Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thoir. An Rúise - Ár agus Achrann
Title
Ó'n Domhan Thoir. An Rúise - Ár agus Achrann
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Ó'n Domhan Thoir. An Rúise - Ár agus Achrann</title><author><name type="main">Mícheál Breathnach</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1908_01_18_05</note> <note type="L">05</note> <note type="B">1908</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1908_01_18_05</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Mícheál Breathnach</author><title>Ó'n Domhan Thoir. An Rúise - Ár agus Achrann</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1908</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Ó'n Domhan Thoir.</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>An Rúise.</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>Ár agus Achrann.</span></p> <lb n="6"/> <lb n="7"/><p><span>Tá 'fhios ag an Saoghal Fódlach go bhfuil tír</span> <lb n="8"/><span>mhór leathan na Rúise i gcruaidh-chás le dó nó</span> <lb n="9"/><span>trí de bhliadhantaibh. Bhí sprid na troda — sprid</span> <lb n="10"/><span>an mhí-shuaimhnis agus na mí-shástuigheachta — ag</span> <lb n="11"/><span>fás agus ag borradh agus ag gearradh roimpi</span> <lb n="12"/><span>de réir a chéile sa tír le suim bhliadhanta. Sa</span> <lb n="13"/><span>deireadh réab sí ar aghaidh 'n-a losgadh sléibhe.</span> <lb n="14"/><span>D'éirigh na lasracha 'sna spéarthaibh. Phléasg</span> <lb n="15"/><span>an toirneach 'n-a plumfannaibh móra. Annsin</span> <lb n="16"/><span>tháinig an crith-talmhan. Agus marbhuigheadh na</span> <lb n="17"/><span>céadta gan truaigh gan trócaire. Sguab lucht</span> <lb n="18"/><span>gríosta thart — na mílte aca. Ní raibh uatha so</span> <lb n="19"/><span>acht galar-creathach agus mór-uathbhás a chur ar</span> <lb n="20"/><span>lucht riaghluighthe na tíre. Níor mhór, dar leo,</span> <lb n="21"/><span>criothnughadh croidhe a chur 'sna tíorántaíbh a bhí</span> <lb n="22"/><span>ag creachadh na Rúise le droch-dhlighthibh le fada</span> <lb n="23"/><span>agus a gcur ag creathadh 'n-a gcraicnibh le</span> <lb n="24"/><span>teann sgannraidh. Ní raibh de shuim aca sgaoil-</span> <lb n="25"/><span>eadh fá dhuine de'n dream so nó “sliogán-</span> <lb n="26"/><span>buile” a chur amach le n-a chluais acht an oiread</span> <lb n="27"/><span>'s bheadh ag Gaedheal bulán a thiomáint roimhe</span> <lb n="28"/><span>amach as páirc i gCo. Ros Comáin! Bhí sé in'</span> <lb n="29"/><span>achrann dearg idir lucht an áir agus lucht an</span> <lb n="30"/><span>airm. Ba mhinic sráideanna na mór-cathrach</span> <lb n="31"/><span>dearg le fuil. Tá trí bliadhna ó shoin ann</span> <lb n="32"/><span>anois ó bhí sé 'n-a sgeanach eatortha i bPríomh-</span> <lb n="33"/><span>Chathair na Rúise. Cluintheas trácht ar fud an</span> <lb n="34"/><span>domhain mhóir ar an smíochadh agus ar an tréan-</span> <lb n="35"/><span>tuairgint a bhí ar siubhal. Ba truaigh é — Is</span> <lb n="36"/><span>truaigh muinntir tíre ar bith a bheith i n-éadan</span> <lb n="37"/><span>a chéile agus i ngreim sgáige 'n-a chéile dhá</span> <lb n="38"/><span>mbeadh neart air. Acht feileann an troid agus</span> <lb n="39"/><span>an t-achrann féin ar uairibh. Is iomdha fear ar</span> <lb n="40"/><span>chosain a sprid chródha neamh-ghéillteach féin a</span> <lb n="41"/><span>chliú agus a onóir. Is iomdha tír ar chuir na</span> <lb n="42"/><span>lannaí géara agus trom-bhuillí an chlaidhimh go</span> <lb n="43"/><span>lonnrach soillseach í i measg tíortha an domhain.</span> <lb n="44"/><span>Is mairg nach dtroidfeadh ar son an chirt. Is</span> <lb n="45"/><span>mairg nach dtroidfeadh ar son na Saoirse!</span> <lb n="46"/><span>Troideadh ar a son ó thús an tsaoghail agus</span> <lb n="47"/><span>troidfear go lá deiridh an domhain. Níl an</span> <lb n="48"/><span>tsaoireacht cheart ag muinntir na Rúise. Is</span> <lb n="49"/><span>fada an lá a gcuid máighistrí ag éirghe 'n-a</span> <lb n="50"/><span>mullach. Is fada 'n lá go leor leor dhíobh 'n-a</span> <lb n="51"/><span>leath-sglábhaidhthibh gan sgoil gan fóghlaim 'n-a</span> <lb n="52"/><span>dtír féin. Bhíodar ag gearán agus ag casaoid</span> <lb n="53"/><span>acht ní héistí leo — ní héistfidhe le 'n-a nglór</span> <lb n="54"/><span>go deo go gcuiridís i gcéill go teann agus go</span> <lb n="55"/><span>dána iad féin. Tá siad 'ghá dhéanamh sin anois</span> <lb n="56"/><span>agus tá a shliocht ortha. Táthar ag tosughadh ag</span> <lb n="57"/><span>géilleadh dhóibh go mall réidh de réir a chéile.</span></p> <lb n="58"/> <lb n="59"/><p><span>An chéad Dúma.</span></p> <lb n="60"/> <lb n="61"/><p><span>Bhí seanchus fada agam le Rúiseach léigheannta</span> <lb n="62"/><span>fóghlamtha le goirid. Dubhairt sé liom nach</span> <lb n="63"/><span>bhfuil síochán ar bith le mí-chneastacht lucht</span> <lb n="64"/><span>comhairle an Tsair. Cuirid go mion minic an</span> <lb n="65"/><span>t-airgead 'n-a bpócaíbh féin i leabaidh é a</span> <lb n="66"/><span>chaitheamh sa gcaoi a gceaptar dhóibh. Chuir an</span> <lb n="67"/><span>t-ár agus an t-achrann, an imnidhe mhór agus an</span> <lb n="68"/><span>síor-fhaitchíos, an oiread de chriothnughadh san</span> <lb n="69"/><span>Tsar 's gur thug sé toil ar an gcéad Dúma, —</span> <lb n="70"/><span>an chéad Fheis — a chur ar bun. Bhí go maith is</span> <lb n="71"/><span>ní raibh go holc. Ba mhaith an chéad tosuigh é,</span> <lb n="72"/><span>dar le go leor. Tosuigheadh ar cheisteanna</span> <lb n="73"/><span>aimhréasacha poilitidheachta a phléidhe. Labhradh</span> <lb n="74"/><span>amach go láidir teann. Cuireadh i dtuigsint</span> <lb n="75"/><span>nach ag an Dara Nioclás a bhí an máighistreacht</span> <lb n="76"/><span>ar fad le bheith. Bhí daoine sa bhFeis le cúis na</span> <lb n="77"/><span>mbocht a phléidhe. Níor chuireadar san srian le</span> <lb n="78"/><span>n-a nguth. Bhí na huaisle — iad so a bhí dílis</span> <lb n="79"/><span>do'n Tsar agus do'n riaghaltas — teann go maith,</span> <lb n="80"/><span>acht ní rabhadar chomh cumhachtach 's go dtiocfadh</span> <lb n="81"/><span>leo an smacht ceart a bheith aca. Bhí baill sa</span> <lb n="82"/><span>bhFeis nach raibh aon mhuinghin ag an Riaghaltas</span> <lb n="83"/><span>asta. Bhí daoine áithride ag gabháil thart ag</span> <lb n="84"/><span>déanamh uisge-fá-thalamh i measg an airm. Bhí</span> <lb n="85"/><span>droch-ghothughadh ar na spéarthaibh. Bhí tuar na</span> <lb n="86"/><span>“mí-dhílseachta” go glan soiléir. Bhí glórtha</span> <lb n="87"/><span>áithride ró-dhána agus ró-láidir. Bhuail sé</span> <lb n="88"/><span>in' fhaitchíos Nioclás. Sgannruigh an chainnt a</span> <lb n="89"/><span>bhí ar siubhal é. B'fhurusta aithne dhó anois cia</span> <lb n="90"/><span>mar bhí an sgéal. Bhí tuilleadh cumhachta agus</span> <lb n="91"/><span>smachta ó dhaoinibh nach raibh aon mhuinghin aige</span> <lb n="92"/><span>asta. Bhí go leor eile nach raibh uatha acht gléas</span> <lb n="93"/><span>riaghaltais ar leith 'n-a dtíorthaibh féin — mar is</span> <lb n="94"/><span>iomdha tír agus cineadh agus teanga i nImpir-</span> <lb n="95"/><span>eacht Mhóir na Rúise. Annsin 'seadh socruigheadh</span> <lb n="96"/><span>críoch a chur leis an Dúma. Rinneadh sin le</span> <lb n="97"/><span>láimh láidir, agus bhí sé 'n-a raic arís.</span></p> <lb n="98"/> <lb n="99"/><p><span>An Tsar.</span></p> <lb n="100"/> <lb n="101"/><p><span>Is truagh an Tsar ar a leithéid de chaoi. Tá</span> <lb n="102"/><span>sé ar “adhastar an anró” ag muinntir a áruis</span> <lb n="103"/><span>féin. Tá sé idir dhá chomhairle. Níl 'fhios aige</span> <lb n="104"/><span>go barainneach céard is cóir a dhéanamh. Tá</span> <lb n="105"/><span>sé 'n-a sgáth agus in' fhaitchíos air roimh na</span> <lb n="106"/><span>daoinibh atá ar a thaoibh agus roimh na daoinibh</span> <lb n="107"/><span>atá in' aghaidh chomh maith le chéile. Tá easbaidh</span> <lb n="108"/><span>misnigh agus muinghine agus cur leis air. Tá</span> <lb n="109"/><span>eagla air má tugtar an tsaoirseacht atá ó</span> <lb n="110"/><span>chineadhthachaibh a impireachta dhóibh gur gairid a</span> <lb n="111"/><span>mhairfeas a chumhacht féin. Dar linne go mbadh</span> <lb n="112"/><span>mó go mór a chumhacht dá mbuaileadh sé ar aghaidh</span> <lb n="113"/><span>ar a shlighe féin agus gan a bheith i gcomhnaidhe</span> <lb n="114"/><span>i gcleitheamhnas agus i dtuilleamaigh na ndaoine</span> <lb n="115"/><span>so atá 'ghá tharraingt i mbealach a bhasgtha. Ní</span> <lb n="116"/><span>mholfamuis dó gan a bheith omósach dá cháirdíbh</span> <lb n="117"/><span>fola agus feola féin. Acht “ní thig leis an</span> <lb n="118"/><span>ngobadán an dá thráigh a fhreastal.” Ní chreid-</span> <lb n="119"/><span>imíd gurab í comhairle a leasa a tugtar dhó i</span> <lb n="120"/><span>gcomhnaidhe. B'fhearr dhó iarracht láidir a thabh-</span> <lb n="121"/><span>airt ar na gnótha a stiúradh as a stuaim féin.</span> <lb n="122"/><span>Is eisean an riaghaltóir, agus is é is mó bhéas</span> <lb n="123"/><span>síos le n-a bhfuil ar siubhal. Cad chuige nach gcruth-</span> <lb n="124"/><span>uigheann sé do'n tsaoghal go bhfuil neart agus</span> <lb n="125"/><span>cumhacht agus treoir ann féin? Nár chóir go</span> <lb n="126"/><span>mbeadh 'fhios aige nach bhfuil sa domhan go léir</span> <lb n="127"/><span>aon nídh is láidre 'ná cumhacht muinntire tíre</span> <lb n="128"/><span>a bhfuil fútha gan géilleadh go bhfuighidh siad</span> <lb n="129"/><span>ceart is cóir?</span></p> <lb n="130"/> <lb n="131"/><p><span>Mícheál Breathnach</span></p> <lb n="132"/> <lb n="133"/><p><span>Léisin, An Eilbhéis.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services