Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ó tá an Nodlaig buailte linn, b'fhéidir nár mhiste do Ghaedhealaibh féachaint timcheall ortha agus breithniughadh ar an gcuma 'n-a bhfuil éirighthe leo i gcaitheamh na bliadhna atá caithte againn. Táimíd ag teacht chun cinn go buacach, buidheachas le Dia. Mar sin féin, is iongantach an méid daoine ar fuaid Éireann daoine óga ná cuireann pioc suime i n-obair Chumann na gCleas Lúith. Sid iad na daoine a bhíonn ag máingeáil ar fuaid cúinní sráide, is ag faire ar thighthibh tábhairne. Sid iad na daoine d'fhanfadh 'n-a gcodladh go headarshuth Dia Domhnaigh, agus gur bheag leo an tAifreann do chailleamhaint. Dá bhféadfadh Cumann na gCleas Lúith breith ar lucht na leisce is an bheag-mhaith so, agus iad a chur ar bhealach a leasa badh ró-bhreagh an gníomh é. Feáchtar chuige i gcaitheamh na bliadhna nua. Do tháingadar laochraidhe Thiobrad Árann is Phortláirge i gcoinnibh a chéile i gCarraig na Siúire Dia Domhnaigh se ghaibh tharainn. Do buaileadh ana-bháire ann ar shon go raibh an donas ar fad ar an lá le fliuchán. Cé gur oibrigh muinntir Phortláirge go maith is go haicillidhe níor fhéadadar seasamh i gcoinnibh na ngaiscidheach gcliste ó Thiobrád Árann. Cluiche i gcomhair craobh Chúige Mumhan a b'eadh é seo. Sidé an scór: Tiobrád Árann 3-15; Portláirge 3-5. Do thárla ag Geata Shain Séamus Dia Domhnaigh cluiche maith peile idir fuireann Charn na gCloch is na Céitinnigh. Bhí duine i n-easnamh ar na Céitinnigh sa chéad leath de'n gcluiche. Ní ar fógnamh a bhí an lucht scríbe ar gach taobh: do chailleadar a lán iarrachtaí. Sidé an scór: Carn na gCloch 0-5; Céitinnigh 0-3. Guidhim Nodlaig mhaith mheith do gach uile Gaedheal; lúth in' ioscaidibh, is fuinneamh 'n-a bhuillíbh. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services