigh-
eadar i bpáirtidheacht. Uireasbha taithighe fé
ndeara soin. Is dócha ná fuil leigheas air sin
go dtéidheann an uain i bhfaid.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services