Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin

Teideal
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Údar
Ó Donnchadha, Tadhg,
Ainm Cleite
Tórna
Dáta cumtha
1907
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Bóthar Mhic Seoin



Bhí an-lá againn i láthair Bhóthair Mhic Seoin
Dia Domhnaigh. Ar shon go raibh an aimsir
bagarthach go leor do bhailigh árd-shluagh ann
chun fuireann “Fág an Bealach” agus na
“Commercials” d'fheicsint ag imirt báire.
Radharc breagh do b'eadh é. Sid é an tarna
huair aca ag imirt is gan an buadh ag aon
taobh. Timcheall trí seachtmhaine ó shoin d'im-
readar bobhta gur sheasaimh an scór ar a cúig
's a ceathair ar gach taobh. Do bhí an scéal ar
an gcuma céadna Dia Domhnaigh acht gan an
comhaireamh a bheith chomh hárd. Naoi bpuintí
a bhí aca araon.



Na “Fágaigh” chun tosaigh!



Do b'fhiú do dhuine dul ag féachaint ar an
mbáire seo. D'imreadh go luath-ghonach ó
thosach go deireadh, is ní raibh sos ná suaimh-
neas ag éinne. I dtosach barra bhí an imirt
ar a dtoil féin ag na “Fágaigh”, go dtí i
ndeireadh an cheád leith go raibh aca seacht
bpuintí i n-aghaidh cúil amháin do'n bhfuirinn
eile. Um an dtaca so do goirtigheadh duine
de sna Commercials le giota de chamán
briste, agus ba ghearr go bhfeacathas Ó
Dubhshláinge ag preabadh isteach in' ionad fé
árd-écláth. Díreach roimh teacht na feide
do chuir Glíosánach na bhFágach puinte bhreagh
isteach.



Críoch na hImeartha



Sa tarna leath de'n imirt d'éirigh a gcuthach
chun na gCommercials — níor mhiste dhóibh ainm
Ghaedhilge a thoghadh dhóibh féin. Ar shon gur
minic a bhítí ag déanamh cumhangrachta ortha
bhí an chosaint ar fheabhas agus an cúl báire
thar na beartaibh. Maidir leis an imirt féin,
níor cheapas go mb'fhéidir a leithéid d'fheic-
sint i mBaile Átha Cliath agus le beagán eile
taithighe do bhainfidís a gceart a fuirinn
ó aon bhall. B'é locht ba mhó a bhí ortha, dar
liom-sa, an imirt a bheith ró-chumhang — an
iomad sodair i ndiaidh na liathróide. Do
choinghibh soin na fir i n-a mbrosnadh ag rith ó
cheann ceann na láithreach. Ní dhéarfainn an
iomad i n-a choinnibh mar imirt, acht b'fhearr í
bheith nísa oscailte agus níos mó ó thaobh taobh.
Rud eile, cachoin a cuirfear stad le breith ar


L. 05


an liathróid? Is suarach a fhéachann an bheart
soin i láthair fuirinne. Is lag an mhaise do
dhuine go mbeadh camán i n-a láimh aige bheith
a d'iarraidh breith ar an liathróid dá luas
é chun í chur uaidh 'n-a dhiaidh-san. Ní iomán-
aidheacht i n-éan-chor é, dar liom-sa.



An Pheil



Bhí dhá chluiche sa láthair chéadna soin Dia
Domhnaigh: Cluiche caradais idir na Ciceam-
aigh is na Céitinnigh. Buidhean Chiceam 10
bpuintí — na Céitinnigh, puinte. Fuireann Mac
Giolla Bríghde-Mhistéal 1-10: Fuireann
Chúchulainn 1-3.



Lucht na nGeall Arís



Do bhí suaimhneas againn Dia Domhnaigh ó
screadghail lucht na ngeall a chur agus ba
mhór an bronntanus ó Dhia agus ó Chumann na
gCleas Lúith soin. Acht má bhí, ní fhágann soin
ná go raibh gill á gcur os íseal. Nach é an
náire dhearg é ná féadaidh Gaedhil a gcleasa
lúith a cur i gcrích gan na cleachtaidhe iasachta
so a mheascadh leo? Mara gcuirfear stad i
n-am leis an obair sin, is baoghlach nach aon-
deigh-chríoch a bhéarfaidh ár gcleasa lúith. Ó tá
tosnuighthe ar an leigheas níor mhiste lean-
amhaint de ar áis nó ar éigean. Cuirtear an
ruag ar lucht na ngeall is ar fhear na gcár-
taí, ar fhear na lúb is ar fhear an rotha a chas-
adh; acht na bacthar le fear na píbe ná le
lucht an cheoil — má's ceol dúthchais é. Beidh
an rath orainn annsoin.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services