Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ag Bóthar Mhic Seoin Bhí suaimhneas againn Dia Domhnaigh ag Bóthar Mhic Seoin ó lucht geall agus cleas. Ní raibh oiread agus fear na méaracán ann. Go deimhin, ní dóigh liom gur bhraith aon duine an t-uaigneas ag goilleamhaint go ró-mhór air sin 'n-a ndiaidh. Ár mbuidheachas do'n gcomhaltus do choinghibh uainn iad. Gura fada buan iad, agus gan aon “scilling Shéamuis Uí Fhearghaile” aca dhá bharr! An Báire B'é céad rud a chonnacamair ann ná “hamha seal” idir Laochraidh Bhaile Átha Cliath agus Chill Choinnigh san mbáire. Ní ró- mhaith an chóir a bhí ar aon taobh aca chun gnímh. Bhí triúir de sna daltaíbh a b'fhearr aca i n-easnamh ar mhuinntir Chill Choinnigh, agus bhí mór seisear i n-easnamh ar fhuirinn Bhaile Átha Cliath. Bhí a lán de'n imirt ceatach go leor agus do goirtigheadh triúr de'n bhfuirinn anuas. Mar sin féin, do chonncathas ann iarrachtaí de shár-imirt. B'iad an mhuinntir ó Chill Choinnigh ba threise is ba chliste. Sidé an scór: Cill Choinnigh 5-4; Áth Cliath 0-6. An Pheil Cluiche peile idir na Céitinnigh agus muinntir Charn na gCloch do b'eadh an tarna cluiche ann. Imirt ana-mhaith do b'eadh é seo go háirithe san tarna babhta. I dtosach bárra bhí an scéal ar a dtoil féin ag na Céitinnigh agus chuireadar i gcrích sa leath tosaigh naoi gcinn de cúilíníbh i gcoinnibh “ubh lachan” ag an muinntir eile. Sa tarna leath, ámh, d'éirigh a bhfraoch do mhuinntir an Chairn agus chuireadar síos gach re bpuinnte leis an bhfuirinn eile. Bhí an imirt ar fheabhas i gcaitheamh na haimsire seo, agus an dícheall á dhéanamh ag gach taobh aca. Tá feabhas mór ar na Céitinnigh ó chonnac cheana iad. Dhein Séamus Ó Braonáin agus “Tadhg so againne” agus Mac Uí Éaluighthe obair mhaith, féibh mar is gnáith leo. Sidé an scór: Céitinnigh 0-14; Carn na gCloch 0-5. Corn an Chrócaigh Do bhuaidh Ciarraighe Corn an Chrócaigh ag Inis an Chláir, Dia Domhnaigh, d'éis árd-chatha i n-aghaidh Laochraidhe Muigheo. Ciarraighe 2-6; Muigheo 2-3.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services