Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ó tá an Nodlaig buailte linn, b'fhéidir nár
mhiste do Ghaedhealaibh féachaint timcheall ortha
agus breithniughadh ar an gcuma 'n-a bhfuil
éirighthe leo i gcaitheamh na bliadhna atá caithte
againn. Táimíd ag teacht chun cinn go buacach,
buidheachas le Dia.



Mar sin féin, is iongantach an méid daoine
ar fuaid Éireann -- daoine óga -- ná cuireann
pioc suime i n-obair Chumann na gCleas Lúith.
Sid iad na daoine a bhíonn ag máingeáil ar
fuaid cúinní sráide, is ag faire ar thighthibh
tábhairne. Sid iad na daoine d'fhanfadh 'n-a
gcodladh go headarshuth Dia Domhnaigh, agus
gur bheag leo an tAifreann do chailleamhaint.
Dá bhféadfadh Cumann na gCleas Lúith breith
ar lucht na leisce is an bheag-mhaith so, agus iad
a chur ar bhealach a leasa badh ró-bhreagh an
gníomh é. Feáchtar chuige i gcaitheamh na bliadhna
nua.



Do tháingadar laochraidhe Thiobrad Árann is
Phortláirge i gcoinnibh a chéile i gCarraig na
Siúire Dia Domhnaigh se ghaibh tharainn. Do
buaileadh ana-bháire ann ar shon go raibh an
donas ar fad ar an lá le fliuchán. Cé gur
oibrigh muinntir Phortláirge go maith is go
haicillidhe níor fhéadadar seasamh i gcoinnibh
na ngaiscidheach gcliste ó Thiobrád Árann.
Cluiche i gcomhair craobh Chúige Mumhan a b'eadh
é seo. Sidé an scór: Tiobrád Árann 3-15;
Portláirge 3-5.



Do thárla ag Geata Shain Séamus Dia
Domhnaigh cluiche maith peile idir fuireann
Charn na gCloch is na Céitinnigh. Bhí duine i
n-easnamh ar na Céitinnigh sa chéad leath de'n
gcluiche. Ní ar fógnamh a bhí an lucht scríbe
ar gach taobh: do chailleadar a lán iarrachtaí.
Sidé an scór: Carn na gCloch 0-5; Céitinnigh
0-3.



Guidhim Nodlaig mhaith mheith do gach uile
Gaedheal; lúth in' ioscaidibh, is fuinneamh 'n-a
bhuillíbh.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services