Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thoir. An Rúise - Ár agus Achrann
Title
Ó'n Domhan Thoir. An Rúise - Ár agus Achrann
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thoir. An Rúise. Ár agus Achrann. Tá 'fhios ag an Saoghal Fódlach go bhfuil tír mhór leathan na Rúise i gcruaidh-chás le dó nó trí de bhliadhantaibh. Bhí sprid na troda — sprid an mhí-shuaimhnis agus na mí-shástuigheachta — ag fás agus ag borradh agus ag gearradh roimpi de réir a chéile sa tír le suim bhliadhanta. Sa deireadh réab sí ar aghaidh 'n-a losgadh sléibhe. D'éirigh na lasracha 'sna spéarthaibh. Phléasg an toirneach 'n-a plumfannaibh móra. Annsin tháinig an crith-talmhan. Agus marbhuigheadh na céadta gan truaigh gan trócaire. Sguab lucht gríosta thart — na mílte aca. Ní raibh uatha so acht galar-creathach agus mór-uathbhás a chur ar lucht riaghluighthe na tíre. Níor mhór, dar leo, criothnughadh croidhe a chur 'sna tíorántaíbh a bhí ag creachadh na Rúise le droch-dhlighthibh le fada agus a gcur ag creathadh 'n-a gcraicnibh le teann sgannraidh. Ní raibh de shuim aca sgaoil- eadh fá dhuine de'n dream so nó “sliogán- buile” a chur amach le n-a chluais acht an oiread 's bheadh ag Gaedheal bulán a thiomáint roimhe amach as páirc i gCo. Ros Comáin! Bhí sé in' achrann dearg idir lucht an áir agus lucht an airm. Ba mhinic sráideanna na mór-cathrach dearg le fuil. Tá trí bliadhna ó shoin ann anois ó bhí sé 'n-a sgeanach eatortha i bPríomh- Chathair na Rúise. Cluintheas trácht ar fud an domhain mhóir ar an smíochadh agus ar an tréan- tuairgint a bhí ar siubhal. Ba truaigh é — Is truaigh muinntir tíre ar bith a bheith i n-éadan a chéile agus i ngreim sgáige 'n-a chéile dhá mbeadh neart air. Acht feileann an troid agus an t-achrann féin ar uairibh. Is iomdha fear ar chosain a sprid chródha neamh-ghéillteach féin a chliú agus a onóir. Is iomdha tír ar chuir na lannaí géara agus trom-bhuillí an chlaidhimh go lonnrach soillseach í i measg tíortha an domhain. Is mairg nach dtroidfeadh ar son an chirt. Is mairg nach dtroidfeadh ar son na Saoirse! Troideadh ar a son ó thús an tsaoghail agus troidfear go lá deiridh an domhain. Níl an tsaoireacht cheart ag muinntir na Rúise. Is fada an lá a gcuid máighistrí ag éirghe 'n-a mullach. Is fada 'n lá go leor leor dhíobh 'n-a leath-sglábhaidhthibh gan sgoil gan fóghlaim 'n-a dtír féin. Bhíodar ag gearán agus ag casaoid acht ní héistí leo — ní héistfidhe le 'n-a nglór go deo go gcuiridís i gcéill go teann agus go dána iad féin. Tá siad 'ghá dhéanamh sin anois agus tá a shliocht ortha. Táthar ag tosughadh ag géilleadh dhóibh go mall réidh de réir a chéile. An chéad Dúma. Bhí seanchus fada agam le Rúiseach léigheannta fóghlamtha le goirid. Dubhairt sé liom nach bhfuil síochán ar bith le mí-chneastacht lucht comhairle an Tsair. Cuirid go mion minic an t-airgead 'n-a bpócaíbh féin i leabaidh é a chaitheamh sa gcaoi a gceaptar dhóibh. Chuir an t-ár agus an t-achrann, an imnidhe mhór agus an síor-fhaitchíos, an oiread de chriothnughadh san Tsar 's gur thug sé toil ar an gcéad Dúma, — an chéad Fheis — a chur ar bun. Bhí go maith is ní raibh go holc. Ba mhaith an chéad tosuigh é, dar le go leor. Tosuigheadh ar cheisteanna aimhréasacha poilitidheachta a phléidhe. Labhradh amach go láidir teann. Cuireadh i dtuigsint nach ag an Dara Nioclás a bhí an máighistreacht ar fad le bheith. Bhí daoine sa bhFeis le cúis na mbocht a phléidhe. Níor chuireadar san srian le n-a nguth. Bhí na huaisle — iad so a bhí dílis do'n Tsar agus do'n riaghaltas — teann go maith, acht ní rabhadar chomh cumhachtach 's go dtiocfadh leo an smacht ceart a bheith aca. Bhí baill sa bhFeis nach raibh aon mhuinghin ag an Riaghaltas asta. Bhí daoine áithride ag gabháil thart ag déanamh uisge-fá-thalamh i measg an airm. Bhí droch-ghothughadh ar na spéarthaibh. Bhí tuar na “mí-dhílseachta” go glan soiléir. Bhí glórtha áithride ró-dhána agus ró-láidir. Bhuail sé in' fhaitchíos Nioclás. Sgannruigh an chainnt a bhí ar siubhal é. B'fhurusta aithne dhó anois cia mar bhí an sgéal. Bhí tuilleadh cumhachta agus smachta ó dhaoinibh nach raibh aon mhuinghin aige asta. Bhí go leor eile nach raibh uatha acht gléas riaghaltais ar leith 'n-a dtíorthaibh féin — mar is iomdha tír agus cineadh agus teanga i nImpir- eacht Mhóir na Rúise. Annsin 'seadh socruigheadh críoch a chur leis an Dúma. Rinneadh sin le láimh láidir, agus bhí sé 'n-a raic arís. An Tsar. Is truagh an Tsar ar a leithéid de chaoi. Tá sé ar “adhastar an anró” ag muinntir a áruis féin. Tá sé idir dhá chomhairle. Níl 'fhios aige go barainneach céard is cóir a dhéanamh. Tá sé 'n-a sgáth agus in' fhaitchíos air roimh na daoinibh atá ar a thaoibh agus roimh na daoinibh atá in' aghaidh chomh maith le chéile. Tá easbaidh misnigh agus muinghine agus cur leis air. Tá eagla air má tugtar an tsaoirseacht atá ó chineadhthachaibh a impireachta dhóibh gur gairid a mhairfeas a chumhacht féin. Dar linne go mbadh mó go mór a chumhacht dá mbuaileadh sé ar aghaidh ar a shlighe féin agus gan a bheith i gcomhnaidhe i gcleitheamhnas agus i dtuilleamaigh na ndaoine so atá 'ghá tharraingt i mbealach a bhasgtha. Ní mholfamuis dó gan a bheith omósach dá cháirdíbh fola agus feola féin. Acht “ní thig leis an ngobadán an dá thráigh a fhreastal.” Ní chreid- imíd gurab í comhairle a leasa a tugtar dhó i gcomhnaidhe. B'fhearr dhó iarracht láidir a thabh- airt ar na gnótha a stiúradh as a stuaim féin. Is eisean an riaghaltóir, agus is é is mó bhéas síos le n-a bhfuil ar siubhal. Cad chuige nach gcruth- uigheann sé do'n tsaoghal go bhfuil neart agus cumhacht agus treoir ann féin? Nár chóir go mbeadh 'fhios aige nach bhfuil sa domhan go léir aon nídh is láidre 'ná cumhacht muinntire tíre a bhfuil fútha gan géilleadh go bhfuighidh siad ceart is cóir? Mícheál Breathnach Léisin, An Eilbhéis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services