Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bean Léigheannta nó Deagh-Chócaire nó Togha agus Rogha agus Togha Eile
Title
Bean Léigheannta nó Deagh-Chócaire nó Togha agus Rogha agus Togha Eile
Author(s)
Hahn, Síle Bueren,
Translator
Nic Shíthigh, Máire
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bean Léigheannta nó Deagh- Chócaire; nó Togha agus Rogha agus Togha Eile. (Ó'n nGearmáinis). I. Bhí ughdar óg darab ainm Laoise Mornang agus a shean-áintín (a bhí 'n-a comhnaidhe 'n-a theannta) ag sean- chaidheacht lá. Bhí aithne ag a áintín ar mhnaoi uasail áirithe agus cheap sí go ndéanfadh sí bean mhaith oireamhnach do Laoise. Bhí sí óg, bhí sí deas, bhí tabhairt suas mhaith uirthi, bhí a muinntir saidhbhir, bhí spré maith aici, agus bhí eolas aici ar sgríbhníbh na n-ughdar ba mhó réim sa domhan. Bhí aithne ag a áintín ortha le fada, acht ní fhaca Laoise éinne aca fós. “Agus, a áintín a' chroidhe istigh,” ar seisean, “an dáiríribh ataoi nuair adeirir go bhfuil an cailín seo chomh háluinn sin ar fad?” “Is péarla í, a mhic ó, péarla, adeirim leat. Tá a fhios agat ná cuirim le haon rud, agus gur ar mhaithe leat féin atáim, agus ná tabharfainn aon droch-chomhairle dhuit.” “Acht níl aon deithneas orm, a áintín.” “B'fhéidir ná fuil aon deithneas ort- sa acht b'fhéidir nach mar sin do dhaoinibh eile máiseadh. B'fhéidir nuair a chífeá ag duine éigin eile í mar mhnaoi gur annsoin a bheadh an diombáidh ort agus an cathughadh nuair a bheadh sé ró- dhéidheannach agat. Nuair a chífeá do chara Seoirse Lafont agus í mar mhnaoi aige.” “Seoirse Lafont! An bhfuil sé sin ag cuimhneamh uirthi?” “Tá go deimhin. Bíonn sé ag a tigh go minic. Cuimhnigh air sin, agus cuimhnigh ná fuil bean le fagháil níos oireamhnaighe dhuit-se 'na Eugenie Balmont. Bean áluinn is eadh í, agus bean chiallmhar 'n-a theannta soin. Tá sí léigheannta go leor, fuair sí moladh thar barr san sgrúdughadh dhéidheannach sa Árd-Sgoil: cuimhnigh air sin agus cad é mar chabhair d'fhéadfadh a leithéid a thabhairt duit id' chuid oibre. Dá ndéanfá dearmad bheadh sí agat chun an dearmad do cheartughadh; dá mbeadh deithneas ort le rud, chabhró- cadh sí leat chun críoch do chur air, agus 'n-a theannta soin go léir, agus rud gur fiú meas do bheith air, tá míle púnt spré aici. Ní haon cuma- cad-é an méid sin.” “Tá an ceart agat, a áintín. Acht cad badh cheart dam a dhéanamh?” “Cad badh cheart duit a dhéanamh! Is fuiriste an cheist sin do réidhteach. Fág fúm-sa an sgéal. Cuir ort do hata láithreach bonn, agus tar liom-sa go dtí a tigh. Raghamaoid ar an dtraen go Poissí; beimíd ann ar a ceathair, agus ní fada ó'n áit sin an tigh i n-a gcomhnuigheann Eugenie agus a deirbhshiúr agus a muinntir.” “An bhfuil deirbhshiúr ag Eugenie?” “Tá. Maidelín is ainm di. Tá sí dhá bhliadhain níos óige 'ná Eugenie, acht níl sí chomh dathamhail léi i n-aon chor, cé go bhfuil daoine adeireann go bhfuil sí deas a dóthain, acht ní mheasaim-se go bhfuil aon deise innti.” II. Níor leig an áintín do Laoise aon mhoill do dhéanamh. Chuadar araon ar an dtraen agus níor dhún an bhean a béal ar feadh na haimsire acht ag cainnt agus ag cur tré chéile ar cad d'fhéadfadh Laoise a dhéanamh nuair bheadh sé pósta le Eugenie. Acht bhí sé sin ag cuimhneamh ar rud éigin eile leath na haimsire agus gan aon tsuim aige 'n-a cainnt. Fé dheire shroicheadar tigh Eugenie agus bhí na mílte fáilte rómpa. Sean-cháirde do b'eadh an áintín agus muinntir an tighe. Thug Laoise fé ndeara gur cáilín ana-dheas Eugenie. Bhí iongnadh an domhan air nuair airigh sé ag cainnt í ar feadh tamaill, méid an eolais a bhí aici ar ghnóthaibh agus ar ealadhantaibh agus an chiall a bhí le n-a cainnt. “Tá tuigsint mhaith aici, pé sgéal é, agus tá eolas aici ar gach nídh a tharracóchá chughat,” ar seisean leis féin. Acht ambasa, b'fhiú féachaint ar an deirbhshiúr óg leis. Ní sí chomh háluinn ar fad le Eugenie, acht bhí sí cáirdeamhail geanamhail deasbhéalach. Ní ar rudaíbh léigheannta badh mhaith léi bheith ag cainnt, acht ar na rud- aíbh a thuiteann amach gach lá. Go deimhin, badh dheacair beirt deirbhshiúir d'fhágháil go raibh an oiread soin difridheachta eatortha is bhí idir an bheirt seo. Bhí an aimsir ag sleamhnughadh uatha agus an chainnt ar siubhal go meidh- reach agus gach éinne sásta le n-a chéile, acht bhí ocras ag teacht ortha, mar bhí sé a seacht a chlog. Chuaidh bean an tighe amach go dtí an cistean chun féachaint i ndiaidh an dinnéir. Ba ghearr gur tháinig sí thar n-ais agus í go brónach. Ghabh sí a leath-sgéal leo i dtaobh na moille a bhí ar an dinnéar. D'innis sí dóibh gur bualadh breoite go hobann an cócaire agus ná raibh an biadh ullamh agus nach fios cahoin a bheadh anois. Ní fheadair sí cad a dhéanfadh sí. “Ach,” arsa Eugenie, “ná bíodh aon gharrabuaic ort, tá aimsir ár ndóthain againn. Nuair is lugha a ithimíd is é is mó an chainnt a fhéad- faimíd a dhéanamh”; agus do lean sí do pé rud go raibh sí féin agus Laoise ag díospóireacht air. Acht do phreab Maidelín suas. “Bíodh an chainnt agaibh-se, máiseadh,” ar sise, “acht dhéanfad-sa rud éigin níos tairbhighe 'ná bheith ag éisteacht libh. Tá ocras orm,” ar sise, agus amach léi agus í ag gáiridhe go méidhreach. Bhí ocras uirthi. Bhí, agus bhí ocras ar Laoise leis, agus an fhaid a bhí Eugenie ag cainnt ar ghnó agus ar ealadhain bhí sé sin ag machtnamh mar seo: — “Is maith na rudaí gnó agus ealadhanta, acht go deimhin féin, ní ceart ná cóir aon droch-mheas do bheith
ag duine ar dinnéar maith leis.” Ag machtnamh mar seo dó dubhairt sé leis féin gur fearr leis go mór bheith ag cabhrughadh le Madelín amuigh ins an gcistean 'ná bheith ag éisteacht le comhrádh léigheannta Eugenie, agus is é bhí go buidheach nuair tháinig Maidelín thar n-ais i gcionn tamaill agus adubhairt go raibh an dinnéar ar an mbórd. “Ar an mbórd!” ars' an mháthair. “Seadh go deimhin,” arsa Maidelín, “agus geallaim díbh ná fuil aon nídh loitighthe, thugas féin áire dhóibh go léir.” Thug Laoise amharc cáirdeamhail uirthi. “Is breágh an rud ealadhain a Mhr. Mornang,” ar sise go meidhreach, “acht cad é an chabhair é do dhuine nuair a bhíonn ocras air?” “Tá an ceart agat,” arsa Laoise, agus do shuidheadar go léir chun búird. Nuair a bhí an t-anbhruithe caithte aca thug Maidelín mias isteach go cúramach. “Seo soghluiste go bhfuilim ana- cheanamhail air,” ar sise; “ní dheineann aoinne eile sa tigh é acht mé féin. Tá súil agam go dtaithnfidh sé leat, a Mhr. Mornang, agus go dtuillfead moladh uait 'n-a thaobh.” “Cad é an rud é?” arsa Laoise agus mian air. “Aal mit teufel-sauce (Eascú agus annlán diabhail),” arsa Maidelín. “An dáiríribh ataoi?” ar seisean agus iongnadh agus áthas air. “Seadh go deimhin,” ar sise, “fan go mblaisfidh tú dhe.” Shamhluigh do Laoise ná raibh béile níos blasta riamh aige. Bhí Maidelín ar a aghaidh anonn agus thug sé fé ndeara go maith í. Bhí sí meidhreach leanbhaidhe i gcomhnaidhe acht mar sin féin bhí ciall agus tuigsint maith aici leis, agus bhí a cainnt blasta líomhtha gan bheith ró-léigheannta ar fad, agus dubhairt sé 'n-a aigne féin go raibh sí chomh deas le n-a deirbhshiúr nó níos deise, b'fhéidir, agus gan aon dabht go raibh sí níos grádhmhaire go mór 'ná í. 'Seadh! Tháinig am dul a bhaile fé dheireadh agus do sgaradar go léir le n-a chéile. “'Seadh anois, a mhic ó, cionnus ar thaithn sí leat?” arsa an áintín ar a slighe a bhaile dhóibh. “Thaithn sí go maith agus go mór liom, go deimhin, a áintín, a chuid liom.” “Agus badh mhaith leat í bheith agat mar mhnaoi. Nár mhaith?” “Níl aon nídh níos fearr a thaithnfeadh liom, a áintín. Bead buidheach díot go deo i dtaobh mé do sheoladh chúici. Do bhog sí mo chroidhe le n-a leanbhaidh- eacht agus le n-a deas-bhéalacht?” “Ciaca deirbhshiúr a bhfuil tú ag trácht uirthi?” “Ar Maidelín, gan dabht.” “Cad é sin agat a rádh? Maidelín! An cailin sin gan tuigsint nach fiú féachaint uirthi. Ní bheadh aon seans dul ar aghaidh go deo id' ghnó dá mbeadh sí sin mar mhnaoi agat. Is í Eugenie an bhean duit-se agus ní hí an éigciallaidhe eile sin.” “Go deimhin, ní hí, ní 'od' bhréag- nughadh-sa é, agus ní haon éigciallaidhe Maidelín, agus ní cailín í nach fiú féachaint uirthi acht chomh beag, im' thuairim-se. Is bean ghrádhmhar bhan- amhail gheanamhail í agus is togha mná tighe í, is dóigh liom-sa. Is í an saghas mná a oirfeadh d'fhear.” “Acht ní oirfeadh sí dod' leithéid-se. Is fearr oirfeadh Eugenie dhuit-se.” “Is fearr go mór oirfeadh sí dham mar deirbhshiúr céile chun bheith ag cainnt liom an fhaid a bheadh an dinnéar dá ullmhughadh. Is fearr liom Maidelín mar mhnaoi agus is í bheidh agam, má ghlacann sí mé.” Agus ambasa do ghlac agus do pósadh iad. Níorb' aon mhaitheas do'n áintín bheith a d'iarraidh a chur 'n-a luighe air gur fearr go mór dó Eugenie do phósadh. Acht ní raibh aon áithmhéal air mar gheall ar an rogha a dhein sé; bhí saoghal breagh aca agus gach rud ar a dtoil aca agus gach rud ag éirghe leo. Bhí a ainm i n-áirde. D'airigh gach éinne trácht ar Laoise Mornang, an t-ughdar léigheannta. III. Deich mbliadhna tar éis a phósta bhí Laoise Mornang a d'iarraidh post éigin san Agadamh d'fhágháil. Bheadh tuarastal maith ag an té gheobadh an post so. Bhí Seoirse Lafont a d'iarraidh an post céadna d'fhágháil. Bhí duine aca chomh oireamhnach leis an nduine eile. Is fé ghuthannaibh na ndaoine eile san Agadamh a bhí an togha do dhéanamh. Bhí beirt aca so ag cainnt le n-a chéile ar an togha i Halla an Agadaimh cúpla lá roimis an togha agus seo an chainnt a airigh duine éigin uatha: — “Beidh cath géar idir Mornang agus Lafont a d'iarraidh an post so d'fhágháil,” arsa an chéad fhear. “Ní miste dhuit sin do rádh,” arsa an dara fear, “chomh-cheart atá aca araon chun é fhágháil. Ní fheadar cad is ceart dam a dhéanamh. D'iarr bean Lafont orm mo ghuth do thabhairt ar son a fir, ar son Seoirse Lafont.” “D'iarr sí an rud céadna orm-sa,” arsa an chéad fhear. “Tuitfidh sí amach liom mara ndéanfad é agus chuirfeadh soin brón orm mar is bean ana-léigheannta eolasach í.” “Acht,” arsa an dara fear, “mara bhfuighidh Mornang an post ní baoghal go bhfuighmíd cuireadh chun dinnéir aon Diardaoin eile go deo arís ó n-a mhnaoi. Bíonn aiteas ar gach éinne cuireadh chun dinnéar fhágháil chun a thighe. 'Sé an ‘Aal mit Teufel-sauce’ an soghluiste blasta a chuireann mian ar gach éinne.” “Ó, go deimhin, tuigeann an bhean uasal soin cionnus dinnéar d'ullmhugh- adh. Acht i dtaobh an togha so, ní fheadar cad is ceart dam a dhéanamh.” “Ní fheadar-sa act chomh beag leat,” arsa an dara fear; agus do sgar- adar le chéile. Acht ambasa féin do fuair Laoise Mornang an post. Bhí níos mó guthanna 'n-a bhfabhar 'ná bhí ag an bhfear eile. Do casadh an bheirt fhear céadna ar a chéile arís cúpla lá thar éis an togha. “Seadh,” arsa duine aca, “tá an post ag Laoise Mornang. An thugais do ghuth dhó, an mhiste dam a fhiafruighe dhíot?” “Thugas,” arsa an fear eile, “dheineas machtnamh ar an sgéal agus shamhluigh dom go raibh an post tuillte níos fearr aige 'ná bhí ag an bhfear eile agus go ndéanfadh sé níos mó maitheasa do'n Agadamh leis, mar go bhfuil cáil mhór air.” “Sin mar a bhí an sgéal agam-sa leis,” arsa an chéad fhear. “Ní féidir gach éinne do shásamh, ámhthach. Ní féidir soin.” Máire Níc Shíthigh. [Síle Beuren Hahn do sgríobh an sgéal so i nGearmáinis. Máire Níc Shíthigh do chuir Gaedhilg air.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services