Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Bóthar Mhic Seoin Bhí an-lá againn i láthair Bhóthair Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Ar shon go raibh an aimsir bagarthach go leor do bhailigh árd-shluagh ann chun fuireann “Fág an Bealach” agus na “Commercials” d'fheicsint ag imirt báire. Radharc breagh do b'eadh é. Sid é an tarna huair aca ag imirt is gan an buadh ag aon taobh. Timcheall trí seachtmhaine ó shoin d'im- readar bobhta gur sheasaimh an scór ar a cúig 's a ceathair ar gach taobh. Do bhí an scéal ar an gcuma céadna Dia Domhnaigh acht gan an comhaireamh a bheith chomh hárd. Naoi bpuintí a bhí aca araon. Na “Fágaigh” chun tosaigh! Do b'fhiú do dhuine dul ag féachaint ar an mbáire seo. D'imreadh go luath-ghonach ó thosach go deireadh, is ní raibh sos ná suaimh- neas ag éinne. I dtosach barra bhí an imirt ar a dtoil féin ag na “Fágaigh”, go dtí i ndeireadh an cheád leith go raibh aca seacht bpuintí i n-aghaidh cúil amháin do'n bhfuirinn eile. Um an dtaca so do goirtigheadh duine de sna Commercials le giota de chamán briste, agus ba ghearr go bhfeacathas Ó Dubhshláinge ag preabadh isteach in' ionad fé árd-écláth. Díreach roimh teacht na feide do chuir Glíosánach na bhFágach puinte bhreagh isteach. Críoch na hImeartha Sa tarna leath de'n imirt d'éirigh a gcuthach chun na gCommercials — níor mhiste dhóibh ainm Ghaedhilge a thoghadh dhóibh féin. Ar shon gur minic a bhítí ag déanamh cumhangrachta ortha bhí an chosaint ar fheabhas agus an cúl báire thar na beartaibh. Maidir leis an imirt féin, níor cheapas go mb'fhéidir a leithéid d'fheic- sint i mBaile Átha Cliath agus le beagán eile taithighe do bhainfidís a gceart a fuirinn ó aon bhall. B'é locht ba mhó a bhí ortha, dar liom-sa, an imirt a bheith ró-chumhang — an iomad sodair i ndiaidh na liathróide. Do choinghibh soin na fir i n-a mbrosnadh ag rith ó cheann ceann na láithreach. Ní dhéarfainn an iomad i n-a choinnibh mar imirt, acht b'fhearr í bheith nísa oscailte agus níos mó ó thaobh taobh. Rud eile, cachoin a cuirfear stad le breith ar
an liathróid? Is suarach a fhéachann an bheart soin i láthair fuirinne. Is lag an mhaise do dhuine go mbeadh camán i n-a láimh aige bheith a d'iarraidh breith ar an liathróid dá luas é chun í chur uaidh 'n-a dhiaidh-san. Ní iomán- aidheacht i n-éan-chor é, dar liom-sa. An Pheil Bhí dhá chluiche sa láthair chéadna soin Dia Domhnaigh: Cluiche caradais idir na Ciceam- aigh is na Céitinnigh. Buidhean Chiceam 10 bpuintí — na Céitinnigh, puinte. Fuireann Mac Giolla Bríghde-Mhistéal 1-10: Fuireann Chúchulainn 1-3. Lucht na nGeall Arís Do bhí suaimhneas againn Dia Domhnaigh ó screadghail lucht na ngeall a chur agus ba mhór an bronntanus ó Dhia agus ó Chumann na gCleas Lúith soin. Acht má bhí, ní fhágann soin ná go raibh gill á gcur os íseal. Nach é an náire dhearg é ná féadaidh Gaedhil a gcleasa lúith a cur i gcrích gan na cleachtaidhe iasachta so a mheascadh leo? Mara gcuirfear stad i n-am leis an obair sin, is baoghlach nach aon- deigh-chríoch a bhéarfaidh ár gcleasa lúith. Ó tá tosnuighthe ar an leigheas níor mhiste lean- amhaint de ar áis nó ar éigean. Cuirtear an ruag ar lucht na ngeall is ar fhear na gcár- taí, ar fhear na lúb is ar fhear an rotha a chas- adh; acht na bacthar le fear na píbe ná le lucht an cheoil — má's ceol dúthchais é. Beidh an rath orainn annsoin. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services