Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn do tháinig árd-shluagh i bhfochair a chéile ag Bóthar Mhic Seoin, chun féachaint ar scoith Bhaile Átha Cliath is Chorcaighe ag imirt peile. Bhí buidhean sinnsear is buidhean sóisear ó'n dá chathair ann. Níorbh fhiú puinn an chéad chluiche, .i. iomaidh na sinnsear, mar b'fhollus ó thúis go raibh muinntir Chorcaighe ró-thréan do'n bhfuirinn eile. Sa dara leath de'n imirt do tuathuigheadh duine de mhuinntir Chorcaighe chionn feall d'imirt go mí-fhearamhail ar dhuine ó Bhaile Átha Cliath. Seo mar bhí an scór i ndeireadh barra: — Corcaigh... cúil agus 10 gcúilíní Áth Cliath... 3 cúilíní Na Sóisir Acht má theip ar na sinnsearaibh an deigh-imirt a chur isteach ní mar sin do sna sóisearaibh. Pé áit i mbíodh Ó Maol Dúin chuige a bhíodh an leathar is níor bh'é a dhearmhad gan é chur i gcrích i gcomhnaidhe. Níor tugadh aon fhaeseamh do'n liathróid i gcaitheamh na haimsire gur fhan an imirt, ná níor b'fhéidir duine a mholadh seoch duine eile mar d'oibrigheadar go léir go tréan. Ní dheaghaidh an liathróid fá mhaide uair amháin ar aon taobh, bhí an chosaint chomh haicillidhe sin. Seo mar bhí an scór i ndeireadh na scríbe: — Corcaigh ... ... 6 cúilíní Áth Cliath ... ... 6 cúilíní Lucht na gCleas Cheapas riamh go raibh i gcoinnibh dlíghe Chumainn na gCleas Lúith, lucht beiteála is cearrbhaigh a bheith i láthair imeartha. Ní mar sin a bhí Dia Domhnaigh ag Bóthar Mhic Seoin. Do chomhairigheas féin ceathrar de lucht beit- eála agus a gcéird diablaidhe ar tiomáint aca, agus mo náire agus m'aithis é Gaedhil ag cur geall leo. Dálta na gcearrbhach is lucht cleas de gach saghas bhíodar ann go flúirseach. Cad 'n-a thaobh ná cuireann an Cumann stad le sna díolamhnaigh seo? Bhíomar bodhar agá reachtaibh liúighridhe, iad féin is a gcuid “two to wan” agus “five to two”. Cad é an mhaitheas dlighe a dhéanamh nuair ná fuil sé de mhisneach i n-ár n-uachtaránaibh féachaint chuige go gcoimhlíonfar é? Iománaidheacht Do socruigheadh dhá chluiche iomáine ag “An Díon” Dia Domhnaigh. Fuireann Fontanuaidh 5-6; Fuireann Thomáis Dáibhis 1-9. San imirt eile fuair Fuireann Chiceam 3-11 agus na Fianna 1-2. Tá feabhas ag teacht ar bháiridheacht i mBaile Átha Cliath. Ní hiongnadh linn soin agus an spéis a chuirear innti ann le déidheannaighe. D'éis an tsaoghail is é an camán an úirlis is fearr a láimhsealann Gaedheal. Tháinig sé chun baile dhó bheith 'n-a mháighistir air. Má leantar don' Iomáin níl aon mhearaidhe orm 'n-a thaobh ná go gcuirfidh sí i n-ár ndaoinibh an chuisle bhuacach bheodha a bhí i n-ár sinnsir, cuisle nár fhéad cogadh dá dhéine ná buaidhirt dá mhéid a chlaoidhe. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services