Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh an Bháire
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh an Bháire
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh an Bháire Droch-lá a b'eadh an Domhnach so ghaibh thor- ainn agus do ghoill an aimsear ar na fearaibh a bhí ar aghaidh a chéile ag Cill Choinnigh. Ar a shon-san is uile do deineadh árd-bhobhta gaisce ann. B'é báire craobh Éireann i gcomhair bliadhna a 1906 é, agus Baile Átha Cliath ar son Cúige Laighean a bhí ag imirt i gcoinnibh Thiobrad Árann ar son Chúige Mumhan. Bhí sluagh maith daoine láithreach, ar shon gur choisc an doineann ar an lán eile. An Imirt Do caitheadh i n-áirde agus do thuirling i bhfabhar Thiobrad Árann. Mar sin féin, ba bheag an mhaith dóibh é mar bhí buntáiste an scóir ag an bhfuirinn ó Bhaile Átha Cliath sa leath-chluiche tosaigh. Sa tarna leath-chluiche d'éaluigh an spionnadh go mór a leoghain Chúige Laighean. Is mó do ghoill an fhliche ortha 'ná mar a dhein ar ghaiscidhigh na Mumhan. Túr nirt do mhuinntir Thiobrad Árann do b'eadh Mac Uí Ríoghhbardáin ó Dúrlais. I gcaitheamh na himeartha níor thug buille follamh. Seo mar a bhí an scór i ndeireadh na mbeart! Tiobrad Árann 3-16, Áth Cliath 3-8. Árd-Chraobh v. An Aill Seo litir a shroich sinn i dtosach na seacht- mhaine seo ghaibh thorainn. Bhí sí ró-dheidheannach, ámh, chun í chur i gcló sa gCLAIDHEAMH deir- eannach. Admhuighid muinntir na hAille go hoscailte go rabhadar féin cionntach i gcuid de'n bhruidhin. Admháil na droch-bhirte is eadh tosach an leighis. Tá súil agam go ndéanfam go léir ár ndícheall chun gach nídh i bhfuirm achrainn is droch-chroidhe a choimeád a láithreach- aibh lúith-chleas na nGaedheal. Is fearra dhúinn a bheith muinnteardha so-chroidheach geal- gháiritheach. Is siad ár ré i bhfus é. Ní haon mhaith leanamhaint a thuilleadh don' aigh- neas so. Tá fios dá thaobh an scéil ag gach duine anois, is féadfaidh a thuairim féin bheith aige. Tórna Cumann Iománaidheachta na hAille, Deireadh Fóghmhair, 20adh, 1907. A Thórna, a chara, Ní chum locht fhágháil ar do chuid cainnte faoi an gcluiche thuas atá na focla so 'gá sgríobhadh acht “bíonn dhá innsint ar sgéal” agus ó thárla go ndearnadh iarracht i gCLAIDHEAMH na seachtmhaine seo an milleán ar fad do chur ar Mhuinntir na hAille ní tógfar orainne é, ár ndóigh, focal a rádh ar ár son féin. Is fíor a rádh go raibh an iomarca aighnis i rith an chluiche seo, agus mo léan géar muinntir na hAille bheith cionntach le n-a gcuid féin de. Acht céard ba bhun- ughdar leis an aighneas so, déarfas an fear ar an gclaidhe?
Ath-imirt a b'eadh an cluiche agus b'é sin an fáth ba mhó go raibh imreas ar bith ann. D'eirigh le na hÁrd- Chraobhaigh an ath-imirt seo d'fhágháil mar gheall ar ghearán bheag shuarach — gearán chomh suarach sin nach ndéanfadh aon bhuidhean eile i nÉirinn é, bíodh siad Gaedhealach nó Gallda. Tugann lucht iománaidhthe na hÁrd-Chraoibhe liosta áluinn de na rudaíbh nach ndearn- adar, mar 'dheadh. Acht ní abruigheann siad focal i dtaobh an ghearáin shuaraigh seo do cuireadh isteach nuair do bhuail Muinntir na hAille iad ar dtús. Mar seo do rinneadh an píosa gaisgidheachta móire sin. Tugadh ainmneacha iománaidhthe na hAille do'n Mhaor gan iad bheith sgríobhtha mar badh cheart, 'sé sin an t-ainm go hiomlán bheith ann. Níor cheart do'n Mhaor an liosta sin a ghlacadh sa chuma sin, acht bhí a chúis féin aige, is dócha. “An té nach mbíonn láidir ní mór dhó bheith glic.” agus ar an ádhbhar suarach sin bhí aige rinne Captaen na hÁrd-Chraoibhe a ghearán os comhair na comhairle nuair nárbh' fhéidir leis fir na hAille do bhualadh go fearamhail, agus horduigheadh an ath-imirt. Maidir leis an té bhí mar mhaor ar an ath-imirt ní hiongnadh linn go raibh na hÁrd-Chraoibhaigh lán-tsásta leis. “Is báidheamhail iad lucht aon chine,” agus innis- tear dhúinn anois go raibh an fear céadna i n-a dhalta de'n Árd-Chraoibh tamall ó shoin agus b'fhéidir go bhfuil fós. Is iomdha cluiche bhuaileamar i n-aghaidh Gaedheal Átha Cliath agus bhíodar go carthannach macánta cneasta i gcomhnaidhe go dtí gur casadh Cumann na hÁrd- Chraoibhe orainn. “Is leor an méid roimh-ráidhte mar theist go ndearn- adar a ndícheall riamh le príomh-chluiche na nGaedheal a chur chum cinn.” 'Sé ár dtuairim, dá mbadh ag taobhadh le n-a leithéidíbh sin a bhí príomh-chluiche na nGaedheal gur dhona an chaoi aige é. Ar son Coiste Chumann na hAille, Seaghán Mac Diarmada, Leas-Chaptaen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services