Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh an Bháire

Teideal
Ar Faithche na hImeartha - Craobh an Bháire
Údar
Ó Donnchadha, Tadhg,
Ainm Cleite
Tórna
Dáta cumtha
1907
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh an Bháire



Droch-lá a b'eadh an Domhnach so ghaibh thor-
ainn agus do ghoill an aimsear ar na fearaibh
a bhí ar aghaidh a chéile ag Cill Choinnigh. Ar a
shon-san is uile do deineadh árd-bhobhta gaisce
ann. B'é báire craobh Éireann i gcomhair
bliadhna a 1906 é, agus Baile Átha Cliath ar
son Cúige Laighean a bhí ag imirt i gcoinnibh
Thiobrad Árann ar son Chúige Mumhan. Bhí
sluagh maith daoine láithreach, ar shon gur choisc
an doineann ar an lán eile.



An Imirt



Do caitheadh i n-áirde agus do thuirling i
bhfabhar Thiobrad Árann. Mar sin féin, ba
bheag an mhaith dóibh é mar bhí buntáiste an
scóir ag an bhfuirinn ó Bhaile Átha Cliath sa
leath-chluiche tosaigh. Sa tarna leath-chluiche
d'éaluigh an spionnadh go mór a leoghain
Chúige Laighean. Is mó do ghoill an fhliche ortha
'ná mar a dhein ar ghaiscidhigh na Mumhan. Túr
nirt do mhuinntir Thiobrad Árann do b'eadh
Mac Uí Ríoghhbardáin ó Dúrlais. I gcaitheamh
na himeartha níor thug buille follamh. Seo
mar a bhí an scór i ndeireadh na mbeart!
Tiobrad Árann 3-16, Áth Cliath 3-8.



Árd-Chraobh v. An Aill



Seo litir a shroich sinn i dtosach na seacht-
mhaine seo ghaibh thorainn. Bhí sí ró-dheidheannach,
ámh, chun í chur i gcló sa gCLAIDHEAMH deir-
eannach. Admhuighid muinntir na hAille go
hoscailte go rabhadar féin cionntach i gcuid
de'n bhruidhin. Admháil na droch-bhirte is eadh
tosach an leighis. Tá súil agam go ndéanfam
go léir ár ndícheall chun gach nídh i bhfuirm
achrainn is droch-chroidhe a choimeád a láithreach-
aibh lúith-chleas na nGaedheal. Is fearra
dhúinn a bheith muinnteardha so-chroidheach geal-
gháiritheach. Is siad ár ré i bhfus é. Ní
haon mhaith leanamhaint a thuilleadh don' aigh-
neas so. Tá fios dá thaobh an scéil ag gach
duine anois, is féadfaidh a thuairim féin bheith
aige.



Tórna



Cumann Iománaidheachta na hAille,
Deireadh Fóghmhair, 20adh, 1907.



A Thórna, a chara,
Ní chum locht fhágháil ar do chuid cainnte faoi an
gcluiche thuas atá na focla so 'gá sgríobhadh acht
“bíonn dhá innsint ar sgéal” agus ó thárla go
ndearnadh iarracht i gCLAIDHEAMH na seachtmhaine seo
an milleán ar fad do chur ar Mhuinntir na hAille ní
tógfar orainne é, ár ndóigh, focal a rádh ar ár son féin.



Is fíor a rádh go raibh an iomarca aighnis i rith an
chluiche seo, agus mo léan géar muinntir na hAille
bheith cionntach le n-a gcuid féin de. Acht céard ba bhun-
ughdar leis an aighneas so, déarfas an fear ar an
gclaidhe?


L. 05


Ath-imirt a b'eadh an cluiche agus b'é sin an fáth ba mhó
go raibh imreas ar bith ann. D'eirigh le na hÁrd-
Chraobhaigh an ath-imirt seo d'fhágháil mar gheall ar
ghearán bheag shuarach — gearán chomh suarach sin nach
ndéanfadh aon bhuidhean eile i nÉirinn é, bíodh siad
Gaedhealach nó Gallda. Tugann lucht iománaidhthe na
hÁrd-Chraoibhe liosta áluinn de na rudaíbh nach ndearn-
adar, mar 'dheadh. Acht ní abruigheann siad focal i
dtaobh an ghearáin shuaraigh seo do cuireadh isteach nuair
do bhuail Muinntir na hAille iad ar dtús. Mar seo
do rinneadh an píosa gaisgidheachta móire sin. Tugadh
ainmneacha iománaidhthe na hAille do'n Mhaor gan iad
bheith sgríobhtha mar badh cheart, 'sé sin an t-ainm go
hiomlán bheith ann. Níor cheart do'n Mhaor an liosta
sin a ghlacadh sa chuma sin, acht bhí a chúis féin aige, is
dócha. “An té nach mbíonn láidir ní mór dhó bheith glic.”
agus ar an ádhbhar suarach sin bhí aige rinne Captaen na
hÁrd-Chraoibhe a ghearán os comhair na comhairle nuair
nárbh' fhéidir leis fir na hAille do bhualadh go fearamhail,
agus horduigheadh an ath-imirt.



Maidir leis an té bhí mar mhaor ar an ath-imirt ní
hiongnadh linn go raibh na hÁrd-Chraoibhaigh lán-tsásta
leis. “Is báidheamhail iad lucht aon chine,” agus innis-
tear dhúinn anois go raibh an fear céadna i n-a dhalta
de'n Árd-Chraoibh tamall ó shoin agus b'fhéidir go bhfuil
fós.



Is iomdha cluiche bhuaileamar i n-aghaidh Gaedheal Átha
Cliath agus bhíodar go carthannach macánta cneasta i
gcomhnaidhe go dtí gur casadh Cumann na hÁrd-
Chraoibhe orainn.



“Is leor an méid roimh-ráidhte mar theist go ndearn-
adar a ndícheall riamh le príomh-chluiche na nGaedheal a
chur chum cinn.” 'Sé ár dtuairim, dá mbadh ag taobhadh
le n-a leithéidíbh sin a bhí príomh-chluiche na nGaedheal gur
dhona an chaoi aige é.



Ar son Coiste Chumann na hAille,



Seaghán Mac Diarmada,



Leas-Chaptaen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services