Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bean Léigheannta nó Deagh-Chócaire nó Togha agus Rogha agus Togha Eile

Title
Bean Léigheannta nó Deagh-Chócaire nó Togha agus Rogha agus Togha Eile
Author(s)
Hahn, Síle Bueren,
Translator
Nic Shíthigh, Máire
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bean Léigheannta nó Deagh-
Chócaire;

Togha agus Rogha agus Togha
Eile.



(Ó'n nGearmáinis).



I.



Bhí ughdar óg darab ainm Laoise
Mornang agus a shean-áintín (a bhí 'n-a
comhnaidhe 'n-a theannta) ag sean-
chaidheacht lá. Bhí aithne ag a áintín ar
mhnaoi uasail áirithe agus cheap sí go
ndéanfadh sí bean mhaith oireamhnach
do Laoise. Bhí sí óg, bhí sí deas, bhí
tabhairt suas mhaith uirthi, bhí a muinntir
saidhbhir, bhí spré maith aici, agus bhí
eolas aici ar sgríbhníbh na n-ughdar ba
mhó réim sa domhan. Bhí aithne ag a
áintín ortha le fada, acht ní fhaca
Laoise éinne aca fós.



“Agus, a áintín a' chroidhe istigh,”
ar seisean, “an dáiríribh ataoi nuair
adeirir go bhfuil an cailín seo chomh
háluinn sin ar fad?”



“Is péarla í, a mhic ó, péarla, adeirim
leat. Tá a fhios agat ná cuirim le
haon rud, agus gur ar mhaithe leat
féin atáim, agus ná tabharfainn aon
droch-chomhairle dhuit.”



“Acht níl aon deithneas orm, a
áintín.”



“B'fhéidir ná fuil aon deithneas ort-
sa acht b'fhéidir nach mar sin do dhaoinibh
eile máiseadh. B'fhéidir nuair a chífeá
ag duine éigin eile í mar mhnaoi gur
annsoin a bheadh an diombáidh ort agus
an cathughadh nuair a bheadh sé ró-
dhéidheannach agat. Nuair a chífeá
do chara Seoirse Lafont agus í mar
mhnaoi aige.”



“Seoirse Lafont! An bhfuil sé
sin ag cuimhneamh uirthi?”



“Tá go deimhin. Bíonn sé ag a tigh
go minic. Cuimhnigh air sin, agus
cuimhnigh ná fuil bean le fagháil níos
oireamhnaighe dhuit-se 'na Eugenie
Balmont. Bean áluinn is eadh í, agus
bean chiallmhar 'n-a theannta soin. Tá
sí léigheannta go leor, fuair sí moladh
thar barr san sgrúdughadh dhéidheannach
sa Árd-Sgoil: cuimhnigh air sin agus
cad é mar chabhair d'fhéadfadh a leithéid
a thabhairt duit id' chuid oibre.
Dá ndéanfá dearmad bheadh sí agat
chun an dearmad do cheartughadh; dá
mbeadh deithneas ort le rud, chabhró-
cadh sí leat chun críoch do chur air,
agus 'n-a theannta soin go léir, agus
rud gur fiú meas do bheith air, tá
míle púnt spré aici. Ní haon cuma-
cad-é an méid sin.”



“Tá an ceart agat, a áintín. Acht
cad badh cheart dam a dhéanamh?”



“Cad badh cheart duit a dhéanamh!
Is fuiriste an cheist sin do réidhteach.
Fág fúm-sa an sgéal. Cuir ort do
hata láithreach bonn, agus tar liom-sa
go dtí a tigh. Raghamaoid ar an
dtraen go Poissí; beimíd ann ar a
ceathair, agus ní fada ó'n áit sin an
tigh i n-a gcomhnuigheann Eugenie agus
a deirbhshiúr agus a muinntir.”



“An bhfuil deirbhshiúr ag Eugenie?”



“Tá. Maidelín is ainm di. Tá
sí dhá bhliadhain níos óige 'ná Eugenie,
acht níl sí chomh dathamhail léi i n-aon
chor, cé go bhfuil daoine adeireann go
bhfuil sí deas a dóthain, acht ní
mheasaim-se go bhfuil aon deise innti.”



II.



Níor leig an áintín do Laoise aon
mhoill do dhéanamh. Chuadar araon ar
an dtraen agus níor dhún an bhean a
béal ar feadh na haimsire acht ag
cainnt agus ag cur tré chéile ar cad
d'fhéadfadh Laoise a dhéanamh nuair
bheadh sé pósta le Eugenie. Acht bhí
sé sin ag cuimhneamh ar rud éigin eile
leath na haimsire agus gan aon tsuim
aige 'n-a cainnt.



Fé dheire shroicheadar tigh Eugenie
agus bhí na mílte fáilte rómpa.
Sean-cháirde do b'eadh an áintín agus
muinntir an tighe. Thug Laoise fé
ndeara gur cáilín ana-dheas Eugenie.
Bhí iongnadh an domhan air nuair airigh
sé ag cainnt í ar feadh tamaill,
méid an eolais a bhí aici ar ghnóthaibh
agus ar ealadhantaibh agus an chiall a
bhí le n-a cainnt.



“Tá tuigsint mhaith aici, pé sgéal
é, agus tá eolas aici ar gach nídh a
tharracóchá chughat,” ar seisean leis
féin.



Acht ambasa, b'fhiú féachaint ar an
deirbhshiúr óg leis. Ní sí chomh
háluinn ar fad le Eugenie, acht bhí sí
cáirdeamhail geanamhail deasbhéalach.
Ní ar rudaíbh léigheannta badh mhaith
léi bheith ag cainnt, acht ar na rud-
aíbh a thuiteann amach gach lá. Go
deimhin, badh dheacair beirt deirbhshiúir
d'fhágháil go raibh an oiread soin
difridheachta eatortha is bhí idir an
bheirt seo.



Bhí an aimsir ag sleamhnughadh uatha
agus an chainnt ar siubhal go meidh-
reach agus gach éinne sásta le n-a
chéile, acht bhí ocras ag teacht ortha,
mar bhí sé a seacht a chlog. Chuaidh
bean an tighe amach go dtí an cistean
chun féachaint i ndiaidh an dinnéir. Ba
ghearr gur tháinig sí thar n-ais agus í
go brónach. Ghabh sí a leath-sgéal leo
i dtaobh na moille a bhí ar an dinnéar.
D'innis sí dóibh gur bualadh breoite
go hobann an cócaire agus ná raibh
an biadh ullamh agus nach fios cahoin
a bheadh anois. Ní fheadair sí cad a
dhéanfadh sí.



“Ach,” arsa Eugenie, “ná bíodh
aon gharrabuaic ort, tá aimsir ár
ndóthain againn. Nuair is lugha a
ithimíd is é is mó an chainnt a fhéad-
faimíd a dhéanamh”; agus do lean sí
do pé rud go raibh sí féin agus Laoise
ag díospóireacht air.



Acht do phreab Maidelín suas.
“Bíodh an chainnt agaibh-se, máiseadh,”
ar sise, “acht dhéanfad-sa rud éigin
níos tairbhighe 'ná bheith ag éisteacht libh.
Tá ocras orm,” ar sise, agus amach
léi agus í ag gáiridhe go méidhreach.



Bhí ocras uirthi. Bhí, agus bhí ocras
ar Laoise leis, agus an fhaid a bhí
Eugenie ag cainnt ar ghnó agus ar
ealadhain bhí sé sin ag machtnamh mar
seo: — “Is maith na rudaí gnó agus
ealadhanta, acht go deimhin féin, ní
ceart ná cóir aon droch-mheas do bheith


L. 06


ag duine ar dinnéar maith leis.” Ag
machtnamh mar seo dó dubhairt sé
leis féin gur fearr leis go mór bheith
ag cabhrughadh le Madelín amuigh ins
an gcistean 'ná bheith ag éisteacht le
comhrádh léigheannta Eugenie, agus
is é bhí go buidheach nuair tháinig
Maidelín thar n-ais i gcionn tamaill
agus adubhairt go raibh an dinnéar ar
an mbórd.



“Ar an mbórd!” ars' an mháthair.



“Seadh go deimhin,” arsa Maidelín,
“agus geallaim díbh ná fuil aon nídh
loitighthe, thugas féin áire dhóibh go
léir.”



Thug Laoise amharc cáirdeamhail
uirthi.



“Is breágh an rud ealadhain a Mhr.
Mornang,” ar sise go meidhreach,
“acht cad é an chabhair é do dhuine
nuair a bhíonn ocras air?”



“Tá an ceart agat,” arsa Laoise,
agus do shuidheadar go léir chun búird.



Nuair a bhí an t-anbhruithe caithte
aca thug Maidelín mias isteach go
cúramach.



“Seo soghluiste go bhfuilim ana-
cheanamhail air,” ar sise; “ní dheineann
aoinne eile sa tigh é acht mé féin.
Tá súil agam go dtaithnfidh sé leat, a
Mhr. Mornang, agus go dtuillfead
moladh uait 'n-a thaobh.”



“Cad é an rud é?” arsa Laoise
agus mian air.



“Aal mit teufel-sauce (Eascú
agus annlán diabhail),” arsa Maidelín.



“An dáiríribh ataoi?” ar seisean
agus iongnadh agus áthas air.



“Seadh go deimhin,” ar sise, “fan
go mblaisfidh tú dhe.”



Shamhluigh do Laoise ná raibh béile
níos blasta riamh aige. Bhí Maidelín
ar a aghaidh anonn agus thug sé fé
ndeara go maith í. Bhí sí meidhreach
leanbhaidhe i gcomhnaidhe acht mar sin
féin bhí ciall agus tuigsint maith aici
leis, agus bhí a cainnt blasta líomhtha
gan bheith ró-léigheannta ar fad, agus
dubhairt sé 'n-a aigne féin go raibh sí
chomh deas le n-a deirbhshiúr nó níos
deise, b'fhéidir, agus gan aon dabht
go raibh sí níos grádhmhaire go mór 'ná
í.



'Seadh! Tháinig am dul a bhaile fé
dheireadh agus do sgaradar go léir
le n-a chéile.



“'Seadh anois, a mhic ó, cionnus ar
thaithn sí leat?” arsa an áintín ar a
slighe a bhaile dhóibh.



“Thaithn sí go maith agus go mór
liom, go deimhin, a áintín, a chuid
liom.”



“Agus badh mhaith leat í bheith agat
mar mhnaoi. Nár mhaith?”



“Níl aon nídh níos fearr a thaithnfeadh
liom, a áintín. Bead buidheach díot
go deo i dtaobh mé do sheoladh chúici.
Do bhog sí mo chroidhe le n-a leanbhaidh-
eacht agus le n-a deas-bhéalacht?”



“Ciaca deirbhshiúr a bhfuil tú ag
trácht uirthi?”



“Ar Maidelín, gan dabht.”



“Cad é sin agat a rádh? Maidelín!
An cailin sin gan tuigsint nach fiú
féachaint uirthi. Ní bheadh aon seans
dul ar aghaidh go deo id' ghnó dá
mbeadh sí sin mar mhnaoi agat. Is í
Eugenie an bhean duit-se agus ní hí
an éigciallaidhe eile sin.”



“Go deimhin, ní hí, ní 'od' bhréag-
nughadh-sa é, agus ní haon éigciallaidhe
Maidelín, agus ní cailín í nach fiú
féachaint uirthi acht chomh beag, im'
thuairim-se. Is bean ghrádhmhar bhan-
amhail gheanamhail í agus is togha mná
tighe í, is dóigh liom-sa. Is í an saghas
mná a oirfeadh d'fhear.”



“Acht ní oirfeadh sí dod' leithéid-se.
Is fearr oirfeadh Eugenie dhuit-se.”



“Is fearr go mór oirfeadh sí dham
mar deirbhshiúr céile chun bheith ag
cainnt liom an fhaid a bheadh an
dinnéar dá ullmhughadh. Is fearr liom
Maidelín mar mhnaoi agus is í bheidh
agam, má ghlacann sí mé.”



Agus ambasa do ghlac agus do
pósadh iad. Níorb' aon mhaitheas do'n
áintín bheith a d'iarraidh a chur 'n-a
luighe air gur fearr go mór dó
Eugenie do phósadh. Acht ní raibh aon
áithmhéal air mar gheall ar an rogha a
dhein sé; bhí saoghal breagh aca agus
gach rud ar a dtoil aca agus gach rud
ag éirghe leo. Bhí a ainm i n-áirde.
D'airigh gach éinne trácht ar Laoise
Mornang, an t-ughdar léigheannta.



III.



Deich mbliadhna tar éis a phósta bhí
Laoise Mornang a d'iarraidh post
éigin san Agadamh d'fhágháil. Bheadh
tuarastal maith ag an té gheobadh an
post so. Bhí Seoirse Lafont a
d'iarraidh an post céadna d'fhágháil.
Bhí duine aca chomh oireamhnach leis an
nduine eile. Is fé ghuthannaibh na
ndaoine eile san Agadamh a bhí an
togha do dhéanamh. Bhí beirt aca so
ag cainnt le n-a chéile ar an togha i
Halla an Agadaimh cúpla lá roimis
an togha agus seo an chainnt a airigh
duine éigin uatha: —



“Beidh cath géar idir Mornang
agus Lafont a d'iarraidh an post so
d'fhágháil,” arsa an chéad fhear.



“Ní miste dhuit sin do rádh,” arsa
an dara fear, “chomh-cheart atá aca
araon chun é fhágháil. Ní fheadar cad
is ceart dam a dhéanamh. D'iarr
bean Lafont orm mo ghuth do thabhairt
ar son a fir, ar son Seoirse Lafont.”



“D'iarr sí an rud céadna orm-sa,”
arsa an chéad fhear. “Tuitfidh sí
amach liom mara ndéanfad é agus
chuirfeadh soin brón orm mar is bean
ana-léigheannta eolasach í.”



“Acht,” arsa an dara fear, “mara
bhfuighidh Mornang an post ní baoghal
go bhfuighmíd cuireadh chun dinnéir
aon Diardaoin eile go deo arís ó n-a
mhnaoi. Bíonn aiteas ar gach éinne
cuireadh chun dinnéar fhágháil chun a
thighe. 'Sé an ‘Aal mit Teufel-sauce’
an soghluiste blasta a chuireann mian
ar gach éinne.”



“Ó, go deimhin, tuigeann an bhean
uasal soin cionnus dinnéar d'ullmhugh-
adh. Acht i dtaobh an togha so, ní
fheadar cad is ceart dam a dhéanamh.”



“Ní fheadar-sa act chomh beag leat,”
arsa an dara fear; agus do sgar-
adar le chéile.



Acht ambasa féin do fuair Laoise
Mornang an post. Bhí níos mó
guthanna 'n-a bhfabhar 'ná bhí ag an
bhfear eile. Do casadh an bheirt fhear
céadna ar a chéile arís cúpla lá thar
éis an togha.



“Seadh,” arsa duine aca, “tá an
post ag Laoise Mornang. An thugais
do ghuth dhó, an mhiste dam a fhiafruighe
dhíot?”



“Thugas,” arsa an fear eile,
“dheineas machtnamh ar an sgéal agus
shamhluigh dom go raibh an post tuillte
níos fearr aige 'ná bhí ag an bhfear
eile agus go ndéanfadh sé níos mó
maitheasa do'n Agadamh leis, mar go
bhfuil cáil mhór air.”



“Sin mar a bhí an sgéal agam-sa
leis,” arsa an chéad fhear. “Ní féidir
gach éinne do shásamh, ámhthach. Ní
féidir soin.”



Máire Níc Shíthigh.



[Síle Beuren Hahn do sgríobh an sgéal so i
nGearmáinis. Máire Níc Shíthigh do chuir
Gaedhilg air.]

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services