Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin

Teideal
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Údar
Ó Donnchadha, Tadhg,
Ainm Cleite
Tórna
Dáta cumtha
1907
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Bóthar Mhic Seoin



Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn do tháinig
árd-shluagh i bhfochair a chéile ag Bóthar Mhic
Seoin, chun féachaint ar scoith Bhaile Átha
Cliath is Chorcaighe ag imirt peile. Bhí
buidhean sinnsear is buidhean sóisear ó'n dá
chathair ann. Níorbh fhiú puinn an chéad chluiche,
.i. iomaidh na sinnsear, mar b'fhollus ó thúis go
raibh muinntir Chorcaighe ró-thréan do'n
bhfuirinn eile. Sa dara leath de'n imirt do
tuathuigheadh duine de mhuinntir Chorcaighe
chionn feall d'imirt go mí-fhearamhail ar dhuine
ó Bhaile Átha Cliath. Seo mar bhí an scór i
ndeireadh barra: —



Corcaigh... cúil agus 10 gcúilíní
Áth Cliath... 3 cúilíní



Na Sóisir



Acht má theip ar na sinnsearaibh an deigh-imirt
a chur isteach ní mar sin do sna sóisearaibh.
Pé áit i mbíodh Ó Maol Dúin chuige a bhíodh an
leathar is níor bh'é a dhearmhad gan é chur i
gcrích i gcomhnaidhe. Níor tugadh aon fhaeseamh
do'n liathróid i gcaitheamh na haimsire gur
fhan an imirt, ná níor b'fhéidir duine a mholadh
seoch duine eile mar d'oibrigheadar go léir
go tréan. Ní dheaghaidh an
liathróid fá mhaide uair amháin ar aon taobh,
bhí an chosaint chomh haicillidhe sin. Seo mar
bhí an scór i ndeireadh na scríbe: —



Corcaigh ... ... 6 cúilíní
Áth Cliath ... ... 6 cúilíní



Lucht na gCleas



Cheapas riamh go raibh i gcoinnibh dlíghe
Chumainn na gCleas Lúith, lucht beiteála is
cearrbhaigh a bheith i láthair imeartha. Ní mar
sin a bhí Dia Domhnaigh ag Bóthar Mhic Seoin.
Do chomhairigheas féin ceathrar de lucht beit-
eála agus a gcéird diablaidhe ar tiomáint
aca, agus mo náire agus m'aithis é Gaedhil ag
cur geall leo. Dálta na gcearrbhach is lucht
cleas de gach saghas bhíodar ann go flúirseach.
Cad 'n-a thaobh ná cuireann an Cumann stad
le sna díolamhnaigh seo? Bhíomar bodhar agá
reachtaibh liúighridhe, iad féin is a gcuid “two
to wan” agus “five to two”. Cad é an
mhaitheas dlighe a dhéanamh nuair ná fuil sé de
mhisneach i n-ár n-uachtaránaibh féachaint chuige
go gcoimhlíonfar é?



Iománaidheacht



Do socruigheadh dhá chluiche iomáine ag “An
Díon” Dia Domhnaigh. Fuireann Fontanuaidh
5-6; Fuireann Thomáis Dáibhis 1-9. San
imirt eile fuair Fuireann Chiceam 3-11
agus na Fianna 1-2. Tá feabhas ag teacht
ar bháiridheacht i mBaile Átha Cliath. Ní
hiongnadh linn soin agus an spéis a chuirear
innti ann le déidheannaighe. D'éis an
tsaoghail is é an camán an úirlis is fearr a
láimhsealann Gaedheal. Tháinig sé chun baile
dhó bheith 'n-a mháighistir air. Má leantar
don' Iomáin níl aon mhearaidhe orm 'n-a thaobh
ná go gcuirfidh sí i n-ár ndaoinibh an chuisle
bhuacach bheodha a bhí i n-ár sinnsir, cuisle nár
fhéad cogadh dá dhéine ná buaidhirt dá mhéid a
chlaoidhe.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services