Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thoir. An Rúise - Ár agus Achrann

Title
Ó'n Domhan Thoir. An Rúise - Ár agus Achrann
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thoir.



An Rúise.



Ár agus Achrann.



Tá 'fhios ag an Saoghal Fódlach go bhfuil tír
mhór leathan na Rúise i gcruaidh-chás le dó nó
trí de bhliadhantaibh. Bhí sprid na troda — sprid
an mhí-shuaimhnis agus na mí-shástuigheachta — ag
fás agus ag borradh agus ag gearradh roimpi
de réir a chéile sa tír le suim bhliadhanta. Sa
deireadh réab sí ar aghaidh 'n-a losgadh sléibhe.
D'éirigh na lasracha 'sna spéarthaibh. Phléasg
an toirneach 'n-a plumfannaibh móra. Annsin
tháinig an crith-talmhan. Agus marbhuigheadh na
céadta gan truaigh gan trócaire. Sguab lucht
gríosta thart — na mílte aca. Ní raibh uatha so
acht galar-creathach agus mór-uathbhás a chur ar
lucht riaghluighthe na tíre. Níor mhór, dar leo,
criothnughadh croidhe a chur 'sna tíorántaíbh a bhí
ag creachadh na Rúise le droch-dhlighthibh le fada
agus a gcur ag creathadh 'n-a gcraicnibh le
teann sgannraidh. Ní raibh de shuim aca sgaoil-
eadh fá dhuine de'n dream so nó “sliogán-
buile” a chur amach le n-a chluais acht an oiread
's bheadh ag Gaedheal bulán a thiomáint roimhe
amach as páirc i gCo. Ros Comáin! Bhí sé in'
achrann dearg idir lucht an áir agus lucht an
airm. Ba mhinic sráideanna na mór-cathrach
dearg le fuil. Tá trí bliadhna ó shoin ann
anois ó bhí sé 'n-a sgeanach eatortha i bPríomh-
Chathair na Rúise. Cluintheas trácht ar fud an
domhain mhóir ar an smíochadh agus ar an tréan-
tuairgint a bhí ar siubhal. Ba truaigh é — Is
truaigh muinntir tíre ar bith a bheith i n-éadan
a chéile agus i ngreim sgáige 'n-a chéile dhá
mbeadh neart air. Acht feileann an troid agus
an t-achrann féin ar uairibh. Is iomdha fear ar
chosain a sprid chródha neamh-ghéillteach féin a
chliú agus a onóir. Is iomdha tír ar chuir na
lannaí géara agus trom-bhuillí an chlaidhimh go
lonnrach soillseach í i measg tíortha an domhain.
Is mairg nach dtroidfeadh ar son an chirt. Is
mairg nach dtroidfeadh ar son na Saoirse!
Troideadh ar a son ó thús an tsaoghail agus
troidfear go lá deiridh an domhain. Níl an
tsaoireacht cheart ag muinntir na Rúise. Is
fada an lá a gcuid máighistrí ag éirghe 'n-a
mullach. Is fada 'n lá go leor leor dhíobh 'n-a
leath-sglábhaidhthibh gan sgoil gan fóghlaim 'n-a
dtír féin. Bhíodar ag gearán agus ag casaoid
acht ní héistí leo — ní héistfidhe le 'n-a nglór
go deo go gcuiridís i gcéill go teann agus go
dána iad féin. Tá siad 'ghá dhéanamh sin anois
agus tá a shliocht ortha. Táthar ag tosughadh ag
géilleadh dhóibh go mall réidh de réir a chéile.



An chéad Dúma.



Bhí seanchus fada agam le Rúiseach léigheannta
fóghlamtha le goirid. Dubhairt sé liom nach
bhfuil síochán ar bith le mí-chneastacht lucht
comhairle an Tsair. Cuirid go mion minic an
t-airgead 'n-a bpócaíbh féin i leabaidh é a
chaitheamh sa gcaoi a gceaptar dhóibh. Chuir an
t-ár agus an t-achrann, an imnidhe mhór agus an
síor-fhaitchíos, an oiread de chriothnughadh san
Tsar 's gur thug sé toil ar an gcéad Dúma, —
an chéad Fheis — a chur ar bun. Bhí go maith is
ní raibh go holc. Ba mhaith an chéad tosuigh é,
dar le go leor. Tosuigheadh ar cheisteanna
aimhréasacha poilitidheachta a phléidhe. Labhradh
amach go láidir teann. Cuireadh i dtuigsint
nach ag an Dara Nioclás a bhí an máighistreacht
ar fad le bheith. Bhí daoine sa bhFeis le cúis na
mbocht a phléidhe. Níor chuireadar san srian le
n-a nguth. Bhí na huaisle — iad so a bhí dílis
do'n Tsar agus do'n riaghaltas — teann go maith,
acht ní rabhadar chomh cumhachtach 's go dtiocfadh
leo an smacht ceart a bheith aca. Bhí baill sa
bhFeis nach raibh aon mhuinghin ag an Riaghaltas
asta. Bhí daoine áithride ag gabháil thart ag
déanamh uisge-fá-thalamh i measg an airm. Bhí
droch-ghothughadh ar na spéarthaibh. Bhí tuar na
“mí-dhílseachta” go glan soiléir. Bhí glórtha
áithride ró-dhána agus ró-láidir. Bhuail sé
in' fhaitchíos Nioclás. Sgannruigh an chainnt a
bhí ar siubhal é. B'fhurusta aithne dhó anois cia
mar bhí an sgéal. Bhí tuilleadh cumhachta agus
smachta ó dhaoinibh nach raibh aon mhuinghin aige
asta. Bhí go leor eile nach raibh uatha acht gléas
riaghaltais ar leith 'n-a dtíorthaibh féin — mar is
iomdha tír agus cineadh agus teanga i nImpir-
eacht Mhóir na Rúise. Annsin 'seadh socruigheadh
críoch a chur leis an Dúma. Rinneadh sin le
láimh láidir, agus bhí sé 'n-a raic arís.



An Tsar.



Is truagh an Tsar ar a leithéid de chaoi. Tá
sé ar “adhastar an anró” ag muinntir a áruis
féin. Tá sé idir dhá chomhairle. Níl 'fhios aige
go barainneach céard is cóir a dhéanamh. Tá
sé 'n-a sgáth agus in' fhaitchíos air roimh na
daoinibh atá ar a thaoibh agus roimh na daoinibh
atá in' aghaidh chomh maith le chéile. Tá easbaidh
misnigh agus muinghine agus cur leis air. Tá
eagla air má tugtar an tsaoirseacht atá ó
chineadhthachaibh a impireachta dhóibh gur gairid a
mhairfeas a chumhacht féin. Dar linne go mbadh
mó go mór a chumhacht dá mbuaileadh sé ar aghaidh
ar a shlighe féin agus gan a bheith i gcomhnaidhe
i gcleitheamhnas agus i dtuilleamaigh na ndaoine
so atá 'ghá tharraingt i mbealach a bhasgtha. Ní
mholfamuis dó gan a bheith omósach dá cháirdíbh
fola agus feola féin. Acht “ní thig leis an
ngobadán an dá thráigh a fhreastal.” Ní chreid-
imíd gurab í comhairle a leasa a tugtar dhó i
gcomhnaidhe. B'fhearr dhó iarracht láidir a thabh-
airt ar na gnótha a stiúradh as a stuaim féin.
Is eisean an riaghaltóir, agus is é is mó bhéas
síos le n-a bhfuil ar siubhal. Cad chuige nach gcruth-
uigheann sé do'n tsaoghal go bhfuil neart agus
cumhacht agus treoir ann féin? Nár chóir go
mbeadh 'fhios aige nach bhfuil sa domhan go léir
aon nídh is láidre 'ná cumhacht muinntire tíre
a bhfuil fútha gan géilleadh go bhfuighidh siad
ceart is cóir?



Mícheál Breathnach



Léisin, An Eilbhéis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services