Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh na Mumhan

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh na Mumhan
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh na Mumhan



Dia Domhnaigh ag Tiobraid Árann do
thárla an bobhta cinn san Iomáin is sa Pheil i
gcomhair Chraobh na Mumhan. Corcaigh i gcoinne
Thiobrad Árann san mBáire agus Corcaigh i
gcoinnibh Chiarraighe sa Pheil. Bhí an aimsir
oireamhnach go leor; bhí an láthair ar
fheabhas an tsaoghail, agus sluagh ag féachaint
ar an imirt ná feacathas le fada dh'aimsir ar
bháire comórtais. Do glanadh os cionn céad
go leith de sholáthar ag an ngeata.



An Báire



An iománaidheacht do socruigheadh ar dtúis
Iománaidhthe Dhúrlais i gcoinnibh Iománaidhthe
Fionn-Bharra i gCorcaigh. Is fad ná feacathas
i dTiobrád Árann féin a leithéid de shár-
imirt. Ní bhfuair an liathróid puinn suaimhnis,
acht í n-a steillí-rith síos suas ar feadh na
haimsire go léir. Ní raibh sos ná staonadh
sa tréan-chomhrac ó thosach go deireadh. Árd-
scór fé dheireadh: Tiobraid Árann 3-4;
Corcaigh 0-9.



An Pheil



D'éis do'n bháire bheith i leath-taoibh do
ghluais Corcaigh is Ciarraighe i gcoinnibh a
chéile sa pheil. Do thuit buntáiste na gaoithe
chun fuireann Chorcaighe, acht níor ró-iongan-
tach an imirt do dhein aon taobh aca. Is mór
an scrios é an donas go léir ar fhuirinn
Chiarraighe - ar na leógain a bhuaidh craobh na
hÉireann anuiridh. Tá Cúige Mumhan dá lot
is dá trághadh i n-aghaidh an lae - na fir is


L. 5


tréine lámh agus is calma gníomh á tréigean.
Bhí a rian ar an imirt Dia Domhnaigh. Sidé
an táille: Corcaigh 1-10; Ciarraighe 0-3.



"Ropairí" nó "Rábairí"?



Deirtear liom nach "Ropairí" badh cheart
dam a thabhairt ar na Rapparees acht "Ráb-
airí". Géillim do'n chainnt ar shon gur dóigh
liom gur agam féin a bhí an ceart de réir
bhunadhas an fhocail. Pé aca Ropairí nó
Rábairí iad do bhuaidh lucht Fág an Bealach
ortha ag an Díon Dia Domhnaigh. Bhí an
imirt dian go leor ann. Sidé an táille:
Fágaigh, 3-9; Rábairí 1-3.



Mion-chunntaisí



Ráth Ó Máine, 5-8; Commercials, 3-6;
Grósaerí, 2-3; Smiot Ó Briain, 1-7;
G. S. agus W. R., 1-4; Árd-Chraobh. 0-3.



Do bhuaidh Sóisir na hÁrd-Craoibhe ar
fhuirinn Chaoimhghein Dia Sathairn, 2-9 i
gcoinne 2-8.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services