Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh na Mumhan
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh na Mumhan
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh na Mumhan Dia Domhnaigh ag Tiobraid Árann do thárla an bobhta cinn san Iomáin is sa Pheil i gcomhair Chraobh na Mumhan. Corcaigh i gcoinne Thiobrad Árann san mBáire agus Corcaigh i gcoinnibh Chiarraighe sa Pheil. Bhí an aimsir oireamhnach go leor; bhí an láthair ar fheabhas an tsaoghail, agus sluagh ag féachaint ar an imirt ná feacathas le fada dh'aimsir ar bháire comórtais. Do glanadh os cionn céad go leith de sholáthar ag an ngeata. An Báire An iománaidheacht do socruigheadh ar dtúis Iománaidhthe Dhúrlais i gcoinnibh Iománaidhthe Fionn-Bharra i gCorcaigh. Is fad ná feacathas i dTiobrád Árann féin a leithéid de shár- imirt. Ní bhfuair an liathróid puinn suaimhnis, acht í n-a steillí-rith síos suas ar feadh na haimsire go léir. Ní raibh sos ná staonadh sa tréan-chomhrac ó thosach go deireadh. Árd- scór fé dheireadh: Tiobraid Árann 3-4; Corcaigh 0-9. An Pheil D'éis do'n bháire bheith i leath-taoibh do ghluais Corcaigh is Ciarraighe i gcoinnibh a chéile sa pheil. Do thuit buntáiste na gaoithe chun fuireann Chorcaighe, acht níor ró-iongan- tach an imirt do dhein aon taobh aca. Is mór an scrios é an donas go léir ar fhuirinn Chiarraighe - ar na leógain a bhuaidh craobh na hÉireann anuiridh. Tá Cúige Mumhan dá lot is dá trághadh i n-aghaidh an lae - na fir is
tréine lámh agus is calma gníomh á tréigean. Bhí a rian ar an imirt Dia Domhnaigh. Sidé an táille: Corcaigh 1-10; Ciarraighe 0-3. "Ropairí" nó "Rábairí"? Deirtear liom nach "Ropairí" badh cheart dam a thabhairt ar na Rapparees acht "Ráb- airí". Géillim do'n chainnt ar shon gur dóigh liom gur agam féin a bhí an ceart de réir bhunadhas an fhocail. Pé aca Ropairí nó Rábairí iad do bhuaidh lucht Fág an Bealach ortha ag an Díon Dia Domhnaigh. Bhí an imirt dian go leor ann. Sidé an táille: Fágaigh, 3-9; Rábairí 1-3. Mion-chunntaisí Ráth Ó Máine, 5-8; Commercials, 3-6; Grósaerí, 2-3; Smiot Ó Briain, 1-7; G. S. agus W. R., 1-4; Árd-Chraobh. 0-3. Do bhuaidh Sóisir na hÁrd-Craoibhe ar fhuirinn Chaoimhghein Dia Sathairn, 2-9 i gcoinne 2-8. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services