Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ag Bóthar Mhic Seoin



Bhí suaimhneas againn Dia Domhnaigh ag
Bóthar Mhic Seoin ó lucht geall agus cleas.
Ní raibh oiread agus fear na méaracán ann.
Go deimhin, ní dóigh liom gur bhraith aon duine
an t-uaigneas ag goilleamhaint go ró-mhór air
sin 'n-a ndiaidh. Ár mbuidheachas do'n
gcomhaltus do choinghibh uainn iad. Gura fada
buan iad, agus gan aon “scilling Shéamuis
Uí Fhearghaile” aca dhá bharr!



An Báire



B'é céad rud a chonnacamair ann ná
“hamha seal” idir Laochraidh Bhaile Átha
Cliath agus Chill Choinnigh san mbáire. Ní ró-
mhaith an chóir a bhí ar aon taobh aca chun gnímh.
Bhí triúir de sna daltaíbh a b'fhearr aca i
n-easnamh ar mhuinntir Chill Choinnigh, agus bhí
mór seisear i n-easnamh ar fhuirinn Bhaile Átha
Cliath. Bhí a lán de'n imirt ceatach go leor
agus do goirtigheadh triúr de'n bhfuirinn
anuas. Mar sin féin, do chonncathas ann
iarrachtaí de shár-imirt. B'iad an mhuinntir ó
Chill Choinnigh ba threise is ba chliste. Sidé
an scór: Cill Choinnigh 5-4; Áth Cliath 0-6.



An Pheil



Cluiche peile idir na Céitinnigh agus
muinntir Charn na gCloch do b'eadh an tarna
cluiche ann. Imirt ana-mhaith do b'eadh é seo
go háirithe san tarna babhta. I dtosach bárra
bhí an scéal ar a dtoil féin ag na Céitinnigh
agus chuireadar i gcrích sa leath tosaigh naoi
gcinn de cúilíníbh i gcoinnibh “ubh lachan” ag
an muinntir eile. Sa tarna leath, ámh,
d'éirigh a bhfraoch do mhuinntir an Chairn agus
chuireadar síos gach re bpuinnte leis an
bhfuirinn eile. Bhí an imirt ar fheabhas i
gcaitheamh na haimsire seo, agus an dícheall
á dhéanamh ag gach taobh aca. Tá feabhas mór
ar na Céitinnigh ó chonnac cheana iad. Dhein
Séamus Ó Braonáin agus “Tadhg so againne”
agus Mac Uí Éaluighthe obair mhaith, féibh mar
is gnáith leo. Sidé an scór: Céitinnigh 0-14;
Carn na gCloch 0-5.



Corn an Chrócaigh



Do bhuaidh Ciarraighe Corn an Chrócaigh ag
Inis an Chláir, Dia Domhnaigh, d'éis árd-chatha i
n-aghaidh Laochraidhe Muigheo. Ciarraighe 2-6;
Muigheo 2-3.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services